Podchraoladh Scéal
from The Irish Times
Taifeadadh an clár seo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach na bliana seo i Sráidbhaile Laoise. I measc na gcainteoirí bhí an t-amhránaí agus gníomhaí pobail Eoghan Ó Ceannabháin, an t-iarrthóir neamhspleách don uachtaránacht, Catherine Connolly, tánaiste nuacheaptha Chonradh na Gaeilge, John Prendergast, agus Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire, le hEmma Ferrari mar bhean an tí. An t-amhránaí Palaistíneach-Éireannach Róisín El Cherif a chuir clabhsúr leis an ócáid le leagan trítheangach de “Siúil a Rún”. Buíochas le Fearghal Saxe a bhí i mbun an taifeadta.
Embed this episode
No transcript yet.