TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal podcast artwork

PODCAST · news

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal

Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

  1. 9

    Tuairimí Toghcháin #09

    San eagrán iarthoghcháin seo de ‘Tuairimí Toghcháin’ pléann Cathal Mac Coille, Éamon Ó Cuív, Áine Ní Chiaráin agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cé a bheidh sa chéad rialtas eile, na Gaeilgeoirí a bheidh sa chéad Dáil eile, cúrsaí pobalbhreitheanna, aireacht na Gaeltachta agus neart eile. Labhraíonn Éamon Ó Cuív chomh maith faoin uair a bhí sé ina aire rialtais agus é ag margántaíocht le Jackie Healy-Rae. Podchraoladh de chuid Tuairisc Ó Bhéal é ‘Tuairimí Toghcháin’. Tá tuilleadh scéalta ar www. tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge

  2. 8

    Tuairimí Toghcháin #08

    San eagrán deireanach de ‘Tuairimí Toghcháin’ roimh lá na vótála, pléann Breandán M Mac Gearailt, Máirín Ní Ghadhra, Donncha Ó hÉallaithe agus Seán Tadhg Ó Gairbhí cora an fheachtais agus a bhfuil i ndán dúinn nuair a bheidh an comhaireamh déanta. Pléitear chomh maith a imeallaí is a bhíonn an Ghaeilge i dtoghcháin. Déantar scagadh ar ghealltanais na bpáirtithe faoin teanga agus ar dhuáilcí shaol an pholaiteora. Mar chríoch, déantar anailís ar na figiúirí roimh lá na vótála agus déantar iarracht an cheist mhór a fhreagairt – cé a bheidh sa chéad rialtas eile. Podchraoladh de chuid Tuairisc Ó Bhéal é ‘Tuairimí Toghcháin’. Tá tuilleadh faoin toghchán ar www. tuairisc.ie

  3. 7

    Tuairimí Toghcháin #07

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’, sraith podchraoltaí ó 'Tuairisc ó Bhéal’, phléigh Breandán M Mac Gearailt le Dara Ó Cinnéide, Toiréasa Ferris agus Seán Tadhg Ó Gairbhí na torthaí ó phobalbhreith TG4 i ndáilcheantar Chiarraí agus an feiniméan Healy-Rae. An mórán mar a chéile a bheidh dáileadh na suíochán i gCiarraí? An údar díomá do Shinn Féin i gCiarraí torthaí na pobalbhreithe? Agus an mbeidh Teachta Dála go deo arís ag Gaeltacht Chorca Dhuibhne?

  4. 6

    Tuairimí Toghcháin #06

    I bhfochair Mhéabh Ní Thuathaláin ar an eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, tá aire stáit na Gaeltachta Thomas Byrne agus an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne. Pléann an bheirt, a d’fhéadfadh a bheith ina n-airí Gaeltachta, nó airí stáit is dóichí, sa gcéad Rialtas eile, géarchéimeanna teanga agus tithíochta na Gaeltachta agus céard a d’fhéadfadh a bheith i ndán don teanga má éiríonn lena bpáirtithe san olltoghchán

  5. 5

    Tuairimí Toghcháin #05

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal, pléann Cathal Mac Coille leis an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív torthaí phobalbhreith TG4 i Maigh Eo. An mbuafaidh Fianna Fáil an dara suíochán? An gcabhróidh lucht Fhine Gael le Sinn Féin? Labhraíonn siad chomh maith faoi na scéalta is déanaí ó fheachtas Olltoghchán 24

  6. 4

    Tuairimí Toghcháin #04

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire stáit Gaeltachta de chuid Fhine Gael, Dinny McGinley, an tráchtaire polaitíochta Áine Ní Chiaráin agus an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin. Agus an baol atá ann go mbeidh Fine Gael fágtha gan suíochán Dála sa chontae den chéad uair le 100 bliain, pléitear deacrachtaí an pháirtí i nDún na nGall chomh maith leis na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024

  7. 3

    Tuairimí Toghcháin#03

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Méabh Ní Thuathaláin tábhacht na ndísopóireachtaí teilifíse le heagarthóir agus léirmheastóir teilifíse Tuairisc, Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Breandán M Mac Gearailt. Labhraíonn siad chomh maith faoi chur chuige na meán aimsir na dtoghchán, na meáin shóisialta agus na roghanna a bhíonn le déanamh ag na meáin Ghaeilge. 

  8. 2

    Tuairimí Toghcháin#02

    San eagrán is déanaí de ‘Tuairimí Toghcháin’ ó Tuairisc Ó Bhéal pléann Cathal Mac Coille pobalbhreith TG4 i nGaillimh Thiar leis an iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív, an léachtóir Norita Ní Chartúir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra

  9. 1

    Tuairimí Toghcháin #01

    Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Méabh Ní Thuathaláin le John Downing. Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal, sraith nua ag Tuairisc.ie, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

HOSTED BY

Tuairisc

CATEGORIES

Frequently Asked Questions

How many episodes does TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal have?

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal currently has 9 episodes available on PodParley. New episodes are automatically indexed when they're published to the podcast feed.

What is TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal about?

Na scéalta is déanaí ó Olltoghchán 2024 á bplé ag tráchtairí Tuairisc agus aíonna speisialta. Seo an chéad phodchraoladh i Tuairisc Ó Bhéal – Tuairimí Toghcháin, sraith nua ag Tuairisc, an tseirbhís nuachta Gaeilge ar líne.

How often does TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal release new episodes?

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal has 9 episodes. Check the episode list to see recent publication dates and frequency.

Where can I listen to TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal?

You can listen to TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal on PodParley by clicking any episode. We provide an embedded audio player for direct listening, and you can also subscribe via your preferred podcast app using the RSS feed.

Who hosts TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal?

TUAIRIMÍ TOGHCHÁIN - Tuairisc Ó Bhéal is created and hosted by Tuairisc.
URL copied to clipboard!