PODCAST · arts
An Sruthán
by Éabhlóid
Is sruth podchraoltaí é An Sruthán, áit a mbeidh na podchraoltaí agus na taifeadtaí go léir a chraolann Éabhlóid ar fáil go lárnach.Bláth na dTulach - podchraoladh faoin leabhar Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin Go dtí an lá bán - scéalta ón leabhar á n-aithris ag léitheoirí ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus le theacht gan mhoill:An Prionsa Beag á léamh ag Eoghan Mac Giolla Bhríde. Beidh na podchraoltaí iad féin ar fáil go fóill ach tugann an sruth seo le chéile iad in aon áit amháin.Má tá tú ag baint sult agus tairbhe as na podchraoltaí seo, fág léirmheas nó tabhair rátáil dúinn, le do thoil - cuideoidh sé linn a bheith níos feiceálaí agus níos fusa a aimsiú.Mile buíochas ó Éabhlóid.
-
43
An Bronntanas - go dtí an lá bán
An Bronntanas le Brighid Uí Mhonacháin á léamh ag Áine Ní Bhreisleáin
-
42
Ó Ghlúin go Glúin - go dtí an lá bán
Ó Ghlúin go Glúin le Máirín Uí Fhearraigh á léamh ag Áine Ní Bhreisleáin
-
41
Ag Téarnamh chun Baile - go dtí an lá bán
Ag Téarnamh chun Baile le Máire Dinny Wren á léamh ag Carmel Ní Bhriain
-
40
Nollaig na nIontas
Nollaig na nIontas le Síle Uí Ghallchóir á léamh ag Cathal Ó Curráin
-
39
Éiginnteacht - go dtí an lá bán
Éiginnteacht le Brighid Uí Mhonacháin á léamh ag Annelene Ní Fhearraigh
-
38
Deora Saillte - go dtí an lá bán
Deora Saillte le Máirín Uí Fhearraigh á léamh ag Annelene Ní Fhearraigh
-
37
Páirc Fheilimí - go dtí an lá bán
Páirc Fheilimí le Máire Dinny Wren á léamh ag Mairéad Dinny Ní Ghallchóir
-
36
Nithe Ceilte - go dtí an lá bán
Nithe Ceilte le Síle Uí Ghallchóir á léamh ag Síle Ní Ghallchóir
-
35
An Croitheadh Láimhe - go dtí an lá bán
An Croitheadh Láimhe le Brighid Uí Mhonacháin á léamh ag Ailbhe Ó Monacháin
-
34
An Cleamhnas - go dtí an lá bán
An Cleamhnas le Máirín Uí Fhearraigh á léamh ag Marina Nic Giolla Bhríde
-
33
Thar an Tairseach - go dtí an lá bán
Thar an Tairseach le Máire Dinny Wren á léamh ag Anna Ní Chaigne
-
32
Séala Chríost - go dtí an lá bán
Séala Chríost le Síle Uí Ghallchóir á léamh ag Brídín Ní Mhaoldomhnaigh
-
31
Plúiríní Sneachta - go dtí an lá bán
Plúiríní Sneachta le Brighid Uí Mhonacháin á léamh ag Ailbhe Ó Monacháin
-
30
Trasna na dTonnta - go dtí an lá bán
Eoghan Mac Giolla Bhrighde ag léamh Trasna na dTonnta le Máirín Uí Fhearraigh
-
29
Idir Cleith agus Ursain - go dtí an lá bán
Suzanne Ní Ghallchóir ag léamh Idir Cleith augs Ursain
-
28
Nanette le Daithí Ó Muirí
Fáthscéal mistéireach é seo a thugann ábhar machnaimh don léitheoir. Sa scéal seo, tugann Ó Muirí guth de chuid d'imní na haoise tríd a charachtair dhiamhaire dothomhaiste; ag cruthú atmaisféir theann tharraingteach lena chuid próis. Léite anseo ag an chraoltóir Dáithí Ó Muirí.
-
27
Banríon an Dóchais le Seán Ó Muireagáin
Cothaíonn beirt fhear cairdeas úr eatarthu féin agus iad ag dul siar in aois, cé gur ó chúlraí éagsúla iad. Déanann siad pleananna móra le chéile ach caidé mar a éiríodh leis na pleananna sin... Scéal éadrom le Seán Ó Muireagáin, á léamh anseo ag Dónall Mac Giolla Chóill, le comhrá bríomhar ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin. https://blath-na-dtulach.com/banrion-an-dochais/
-
26
Ar Deoraíocht
Scéal croíúil Nollag é seo a thagann chugainn tríd shúile chailín óig a bhfuil a saol athruithe go hiomlán ag eachtraí nach bhfuil aon smacht aici féin orthu. Lán de spiorad na Nollag, tógfaidh an scéal beag seo do chroí. Scéal le Síle Uí Ghallchóir, léite anseo ag Caoimhe Nic Lochlainn.
