GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr podcast artwork

PODCAST · news

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaitheTugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag súil leis i reachtaíocht fheabhsaithe san Aontas. Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile.Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

  1. 33

    I dtreo ‘cór gníomhaíochta aeráide’ don aos óg san Eoraip

    Is mian le beirt as gach triúr ógánach san Eoraip cur leis an aistriú glas ina bpoist. Níl na scileanna glasa ag 45% d’Eorpaigh óga chun é sin a dhéanamh, áfach. Ba cheart go mbeadh na scileanna agus an t-eolas ábhartha ag an aos óg chun gníomhú ar son na haeráide. Is é a bheadh i scéim ‘cathracha glasa Erasmus’ ná obair dheonach agus cúrsaí oiliúna íoctha a sholáthar do dhaoine óga i dtionscadail ghlasa áitiúla.

  2. 32

    Deireadh a chur le heipidéim VEID faoi 2030

    Sna 1980idí, ba víreas marfach é VEID. Anois, is fadhb shláinte é ar féidir déileáil léi, a bhuí le dul chun cinn domhanda sa chóireáil agus sa chosc. Ionfhabhtaíodh níos mó ná 88 milliún duine ar fud an domhain agus cailleadh 42 mhilliún duine go dtí seo. Faoi láthair, tá thart ar 40 milliún duine ag maireachtáil le VEID, agus meastar go gcónaíonn 810 000 díobh san Aontas. Cé go n-eagraítear córais sláinte ar bhonn náisiúnta, tacaíonn an tAontas le cláir thrasteorann, maoiníonn sé taighde tríd an gclár Fís Eorpach, agus tacaíonn sé le feachtais sláinte poiblí. Tá an tAontas tiomanta freisin do spriocanna ‘95-95-95’ UNAIDS: faoi 2025, ba cheart go mbeadh a stádas ar eolas ag 95% de dhaoine a bhfuil VEID orthu, ba cheart go mbeadh 95% de na daoine sin ag fáil cóireála agus ba cheart go mbeadh an víreas sochta i 95% díobh siúd atá ag fáil cóireála. San eagrán seo de ‘Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr’, táimid ag féachaint ar ról riachtanach an Aontais ó thaobh VEID a chosc, an stiogma a chomhrac agus feabhas a chur ar bheatha daoine ar fud na mBallstát. An aidhm atá ann ná todhchaí atá saor ó VEID a bhaint amach faoi 2030.

  3. 31

    An Creat Airgeadais Ilbhliantúil

    Go bunúsach, is é an creat airgeadais ilbhliantúil plean buiséadach fadtéarmach an Aontais Eorpaigh. Socraíonn sé tosaíochtaí agus teorainneacha caiteachais an Aontais do thréimhsí a mhaireann roinnt blianta, chun a chinntiú go bhfuil acmhainní airgeadais an Aontais de réir a spriocanna polaitiúla agus eacnamaíocha. Leagann an creat airgeadais ilbhliantúil amach an struchtúr do bhuiséid bhliantúla agus cabhraíonn sé le leasanna iomaíocha na mBallstát a chothromú.Leithdháiltear acmhainní airgeadais thar réimsí éagsúla, maoiniú do réigiúin bheagfhorbartha, fóirdheontais agus forbairt tuaithe, cabhair dhaonnúil agus infheistíochtaí sna haistrithe glasa agus digiteacha, agus i mbeartas eachtrach an Aontais ina measc.

  4. 30

    Cur chuige cuimsitheach i leith na meabhairshláinte

    Tá meabhairshláinte láidir agus folláine ríthábhachtach do chách chun saol ceart a chaitheamh, chun barr a gcumais a bhaint amach, chun cur go gníomhach lena bpobail agus chun dul i ngleic le strus agus dúshláin. Déanann an tAontas Eorpach a dhícheall a chinntiú nach bhfágtar aon duine ar lár agus go mbíonn rochtain chomhionann ag daoine ar sheirbhísí meabhairshláinte ar fud an Aontais. Tá i bhfad níos mó fós le déanamh, áfach, chun cabhrú le cách an caighdeán meabhairshláinte agus folláine is fearr is féidir a bhaint amach.

