Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála episode artwork

EPISODE · Jun 24, 2026 · 1H 6M

Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála

from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc

Is ag triall ar Pháirc an Chrócaigh atá na foirne uilig atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann agus Dara Ó Cinnéide i dteannta Sheán Tadhg agus Phádraic chun plé a dhéanamh ar bhabhtaí ceathrú ceannais na hÉireann.Sular caitheadh súil chun cinn ar an deireadh seachtaine, caitheadh súil siar ar chliseadh na gConallach agus Dún na nGall díbeartha ó chraobh na bliana seo. Ceistítear céard go díreach a d’athraigh idir an t-earrach agus an samhradh agus céard atá i ndán anois do Jim McGuinness agus ruainne míshuaimhneas le brath i measc lucht leanta an chontae den chéad uair.Agus cluichí an deireadh seachtaine seo romhainn faoi chaibidil, d’inis Dara dúinn faoin tionchar a bhíonn ag an mbrothall ar an gcaid agus cén fáth go dtabharfadh sé cúpla buidéal te caite sa mhullach ar na liathróidí sa mála aige nuair a bhíodh sé ag dul amach chun imirt i gCraobh Chiarraí Thiar.Pléadh an seans atá anois ag Gaillimh ar Chorn Mhig Uidhir agus slán fágtha ag péire de na piardaí móra, Dún na nGall agus Ard Mhacha, leis an gcraobh. Caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath ar dtús agus é léirithe ag fir na príomhchathrach nach bhfuil a rás rite go fóill.Mhínigh Dara dúinn cén fáth go bhfuil sé bréan a bheith ag caint ar na cluichí móra idir Ciarraí agus Tír Eoghain ag tús na mílaoise agus an chúis nach bhfuil mórán den chaint ‘dhera’ á dhéanamh ag iarimreoirí na Ríochta roimh chluiche an tSathairn.Tabharfaidh Corcaigh agus Maigh Eo aghaidh ar a chéile roimh an chluiche sin agus deis mhór ann do na Corcaígh a gcumas a léiriú in aghaidh na gConnachtach, dream nach féidir léamh a dhéanamh orthu. Fiafraítear freisin an leanfar le feachtas iontach Mhuineacháin in aghaidh chontae Lú nó an mbéarfar orthu i bPáirc an Chrócaigh? Tugadh ómós chomh maith d’iarimreoir na Gaillimhe Paul Clancy, a chuaigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo agus inste ag Dara cén fáth go raibh meas ar leith ar fhear Mhaigh Cuilinn i gCiarraí.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published Jun 24, 2026

Embed this episode

Ready to play

Coirnéal Kurtz na gConallach, tionchar dara dlí na teirmidinimice agus buidéal te thíos sa mhála

0:00 1:06:40

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal?

This episode is 1 hour and 6 minutes long.

When was this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode published?

This episode was published on June 24, 2026.

Can I download this AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!