EPISODE · Mar 10, 2024 · 50 MIN
#19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin
from Nóisin · host Raidió Rí-Rá
Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as! Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu, Bláth na hÓige! Bígí cinnte éisteacht leis agus tacú leo! Ar an bpointe sin, bheartaíomar dul ar bhóithrín na smaointe agus comhrá le Máire Ní Churraoin a roinnt libh (leath den bhanna seo). De bharr fadhbanna teicneolaíochta, níl an comhrá seo cloiste agaibh go fóill ach tá Máire chomh spreagúil agus ionsparáideach 'is go bhfuil sé de dhualgas orainn é a roinnt libh! Tá fuinneamh iontach ag Máire agus í ag obair mar cheoltóir, cruthaitheoir, láithreoir teilifíse agus bíonn sí i mbun taistil go minic! An té a bhíonn siúlach, bíonn SÍ scéalach dar ndóigh! Sa chomhrá seo, labhraímid faoin mbanna ceoil agus a caidreamh lena deirfiúr Étáin, faoin tréimhse ama a chaith Máire i Valencia agus faoina taithí ag láithriú 'Teach Spraoi' ar Cúla4! Mar is gnách é seo agus níos mó! Bígí linn :)
NOW PLAYING
#19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.