Scrathóg

PODCAST · sports

Scrathóg

Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh. Le fáil ar 106.4FM gach Déardaoin ag 2 i.n. agus i ngach áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.

  1. 10

    Scrathóg S3E16 - Superbowl LX

    Tá sean aithne ag na Seattle Seahawks agus na New England Patriots ar a chéile sa Superbowl, agus tabhairfear aghaidh ar a chéile arís i mbliana. Plé againn an tseachtain seo ar an gcluiche míchlúiteach sin a tharla 11 bliain ó shin, agus ar an gcluiche atá le teacht Domhnach beag seo!

  2. 9

    Scrathóg S3E15 - Babhta Conference agus Cóitseálaithe Nua

    Neart ag tarlú i saol an NFL agus an-chuid cóitseálaithe imithe agus ag teacht i dtír ar foirne éagsúla. Agus, ar ndóigh, tá dhá cluiche le imirt sna cluichí cheannais san AFC agus san NFC, le na Denver Broncos ag tabhairt aghaidh ar na New England Patriots, agus na Seattle Seahawks ag tabhairt aghaidh ar an Los Angeles Rams.

  3. 8

    Scrathóg S3E14 - Babhta Divisional

    Tar éis deireadh seachtain spleodrach sa bhabhta Wildcard, tabharfaimid aghaidh an tseachtain seo ar an mBabhta Divisonal. Beidh na Broncos agus na Seahawks linn an tseachtain seo tar éis dóibh sos a fháil mar an #1 seed. Playoffs agus scéalta eile uaidh athruithe cóitseáileaithe san eagrán seo.

  4. 7

    Scrathóg S3E13 - Babhta Wildcard

    Táimid druidte anois ag na playoffs! 6 cluichí ollmhóra ós ár gcomhair, agus tá na leaids chun plé a dhéanamh ar gach ceann dóibh, agus a rogha do na buaiteoirí a roinnt linn comh maith.

  5. 6

    Scrathóg S3E12 - Gortaithe go Dona

    Patrick Mahomes agus Micah Parsons críochnaithe don séasúr tar éis péire gortú. Cén tionchar a bheidh aige ar an dá fhoireann? An iad na Broncos an foireann is fearr san AFC? Agus an é Charlie Smyth an ciceálaí is fearr san NFL (is é, ar ndóigh)? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.

  6. 5

    Scrathóg S3E11 - Cluichí Móra na Roinne

    Tá neart cluichí móra san AFC North, san NFC North agus san AFC South an deireadh seachtain seo agus muid ag teannadh le na playoffs. An mbeidh na Bears in ann fanacht ar bharr an NFC? An bhfuil na Colts i lár cliseadh iomlán? Agus an gcaillfidh na Chiefs amach ar na playoffs? Sin agus tuilleadh an tseachtain seo.

  7. 4

    Scrathoóg S3E10 - Bhfuil Oiread is Foireann Amháin Maith Ann..?

    ...Tá! Ach beidh ort tiúnáil isteach an tseachtain seo le fáil amach cé hiad. Plé faoi an mbeidh na Chiefs in ann na playoffs a bhaint amach, bhfuil na Broncos comh maith leis an gcéad áit san AFC, agus cé a bheidh ar bharr an NFC North faoi dheireadh na bliana san eagrán seo.

  8. 3

    Scrathoóg S3E09 - Spriocdháta na Trádála

    Tá spriocdháta na trádala don NFL druidte linn agus cúpla ainmneacha móra ag athrú foirne go tobann! Beidh Sauce Gardener ag dul ó na Jets go na Colts, agus fear eile ón bhfoireann chosanta na Jets, Quinnen Williams, imithe go na Cowboys. Labhróimid futhu siúd, Eagles @ Packers agus Rams @ 49ers comh maith.

  9. 2

    Scrathoóg S3E08

    Tá na Colts FÓS ar bharr an AFC théis bua eile dóibh. Bhfuil Jonathan Taylor anois sa chomhrá faoi MVP? Fear eile atá sa comhrá sin ná Jordan Love, théis bua mór aige agus na Packers thar sean-QB s'acu, Aaron Rodgers. Tá na Bills ag tabhairt aghaidh ar na Chiefs an tseachtain seo, agus an dá cosaint is fearr san NFL, na Texans agus na Broncos.

  10. 1

    Scrathoóg S3E07 - Bye Week d'Fhoireann Scrathóg!

