EPISODE · Jul 30, 2026 · 53 MIN
Deireadh go deo le ‘Maigh Eo, go bhfóire Dia orainn’ agus báidín Andy Moran ar snámh ar dheora áthais
from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc
Tá an t-iriseoir ó Mhaigh Eo, Póilín Ní Chiaráin, le criú an ‘An Pod Spóirt’ chun labhairt ar bhua stairiúil a contae dúchaisi gcraobh na hÉireann. Pléitear chomh maith craobh peile na bliana seo agus cluichí ceannais chraobhacha na mban an deireadh seachtaine seo Tá Póilín Ní Chiaráin i dteannta Darren, Pádraic agus Dara san eagrán deireanach sa tsraith seo de ‘An Pod Spóirt’ chun féachaint siar ar lá na fuascailte do Mhaigh Eo i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite nuair a bhuaigh siad craobhna hÉireann den chéad uair le 75 bliain. Tugann Póilín blaiseadh dúinn den cheiliúradh i Maigh Eo le seachtain agus caitear súil siar ar an gcluiche stairiúil in aghaidh Chiarraí agus ar na deora áthais a lean i bPáirc an Chrócaigh. Cuimhnítear chomh maith ar na daoine nár mhair chun slánú Mhaigh Eo a fheiceáil agus labhraítear ar an misneach a thabharfaidh an bua don chontae. Deir Pádraic, an Gaillimheach inár measc, go raibh áthas air féin fáil amach agus Maigh Eo ag déanamh ar cheann scríbe, go raibh a leithéid de rud is croí ann! Pléitear freisin buaicphointí Chraobh Peile na hÉireann 2026, na buaicphointí agus na ceachtanna atá le foghlaim. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Embed this episode
Ready to play
Deireadh go deo le ‘Maigh Eo, go bhfóire Dia orainn’ agus báidín Andy Moran ar snámh ar dheora áthais
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.