EPISODE · Nov 17, 2025 · 1H 8M
What the Focal!? - S2 - Dr. Gearóidín Uí Laighléis
from Raidió na Life 106.4FM · host Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. An bhfuil tusa siosmaideach? Conas is fearr ‘approachable’ a aistriú? Ar chóir duitse ‘Lorg an Bhéarla’ a léamh? Is Ceann Scoile & Ollamh Comhlach le Gaeilge í i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge í Dr. Gearóidín Uí Laighléis. Bhain sí PhD amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus MA i Léann na Gaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Bronnadh uirthi Gradam an Uachtaráin um Fheabhas sa Mhúinteoireacht DCU.
Embed this episode
NOW PLAYING
What the Focal!? - S2 - Dr. Gearóidín Uí Laighléis
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.