    'Bíonn bye week ag foireann Scrathóg?' a deir tú. 'Ar ndóigh!', a deirfimid. Bhuel, táimid ar ais ón mbriseadh beag le gortú amháin le tuairisciú, agus an t-Uasal Ó Flatharta amach ar feadh seachtain amháin ar a laghad. An mbeidh Conchúr agus Naoise in ann podchraoladh iomlán a chur le chéile le James in easnamh? Nó an dtitfidh an podchraoladh as a chéile? Tabharaigí bhur mbreithiúnas féin! Bucs-Lions, Giants-Broncos, Packers-Steelers agus Chiefs-Commanders go léir san eagrán seo.

  11. 0

    Scrathóg S3E06 - Colts ar bharr an AFC

    Bhí an chéad sos ag roinnt foirne an tseachtain seo. In ainneon sin, bhí an-chuid torthaí móra ón deireadh seachtain, ach cén ceann a chur an méid is mó ionadh ar na leaids?

  12. -1

    Scrathóg S3E05 - An Bhfuil tú Dáríre?

    Plé ag na leaids an tseachtain seo ar cluiche mór i bPáirc an Chrócaigh, an chéad comhscór san NFL feadh beagnach trí bliain, agus cé hiad na foirne atá *dáríre* in ann na playoffs a bhaint amach agus muid ag teannadh le Seachtain a Cúig.

  13. -2

    Scrathóg S3E04 - NFL in Éirinn

    Seachtain speisialta don NFL agus é in Éirinn don chéad uair ariamh, áit a dtabharfaidh na Pittsburgh Steelers aghaidh ar na Minnesota Vikings i bPáirc an Chrócaigh. Cé acu a bheidh an t-ádh leo? Cé acu is mó atá bua ag teastáil uathu idir na Ravens agus na Chiefs? Agus an bhfuil na Cowboys in ann díoltas a fháil ar na Packers?

  14. -3

    Scrathóg S3E03 - An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?

    Pléann James agus Naoise na scéalta is mó ón NFL i seachtain a dó. An bhfuil na Chiefs i dtrioblóid?

  15. -4

    Scrathóg S3E02 - Eagles agus na Chiefs

    Déanann Naoise agus James plé a na torthaí ó seachtain a 1 chomh maith le súil a chaitheamh ar rematch don Super Bowl a bhfuil ar bun I seachtain 2 idir na Kansas City Chiefs agus na Philadelphia Eagles.

  16. -5

    Scrathóg S3E01 - Séasúr Nua

    Leis an séasúr nua ag tosú déanann James, Naoise agus Conchúr a gcuid tuairimí a phlé maidir le na forne a mbeidh sna playoffs, buaiteoirí an SuperBowl, an MVP chomh maith le labhairt faoi Micah Parsons ag fáil baile nua i Green Bay.

  17. -6

    Scrathóg - Eagrán Speisialta

    Nuacht i ndomhain an NFL gurb iad na Minnesota Vikings a bheidh ag imirt i mBaile Átha Cliath i gcoinne na Pittsburgh Steelers ar an 28 Meán Fomhair. Plé ag James agus Conchúr ar an nuacht seo, agus na cluichí idirnáisiúnta eile a bheidh ar siúl i mbliana.

  18. -7

    Scrathóg S2E22 - Jalen Hurts MVP & Steelers i mBÁC

    Philadelphia Eagles ina seampíní tar éis bua suntasach i gcoinne na Kansas City Chiefs. Cad at a i ndán anois do na foirne eile timpeall an NFL don bhliain seo chugainn? Agus cé a bheidh ag teacht go Bhaile Átha Cliath in éineacht le na Pittsburgh Steelers?

  19. -8

    Scrathóg S2E21 - Superbowl LIX

    Tá na Kansas City Chiefs ag cuartú 3 bua Superbowl as a chéile - rud nach bhfuil déanta i ré an chomórtais. Ag seasamh sa bhealach, tá Saquon Barkley agus na Philadelphia Eagles. Cé acu a bheidh an bua in New Orleans?

