EPISODE · Nov 24, 2025 · 1H 18M
What the Focal!? - S2 - Máirín Nic Con Iomaire
from Raidió na Life 106.4FM · host Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. Cad is brí le ‘aiteall’? ‘Chun an fhírinne a rá’ nó ‘chun na fírinne a rá’? Cad atá fireann faoi bhord!? Is aistritheoir, teagascóir, iriseoir, craoltóir agus aisteoir í Máirín. Tá sí ag obair mar Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin le Lárionad na Gaeilge in Ollscoil Mhá Nuad agus bíonn sí ag teagasc ar an MA/Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht. Tá dhá úrscéal Fraincise aistrithe go Gaeilge aici i gcomhar le BARZAZ is leabhair do dhaoine óga aistrithe aici freisin.
Embed this episode
NOW PLAYING
What the Focal!? - S2 - Máirín Nic Con Iomaire
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.