  5. 29

    I dtaobh straitéis Eorpach do dhaoine scothaosta

    Tá athrú déimeagrafach ag teacht ar an Eoraip nach raibh ann riamh cheana. Faoi 2050, beidh beagnach trian de dhaonra an Aontais os cionn 65 bliana d’aois. Rachaidh daonra an Aontais atá ag aosú i bhfeidhm ar réimsí éagsúla: cúram sláinte, leas sóisialta, margadh an tsaothair agus an geilleagar. Díríonn beartais an Aontais do dhaoine scothaosta ar roinnt príomhréimsí: aosú gníomhach, cuimsiú sóisialta, cúram sláinte agus fadtéarmach, agus slándáil airgeadais. Tá gá ag an Aontas anois le straitéis chuimsitheach do dhaoine scothaosta.

  6. 28

    An tslí a dtacaíonn an tAontas leis an turasóireacht ar fud na hEorpa

    Tá an turasóireacht ar na tionscail is beomhaire san Aontas Eorpach: tugann sí daoine le chéile, cuireann sí an tuiscint chultúrtha chun cinn agus cothaíonn sí fás eacnamaíoch. Conas a thacaíonn an tAontas leis an turasóireacht, conas a fheabhsaíonn sé í agus conas a chinntíonn sé go mbíonn taisteal níos inbhuanaithe, níos inrochtana agus níos tairbhiúla do chách?

  7. 27

    Fís Eorpach: Ar thús nuálaíochta a bhuí leis an taighde san Aontas Eorpach

    Tá an clár Fís Eorpach ar an gclár taighde agus nuálaíochta is mó san Aontas Eorpach, agus tá buiséad EUR 95.5 bhilliún aige don tréimhse 2021-2027. Ní clár cistiúcháin, agus é sin amháin, é: is léiriú é ar thiomantas an Aontais i leith sármhaitheas eolaíochta a chur chun cinn, i leith nuálaíocht a chothú agus i leith dul i ngleic le dúshláin shochaíocha i dtíortha an Aontais. Tríd an gclár uaillmhianach seo, tacaítear le taighdeoirí, gnólachtaí agus lucht ceaptha beartas i ndáil leis an Eoraip a chur chun cinn mar cheannaire domhanda sa taighde agus sa nuálaíocht.

  8. 26

    Ag bogadh i dtreo soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe

    Is imeacht bliantúil í an tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht a bhíonn ar siúl ón 16 go dtí an 22 Meán Fómhair. Is é is aidhm don tseachtain sin sláinte phoiblí agus caighdeán na beatha a fheabhsú trí shoghluaisteacht ghlan agus iompar uirbeach inbhuanaithe a chur chun cinn. An téama atá ann do 2024 ná ‘Spás Poiblí Comhroinnte’. Bíonn an-tairbhe don tsochaí ag roinnt le spás poiblí comhroinnte. Is áit é ina mbíonn a spás féin ag daoine, modhanna iompair agus gníomhaíochtaí. As sin, tagann níos mó cothromas sóisialta, níos mó sábháilteachta ar bhóithre, níos lú truailliú torainn agus aeir, agus caighdeán saoil níos fearr.

  9. 25

    Cad é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS?

    Is uirlis é an Córas Eorpach Aistrithe Creidiúna, nó ECTS, a úsáidtear i Limistéar Eorpach an Ardoideachais chun cúrsaí staidéir agus oideachais a dhéanamh níos trédhearcaí. Le ECTS, bíonn sé níos fusa cáilíochtaí a aithint ar fud na hEorpa agus bíonn mic léinn in ann gluaiseacht idir tíortha.