  20. -9

    Scrathóg - S2E20 - Cluiche Ceannais AFC & NFC

    Táimid buailte ag cluiche ceannais an AFC agus an NFC. Beidh na Bills ar ais in Arrowhead arís agus iad ag iarraidh an Super Bowl a bhaint amach don chéad uair ó 1993, nuair a chailleadar i gcluiche cheannais an Super Bowl don ceathrú uair ó a bhí 1990 ann. Ar thaobh an NFC, beidh cath an NFC East againn in Philadelphia, tar éis bua mór do na Commanders i gcoinne na Detroit Lions. Beidh súil ag na Eagles dul ar ais chuig an Super Bowl le Jalen Hurts agus toradh difriúil a fháil ar an méid a tharla i 2023.

  21. -10

    Scrathóg – S2E19 – Babhta Divisional

    Beidh na Kansas City Chiefs agus na Detroit Lions ar ais linn don Babhta Divisional tar éis an sos acu an tseachtain seo chaite. Beidh Patrick Mahomes ag tabhairt aghaidh ar cosaint na Heuston Texans, agus na Lions ag imirt i gcoinne Jayden Daniels agus na Washington Commanders. An leanfaidh séasur dochreidte na Philadelphia Eagles ar aghaidh i gcoinne na LA Rams, agus cé a bheidh an bua acu i gcluiche na MVPs: Jackson agus na Ravens, nó Allen agus na Bills?

  22. -11

    Scrathóg – S2E18 – Babhta Wildcard

    Táimid buailte ag an babhta Wildcard faoi dheireadh! Cé acu a bheidh ag leanúint ar aghaidh chuig an chéad babhta eile, agus cé a bheidh ag bualadh bóthair?

  23. -12

    Scrathóg – S2E17 – Sí an Nollaig í!

    Tá bronntanas deas faighte againn i mbliana agus dhá cluiche ar súil ar Lá Nollag. Cé go bhfuil ach coicís fágtha, tá an-chuid le dhéanamh faoi cá háit a bheidh na foirne ar fad faoi dheireadh na bliana, agus cluichí iontach tábachtach ag tarlú ag an deireadh seachtaine.

  24. -13

    Scrathóg – S2E16 – Gortú Patrick Mahomes & Féidearthachtaí na Playoffs

    Tá an-chuid gortuithe ag na Detroit Lions faoi láthair, comh maith le amhras ag na Kansas City Chiefs faoi Patrick Mahomes agus é gortuithe i gcoinne na Browns. Ar cheart dó imirt i gcoinne na Texans dé Sathairn? Agus an mbeidh aon athrú idir anois agus deireadh na bliana ar na foirne sna playoffs?

  25. -14

    Scrathóg – S2E15 – Na Dallas Cowboys ar Shlí na Fírinne

    Tar éis dóibh cluiche a chailleadh i gcoinne na Bengals ar an Luain, ní bheidh na Cowboys sna playoffs i mbliana. Ach cé a bheidh? Tá iomaíocht géarr chun na playoffs a bhaint amach, agus ach ceithre seachtain fágtha den gnáth-séasúr.

  26. -15

    Scrathóg - S2E14 - Saqoun Barkley: MVP?

    An iad Saqoun Barkley agus Josh Allen an beirt fágtha sa rás don MVP? An gcosnóidh fadhbanna Justin Tucker cluiche do na Ravens sna playoffs? An bhfuil na Packers in ann bua ollmhór a fháil ar na Lions?

  27. -16

    Scrathóg – S2E13 – Playoffs san NFC & Allen vs. Allen

    Ag caint an tseachtain seo faoi na foirne atá sa tóir ar na playoffs a bhaint amach san NFC, agus conas go n-éireoidh leis an troid idir Allen agus Allen ar oíche Dhomhnaigh.

  28. -17

    Scrathóg - S2E12 - Bengals V 49ers sa Super Bowl?

    Sracfhéachaint ar an Har-Bowl agus na Chargers ag imirt i gcoinne na Ravens ar an Domhnach. An é Jim nó John Harbaugh a bheidh an mbua acú? Labhróimid faoin gcéad cluiche caillte ag na Chiefs i gcoinne na Bills i mbliana, agus faoin bhfoireann is ansa linne - na Cinncinati Bengals.

  29. -18

    Scrathóg - S2E11 - Draíocht na Chiefs

    An féidir le na Bengals na playoffs a bhaint amach tar éis dóibh cluiche eile a chailleadh i gcoinne na Ravens? Tá na Chiefs go hiontach ar gach taobh den liathróid, ach an mbeidh na Bills in an ceann is fearr a fháil orthu dé Domhnaigh? Cé a bheidh ar bharr an AFC North faoin Luain?

