Skip to content
Nóisin podcast artwork

PODCAST · education

Nóisin

by Raidió Rí-Rá

Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn!Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!

Publisher-supplied feed metadata · PodParley refreshed Apr 1, 2026 · Source feed

Episodes

  1. #21 'Aithne Inst-agam' le Órnaith Ní Fhearghaill

    Goidé mar atá sibh a chairde? San eagrán seo, labhraíonn Sorcha s'againne leis an laoch Órnaith Ní Fhearghaill ó Dhún na nGall. Oibríonn Órnaith in earnáil na meán agus pléimid na deiseanna staidéara agus fostaíochta le Gaeilge - agus easpa deise i gcásanna áirithe! Bhaineamar fíor-thaitneamh as…

    more
  2. #20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh

    Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh? Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt...

  3. #19 'An Chéad Ghlúin Eile' le Máire Ní Churraoin

    Seachtain na Gaeilge sona daoibh a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh ag baint sult as! Lá mór do 'An Chéad Ghlúin Eile' agus iad ag eisiú a gcéad albam le gairid, agus anuas ar seo, bronnadh gradam 'Amhrán Folk na Bliana' orthu ag Gradaim Folk RTÉ 2024 faoi choinne an singil úr s'acu,...

  4. #18 'Barbaí na Gaeilge' le Laura Pakenham

    Bhuel a chairde Gael, cén chaoi a bhfuil cúrsaí libh na laethanta seo? San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againn fearadh na fáilte a chur roimh an laoch suáilceach í féin, Laura Pakenham. Le linn an agallaimh seo, tugann Laura léargas dúinn ar an méid atá idir láimhe aici mar intéirneach...

  5. #17 'Eiseamláir na Trionóide' le Pádraig Mac Brádaigh

    Haigh a chairde, goidé mar atá sibh? Ba mhaith linn ár gcomhghairdeas a ghabháil le lucht Choláiste na Trionóide as ucht an éachta a bhain siad amach le déanaí chun ról Oifigeach Gaeilge Lán-Aimseartha a bhunú in Aontas na Mac Léinn s'acu. Bhí baint nach beag ag Pádraigh Mac Brádaigh, leis an...

  6. #16 Airneán le Cúán de Búrca

    Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca. D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go…

    more
  7. #15 'Tapaigh an deis!' le Katelyn Hayes

    Beannachtaí na Féile Bríde agus Imbolg oraibh uilig a chairde Gael, tá an t-earrach buailte linn ar deireadh thiar thall! San eagrán úr seo, labhraíonn muid leis an laoch is spéirbhean í féin, Katelyn Hayes. Le linn an agallaimh seo, tugann Katelyn léargas dúinn faoina taithí mar scoláire in...

  8. #14 Dioscmharcaíocht le Jake O'Loughlin

    Heileo heileo a chairde Gael, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith! Sa seaneagrán seo, shuíomar síos le haghaidh seal leis an ardfhear lách Jake O'Loughlin chun labhairt leis faoin éacht ar bhain sé amach anuraidh nuair a ainmníodh é féin is a leathbhádóir Daragh Dolan mar Dioscmarcaigh...

  9. #13 'Seo Linn!' le Keith O'Brien

    Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise daoibh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh uilig go maith! San eagrán úr seo, labhraíonn Cian leis an ardfhear is ceoltóir cáiliúil Keith O'Brien. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aige leis an mbanna ceoil aitheanta Seo Linn, agus le déanaí d'fhág sé a...

  10. #12 Nósanna Geimhridh

    Fáilte ar ais a chairde Gael, is beannachtaí na Nollag oraibh uilig! San eagrán úr seo phléamar neart ábhair éagsúla, ó nósanna Nollaigiúla sa seomra ranga is na scannáin Nollag atá oiriúnach d'éinne atá ar an tolg ag déanamh craois ar sheacláidí Quality Street le cupán tae, níl tada níos deise!...

  11. #11 'Sílim that...' le Kathryn Ní Mhaoláin

    Bhuel a chairde, aon scéal? Táimid ar ais le heagrán úr daoibh le haoi fíor-inspioráideach, an laoch agus ceannródaí í féin Kathryn Ní Mhaoláin. Go dtí seo, tá cáil bainte amach aici leis an bpodcraoladh uathúil, 'Sílim that...' ach anuas ar sin, tá Kathryn i mbun oibre ar an bpodcraoladh úrnua,...