  10. 24

    Ar thóir uisce glan: straitéis an Aontais chun sláinte an uisce a athbhunú

    Is rud ríthábhachtach don bheatha é an t-uisce. Coimeádann sé ár n-éiceachórais ag imeacht, is bonn taca don talmhaíocht é agus is rud an-tábhachtach é don chine daonna agus dár riachtanais is bunúsaí. Is dúshlán suntasach domhanda é truailliú an uisce fós. Tá ábhair thruaillithe amhail dramhaíl thionsclaíoch, fuíolluisce talmhaíochta agus truailliú plaisteach ag díghrádú ár limistéar uisce, rud is cúis le fadhbanna móra éiceolaíocha agus sláinte. Éist leis an bpodchraoladh seo chun tuiscint a fháil ar an gcúis a bhfuil tábhacht le feachtas #WaterWiseEU do thodhchaí ár bpláinéid agus ar na nithe a dhéanann an tAontas chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo.

  11. 23

    Cosaint an aigéin - tá sé in am gníomhú

    Bímid go léir ag brath ar an aigéan chun maireachtáil. Ach déanann formhór dínn talamh slán de agus dearmadaimid go minic go dtugann sé an bia a ithimid agus go leor den ocsaigin a análaimid dúinn.Mar sin féin, go dtí seo, is beag rialú a rinneadh ar an aigéan agus níor cosnaíodh an bhithéagsúlacht mhuirí atá ann. Mar gheall air sin, éascaíodh cleachtais neamh-inbhuanaithe, iascaireacht neamhdhleathach, truailliú agus caillteanas gnáthóg muirí.Tá sé mar aidhm ag an Aontas iarrachtaí comhchoiteanna chun dul i ngleic leis na fadhbanna sin a neartú.

  12. 22

    Dídeanaithe agus géarchéimeanna daonnúla

    Ag deireadh mhí Aibreáin 2024, bhí níos mó ná 120 milliún duine ar fud na cruinne a easáitíodh go héigeantach mar gheall ar ghéarleanúint, coinbhleachtaí, foréigean agus sáruithe ar chearta an duine. Is ionann é sin agus níos mó ná duine amháin as gach 69 nduine. Tá níos mó ná 43 mhilliún dídeanaí ina measc. Tá na milliúin daoine gan stát ina measc chomh maith, a diúltaíodh náisiúntacht dóibh. Is ceann de na dúshláin is mó a bhfuil an tAontas Eorpach ag iarraidh dul i ngleic leis í géarchéim na ndídeanaithe.

  13. 21

    Cabhrú le FBManna Eorpacha lán a gcumais a bhaint amach

    Is cnámh droma gheilleagar an Aontais Eorpaigh iad fiontair bheaga agus mheánmhéide, amhail báicéirí, gruagairí, siopaí bláthanna agus siopaí leabhar. Is ionann iad agus 99% de ghnólachtaí an Aontais agus níos mó ná leath dár n-olltáirgeacht intíre. Ach, go minic, bíonn ar FBManna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a chuireann a seasamh sa mhargadh i mbaol.

  14. 20

    Sábháilteacht bia san Aontas

    Is é is aidhm don sábháilteacht bia ná ardleibhéal cosanta a chinntiú do shláinte agus beatha an duine. Clúdaítear roinnt gnéithe ann, sláinteachas bia, lipéadú, pacáistiú agus inrianaitheacht táirgí ina measc. Gach bliain, éiríonn 600 milliún duine tinn le 200 cineál tinnis ar féidir iad a tharchur trí bhia.Déanann an tAontas Eorpach iarracht na tinnis seo a chosc le cuid de na caighdeáin sábháilteachta bia is airde ar domhan.

  15. 19

    Lá Domhanda an Chomhshaoil 2024

    An cúigiú lá de Mheithimh, déanaimid ceiliúradh ar Lá Domhanda an Chomhshaoil. Le caoga bliain, tá sé ar cheann de na hardáin domhanda is mó i dtaobh an chomhshaoil. Gach bliain, bíonn na mílte duine, rialtais, cuideachtaí, cathracha agus eagraíochtaí pobail páirteach ann. In 2024, tionólann an Araib Shádach an fócas ar athchóiriú talún, fairsingiú fásaigh agus athléimneacht triomach faoi #GenerationRestoration.