  30. -19

    Scrathóg – S2 E10 – Spriocdháta & MVP

    5 Samhain 2024 – lá mór sna Stáit Aontaithe. Tá an spriocdháta trádála buailte linn! Plé an tseachtain seo ar na himreorí atá tar éis a fhoireann a fhágáil, agus cé atá ag seasamh amach go dtí seo chun na ngradam aonaracha a bhuachaint?

  31. -20

    Scrathóg - S2E9 - Is é do Bheatha, a Mhuire

    Tá spriocdháta trádála don NFL ag teannadh linn agus Diontae Johnson imithe go dtí na Baltimore Ravens. Tá na Eagles ag dul go maith, ach an mbeidh siad in ann an NFC East a bhuachaint agus Jayden Daniels ag déanamh míorúiltí ar an bpáirc faoi láthair do na Commanders? Agus, cé acu a bheidh ar barr an NFC faoin Domhnach - na Packers nó na Lions?

  32. -21

    Scrathóg - S2E8 - Deandre Hopkins & An Fáinne

    Tá WR nua ag na Kansas City Chiefs agus DeAndre Hopkins ag cabhrú le na gortuithe ar fad ag an bhfoireann i láthair na huaire. Brathnaíonn na leaids siar ar athimirt den Super Bowl ón bhliain seo caite ag an deireadh seachtaine, agus ar an chéad cluiche ag Russel Wilson mar Pittsburgh Steeler.

  33. -22

    Scrathóg S2E7 – Géarchéim na Dallas Cowboys

    Tá Davante Adams ina New York Jet – cén tionchar a bheidh aige sin ar an bhfoireann? Drochlá ag na Dallas Cowboys sa bhaile arís ar breithlá Jerry Jones. An féidir leo an séasúr acu a athrú, nó an bhfuil an iomarca fadhbanna acu? Labhróimid freisin faoin NFC North, an t-aon roinn atá tar éis ar a laghad ceithre cluiche a bhuachan go dtí seo.

  34. -23

    Scrathóg - S2E6 - Lamar Óg

    Tar éis do na Jets fáil réidh lena phríomhbhainisteoir Robert Saleh, cad atá i ndán dóibh? An Lamar Jackson óg é Jayden Daniels? Agus cén tionchar a bheidh ag an céad briseadh ar na Detroit Lions agus iad ag imirt in aghaidh na Dallas Cowboys?

  35. -24

    Scrathóg - S2E5 - Ravens ag Eitilt ar an Talamh

    Tá ag éirí go han-mhaith le na Baltimore Ravens ar an talamh le déanaí, an leanfaidh sin ar aghaidh i gcoinne na Bengals agus an cosaint acu ag streachailt? Cén tionchar a bheidh ag turas go Londain ar na Vikings agus iad ag iarraidh an seasúr neamhbhuailte acu a choinneáil? An mbeidh Joe Flacco ag imirt san NFL go deo?

  36. -25

    Scrathóg - S2E4 - Malik Willis nò Jordan Love?

    Déanann Conchúr, Naoise agus James plé ar na scéalta móra ó seachtain a 3 san NFL agus fiosraíonn siad ar cheart do na Packers Malik Willis nò Jordan Love a thosaigh sa cluiche tábhachtach i gcoinne na Vikings san NFC North!

  37. -26

    Scrathóg - S2E3 - An gCreideann tú sna Saints?

    Agus seachtain eile críochnaithe ann NFL, tá na leaids ag díríú ar rath na New Orleans Saints go dtí seo, tábhacht na cóitseálaithe agus na gortuithe ar fad ag foireann na LA Rams.

  38. -27

    Scrathóg - S2E2 - Gortuithe Jordan Love & Joe Burrow

    Plé ag James agus Conchúr ar na gortuithe ag Jordan Love agus Joe Burrow, torthaí Seachtain 1, agus Baker Mayfield chun tosaigh sa rás don MVP.

  39. -28

    Scrathóg - Séasúr 2 E01 - Féidearthachtaí Super Bowl & Seachtain 1

    Tá an chéad seachtain den NFL buailte linn faoi dheireadh! Plé ag na leaids ar cé a bheidh sa Super Bowl i mbliana, agus cé na cluichí a mbeidh siad ag faire amach dóibh ag an deireadh seachtaine.

  40. -29

    Scrathóg 10 - Cé a bheidh sa Super Bowl?