-
25
Éan le Dubhán Ó Longáin
Scéal scéiniúil é seo le Dubhán Ó Longáin a phléann le roinnt ábhair agus ceisteanna deacra an lae inniu. Scéal é a bhaineann le hoibseisiúin mhífholláine, leis an mheabhairghalar agus leis an dóigh a dtig le scéal a dhul in olcas go gasta mar gheall ar mhíthuiscintí agus paranóia. Arna léamh anseo ag Caoimhe Ní Chathail le comhrá le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.
-
24
An Bhearna le hEoghan Mac Giolla Bhríde
Déanann athair iarrachtaí naisc a chruthú lena mhac agus é a ghríosú chun oibre. Ach sna hiarrachtaí sin nochtar bearnaí idir na glúnta, áit a gcailleann focail a mbríonna le ham agus áit nach dtuigeann an t-óg an aosta. Scéal coscrach, le cur síos íostach réalaíoch. Léite anseo ag Fionntán de Brún.
-
23
Imram le Róise Ní Bhaoill
Tugann teagmháil theagmhasach le strainséir nach raibh sí ag dréim leis i mbusáras i dtír choimhthíoch ar an scéalaí í féin a cheistiú go domhain nuair a chluineann sí scéal ó bhéal duine nach bhfuil leath chomh hádhúil léi féin. Scéal láidir a théann i bhfeidhm ar an léitheoir mar an gcéanna leis an scéalaí, á léamh anseo ag Caoimhe Ní Chonchoille.
-
22
Oileánach le Sam Ó Fearraigh
Scéal corraitheach é seo a ardaíonn ceisteanna agus a ghearrann go domhain isteach i ngnóthaí na sochaí comhaimseartha i gcomhthéacs phobail bhig oileánach. Tá an scéal á léamh anseo go tuisceanach ag Milène Fegan
-
21
Ní Tharlóidh Sé Arís le Seán Mac Gintidh
Ní gnáthchás a bhíonn roimh na gardaí óga seo nuair a ghlaoitear amach orthu go teach Uí Chearbhaill mall san oíche. Ní cheiltear aon fhírinne sa scéal seo ach léirítear ann chomh caolchúiseach agus a bhíonn sé go minic. Scéal léirsteanach arna léamh anseo ag an léachtóir ildánach Seán Mac Corraidh.
-
20
Mo Dheirfiúr Maja le Celia de Fréine
Tiontaítear saol an scéalaí bunoscionn ag cogaí agus ag bás i gcathair atá tarraingthe as a chéile ag reibiliúnacha sa scéal diostóipeach seo. Ach is é an ceangal deireanach lena teaghlach a thugann dóchas di agus an fáth go leanann sí uirthi ag cuartú fríd an smionagar. Scéal cumhachtach le Celia de Fréine, léite go paiseanta ag Áine Ní Dhíoraí.
-
19
Beidh a Cuid Féin ag an Fharraige le Máirín Jimí uí Fhearraigh
Eachtra thragóideach a chur deireadh le modh iomlán maireachtála do phobal oileánda ar chósta iarthuaiscirt Dhún an nGall a bhfuil a lorg le feiceáil go fóill ar na daoine. Éist le scéal Mháirín Uí Fhearraigh fá iascairí Ghabhla á léamh anseo ag Dónall Ó Cnáimhsí.
-
18
Heinrich le Gabhán Ó Fachtna
Scéal Gotach, lonnaithe sa Trasalváin ag deireadh an naoú haois déag ina nochtar fimíneacht an duine i láthair an chreidimh. Mothaítear cúngacht na sléibhte agus súile na gcomharsanach, i gcuideachta le haineolas agus réamhchlaonadh an tsochaí ag druidim isteach ar bheirt dheartháir bhochta an scéil seo. Arna léamh ag Ciarán Mac Fheidhlimidh.
-
17
Pavel le Brighid Uí Mhonacháin
Tugtar spléachadh sa scéal seo ar bhuachaill bheag atá caillte i saol mór neamhthrócaireach i ndiaidh réabhlóide foréigneach. Fríd súile beaga feictear saol mór atá ag bogadh go gasta. Íobartach neamhchiontach atá fágtha gan chosaint ach tá dóchas éigin ann dó sa scéal dúisitheach seo le Brighid Uí Mhonacháin a ardaíonn go leor ceisteanna. Arna léamh ag Ailbhe Ó Monacháin, le comhrá ina dhiaidh le Réaltán Ní Leannáin.
