#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh episode artwork

EPISODE · May 1, 2024 · 51 MIN

#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh

from Nóisin · host Raidió Rí-Rá

Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh? Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar is sceitimíní orainne an t-eagrán seo a roinnt libh. Lá speisialta is brónach ab ea an Aoine seo caite, lá deireanach Shorcha s'againne ar champas Choláiste Mhuire gan Smál agus muid ag taifeadadh beo ó stiúideo WIRED99.9FM. Mar sin, bheartaíomar dul ar thuras síos bóithrín na smaointe agus muid ag féachaint siar ar na blianta curtha dínn sa choláiste i dteannta cara linn, an ardfhear lách is suáilceach é féin, Jonathan Ó Caoimh. Ciarraíoch go smior is ea Jonathan agus thug sé faoin gcúrsa bunmhúinteoireachta sa choláiste mar aon le Sorcha, is ní féidir a shéanadh go bhfuil fíor-ghrá aige do theanga na Gaeilge. Leis na bhfear faiseanta seo, phléamar conas nuamhaisiú is nuálaíocht a thabhairt do theanga na Gaeilge agus conas dearcadh dearfach a chothú di mar mhúinteoirí bunscoile. Anuas air sin, phléamar dúshláin na mac léinn le moilleadóireacht, foirfeachtachas agus andúil teicneolaíochta ina measc. Chríochnaíomar leis an gcluiche comhrá s'againne, 'Bua, Dua agus Madra Rua!', éistigí linn le fáil amach cad atá i gceist leis seo! Idir an dá linn, má bhaineann sibh sult as an bpodchraoladh agus má tá fonn oraibh cúnamh a thabhairt dúinn, le bhur dtoil fágaigí léirmheas cúig réalta dúinne, cibé áit a bhfaigheann sibh bhur bpodchraoltaí. Bheimis an-bhuíoch as ucht na tacaíochta! Mar is gnách, é seo agus níos mó! Bígí linn :)

NOW PLAYING

#20 'Tús ré, deireadh ré' le Jonathan Ó Caoimh

0:00 51:52

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of Nóisin?

This episode is 51 minutes long.

When was this Nóisin episode published?

This episode was published on May 1, 2024.

What is this episode about?

Dia daoibh a chairde Gael! Conas atá sibh? Is fada an lá ó chuala sibh uainne anseo ar Nóisin ach tá leithscéal maith againn ar a laghad. Tá muid beirt faoi ualach na hoibre le cúrsaí ollscoile faoi láthair ach in ainneoin sin go léir, tá gliondar...

Can I download this Nóisin episode?

Yes, you can download this episode by clicking the download button on the episode player, or subscribe to the podcast in your preferred podcast app for automatic downloads.
URL copied to clipboard!