EPISODE · Apr 29, 2026 · 41 MIN
Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí
from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc
In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide.Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cian Lynch atá ar fionraí agus an-amhras i gcónaí ann faoina bpríomhnaoscaire Aaron Gillane, an deis iontach é seo ag an gClár an ceann is fearr a fháil sa bhaile ar na comharsana? Ina dhiaidh sin, tá Dara linn chun súil a chaitheamh ar chúrsaí peile agus ar ghaisce an Dúin in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, toradh a tháinig aniar aduaidh ar chách, go háirithe Darren.Ach an mbeidh an dara seift in imeacht seachtaine ag contae an Dúin agus aghaidh á tabhairt acu ar Ard Mhacha i gCluain Eois i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh? Agus cad faoi chluichí leathcheannais Chúige Laighean? An bhfuil an ceart ag Dara go bhfuil Áth Cliath chomh leochaileach is a bhí aon uair ó 1973 nuair a bhuaigh contae Lú go deireanach sa chraobh? Agus más ionann Áth Cliath agus Liverpool faoi láthair cé hé Mo Salah na nDubanna? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Embed this episode
Ready to play
Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.