PODCAST
Blas Pod
by BBC Radio Ulster
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
-
4
Féile na Meán Ceilteach, Conair an Chainneáin Eilvéisigh, Féile na Gealaí.
Tuairiscí le Máire Bhreathnach ó Fhéile na Meán Ceilteach, Ciarán Ó Meachair ó Chonair an Chainneáin Eilvéisigh, agus Áine Ní Dhonnaile ó Fhéile na Gealaí. Reports from Máire Bhreathnach at The Celtic Media Festival, Ciarán Ó Meachair at the Swiss Canyon Trail, and Áine Ní Dhonnaile at Féile na Gealaí.
-
3
Dúnmharú Seán Brown, Inrochtaineacht Dhigiteach, Ficsean Coireachta na Gaeilge.
Tá leabhar úr foilsithe a chíorann cás Seán Brown, an t-oifigeach CLG i mBaile Eachaidh a dúnmharaíodh 29 bliain ó shin an mhí seo - cluineann muid ón údar, Garbhán Downey. Agus Lá Domhanda Feasachta ar Inrochtaineacht linn, déanann Caoimhe plé ar théama na hinrochtaineachta digitigh - cumas lucht míchumais idirghníomhú le haipeanna agus inneachar digiteach - le Dubhaltach Mac Conmidhe, Daráine Mulvihill, Eibhlin O'Riordan agus Brandon Blacoe. Caitlín Nic Íomhair ar fhicsean coireachta sa Ghaeilge. A newly published book details the story of Seán Brown, the Bellaghy GAA official who was murdered 29 years ago this month - we hear from the book's author, Garbhán Downey. In a discussion for Global Accessibility Awareness Day, Caoimhe discusses digital accessibility - the ability of people with disabilities or impairments independently to consume and interact with digital applications and content - with Dubhaltach Mac Conmidhe, Daráine Mulvihill, Eibhlin O'Riordan and Brandon Blacoe. Caitlín Nic Íomhair on Irish-language crime fiction.
-
2
Fuath Ban sa tSeirbhís Phóilíneachta, Seoladh Taighde ar Éire Aontaithe, Comhrá le Amano.
Pléann Máire Bhreathnach, Eimear McGovern agus Máirín Ní Ghadhra tuarascáil cháinteach a nochtann go leor teipeanna i bhfiosrú an PSNI ar mharú Katie Simpson agus a mhaíonn go bhfuil fadhb chórasach agus chultúrtha sa tseirbhís le fuath ban. Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, is teideal de thaighde nua-fhoilsithe, coimisiúnaithe ag Conradh na Gaeilge i gcomhpháirt le hOllscoil na Banríona, agus tá tuairisc againn óna sheoladh. Fosta labhraíonn Caoimhe le Amano, ealaíontóir ildisciplíneach a bhfuil fréamhacha s'aici le fáil i gContae Chiarraí áit ar fhás sí aníos, agus sa tSeapáin, áit ar rugadh í. Máire Bhreathnach, Eimear McGovern and Máirín Ní Ghadhra discuss a damning report which exposes many failures in the PSNI investigation into the killing of Katie Simpson, and describes a culture of systemic misogyny within the service. Éire Aontaithe: Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, is the title of newly published research commissioned by Conradh na Gaeilge in conjunction with Queen's University Belfast and we have a report from the launch. Caoimhe chats to Amano, whose work as a multidisplicinary artist is informed by her roots both in Kerry where she grew up and in Japan where she was born.
-
1
Attenborough in Aois 100, Leadóg Lagradhairc, Bríd Harper ⁊ Ryan Molloy.
