Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat episode artwork

EPISODE · May 13, 2026 · 59 MIN

Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat

from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc

Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint.Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht.Bhí daoine an-tógtha le luas imreoirí Ros Comáin ach cé hiad giorraithe eile CLG agus cén áit is fearr do chluiche ceannais cúige? Cé go raibh Ciarraí ar leathchois i gCill Airne bhí bua maith acu ar Chorcaigh mar sin féin i gcluiche ceannais na Mumhan. Ach cad é an scéal leis na gortuithe go léir atá ag cur as d’fhoireann Jack O’Connor.Is é seal Chúige Laighean agus Chúige Uladh é an deireadh seachtaine seo romhainn ach cé a thabharfaidh an lá leo? An deis ghlórmhar é seo don Iarmhí agus do Mhuineacháin nó an mbeidh Áth Cliath agus Ard Mhacha rómhaith dóibh? Níl aon easpa scéalta ach oiread i gcraobh na hiománaíochta. Tá curaidh na hÉireann ó 2024 agus 2025, contae an Chláir agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple agus bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann más leo teacht slán ó chíor thuathail chraobh na Mumhan? Agus an bhféadfadh sé tarlú nach dtiocfadh Cill Chainnigh amach as craobh Laighean?Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published May 13, 2026

Embed this episode

Ready to play

Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat

0:00 59:18

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal?

This episode is 59 minutes long.

When was this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode published?

This episode was published on May 13, 2026.

Can I download this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!