EPISODE · Apr 22, 2026 · 1H 14M
Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin
from AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc
Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo.An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn.San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh agus na Corcaígh ag iarraidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chluiche ceannais na sraithe a chur i bhfeidhm. Seans gurb é an cluiche eile sa gcúige an ceann is tábhachtaí, áfach. Tá seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, i mbaol agus toradh maith ag teastáil uathu óna dturas chuig Port Láirge. Pléitear cás Chill Chainnigh chomh maith tar éis d’fhoireann Derek Lyng greadadh eile a fháil ó Ghaillimh i mBóthar na Trá.Sa bpeil, tá agallamh againn le himreoir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael. Labhair Seán ar bhliain na nGaillmheach go dtí seo, ar an bhfeachtas atá rompu agus ar an sásamh atá á bhaint aige as an bpeil i ré na rialacha nua.Caitear súil chomh maith ar an gcluiche mór i gcúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus an Dún i gCúige Uladh.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
Embed this episode
Ready to play
Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.