    Táimid buailte ag cluiche Conference le na Ravens ag imirt i gcoinne na Chiefs agus na 49ers ag imirt i gcoinne na Lions. San eagrán seo, pléfimid cén dá fhoireann a bheidh sa Superbowl agus conas gur éirigh leo sa babhta Divisional.

  41. -30

    Scrathóg 09 - Babhta Divisonal & Todhcaí na Cowboys

    Táimid buailte ag babhta Divisionals! An tseachtain seo, tá na lads ag caint faoi na cluichí sa Wild Card, agus na cluichí ag teacht aníos ag an deireadh seachtaine sa Divisional.

  42. -31

    Scráthóg 08 - Babhta 'Wildcard' sna Playoffs

    Tá na Playoffs buailte linn agus an babhta Wildcard ar siúl ag an deireadh seachtaine.

  43. -32

    Scrathóg 07 - Seachtain 18 & na Playoffs

    Sa chéad clár i 2024, tá na lads ag caint faoi deireadh seachtain tábhachtach san NFL agus na playoffs ag tosnú an tseachtain seo chugainn.

  44. -33

    Scrathóg 06 - 49ers v Ravens, Cowboys & Todhchaí na Bears

    Labhraíonn lads an tseachtain seo faoi cluiche ollmhór idir na San Francisco 49ers agus na Baltimore Ravens. Plé chomh maith faoi bua mór ag na Bills ar na Cowboys, agus cad é an rud is fearr do thodhchaí na Chicago Bears?

  45. -34

    Scrathóg 05 - Kadarius Toney agus Dul Chun Cinn na Rams & Bills

    An tseachtain seo, caint faoin chonspóid a bhain le Kadarius Toney i gcoinne na Buffalo Bills, agus cé gur chailleadar i gcoinne na Baltimore Ravens, an mbeidh na L.A. Rams sna playoffs i mbliana?

  46. -35

    Scrathóg 04 - Packers, Brock Purdy & buartha faoi na Eagles?

    An tseachtain seo, táimid ag caint faoin bua ollmhór ag na Packers ar na Chiefs, Brock Purdy mar rogha na coitiantachta don MVP tar éis bua ar na Eagles agus an bhfuil na lads buartha faoi Philadelphia tar éis an chluiche sin agus sceideal deacair ag teacht aníos dóibh.

  47. -36

    Scráthóg 03 – Eagles vs. 49ers, Chiefs ar ais & Mac Jones i mbaol?

    Athimirt Cluiche Craobh an NFC idir na Eagles agus na 49ers tar éis bua mór acu i gcoinne na Bills. Bhí bua mór freisin ag na Kansas City Chiefs i gcoinne na Raiders, an leanfaidh siad leo i gcoinne na Packers? Agus an bhfuil cluiche dheireanach Mac Jones feicthe againn le na Patriots?

  48. -37

    Scráthóg 02 - Chiefs v Eagles, Cluichí 'Thanksgiving' & MVP

    Labhraíonn na leads faoi athimirt ar an SuperBowl na bliana seo chaite idir na Chiefs agus na Eagles agus faoi na cluichí a bheidh ar siúl Déardaoin do Lá an Altaithe (Thanksgiving) agus Domhnach comh maith.

  49. -38

    Scrathóg 01 - SuperBowl, CJ Stroud & 49ers

    Déanann na leads tuar ar cé a bheidh sa SuperBowl i mbliana agus pléann siad cluiche iontach eile ag CJ Stroud agus na Houston Texans i gcoinne na Cincinnati Bengals, atá ag streachailt anois san AFC Thuaidh. An bhfuil Stroud sa chomhrá MVP anois mar thoradh? Tá caint san eagrán seo chomh maith faoi na 'Avengers', mar a deir James, atá ag na San Francisco 49ers agus an bua ollmhór a bhí acu ar na Jacksonville Jaguars. An bhfuil Trevor Lawrence ag streachailt i mbliana?

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

Podchraoladh de chuid Raidió na Life é 'Scrathóg' atá dírithe ar Pheil Mheiriceánach agus an NFL. Bí linn i gcomhair plé ar mhórimeachtaí na seachtaine chomh maith le scagadh ar na cluichí réitigh, rás don MVP agus tuilleadh. Le fáil ar 106.4FM gach Déardaoin ag 2 i.n. agus i ngach áit a fhaigheann tú do chuid podchraoltaí.

HOSTED BY

Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Produced by Raidió Na Life

CATEGORIES

URL copied to clipboard!