Dúchas podcast artwork

PODCAST · society

Dúchas

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!

  1. 15

    Eagrán 14: Beo ó Nás na Ríogh

    Thriail na buachaillí báire chomh fada le Nás na Ríogh ar na mallaibh chun eagrán Dúchas a thaifead go beo ós comhair a lucht leanúna dhílis. Phléigh siad Bríd, banéarlamh Chontae Chill Dara. Ar bhean rialta is banab í nó bandia breabhsánta? Cé na cleachtais agus na deasghnácha a bhain le Lá ‘le Bríde (nó Imbolg, más págánach salach thú ar nós an Choistealaigh)? Cén saghas tagairtí atá i lámhscríbhinní ár sinsear ar an mbandia? É sin uilig agus i bhfad eile san eagrán bríd-mhar beoga seo.

  2. 14

    Eagrán 13: Na Normannaigh

    Caisleáin, cathanna agus coiníní: is iomaí lorg a d'fhág na Normannaigh ar fhód Bhanba, ach cérbh iad na heachtránaithe caithréimeacha seo an chéad lá ariamh? Pléann na buachaillí na fáthanna a tháinig na Normannaigh go hÉireann agus cuid den diabhlaíocht a bhí ar bonn acu anseo.

  3. 13

    Eagrán 12: Samhain

    Cé acu is measa, an diabhal nó goth baddie stuacach? An tairseach ifrinn atá sa Workman's Club nó Uaimh na gCat taobh le Ráth Cruachan? San eagrán speisialta seo pléann na buachaillí an fhéile ársa Oíche Shamhna, seanchas na cianaimsire, saol gnéis an Daghdha, Seán an Lampa, arm osnádúrtha, diabhlaíocht Donnchadh Ó Curraoin agus conas is féidir le collchnónna do chleamhnas a thairngreacht cois teallaigh!

  4. 12

    Eagrán 11: An Conriocht

    Céard is conriocht ann agus céard a tharla do na mic tíre a chónaigh fud fad na tíre fadó? San eagrán seo, pléann na buachaillí stair an mhic tíre in Éirinn, finscéal na gconreachta, agus gabhair amaideacha a fhaigheann bás i mbolg an fhaoil!

  5. 11

    Eagrán 10: Sean-Nós

    Amhránaíocht ar an sean-nós, cumhacht mhistiúil na filí, ceol draíochta is mallachtaí, ní féidir a shéanadh go bhfuil ról lárnach ag an bhfocal canta inár bhféiniúlacht mar Ghaeil.San eagrán seo, suíonnn na stócaigh síos le Saoirse Nic Aogáin chun iniúchadh a dhéanamh ar an gceol álainn corraitheach seo agus níos mó eolais a fháil ar chúlra agus stair an traidisiúin.Cailleann Cúán a mhaighdeanas 'windeáil' fiú agus í ag casadh cúpla vérsa dúinn ach faraor, nuair a chríonann an tslat is deacair í a lúbadh!

  6. 10

    Eagrán 9: An Chailleach

    Cé hí an 'Cailleach'? Bean olc dhraíochtúil le scuab, coirce is cat dubh nó bandia ársa a tharraingíonn brat an gheimhridh thar fhód na hÉireann is na hAlban? San eagrán seo, déanann na buachaillí iniúchadh ar íomhá na seanmhná seargtha seo agus an iomaí slite a fhítear í trí bhéaloideas na hÉireann.

  7. 9

    Eagrán 8: Naomh Pádraig

    Clog Phádraig, purgatóir Phádraig, ollphéisteanna agus ól - san eagrán seo, luann na buachaillí na sonraí faoin mboc mór b'fhéidir nár chuala tú trácht orthu go dtí seo! Lá 'le Pádraig sona oraibh go léir!

  8. 8

    Eagrán 7: Poitín

    Is meisciúil an deoch é agus tuigimid uile go bhfuil sé deas le n-ól, ach cén cúlra atá ag an deoch sheoigh seo? Fiosraíonn na leaids stair an phoitín, conas a dhéanfá bairille dhuit fhéin, an ‘scailtín’, an chéad ghearrscannán i nGaeilge agus insíonn siad cúpla seanscéal ó chartlann dúchas.ie

  9. 7

    Eagrán 6: Dlíthe na mBreithiúna

    San eagrán seo, tosaíonn na stócaigh a gcuid fiosrúchán ar Dlíthe na mBreithiúna, an tábhacht a bhain le beacha fadó, lá le Gobnait, agus an dóigh is fearr do sheachtain a caitheamh mar Rí.

  10. 6

    Eagrán 5: Lí Ban

    In eagrán a cúig déanann na buachaillí plé ar scéal Lí Ban, maighdeán mhara naofa a luaitear in annálacha na hÉireann. Tugann an scéal ar chamchuairt iad a chuimsíonn an réiteach ar mheabharshláinte na bhfear, an uair a bhuail Cúán leis an bPápa, gnéasúlacht Fearghus Mac Roich agus i bhfad níos mó...

  11. 5

    Réamhbhlaiseadh

    Buail isteach ag teach an dúchais d'oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chian Mhic Choisteala agus Chúáin de Búrca.

  12. 4

    Eagrán 4: An Bás

    San eagrán seo, déanann Cían agus Cúán roinnt plé ar chúrsaí báis na tíre fadó, an tslí a dtugtaí aghaidh ar an mbás tráth, comharthaí báis, nósanna tórraimh agus an chaoi a gcabhraíonn na deasghnácha seo le daoine dul i ngleic le brón.

  13. 3

    Eagrán 3: Cóisírí Gnéis Leispiach Vaimpiríeach

    San eagrán seo, pléann na buachaillí finscéal ‘Abhartach’, vaimpír ó mhioteolas na hÉireann, tábhacht taighde a dhéanamh, litríocht ghotach na tíre agus cóisírí gnéis leispiach vaimpiríeach. 

  14. 2

    Eagrán 2: Hy-Brasil

    San eagrán seo, suíonn na leaids síos le Seosamh Mac Seoin chun oileán mistéireach taibhsiúil darbh ainm 'Hy-Brasil' a phlé. In ainneoin na gcéadta turas taiscéalaíochta gan rath ar thóir an oileáin i gcaitheamh na mblianta, bhí sé le feiceáil ar léarscáileanna na hÉireann go rialta go dtí 1873. N'fheadar ar shlog an t-Atlantach é, nó an bhfuil an scéal seo níos casta ná mar a cheapfá? Pléann na buachaillí an t-oileán i gcómhthéacs na cailiúna cultúir agus thábhacht an chreidimh.

  15. 1

    Eagrán 1: An Bhean Sí

    Sa chéad eagrán de ‘Dúchas’, pléann na leaids an Bhean Sí, an lúcháir a bhaineann le bó a dhíoladh ag an aonach, agus an fáth nach ceart bleid a bhualadh ar chailíní i láthair chaitheamh tabaic an Workman’s Club.

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!

HOSTED BY

Raidió Rí-Rá

CATEGORIES

Frequently Asked Questions

How many episodes does Dúchas have?

Dúchas currently has 15 episodes available on PodParley. New episodes are automatically indexed when they're published to the podcast feed.

What is Dúchas about?

‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta...

How often does Dúchas release new episodes?

Dúchas has 15 episodes. Check the episode list to see recent publication dates and frequency.

Where can I listen to Dúchas?

You can listen to Dúchas on PodParley by clicking any episode. We provide an embedded audio player for direct listening, and you can also subscribe via your preferred podcast app using the RSS feed.

Who hosts Dúchas?

Dúchas is created and hosted by Raidió Rí-Rá.
URL copied to clipboard!