  16. 18

    Idirdhealú i gcoinne daoine LADTIA a chomhrac

    Ba cheart go mbeadh an tsaoirse ag gach aon duine maireachtáil mar is mian leo féin agus grá a thabhairt dá rogha daoine gan aon eagla.Ach déantar idirdhealú ar dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha fós i gceantair éagsúla ar domhan, agus san Eoraip chomh maith.Caitheann an tAontas an-dúthracht leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe. Éist leis seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin tslí a bhfuil an tAontas ag iarraidh sochaí níos cuimsithí a fhorbairt ina mbraitheann gach duine sábháilte.

  17. 17

    Pailneoirí a chosaint

    Tá ról bunúsach ag feithidí pailnitheacha inár n-éiceachóras, ach tá bagairtí éagsúla os a gcomhair: an t-athrú aeráide, caillteanas gnáthóg, lotnaidí agus dianfheirmeoireacht ar bharra aonair. Mar thoradh ar na bagairtí sin, tá meath suntasach ag teacht ar phailneoirí fiáine agus bainistithe araon, ainneoin a thábhachtaí atá siad dár bhfolláine agus don dúlra. Tá an tAontas ag obair chun gach pailneoir a chosaint.

  18. 16

    Naoú téarma reachtach Pharlaimint na hEorpa

    Bhí tionchar suntasach ag paindéim dhomhanda COVID-19 agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar chlár oibre Pharlaimint na hEorpa sa naoú téarma parlaiminteach dá cuid. Agus í ag dul i ngleic le géarchéim shláinte agus dúshláin gheopholaitiúla le linn a naoú téarma parlaiminteach, dhírigh an Pharlaimint ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach chun athléimneacht an Aontais a fheabhsú agus chun luachanna daonlathacha a neartú ag an am céanna.

  19. 15

    Straitéis Foraoiseachta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030

    Tá an tAontas ar cheann de na réigiúin ina bhfuil an líon is mó foraoisí ar domhan: tá timpeall 40% dá thailte clúdaithe le foraoisí. Tá foraoisí ríthábhachtach dár sláinte agus folláine, agus do shláinte an phláinéid. Tá saibhreas bithéagsúlachta iontu agus tá an-tábhacht leo sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is eol don Aontas a thábhachtaí atá ról na bhforaoisí dár dtodhchaí. Is é sin an fáth gur glacadh an Straitéis Foraoiseachta nua do 2030 in 2021.

  20. 14

    Comhrac an Aontais ar son chearta na mban

    Déantar Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh gach bliain an 8 Márta chun a bhfuil bainte amach ag mná a aithint agus chun aird a tharraingt ar chearta na mban. Is deis í an ócáid chun feasacht a mhúscailt faoi cheisteanna amhail comhionannas inscne, cearta atáirgthe, agus an comhrac i gcoinne an fhoréigin agus mhí-úsáid na mban. Ba chroíluach agus croíchuspóir de chuid an Aontais Eorpaigh i gcónaí é comhionannas idir mná agus fir, ach níor baineadh amach an sprioc sin go hiomlán fós.

  21. 13

    An Cárta Míchumais Eorpach

    Tá an Cárta Míchumais Eorpach agus an Cárta Páirceála Eorpach dírithe ar dhul i ngleic leis na constaicí a bhíonn roimh dhaoine faoi mhíchumas agus iad ag taisteal san Aontas lasmuigh dá dtír féin. Tá na cártaí seo deartha chun cruthúnas aitheanta ar a stádas míchumais a sholáthar do shealbhóirí, agus déanann na cártaí seo rochtain ar sheirbhísí a chuíchóiriú, saorghluaiseacht a chur chun cinn agus tacú le cearta comhionanna san Aontas.

  22. 12

    Cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine

    Ó chuir an Rúis tús le lán-ionradh neamhdhleathach ar an Úcráin i mí Feabhra 2022, tá an tAontas tar éis tacú le Cív trí cháineadh a dhéanamh ar ionsaitheacht na Rúise, smachtbhannaí a ghearradh ar na daoine atá freagrach as an gcogadh agus tacaíocht airgeadais agus nithiúil a thabhairt don tír.