  12. #10 'Bua na Filíochta' le hAoife McGrath

    Bail ó Dhia oraibh uilig a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, labhraíonn Cian leis an bhfile agus amhránaí óg Aoife McGrath. Déanann Aoife plé faoina saothar ceoil is filíochta agus aithrisíonn sí a chuid dánta Scámhóga Nua agus Sa Chiúineas dúinn. Anuas ar seo,...

  13. #9 Seal le Seán Ó Dubhchon

    A chairde, go dté mar atá sibh? San eagrán úr seo, bhí ríméad orainn agallamh a chur ar aoi speisialta, an laoch é féin Seán Ó Dubhchon! Mar is eol do chách, is craoltóir iomráiteach é Seán a bhíonn le cloisteáil go seachtainiúil ar a chuid cláracha cáiliúla Seal le Seán agus Mo Cheol Thú le…

    more
  14. #8 SÍOMHA

    Fáiltígí thar n-ais a chairde! San eagrán speisialta seo, bhí an t-ádh orainn an laoch í féin Síomha a chur faoi agallamh. D'éinne nach bhfuil ar an eolas, (is mionlach sibh muna bhfuil) is ceoltóir gleoite, tréitheach, paiseanta agus cruthaitheach í Síomha, spéirbhean amach is amach! Táimid...

  15. #7 Eachtra scannalach...

    A chairde, cén chaoi a bhfuil sibh? Maith dúinn an mhoill leis an eagrán seo, bhíomar gafa ag obair mar ionadaí Raidió Rí Rá ag an bPicnic Leictreach, ach ar aon nós, seo é! San eagrán úr seo, phléamar neart ábhair éagsúla! Rinneamar comparáid idir scrúdaithe agus aistí le haghaidh measúnaithe,...

  16. #6 'Gaeilge4All' le Róisín Ní Chinnéide

    Haigh a chairde, aon scéal? Mar is eol do chách faoin am seo, is údar mór imní é go bhfuil fás leanúnach ag teacht ar líon na ndíolúintí Gaeilge chuile bhliain! Mar sin, san eagrán seo, pléimid an fáth gur chóir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an nGaeilge mar ábhar scoile…

    more
  17. #5 'Sea Oh When' le Conlaed Ó Cearbhalláin

    Haigh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, pléimid Lá Idirnáisiúnta na mBan agus cuirimid Conlaed Ó Cearbhalláin faoi agallamh. Is ceoltóir cruthaitheach agus fíor spreagúil é Conlaed agus labhraíonn sé linn faoina taithí leis an gceoil, agus faoin méid atá idir…

    more
  18. #4 'Ní neart go cur le chéile' le Tadhg Ó Buachalla

    Haigh a chairde, conas atá sibh? San eagrán seo, pléamar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge & Seachtain na Gaeilge i mbliana agus chuireamar Tadhg Ó Buachalla faoi agallamh. Is múinteoir bunscoile é Tadhg agus tá cáil bainte amach aige mar chomh-láithreoir ar an bpodcraoladh iontach 'Bothán na bhFear'...

  19. #3 Is leor beirt!

    Haigh a chairde, tá súil againn go bhfuil sibh go maith! San eagrán seo, pléimid feasacht teanga agus scannánaíocht na Gaeilge i mbliana, bígí linn! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

  20. #2 'Beatha teanga í a labhairt' le Déaghán Céitinn

    Fáiltigí thar n-ais a chairde, san eagrán seo pléimid ár dtaithí féin leis an nGaeilge agus ár ndóchas don todhchaí! Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

  21. #1 Fáiltigí chuig Nóisin!

    Miotaseolaíocht, Grá agus Cineáltas! https://nos.ie/cultur/cailleach-nua-aoise-agus-a-nosanna-feile-bride/ Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

  22. Tréiléar

    Fáíltigí chuig Nóisin a chairde! Music from #Uppbeat (free for Creators!): https://uppbeat.io/t/ra/the-flower License code: J172IC5BXRECALVI Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn!Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!

HOSTED BY

Raidió Rí-Rá

Frequently Asked Questions

How many episodes does Nóisin have?

Nóisin currently has 22 episodes available on PodParley. New episodes are automatically indexed when they're published to the podcast feed.

What is Nóisin about?

Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cían Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian...

How often does Nóisin release new episodes?

Nóisin has 22 episodes. Check the episode list to see recent publication dates and frequency.

Where can I listen to Nóisin?

You can listen to Nóisin on PodParley by clicking any episode. We provide an embedded audio player for direct listening, and you can also subscribe via your preferred podcast app using the RSS feed.

Who hosts Nóisin?

Nóisin is created and hosted by Raidió Rí-Rá.
URL copied to clipboard!