-
16
Deireadh le hAntain Mac Lochlainn
Nuair a chluineann Mánus, an printíseach óg, scairt na mic tíre a bhfuil sé féin agus a mháistir ag seilg, músclaíonn sé rud éigin san fhear óg; scairt an fhiántais nó scairt a dhúchais féin.Éist leis an ghearrscéal stairiúil seo le hAntain Mac Lochlainn á léamh ag Aodh Mac Ruairí.
-
15
Maeirí le Réaltán Ní Leannáin
Bíonn mistéir neamhghnách le fuascailt ag na gardaí i mBaile na gCoimhthíoch nuair a fhaigheann siad glaoch ó bhall d'Interpol faoi chás amhrasach a táthar a fhiosrú sa Ghearmáin a bhaineann le seanbhean ón cheantar. Éist le Joe Ó Dónaill ag léamh an scéal "Maeirí" le Réaltán Ní Leannáin agus leis an chomhrá bhríomhar a bhíonn aige le haoi-láithreoir an eagráin speisialta seo, Caitlín Nic Íomhair.
-
14
Ón Spéir Anuas le Danny Brown
Tá domhan Fatima scriosta ag an choimhlint agus na hionsaithe sheasta a bhíonn uirthi a fhulaingt thar na blianta, ach ní bheadh a fhios sin agat óna méin agus óna stuaim agus ón dóigh dhiongbháilte a chaitheann sí a saol. Sa scéal chumhachtach seo tugann Danny Brown muid isteach go croí na coimhlinte agus aimsíonn sé dúinn an croí dhaonna. Arna léamh anseo ag Siuán Ní Mhaonaigh.
-
13
San Iargúltacht
Sa scéal chaolchúiseach seo le Pádraig Ó Gallchóir, tugtar spléachadh dúinn ar shaol atá ar thairseach. Teilgtear isteach i saol scoite tuaithe muid mar a theilgtear an domhan mór isteach cois teallaigh sa scéal féin. Déanann Mícheál Ó Domhnaill an scéal a léamh dúinn anseo agus ina dhiaidh tugann sé léargas breise dúinn air i gcomhrá le Réaltán Ní Leannáin.
-
12
42 - Beo sa Chultúrlann
Beo ón Chultúrlann i mBéal FeirsteTaifeadadh an t-eagrán seo de Bhláth na dTulach beo in Amharclann Mhic Cionnaith sa Chultúrlann i mBéal Feirste os comhair lucht féachana ar an 10ú Meán Fómhair 2022. Ba í an t-aisteoir aitheanta Bríd Ó Gallchóir a léigh an scéal “42” le Réamonn Ó Ciaráin. Réaltán Ní Leannáin a chur an clár i láthair. Tugann an scéal seo le Réamonn Ó Ciarán ar thuras muid thar dhúiche réidh Chontae Ard Mhacha. Trí shúile géara an bhuachalla óig casann muid le tiománaithe cairdiúla bus, le gasúraí ráscánta scoile, le múinteoirí spreagúla agus tuismitheoirí amhrasacha. Tugann sé ar thuras muid go háit a gcaitheann gnáthdhaoine a ngnáthshaolta i dtréimhse neamhghnách ar fad; áit a nochtar laochra gan iomrá trína ngníomhartha cineáltais agus tuisceana. Turas intinne agus ama, a thaispeánann nach fios cén áit a gcríochnóidh muid suas.
-
11
Uibheacha Cásca
Téann carachtair an scéil seo ar thuras go hoileán mara sa tóir ar rudaí faoi leith a shamhlaíonn sé a bheith ann don turasóir tuisceanach, ach b’fhéidir gur i ngan fhios dó féin a fhaigheann sé rud éigin nach raibh sé ag súil leis. Tá an scéal Uibheacha Cásca le Séamas Mac Annaidh á léamh anseo ag Brian Danny Minnie Ó Domhnaill.Ealaín chlúdaigh: gailturpin.art
-
10
Soineann le hEithne Ní Ghallchobhair
Scéal prósfhilíochta le hEithne Ní Ghallchobhair ina ndéanann sí ceiliúradh liriceach ar mhóimintí áthais agus dúiseachta i saol pháiste óig. Inniúchadh céadfach trí theanga agus trí fhoclaíocht ar an domhan trí shiúile shoineanta an pháiste. Arna léamh ag Sinéad de Gallaí.
-
9
Maggie, Girl agus an Stoirm
Faigheann muid fianaise sa scéal seo ar shaol atá ag sleamhnú uainn agus ar bhean atá ar a dícheall streachailt leis an tsaol ar achan dhóigh, gan de shuaimhneas aici ach a madadh dílis. Ach an bhfuil drochthuar faoi bhun na spéire? Éist le Póilín Nic Géidigh ag léamh Maggie, Girl agus an Stoirm le Michelle Nic Pháidín.
-
8
Ar Rud Atá i nDán Duit le Máire Burns
Scéal thar a bheith tráthúil agus réadúil é seo le Máire Burns ina nochtar an t-uaigneas agus an eagla a mhothaigh go leor daoine i rith na paindéime. Ach in ainneoin na himní, cuidíonn an phríomhcharachtair sa scéal seo linn an gáire agus blaisín maith den áiféis a aimsiú sa domhan úr ina maireann muid. Arna léamh ag an tAthair Brian Ó Fearraigh agus curtha i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.
-
7
Cócó le Máire Zepf
Bean stuama céillí í Eibhlinn Nic Ruairí ach cuireann geáitsí místuama a comharsa brú ar an fhoighde fhadfhulangach atá aici nuair a thagann sí ’na bhaile le peata úr. Sa scéal éadromchroíoch seo ó Mháire Zepf, atá léite dúinn ag Deirdre Learmont, feictear bean i ndeireadh na péice ag seasamh go docht in aghaidh na seafóide – ach an dtéann sí rófhada leis?
-
6
Camchuairt le Déirdre Ní Grianna (Gaeilge)
Scéal mistéireach faoi thuras trí dhúichí deoranta, áit a gcastar le duine de sheans a thugann oscailt súl agus ábhar machnaimh don phríomhcharachtar. Tá an scéal fíorspéisiúil seo le Déirdre Ní Grianna á léamh ag an aisteoir Conallach Mairéad Dinny Ní Ghallchóir, agus ina dhiaidh, tá comhrá bríomhar leis an eagarthóir Réaltán Ní Leannáin ina spíonann siad an scéal agus fiosraíonn siad na téamaí agus an tírdhreach cultúrtha as a dtagann sé.
-
5
An Cloigeann le Seán Ó Dúrois
Tógann an scéal físiúil seo le Seán Ó Dúrois siar muid go dtí an Ré Dhorcha, áit a bhfuil ard-ealaín agus ard-cheardaíocht ag maireachtáil taobh le taobh leis an bhrúidiúlacht mharfach. Coinníonn an scéalaí ar fionraí muid tríd an scéal ... an bhfuil muid ar thuras i dtreo an tsolais nó an gcaitear siar níos faide muid sa dorchadas? Á léamh ag an aisteoir agus scríbhneoir clúiteach Niall Mac Eachmharcaigh le comhrá bríomhar faoin scéal ina dhiaidh.
-
4
Sámhnas Shábha le Máire Dinny Wren
Éist le léamh tuisceanach Charmel Ní Bhriain ar an scéal “Sámhnas Shábha” le Máire Dinny Wren agus a comhrá bríomhar le Réaltán Ní Leannáin ina dhiaidh.Scéal é seo a thugann léargas mothálach ar shaol mná i ndeireadh a laetha i lár na paindéime, a léiríonn cuid den tragóid phearsanta a d’fhulaing teaghlaigh go ciúin i rith na tréimhse suaithí seo.
-
3
Teacht Slán le Proinsias Mac a' Bhaird
Tá scéal cumhachtach ó Phroinsias Mac a’ Bhaird againn daoibh an mhí seo, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill agus á chur i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.Sa scéal seo, déanann iascaire óg a dhícheall a theacht chun réitigh le heachtraí tromchúiseacha a thiteann amach ina shaol, eachtraí b’fhéidir a tharla de bharr a chuid aicsin nó a easpa aicsin féin.
-
2
Díoltas na Coilleadh le Seanán Mac Aoidh
Is í Suzanne Uí Ghallchóir atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Díoltas na Coilleadh' le Seanán Mac Aoidh. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.
-
1
Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí
Is í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Is sruth podchraoltaí é An Sruthán, áit a mbeidh na podchraoltaí agus na taifeadtaí go léir a chraolann Éabhlóid ar fáil go lárnach.Bláth na dTulach - podchraoladh faoin leabhar Bláth na dTulach le Réaltán Ní Leannáin Go dtí an lá bán - scéalta ón leabhar á n-aithris ag léitheoirí ó Ghaeltacht Dhún na nGall agus le theacht gan mhoill:An Prionsa Beag á léamh ag Eoghan Mac Giolla Bhríde. Beidh na podchraoltaí iad féin ar fáil go fóill ach tugann an sruth seo le chéile iad in aon áit amháin.Má tá tú ag baint sult agus tairbhe as na podchraoltaí seo, fág léirmheas nó tabhair rátáil dúinn, le do thoil - cuideoidh sé linn a bheith níos feiceálaí agus níos fusa a aimsiú.Mile buíochas ó Éabhlóid.
HOSTED BY
Éabhlóid
Loading similar podcasts...