  23. 11

    Ná glacaimis le ciorrú ball giniúna ban

    Sa téarma ‘ciorrú ball giniúna ban’, áirítear gach gnáthamh a athraíonn baill ghiniúna ban nó a dhéanann dochar dóibh d’aon ghnó ar chúis nach mbaineann le cúrsaí leighis. Déantar é ar chúiseanna cultúrtha, reiligiúnacha agus uaireanta ar chúiseanna sóisialta, ach níl aon tairbhe ag baint leis don tsláinte. Ní hamháin sin, ach is féidir leis éifeachtaí tromchúiseacha láithreacha agus fadtéarmacha a bheith aige ar an tsláinte agus ar an bhfolláine. Cad atá á dhéanamh le deireadh a chur leis an nós seo.

  24. 10

    Plean Sáraithe Ailse na hEorpa

    Is í an ailse an dara cúis bháis is mó san Aontas tar éis galair chardashoithíocha. Gach bliain, faightear amach go bhfuil an galar sin ar nach mór 3 mhilliún duine, agus cailltear 1.2 milliún duine dá bharr. Cé gurb iad Ballstáit an Aontais atá freagrach go príomha as beartais sláinte, tá an comhrac i gcoinne na hailse ar cheann de thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

  25. 9

    Méadú an Aontais Eorpaigh: an chaoi a n-oibríonn an próiseas

    Is aontas polaitiúil agus eacnamaíoch é an tAontas Eorpach ina bhfuil 27 mBallstát, ach tá iarratas déanta ag roinnt tíortha teacht isteach san Aontas. Faoi láthair tá naoi dtír is iarrthóirí ann. Ach tá an próiseas chun stádas mar Bhallstáit a bhaint amach fada agus casta.

  26. 8

    An tOideachas a chur chun cinn: ag fiosrú thionscnaimh soghluaisteachta foghlama an Aontais

    Tá an tAontas tiomanta d’fheabhas leanúnach a chur ar dheiseanna foghlama agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin oideachais. Sa chomhthéacs sin, is é is aidhm do thionscnamh an Limistéir Eorpaigh Oideachais (LEO) córas oideachais níos idirnasctha a chruthú. I measc phríomhspriocanna LEO tá feabhas a chur ar chomhar agus ar shoghluaisteacht san oideachas agus córais oideachais ionchuimsitheacha a thógáil. Ceann de na rudaí is mó a bhfuil béim á cur orthu ná deireadh a chur le bacainní ar shoghluaisteacht foghlama do mhic léinn agus d’oideoirí.

  27. 7

    Tionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar an gcomhshaol

    Ó thosaigh an choinbhleacht in 2014, agus go háirithe ó thosaigh an Rúis a lán-ionradh ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022, ní hamháin gur maraíodh na mílte daoine sa chogadh, gur chúis é le géarchéim dídeanaithe agus suaitheadh eacnamaíoch, ach tá an-dochar déanta aige don chomhshaol chomh maith.

  28. 6

    An tArdán um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP)

    I gcomhthéacs an ráis chun ceannas domhanda sa teicneolaíocht a bhaint amach, sheol an tAontas straitéis in 2020 chun a thionscal a neartú. As an straitéis sin, d’eascair togra le haghaidh an Ardáin um Theicneolaíochtaí Straitéiseacha don Eoraip (STEP), arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar riachtanais shuntasacha infheistíochta. Le STEP, dhéanfaí cistí de chuid an Aontais atá ann cheana a ghiaráil agus is é is aidhm dó an tAontas a dhéanamh níos nuálaí, níos inbhuanaithe agus níos neamhthuilleamaíche. Is é seo an chéad chéim i dtreo Ciste Ceannasachta Eorpach, a mbeidh sé mar aidhm leis cumais thionsclaíocha a neartú a thuilleadh.

