PODCAST · news
Fada is Fairsing
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
Episodes
-
Clár 483 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Máire Nic an Bhaird agus Laoise Ní Chléirigh ó Ollscoil Mhá Nuad ag labhairt linn faoin tsraith greannán seo ar chúrsaí timpeallachta ar oibrigh siad air le chéile in éineacht le Tom Curran ó ChOBÁC. Chomh maith leis sin labhraíomar le Liadán Ní Fhoghlú ón ngrúpa…
more -
Clár 482 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí Bainisteoir an tionscnaimh Céad Míle Fáilte, Connlaith Ní Raifeartaigh linn le labhairt faoin maoiniú €468,000 ón Rialtas don tionscnamh a fógraíodh don tréimhse 2026 agus 2027. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh le Trish Coen maidir le Feachtas Inis Oírr don...
-
Clár 481 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí an staraí Úna Ní Broiméil ag labhairt linn faoin gclár TG4 a raibh sí páirteach ann faoi na naisc idir Éirinn agus Na Chéad Náisiúin.
-
Clár 480 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, bhí Joe Ó Ceallaigh ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall linn le labhairt faoin Lá Gael agus Preabghaeltacht a bhí ag an gComhairle in éineacht le Pleanáil Teanga Thuaisceart Dhún na nGall i Londain.
-
Clár 478 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Joe Ó Dónaill linn faoi na himeachtaí ag a labhair sé mar chuid fhéile na nGael Milwaukee i lár na míosa agus neart eile!
-
Clár 477 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Pól Ferris linn ó New Jersey faoi Fhéile na nGael Milwaukee agus cloisfimid roinnt ceoil ó Enda Reilly a bheas ag seinm mar chuid den fhéile i mbliana!
-
Clár 476 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Siobhán Ní Thuairisg linn faoin scéim 'Malartú Beochana Dúchasach Wellington-Gaillimh 2025' idir Éirinn agus an Nua-Shéalainn a bhuaigh sí i mbliana agus a seal sa Nua-Shéalainn. Chomh maith leis sin, chualamar ó Chlár Ní Bhuachalla ó Ghaeltacht COBÁC faoi na folúntais…
more -
Clár 475 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, Seoirsín Ní Mheachair ag labhairt linn ò Rhinebeck, Nua Eabhrac faoin gcúrsa "Blaiseadh na Gaeltachta", tionscnamh trasAtlantach a chomhreachtáil sí féin agus comhghleacaithe i Seanchas Sheáin Néill i Rann na Feirste.
-
Clár 474 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair an scríbhneoir agus eagarthóir Mícheál Ó Conghaile linn le labhairt faoi Cheardlann Scríbhneoireachta atá á reachtáil ag Cló Iar-Chonnachta do dhaoine ar fud na cruinne. Chomh maith leis sin labhraíomar faoi roinnt féilte idirchultúrtha agus idirnáisiúnta i rith an...
-
Clár 473 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Manchán Magan linn faoi sheoladh a leabhar úr 'Ireland in Iceland' faoi na naisc idir Éirinn agus an Ìoslainn! Chomh maith leis sin chualamar ó Janik Bastien ar shaoire ó Cheanada go hÉirinn do Chomhdháil ar Chúrsaí Idirghnéasacha i mBaile Átha Cliath.
-
Clár 472 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, Pádraig Mac Brádaigh linn faoi dhífheistíocht agus scaradh iomlán an Choláiste ón Iosrael agus obair Aontas na Mac Léinn chun an ollscoil a bhrú an cinneadh seo a dhéanamh.
-
Clár 471 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhair an t-Ollamh Fraincise agus Iodálaise Dr Elizabeth Scheiber linn faoina shaol i New Jersey na Stát Aontaithe, a spéis sa litríocht agus an méid a d'fhoghlaim sí ó litríocht ar an Holocaust.
-
Clár 470 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo labhraíomar le hAindriú Ó Ciardha faoin gcúrsa a rinne sé le Daltaí na Gaeilge in Esopus Nua Eabhrac agus na himeachtaí éagsúla eile atá le teacht ag an ngrúpa i rith na míonna amach romhainn.
-
Clár 469 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo , labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge ag labhairt linn faoin achainí curtha isteach ag an gConradh chuig Coiste Achainíocha Pharlaimint na hEorpa maidir le dúshláin títhíochta sna ceantair Gaeltachta.
-
Clár 468 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhraíomar le Caoimhe Ní Shuilleabháin a chaith am sa Bhruiséil ag labhairt linn faoi Scoil na Sléibhte atá á eagrú aici d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne le foghlaim Gaeilge fite fuaite leis an gcnocadóireacht! Chomh maith leis sin beidh Barra Ó Scanláin ag...
