PODCAST · arts
Coinne Chultúir
by Raidió Rí-Rá
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
-
20
Cad a bhí ar bun againn in 2016?
Cá raibh foireann RRR i 2016? A leithéid de bhliain! Labhair na gals faoi 2016 i gCoinne Chultúir na seachtaine seo.
-
19
Nollaig na mBan agus Rúin 2026
Labhraíonn Aisling agus Emma faoi bhuanna na mban i 2025, mná spreagúla 2026, rúin athbhliana, agus na rudaí ar mhaith linn caitheamh amach i 2026!
-
18
Achoimre Cheoil 2025
Féachann Jade & Aisling siar ar 2025 agus an ceol a sheas amach dóibh. Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh!
-
17
An Chéad Mhórfhoclóir Aonteangach Gaeilge
Labhair Aisling le Cormac Breathnach & Sorcha Ní Mhonacháin ag seoladh an chéad mhórfhoclóir aonteangach Gaeilge san ionad EPIC i mBaile Átha Cliath. Is féidir úsáid a bhaint as an bhfoclóir ar www.focloir.ie Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
-
16
LUX le Rosalía
Labhraíonn Aisling, Emma agus Jade faoin albam nua ilghnéitheach, ilteangacha le Rosalía.
-
15
Cruthaitheacht Cheannródaíoch: Ról na Meán i bhFás Pobail & Teacht Aniar
Coinne Chultúir beo ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste le Caoimhe Ní Chathail, Aodhán Ó Baoill & Torby. Labhraíomar faoi bhuaicphointí na gluaiseachta ó thuaidh go dtí seo, na dúshláin atá fós rompu, na ceachtanna go bhféadfaimis foghlaim uathu anseó ó dheas agus go leor leor eile. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
-
14
EUROCOUNTRY le CMAT
Déanann na cailíní léirmheas ar an albam is déanaí le CMAT san eagrán seo. Lean RRR ar na meáin shóisialta @raidiorira agus éist linn beo ar an aip, go digiteach nó sa charr ar DAB!
-
13
Closleabhar Madame Lazare
Labhair Aisling le Tadhg Mac Dhonnagáin, údar Madame Lazare, faoin leagan closleabhar don scéal atá eisithe aige le gairid.
-
12
Dúchan: Blúirí ó Fhoclóir Mháirtín Uí Chadhain
Labhair Aisling le Colm Ó Cuaig agus Charlie Dillon san eagrán seo faoi leabhar nua de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann darb ainm Dúchan. Blúirí atá sa leabhar seo den bhfoclaíocht agus nathanna cainte a bhailigh Máirtín Ó Cadhain le linn a shaoil. Beidh an leabhar á sheoladh i Stúideó Cuan, An Spidéal ar an 28ú Meitheamh. Is féidir clár don imeacht sin anseo: https://www.tickettailor.com/events/royalirishacademy/1701867 Is féidir Raidió Rí-Rá a leanúint ar na meáin shóisialta @raidiorira
-
11
Tech Duinn le Cushla
San eagrán seo, déanann Emma & Aisling plé ar chéad albam Cushla, Tech Duinn. Ceol leictreonach le glór Nell Ní Chróinín atá san albam seo a mheascann amhránaíocht an tsean-nóis le ceol damhsa agus leictreonach. Is féidir Raidió Rí-Rá a leanúint ar na meáin shóisialta ag @raidiorira
-
10
Adolescence
Ní fhéadfaimis an ceann seo a fhágaint ar lár. Déanann Aisling agus Emma plé ar an mionsraith is rathúla ar Netflix , Adolescence. Pléitear ábhair níos troime san eagrán seo.
-
9
Small Town, Big Story le hEvanne Kilgallon
Labhraíonn aisteoir agus scríbhneoir Evanne Kilgallon faoina taithí ag obair le Chris O'Dowd ar sraith nua ar Sky TV, a gairm mar chruthaitheoir lánaimseartha, ócáidí Off Topic, agus físeáin fheisteas an lae ar TikTok!
-
8
’Fin.’ - deireadh ré Tebi Rex le Matt Ó Baoil
I ndiaidh deich bliana tá deireadh ag tíocht le haistear an bhanna ceoil Tebi Rex (Max Zanga agus Matt Ó). Labhraíonn Matt linn faoina ngairm go dtí seo, an tríú albam, agus slán a fhágáil le togra a bhfuil do chroí istigh ann.
-
7
”I Was There” - Ceolchoirmeacha Íocónacha le Ruth Hodder
Labhraíonn an poibleoir agus bainisteoir ceoil Ruth Hodder linn faoi phodchraoladh na Tenth Man mar gheall ar cheolchoirmeacha íocónacha Éireannacha agus an gá le hionaid bheaga ceoil. Sa tsraith "I Was There" fiosraítear ceolchoirmeacha Bob Marley, The Cranberries, agus Nirvana anseo in Éirinn. Tá an podchraoladh ar fáil ar Spotify, Apple, agus gach áit eile a mbíonn podchraoltaí.
-
6
Bops & Flops 2024
Féachann Jade, Emma & Aisling siar ar 2024 agus ar na halbaim & amhráin a sheas amach. Roineann Ruairí Egan ón bpodchraoladh Léim Thart a thuairimí linn chomh maith! Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
-
5
Small Things Like These
Chuaigh na gals chun na pictiúrlainne d'eagrán na seachtaine seo chun Small Things Like These a fheiscint, scannán bunaithe ar leabhar a scríobh Claire Keegan le Cillian Murphy sa phríomhról. Bí i dteagmháil ag @raidiorira ar na meáin shóisialta!
-
4
Súil Amháin - athPhORT
San eagrán seo, déanann Aisling & Emma plé ar chéad albam Súil Amháin agus cad is Big Spailpín Energy ann? Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta ar fad @raidiorira
-
3
RÓIS - MO LÉAN
San eagrán seo déanann Emma, Jade & Aisling plé ar an albam 'MO LÉAN' le RÓIS. Nuair a deirim 'plé', fangirling don gcuid is mó a bhí ar siúl againn! Cad a cheapann tú fhéin faoin albam? Roinn do thuairim linn ar na meáin shóisialta ar fad @RaidioRiRa
-
2
Scannán Kneecap & Fine Art
Tá clú & cáil dhomhanda bainte amach ag Kneecap i mbliana, rapálaithe ó Bhéal Feirste a thosnaigh ag cruthú ceoil i 2017. San eagrán seo, roineann Jade, Aisling & Emma a dtuairimí faoi scannán Kneecap agus an t-albam is déanaí uathu 'Fine Art'. Roinn bhur dtuairimí linn ar na meáin shóisialta @raidiorira.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá ina dtugaimid léirmheas ar albaim, scannáin, leabhair agus a thuilleadh ná é atá go mór i mbéal an phobail Ghaeilge. Faigh cupán tae nó gloine fíona, lig do scíth agus roinn do thuairimí linn faoin ábhar atá idir láimhe. Lean Raidió Rí-Rá ar na meáin shóisialta @raidiorira
HOSTED BY
Raidió Rí-Rá
Loading similar podcasts...