Tá breithlá mór á cheiliúradh ag David Attenborough, laoch na craoltóireachta dúlra leis an BBC, agus é ag baint amach an chéid. Cluineann muid ó Eoin Warner, nádúraí agus láithreoir teilifíse, faoi thionchar agus oidhreacht Attenborough ó thaobh na craoltóireachta agus ó thaobh na timpeallachta de. Is é Dara Ó Cinnéide a ghlac leis corn Chraobh Leadóige na hÉireann d’Imreoirí Dalla agus Lagradhairc agus é ag glacadh páirte sa chomórtas den chéad uair. Cluineann Fearghal Mag Uiginn an scéal ar fad uaidh. Labhraíonn Caoimhe Ceol le Bríd Harper ⁊ Ryan Molloy.Dara Ó Cinnéide took home the cup at The Irish National Blind & Visually Impaired Tennis Championships at the weekend, his first time taking part in the event. Fearghal Mag Uiginn hears the whole story from Dara. David Attenborough, legendary natural history broadcaster with the BBC, is celebrating his 100th birthday. We hear from naturalist and television presenter, Eoin Warner, on Attenborough’s legacy and influence, both on programme making and on environmental issues. Caoimhe Ceol chats to Bríd Harper & Ryan Molloy.
-
0
Garraíodóireacht Samhraidh, Ullmhú do Mharatón Bhéal Feirste, Glórnótaí.
Tá noda ag Marion Keogh, dearthóir gairdíní, le muid a mhealladh chun garraíodóireachta agus an t-earrach mall ag iompú ina shamhradh. Leideanna ó Oisín Mac an Bhiocaire, traenálaí pearsanta, roimh Mharatón Bhéal Feirste. Pléann Caoimhe Chats na glórnótaí - crá croí nó sábháil ama? Garden designer Marion Keogh lures us back into the garden as a delayed spring gives way to summer. Personal trainer Oisín Mac an Bhiocaire shares tips for those running the Belfast Marathon. Caoimhe Chats talks voice notes - time saver or energy drain?
-
-1
1926 Census, A trip to the Kingdom of the Fairies, Anne Craig
Ar Blas Pod le Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail: Tá na cáipéisí a bhaineann le Daonáireamh 1926 an tSaorstáit ar fáil anois ar líne, agus an seoladh déanta cothrom an lae a rinneadh an daonáireamh féin, 100 bliain ó shin. Labhraíonn Máire le Vera Moynes ón Chartlann Náisiúnta faoin áis luachmhar seo atá ar fáil go hiomlán saor in aisce. Mar chuid den mhórthéama BBC, Once Upon A Time, téann Caoimhe ar thuras chuig Ríocht na Sí, in éineacht le Dubhán Ó Longáin, Eimear McGovern agus Aoife Nic Con Midhe, agus ceiliúradh á dhéanamh acu ar an síscéalaíocht agus ar scéalta iontais. Déanann Dáithí Ó Múirí cuimhne ar Anne Craig, craoltóir, léiritheoir, bean chultúir, agus duine a bhí ina dlúthchuid de shaol na Gaeilge san iarthuisceart le breis agus daichead bliain. Le Brian Mullen, Mary Delargy agus Séamus Mac Annaidh.On Blas Pod with Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail: The documents of the 1926 Free State Census have now been made available online, with their launch coinciding with the 100 year anniversary of the census itself. Máire chats to archivist Vera Moynes about this invaluable resource which is completely free to access. As part of the BBC-wide theme Once Upon A Time, Caoimhe journeys to the Kingdom of the Fairies in the company of Dubhán Ó Longáin, Eimear McGovern and Aoife Nic Con Midhe, as they celebrate fairytales and tales of wonder. Dáithí Ó Múirí remembers broadcaster and presenter Anne Craig, who was a huge part of the Irish-language and theatre culture of the north west for over 40 years. With Brian Mullen, Mary Delargy and Séamus Mac Annaidh.
-
-2
Toxic Masculinity, Gabriel Rosenstock
Tá ardú leanúnach ar fhoréigean in aghaidh na mban agus 30 bean maraithe sa tuaisceart ó bhí 2020 ann. Suíonn Caoimhe Ní Chathail síos le Jack Mac Íomhar, Eoin Mag Loinsigh, Joe Mac an Fhailí agus Joe Mac Aoidh leis an fhearúlacht nimhe a phlé, mar aon leis na rudaí ar féidir a dhéanamh le dul i ngleic leis. Fosta, roinneann Cathal Póirtéir cuimhní cinn ar Gabriel RosenstockViolence against women and girls is on the rise, with 30 women having been killed in the north since the year 2020. Caoimhe Ní Chathail sits down with Jack Mac Íomhar, Eoin Mag Loinsigh, Joe Mac an Fhailí and Joe Mac Aoidh to discuss toxic masculinity, and what can be done to tackle it. Also, Cathal Póirtéir shares his memories of Gabriel Rosenstock.