-
Clár 467 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo, labhraíomar le Hilary Mhic Suibhne faoi uachtaránacht Trump go dtí seo, a chuairt ar an Róimh do shocraidh an Phápa Pronsias agus na scéalta is deireanaí ó na Stáit Aontaithe.
-
Clár 466 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo , labhraíomar le Donna Ní Ghallchobhair ó Lárchomhairle Pharóiste Ghleann Cholm Cille ag labhairt linn faoi thogra muintir na háite chun stádas ‘Pobal Spéire Dorcha’ a bhaint amach.
-
Clár 465 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo , labhraíomar le hÁine Uí Fhoghlú ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid agus faoin Dochtúir McMonagle ó Oispidéal Phort Láirge ag obair sall sa Phalaistín. Phléamar féile cheiliúrtha ar chultúr na Palaistíne freisin, atá ar...
-
Clár 464 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Alex Hijmans ag labhairt linn faoina chuid colúnaíochta ar an léitheoireacht agus an scríbhneoireacht le Tuairisc, agus a alt le deireanas faoi Binyavanga Wainana agus leabhar dá cuid scríbhneoireachta 'Conas scríobh faoin Afraic' i measc go leor eile. Chomh maith leis sin bhí...
-
Clár 463 - 2025 - Raidió na Life
Mícheál Curtin ag labhairt linn ó Nua Eabhrac faoina chlár nua ar BBC Gaeilge dar teideal "Cárta Poist ó Mheiriceá", a shaol agus a chúlra mar Ghaeil Mheiriceánach agus go leor eile!
-
Clár 462 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Áine McGillycuddy agus Dan Cusack linn ò Chicago le labhairt faoina gciorcal comhrá ansin, Gaeilago agus eile. Chomh maith leis sin bhí Dic Breathnach ar ais linn, i Stiúideó Raidió na Life an uair seo, le labhairt linn faoina chuid drámaíochta agus a chruinnuithe le…
more -
Clár 461 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Molly O'Meara ag labhairt linn faoin bhféile ilchultúrtha Croílár a bheas ar siúl in Áth Luain mí Aibreáin. Chomh maith leis sin bhí Dónal agus Helen ón ngrúpa Preab-Ghaeltacht Bhaile Átha na bhFranc linn le labhairt faoi na himeachtaí iontacha a bheas ar siúl acu do…
more -
Clár 460 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Nadia Dobrianska ag caint linn faoi thionchar Trump ar chogadh na Rúise ar Úcráin. Chomh maith leis sin bhí an Dr Sorcha de Brún in Ollscoil Luimnigh ag caint linn faoi na soinéid de chuid Shakespeare atá aistrithe go Gaeilge aici mar chuid dá cuid taighde, dánta aistrithe ón...
-
Clár 459 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an t-Ollamh agus dlíodóir Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn faoin gcéad mhí d'uachtaránacht Trump sna Stáit Aontaithe - athruithe i ndan don tír, impleachtaí don Phalaistín agus géarchéim reitrice Trump.
-
Clár 458 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Ola Majekodunmi ag labhairt linn faoin tsraith dánta trítheangacha "Notes from a Workaholic & More" a rinne sí leis an Axis i mBaile Munna. Chomh maith leis sin chualamar ó Dhúbhán Ó Longáin faoin alt a scríobh sé do Nós faoin taisteal agus na deiseanna uile a thug a chumas sa...
-
Clár 457 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Eoin McEvoy ag labhairt linn faoin léamh dráma "Grindr, Saghdar agus Cher" a rinne sé sa Bhreatain Bheag trí Bhreatnais le gairid! Chomh maith leis sin b Dic Breathnach ag labhairt linn faoin gCruinniú Drámaíochta a bheidh aige le scríbhneoirí, aisteoirí agus stiúrthòirí in…
more -
Clár 456 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Cholm Ó Cinnseala as na Forbacha ag labhairt linn faoina chuid ama sa Mheánoirthear agus an litir a scríobh sé chuig ár bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa faoi chás na Palaistíne.Chomh maith leis sin, labhraíomar le Caoimhe Ní Fhanthorpa a bhí ag caint linn faoina saol...
-
Clár 455 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Jeffrey Sardina a labhair linn faoi na tinte uafásacha i gCathair na nAingeal i gCalifornia le gairid agus an t-Uachtarán nua Trum ag filleadh ar an Teach Bán. Chomh maith leis sin, bhí Bertie Ó hAinmhire ó Dhlúthpháirtíocht na Gaillimhe ar son na Pailistíne agus...
