Dubhghlas: Clár Faisnéise episode artwork

EPISODE · Dec 26, 2025 · 57 MIN

Dubhghlas: Clár Faisnéise

from Raidió na Life 106.4FM · host Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Ceannródaí Gaeilge agus céad Uachtarán na hÉireann, tá neart léinn dírithe ar Dhubhghlas de hÍde in imeacht na mblianta. Mar sin féin, is léir nach bhfuil sé éasca teacht ar thuiscint dhomhain phearsanta air mar dhuine. Fear ildánach, iltréitheach agus casta ab ea é; fear a chur cló éagsúil air féin ag brath ar na cúinsí ina raibh sé ag aon am ar leith, agus a choinnigh méid áirithe de féin faoi cheilt go poiblí. Ach, d’fhág Dubhghlas de hÍde na mílte scríbhinn ina dhiaidh – dialanna, litreacha agus saothair chruthaitheacha atá anois ina dtaisce stairiúil do thaighdeoirí. Déanann an clár faisnéise seo a chuid scríbhinní a chíoradh chun léargas nua a fháil ar de hÍde. Mar chuid den chlár, thug an tOllamh Emeritus Liam Mac Mathúna agus an Dr Máire Nic an Bhaird cuairt ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann chun scríbhinní de hÍde a fheiceáil agus a phlé, agus tá léargas freisin ar shaol agus saothar de hÍde ón Dr Cathal Billings agus an Dr Éadaoin Ní Mhuircheartaigh. Le píosaí drámata léite ag an aisteoir mór le rá Diarmuid de Faoite sa chlár freisin, tá de hÍde tugtha chun beatha ar shlí nach bhfuil cloiste againn roimhe. Rinneadh an clár seo a thaifeadadh i Stiúideo na Life le Fearghal Saxe mar theicneoir, agus Judy-Meg Ní Chinnéide a bhí mar láithreoir, léiritheoir agus eagarthóir. Arna mhaoiniú ag Coimisiún na Meán leis an táille ceadúnais teilifíse.

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published Dec 26, 2025

Embed this episode

NOW PLAYING

Dubhghlas: Clár Faisnéise

0:00 57:30

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of Raidió na Life 106.4FM?

This episode is 57 minutes long.

When was this Raidió na Life 106.4FM episode published?

This episode was published on December 26, 2025.

Can I download this Raidió na Life 106.4FM episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!