-
-3
Buann Coláiste Mhuire agus Phádraig, an Cnoc, Craobh Shinsear Peile na hÉireann. Blaiseadh de Slí na hOllscoile.
OLSPCK Post Primary Schools Senior Football champions. A Taster of Slí na hOllscoile.
-
-4
Celtic Kweens #4: Aoife (Clann Lir)
An féidir aighneas teaghlaigh a réiteach nuair a thiocfaidh Aoife i láthair a leasiníne Fionnuala? Scéal 900 bliain inar léir nach n-aithníonn ealaí, gan trácht ar chiaróga, a chéile. An ceann nuair a fhaigheann Clann Lir amach nach dtagann ciall le haois, fiú 900 bliain d’aois! Can a family feud be settled when Aoife is finally confronted by her stepdaughter, Fionnuala? The one where Clann Lir find out that wisdom doesn't come with age, even 900 years of age! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill, Tony Devlin ┐Diona Doherty.
-
-5
Celtic Kweens #3: Úna Ní Chearnaigh
Feicimid Úna Ní Chearnaigh gan d'arm aici ach clóscríobhán agus í ag teacht ar an tuiscint go bhféadfaí saibhreas a dhéanamh as Forógra an Phiarsaigh agus í i bhfolach in Ard-Oifig an Phoist in 1916. We join Real War Wife Úna as she and the men of 1916 take over the GPO in Dublin. Armed with nothing more than a typewriter Úna’s task is to take notes and write the diary. However, she sees the money spinning potential of Pádraig Pearse's Proclamation. An ceann nuair a fhaigheann Una Ní Chearnaigh amach gur treise an clóscríobhan ná an claíomh. The one where Winifred Carney finds out that the typewriter is mightier than the sword. Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Nuala Ní Néill,Tony Devlin ┐Francis Mezza
-
-6
Celtic Kweens #2: Maud Gonne
Glacann Maud páirt i seó Jerry McSpringer le bualadh leis an fhear a bhfuil nóisean aige di ach is mór an díoma di nuair a a fhaigheann sí amach cé atá i gceist. An ceann nuair nach bhfuil aon leigheas ar an ghrá ach pósadh, nó an t-óipiam, dar le Maud Gonne. Maud takes part in the Jerry McSpringer show to meet the man who has a notion of her but she's very disappointed when she finds out who it is. The one where Maud Gonne suggests that the only cure for love is marriage, or opium! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Tony Devlin, Francis Mezza ┐Nuala Ní Néill
-
-7
Celtic Kweens #1: Gráinne Ní Mháille
Caithfidh Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille) feidhm a bhaint as cumhachtaí uile na meán sóisialta nuair a ordaítear di dul os comhair na Banríona Eilís lena cuid éachtaí i gCúige Chonnacht a chosaint. An ceann nuair is léir do Ghráinne Ní Mháille nach bhfuil ní níos géire ná teanga mná - go háirithe nuair is bean rua í! The Pirate Queen, Gráinne Ní Mháille (Grace O'Malley) has to use all the power of social media when she is summoned to the court of Queen Elizabeth I to account for her activities in the Province of Connacht. the one where Gráinne Ní Mháille realises there's nothing sharper than a woman's tongue, especially when she's a redhead! Comhlacht léiriúcháin/Production: Company Moondog Productions do BBC Gaeilge Scríbhneoir/Writer: Julie Jay Aisteoirí/Actors: Diona Doherty, Nuala Ní Néill ┐Tony Devlin.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Podchraoladh: Inneachar tráthúil fuaime ó fhoireann BBC Blas.
HOSTED BY
BBC Radio Ulster
Loading similar podcasts...