-
Clár 454 - 2025 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Aislínn Nic Ruairí a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi chúrsaí Gaeilge sa chathair agus í ag labhairt linn faoi pháirt a ghlacadh sa chlár agus a saol sa Bheilg! Chomh maith leis sin, d'éisteamar le beagán de cheol fear chéile Aislínn, Páidí Ó…
more -
Clár 453 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Joe Breathnach faoi Extra G agus an t-alt a scríobh sé faoi Biden agus Trump in agus na pardúin atá á mbronnadh ag Biden agus é ag fágáil oifig an uachtaráin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Ríoghnach Hyland a bhí ar an gclár nua ar RTÉ La Vie sa Bhruiséil faoi…
more -
Clár 452 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Michael Ó Conchúir ó Chonradh na Gaeilge Aoetearoa sa Nua Shéalainn linn le labhairt faoin bPop Up Gaeltacht a bhí acu an tseachtain seo caite agus go leor eile! Chomh maith leis sin, cloisfimid ó Chiarán Ó Ceallaigh sa Bhruiséil faoi obair Chonradh na Gaeilge ansin…
more -
Clár 451 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Seán Ó Baoill, Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí na hÉireann linn le labhairt faoin gcomhdháil atá á reachtáil ag an gCumann i gcomhpháirtíocht le Cairde Ceardchumann na Pailistíne, ceardchumainn eile agus grúpaí sibhialta eile faoi chearta páistí na Palaistíne mí Eanáir. Chomh…
more -
Clár 450 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Rónán Ó Dochartaigh linn ó Oideas Gael i nGleann Cholm Cille le labhairt linn faoina gcuid oibre ar an tsraith úr acmhainní digiteacha "HEART" www.eduheart.eu dírithe ar oideachasóirí ar spéis seo cúrsaí oidhreachta a thabhairt isteach ina gcuid teagaisc, mar chuid de...
-
Clár 449 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Alexandra Philbin, mac léinn dochtúireachta i Valencia na Spáinne ag labhairt linn faoi na tuilte timpeall ar an gcathair le gairid agus agóidí na ndaoine in aghaidh an rialtais toisc an easpa rabhaidh a tugadh do dhaoine maidir leo agus an chaoi ar láimhseáladh an tragóid....
-
Clár 448 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Marion McEvoy ag labhairt linn faoin gceolchoirm "Dublin Says Yes - A Celebration of Migrant Artists" sa Cobblestone i Margadh na Feirme Dé hAoine beag seo! Chomh maith leis sin bhí Seathrún Sardina ag caint linn faoi COP29 san Asarbaiseáin - cé na ceannairí atá i láthair, cad...
-
Clár 447 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Amanda agus Seanachán Ó Cinnéide linn le hinsint dúinn faoina dturas go hÉirinn d'Oireachtas na Samhna, obair Amanda ar Abair.ie agus go leor eile! Chomh maith leis sin, chualamar ceol ó Dhónal Danny Ó Ceallaigh i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin!
-
Clár 446 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Aindriú Ó Ciardha ag caint linn faoina vóta a chaitheamh i dtoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe go luath an tseachtain seo caite agus cuid mhór de mhuintir na Stát Aontaithe ag caitheamh vótaí inniu, príomhlá vótála an toghcháin. Chomh maith leis sin, chualamar ó Sheán Ó...
-
Clár 445 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Cabríní de Barra ó Ghaeil ar son Gaza ag labhairt linn faoi obair, fheachtais agus imeachtaí an ghrúpa le gairid. Chomh maith leis sin, chualamar scéalta daoine sa Soláthar Díreach agus na cúinsí maireachtála sna hionaid S.D. faoi láthair.
-
Clár 444 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Angus Lambkin a labhair linn faoi chúrsaí sa Phalaistín i láthair na huaire agus a chuid oibre i nGaza, théis na bliana is measa den chinedhíothú ar an tír le fada. Chomh maith leis sin, d'éisteamar le meascán ceoil speisialta a rinne Aindriú Mac an Rí do dhúnadh Club...
-
Clár 443 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Mhollaí Nic Céile linn le labhairt faoina leabhar úr nua 'Gaeilge i mo Chroí'! Chomh maith leis sin, labhair muid le Trevor Ó Clochartaigh ar bronnadh gradam "H.E.A.R.T" air ón Idaho Museum of International Diaspora mar chuid den Chomhdháil "Climate on Culture" a bhí…
more -
Clár 442 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Thomás Ó Riain ag caint linn ó Learpholl Sasana faoi tríú léacht bliaintiúil a bheidh ar siúl sa chathair ar an 22 Dheireadh Fómhair in omós do Tony Birtill, comheagraithe ag Conradh na Gaeilge, Learpholl agus Féile na nGael Learpholl. Chomh maith leis sin, chualamar ó...
