PODCAST · society
Ceiliúradh na mBan
by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna sa lá atá inniu ann. Déantar plé ar obair na mban seo; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann inspioráid dóibh. I measc na mban stairiúil a mbreathnófar orthu sa tsraith, tá Lena Rice ó Cho. Thiobraid Árann, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois. Is iad Jane Farley agus Katie Whelan láithreoirí na sraithe, agus is liosta le háireamh iad siúd a ghlac páirt sa tsraith – aíonna speisialta a bhfuil réimse mhór de thaithí acu, idir fhilí agus eolaithe agus eile. I measc na rannpháirtithe tá Celia de Fréine, Fionnula Gygax, Máire
-
8
Ceiliúradh na mBan: Eolaíocht
San eagrán seo, tá Jane Farley i mbun cainte leis an imdhíoneolaí, Caitlín Ní Chasaide, mar gheall ar Dorothy Stopford Price (Lia a d'fhorbair vaicsín eitinn 1890 – 1954).
-
7
Ceiliúradh na mBan: Ceol
San eagrán seo, tá Katie Whelan i mbun cainte leis an amhranaí agus iar-bhall den ghrúpa 'Celtic Women', Lynn Hilary, mar gheall ar Catherine Hayes (Amhránaí Ceoldrámaíochta 1818 – 1861).
-
6
Ceiliúradh na mBan: Na Meáin
San eagrán seo, tá Katie Whelan i mbun cainte le Siún Ní Dhuinn, láithreoir agus comhordaitheoir digiteach, mar gheall ar Kit Coleman (An chéad comhfhreagraí cogaidh baineann, 1864 – 1915).
-
5
Ceiliúradh na mBan: Filíocht
San eagrán seo, tá Jane Farley i mbun cainte leis an bhfile, Celia de Fréine, mar gheall ar Eibhlín Dubh Ní Chonaill (File a chum 'Caoineadh Airt Uí Laoghaire, c.1743 – c.1800).
-
4
Ceiliúradh na mBan: Scannánaíocht
San eagrán seo, tá Katie Whelan i mbun cainte leis an aisteoir, Fionnuala Gygax, mar gheall ar Maureen O' Hara (Aisteoir Hollywood 1920 – 2015).
-
3
Ceiliúradh na mBan: Spóirt
San eagrán seo, tá Jane Farley i mbun cainte leis an iar-imreoir CLG agus tráchtaire spóirt, Máire Ní Bhraonáin, mar gheall ar Lena Rice (Imreoir Leadóg a bhuaigh Wimbledon 1866 – 1907) agus Sarah Fanny Durack, buateoir boinn sna Cluichí Oilimpeacha don Astráil (1889 – 1956).
-
2
Ceiliúradh na mBan: Polaitíocht
San eagrán seo, tá Katie Whelan i mbun cainte leis an gcomhairleoir, Deirdre Donnelly, mar gheall ar Hanna Sheehy Skeffington (Sufraigéid agus Náisiúnaí, 1877 – 1946).
-
1
Ceiliúradh na mBan: Litríocht
San eagrán seo, tá Jane Farley i mbun cainte leis an scríbhneoir, Réaltán Ní Leannáin, mar gheall ar Maria Edgeworth(Scríbhneoir, 1768 – 1849).
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Sraith dírithe ar mhná éachtacha i réimsí éagsúla atá anseo, le téama ar leith ag baint le gach eagrán. I ngach clár, insítear scéal spleodrach faoi bhean Éireannach sa stair a rinne éacht agus cloistear agallaimh phearsanta le mná a bhfuil baint acu leis na réimsí céanna sa lá atá inniu ann. Déantar plé ar obair na mban seo; na mná a tháinig rompu agus na mná a thug agus a thugann inspioráid dóibh. I measc na mban stairiúil a mbreathnófar orthu sa tsraith, tá Lena Rice ó Cho. Thiobraid Árann, a bhuaigh Wimbledon sa bhliain 1890; Kit Coleman a bhí mar an chéad chomhfhreagraí cogaidh baineann, sa bhliain 1898, agus an Dr Dorothy Stopford Price a bhí lárnach i ndíbirt na heitinne sa tír seo san fhichiú haois. Is iad Jane Farley agus Katie Whelan láithreoirí na sraithe, agus is liosta le háireamh iad siúd a ghlac páirt sa tsraith – aíonna speisialta a bhfuil réimse mhór de thaithí acu, idir fhilí agus eolaithe agus eile. I measc na rannpháirtithe tá Celia de Fréine, Fionnula Gygax, Máire
HOSTED BY
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
CATEGORIES
Loading similar podcasts...