EPISODE · Jan 26, 2024 · 6 MIN
An Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin i gCuimhne ar Íospartaigh an Uileloiscthe
In 2005, rinneadh comóradh ar 60 bliain ó shaoradh Champa Auschwitz. An bhliain sin, d’ainmnigh rún de chuid na Náisiún Aontaithe an 27 Eanáir mar Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin bliantúil i gcuimhne ar íospartaigh an Uileloiscthe. Tagann an focal ‘Holocaust’, nó Uileloscadh, ón nGréigis, agus ciallaíonn sé ‘íobairt le tine’. Úsáidtear é chun cur síos a dhéanamh ar an ngéarleanúint agus ollmharú a rinne réimeas na Naitsithe agus a gcomhghuaillithe ar 6 mhilliún Giúdach san Eoraip. Idir 1933 agus 1945, dhírigh réimeas na Naitsithe agus a gcomhghuaillithe ar ghrúpaí eile chomh maith, mar shampla, muintir na Romach, daoine faoi mhíchumas, daoine Slavacha, mar aon le homaighnéasaigh, agus daoine ó ghrúpaí áirithe reiligiúnacha agus polaitiúla.
NOW PLAYING
An Lá Idirnáisiúnta Cuimhneacháin i gCuimhne ar Íospartaigh an Uileloiscthe
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
May 17, 2026
May 14, 2026 ·3m
May 13, 2026 ·3m
May 12, 2026 ·2m