-
Clár 441 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo chualamar ó Stiofán Ó Foghlú, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha na bhFranc sa Ghearmáin linn le labhairt faoi Thionól na Gearmáine, an tábhacht a bhaineann leis an méid gur féidir linn a fhoghlaim ó ghrúpaí Gaeilge timpeall na cruinne agus inimircigh, agus go leor eile!
-
Clár 440 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Brent Ó Casaide linn le labhairt faoi Fhleadh Ghaelach Oulu san Fhionlainn, ar siúl ón 25-29 Meán Fómhair le héagsúlacht ceoltóirí agus scéalaithe i measc go leor eile ar an gclár spleodrach! Chomh maith leis sin, labhraíomar le Róisín Ní Chinnéide ó Chonradh na Gaeilge faoin...
-
Clár 439 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh ag caint linn ó na Cluichí Parailimpeacha i bPáras na Fraince faoi bhuanna uile Foireann na hÉireann, searmanas mór dúnta na gCluichí agus go leor eile. Chomh maith leis sin labhraíomar le Máirín Nic Fhionghuin as an oileán Leodhais ó...
-
Clár 438 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Seanán Ó Coistín ag labhairt linn faoina úrscéal Gaeilge grafach úr 'Scott Pilgrim', ainmniúcháin an leabhair do Ghradam de Bhaldraithe mar chuid de Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais, faoi fhreastal ar Comic Con Bhaile Átha Cliath le gairid agus go leor eile!
-
Clár 437 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí an scéalaí, drámadóir, draíochtóir agus eile, Quentin Reynolds a bhog ó Mhanchain go Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin, linn le labhairt faoina chuid oibre agus léiriú dá chuid scéalaíochta a rinne sé le gairid ag Oideas Gael le Gaeil as gach cearn den domhan. Chomh maith...
-
Clár 436 - 2024 - Raidió na Life
Ar an gclár seo bhí Darach Ó Tuairisg linn ó Fíbín le labhairt faoi "Súil Eile: Oíche Idirnáisiúnta Drámaíochta" inar ghlac Fíbín páirt ann le gairid. Chomh maith leis sin éistfimid siar le píosa ó níos luaithe sa samhradh inar labhair Bríd Anna Ní Bhaoill linn faoin gcúrsa blaiseadh Gaeltachta a...
-
Clár 435 - 2024 - Raidió na Life
Clár speisialta a bhí anseo le breathnú siar ar na Cluichí Oilimpeacha 2024 agus buanna uile Foireann na hÉireann. Labhair tuairisceoir spóirt Cóilín Ó Dubhthaigh linn tar éis dó filleadh ó Pháras!
-
Clár 434 - 2024 - Raidió na Life
Ar an glcár seo bhí an t-Ollamh Fionnuala Ní Aoláin ag labhairt linn ó Mhinnesota, áit a bhfuil sí mar léachtóir, faoina léamh is déanaí ar thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe. Chomh maith leis sin bhí an Dr Pádraig Ó Liatháin ó Ollscoil Chathair BhÁC, atá i mbun taighde ar lámhscríbhinn...
-
Clár 433 - 2024 - Raidió na Life
Ar an glcár seo bhí an Dr Ronan Ó Conghaile ó Let's Learn Irish ag labhairt linn faoi na folúntais atá acu do mhúinteoirí Gaeilge dá gcuid daltaí i Washington DC agus ar fud na cruinne! Chomh maith leis sin bhí Ciarán Dunbar ag labhairt linn faoi phodchraoladh 'Seachtain' leis an Irish…
more
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá ar fud fad an domhain. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó chúrsaí reatha, go scéalta na Gaeilge, go scéalta grinn, le roinnt ceoil dhomhanda freisin. Is í Lisa nic an Bhreithimh láithreoir an chláir agus tá sí díreach tar éis filleadh go hÉirinn ó na Stáit Aontaithe Meiriceá, áit inar chaith sí bliain ag múineadh na Gaeilge. B'ansin a fuair sí inspioráid chun an clár seo a thosú leis an léar mór Gaeilgeoirí ar bhuail sí leo ansin ó Mheiriceá is i bhfad.
HOSTED BY
Loading similar podcasts...