EPISODE · Aug 27, 2021 · 32 MIN
Noel Ó Gallchóir
from Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá · host Seán Ó Dubhchon
Labhraíonn Noel Ó Gallchóir le Seán faoina leabhar úr ‘Aisteoirí Ghaoth Dobhair 1931-1981’ atá ainmnithe do Ghradam Uí Shúilleabháin, Gradam Foilsitheoireachta de chuid Oireachtas na Gaeilge. Faighimid léargas iontach ar an siúl agus ar an tionchar a bhí ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an phobal agus ar an amharclannaíocht, go háitiúil agus go náisiúnta ó bunaíodh iad. Insíonn Noel do Sheáin faoin obair atá déanta aige féin le hAisteoirí Ghaoth Dobhair agus Aisteoirí Ghort a’ Choirce, agus leis an scoildrámaíocht thar na blianta. Labhraíonn sé fosta faoina shaothar scríofa féin – an leabhar ‘Trasna an Ghaoth – Scríbhinní Johnny Sheáin’, a chuir sé in eagar, agus a chuid drámaí aitheanta ‘Idir Dhá Cheann na hImní’, ‘Ó Pheann an Phiarsaigh’ agus ‘Máire’.
NOW PLAYING
Noel Ó Gallchóir
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
May 3, 2026 ·59m
May 3, 2026 ·58m
May 3, 2026 ·28m
May 1, 2026 ·34m