Conradh na Gaeilge: 120 Bliain
by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Gach seachtain, bíonn Judy-Meg ag bualadh le daoine go bhfuil baint acu le Conradh na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, agus insíonn sí scéal stairiúil an Chonartha. Léireoidh an tsraith seo an blas idirnáisiúnta a bhaineann le pobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus an dul chun cinn atá déanta ag Conradh na Gaeilge, agus an teanga Ghaeilge, ó 1893.
Episodes
-
Clár 5 - 2013 - Raidió na Life
Críochnaíonn aistear Judy-Meg ag Ceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, áit a labhrann sí le cuid de na daoine go bhfuil baint acu leis an eagraíocht inniu. Leantar le scéal Chonradh na Gaeilge, ach go háirithe ón bhliain 1966, nuair a bronnadh an tigh ag 6 Sráid Fhearchair ar an...
-
Clár 4 - 2013 - Raidió na Life
Téann Judy-Meg ar cuairt go craobh Chonradh na Gaeilge sa World Irish Heritage Centre i Manchain, agus bualann sí le cuid de na baill ansin. Leantar le scéal stairiúil an Chonartha: an pholaitíocht ag teacht isteach san eagraíocht, agus Éirí Amach na Cásca, 1916.
-
Clár 3 - 2013 - Raidió na Life
Téann Judy-Meg ar cuairt go craobh Chonradh na Gaeilge i Govanhill i nGlaschú, craobh a bunaíodh sa bhliain 1895, agus bualann sí le cuid de na baill ansin. Leantar le scéal stairiúil an Chonartha agus an ról a bhí ag Eoin Mac Néill i mbunú an Chonartha.
-
Clár 2 - 2013 - Raidió na Life
Téann Judy-Meg ar cuairt go craobh Chonradh na Gaeilge i mBeirlín, a bhailíonn i gCaifé Orange ar Oranienburger Strasse dhá uair sa mhí, agus bualann sí le cuid de na baill ansin. Leantar le scéal stairiúil an Chonartha leis an athbheochan chultúrtha agus fís Dhubhghlas de hÍde.
-
Clár 1 - 2013 - Raidió na Life
Téann Judy-Meg ar cuairt go craobh Chonradh na Gaeilge i bPáras, nó 'An Ghaeltacht-sur-Seine', mar a ghlaoitear air, agus bualann sí le cuid de na baill. Chomh maith leis sin, cuirtear tús le scéal stairiúil an Chonartha, i lár an naoú aois déag in Éirinn.
About this show
Gach seachtain, bíonn Judy-Meg ag bualadh le daoine go bhfuil baint acu le Conradh na Gaeilge in Éirinn agus thar lear, agus insíonn sí scéal stairiúil an Chonartha. Léireoidh an tsraith seo an blas idirnáisiúnta a bhaineann le pobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus an dul chun cinn atá déanta ag Conradh na Gaeilge, agus an teanga Ghaeilge, ó 1893.
Hosted by
Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie