Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’ episode artwork

EPISODE · Jul 8, 2026 · 49 MIN

Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’

from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc

Caitheann Darren, Pádraic agus Dara súil chun cinn ar bhabhta leathcheannais na chraobh peile na hÉireann – Contae an Lú in aghaidh Mhaigh Eo agus Ciarraí in aghaidh Átha Cliath.Cé a bheidh buacach agus cé a bheidh caillteach? Pléitear cén fáth gur fíor anois an seanchlíche gur ag brath ar thoradh na coimhlinte lár an ghoirt a bhíonn na cluichí. Agus contae Lú i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair ó 1957 an gcuirfidh a n-eapsa taithí ar an lá mór as d’fhoireann Gavin Devlin? Agus cad faoi réalta óg Mhaigh Eo Kobe McDonald? An bhfuil sé déanta don ardán mór? Ní rófhada ó shin ó bhí Andy Moran, bainisteoir Mhaigh Eo, ag caint faoi phlean trí bliana agus is beag duine a cheap go mbeadh contae Lú, agus iad sáinnithe i Roinn 2 na sraithe, i ngiorracht scread asail de chluiche ceannais na hÉireann?Agus deis ghlórmhar gan choinne ag an dá chontae áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, cé a thapóidh í?Sa chluiche leathcheannais eile beidh súil ag muintir Chiarraí a chruthú go bhfuil tréimhse mháistreachta Átha Cliath críochnaithe go ceann tamaill agus beidh seanfhondúirí cumasacha fhoireann na hardchathrach ag iarraidh a thaispeáint nach bhfuil deireadh déanta go fóill. Beidh go leor ag brath, a deirtear, ar chic amach iontach na Ríochta agus an féidir le hÁth Cliath taoide na seilbhe a chasadh.Pléitear chomh maith an téarma oifigiúil nua Gaeilge ar an ‘two pointer’ agus insíonn Dara dúinne faoina laethanta i mbun anailíse le Joe Brolly. Caitear súil sciobtha siar ar bhabhtaí leathcheannais na hiománaíochta agus ar cliseadh Chorcaí. An raibh baint ag an iomarca fuilibiliú le teip na Reibiliúnach? Agus cé mhéad bonn uile Éireann atá buaite agatsa, a Dhara? Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published Jul 8, 2026

Embed this episode

Ready to play

Cluichí leathcheannais peile na hÉireann agus an Ghaeilge oifigiúil ar an ‘two pointer’

0:00 49:12

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal?

This episode is 49 minutes long.

When was this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode published?

This episode was published on July 8, 2026.

Can I download this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!