EPISODE · Oct 26, 2025 · 1H 16M
What the Focal!? - S2 - Tadhg Mac Dhonnagáin
from Raidió na Life 106.4FM · host Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? - podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo? An fearr ‘randamach’ nó ‘fánach’? An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal ‘dia’? Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus beathaisnéisí é Tadhg Mac Dhonnagáin a bhfuil go leor duaiseanna is gradam buaite aige. Is as Achadh Mór i gContae Mhaigh Eo é ó dhúchas is tá cónaí air i gConamara. Is é a bhí mar chomhchruthaitheoir agus príomhscríbhneoir ar an tsraith drámaíochta teilifíse don óige, Aifric.
Embed this episode
NOW PLAYING
What the Focal!? - S2 - Tadhg Mac Dhonnagáin
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.