  29. 5

    Conas a thacaíonn an tAontas leis an gcultúr

    Cabhraíonn Parlaimint na hEorpa leis na hearnálacha cultúrtha agus closamhairc tré chlár Eoraip na Cruthaitheachta. Le buiséad EUR 2.5 billiún do 2021-2027, infheistíonn an tAontas Eorpach i gceol beo, i leabhair, in ailtireacht, i scannáin agus in asraonta nuachta. Cuidíonn an clár leis chun an éagothroime inscne a chomhrac sna tionscail chultúrtha agus cuireann sé luachanna agus oidhreacht Eorpach chun cinn. Tá sé roinnte i dtrí shraith: Cultúr, na Meáin agus Trasearnáil, chun díriú níos fearr ar ghnéithe gach earnála.

  30. 4

    I dtreo rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic leis an dramhaíl ó phacáistíocht atá ag dul i méid go mór

    Ó gheilleagair chiorclacha go spriocanna athchúrsála, san eagrán seo, beimid ag labhairt faoin Treoir maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht agus faoi sheasamh na Parlaiminte ar na rialacha nua uile-Aontais chun dul i ngleic le méid na dramhaíola atá ag dul i méid de shíor. Tá na rialacha nua ceaptha athúsáid agus athchúrsáil pacáistíochta a dhéanamh níos éasca, pacáistíocht gan ghá agus an dramhaíl a eascraíonn aisti a laghdú, agus úsáid ábhair athchúrsáilte i bpacáistíocht a chur chun cinn.

  31. 3

    Gníomh an Aontais um Shaoirse na Meán

    Mar fhreagairt ar bhagairtí méadaitheacha ar shaoirse na meán agus ar inmharthanacht airgeadais na meán, ghlac an Pharlaimint creat coiteann do sheirbhísí meán, ar a dtugtar an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán. Is garsprioc fíor é, toisc go gcosnaíonn an Gníomh iriseoirí agus oibrithe na meán, spreagann sé trédhearcacht in úinéireacht na meán agus cuireann sé comhar idirnáisiúnta chun cinn chun tírdhreach na meán atá éagsúil agus neamhspleách a chinntiú.

  32. 2

    Na slite éagsúla a n-úsáidtear dróin i réimse an leighis

    San eagrán seo de ‘Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr’, beimid ag caint faoi na slite éagsúla a n-úsáidtear dróin i réimse an leighis agus na bearta atá á nglacadh ag an Aontas Eorpach chun rialáil a dhéanamh orthu.

  33. 1

    Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh: ‘Eoraip atá Saor ó Fhionnadh’

    Tá laghdú ag teacht ar tháirgeadh fionnaidh le blianta beaga anuas. Na cúiseanna leis sin ná feasacht níos mó ar leas ainmhithe, ábhair imní faoina thionchar ar an gcomhshaol agus an baol don tsláinte a bhaineann leis sin. Tá sé mar aidhm leis an Tionscnamh ó na Saoránaigh ‘Eoraip atá Saor ó Fhionnadh’ cosc a chur ar fheirmeoireacht fionnaidh agus díol táirgí fionnaidh ar fud an Aontais. Bhailigh eagraithe an tionscnaimh níos mó ná 1.5 milliún síniú chun tacú lena n-éilimh. Ba léiriú é sin freisin ar an tslí inar féidir le saoránaigh an Aontais páirt ghníomhach a bheith acu i gceapadh beartais an Aontais.

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaitheTugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag súil leis i reachtaíocht fheabhsaithe san Aontas. Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa agus pléann sé topaicí atá chun tosaigh i gcúrsaí reatha na hEorpa: beartais shóisialta, athrú aeráide, teicneolaíochtaí nua, cearta tomhaltóirí, an caidreamh idirnáisiúnta agus an geilleagar, chomh maith le nithe eile.Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.

HOSTED BY

Parlaimint na hEorpa

CATEGORIES

Frequently Asked Questions

How many episodes does GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr have?

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr currently has 33 episodes available on PodParley. New episodes are automatically indexed when they're published to the podcast feed.

What is GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr about?

Tionscnaimh nua le haghaidh Aontas Eorpach feabhsaitheTugann an podchraoladh seo eolas faoi thionscnaimh éagsúla atá ceaptha freastal ar na saoránaigh ó thaobh gach a mbeidís ag súil leis i reachtaíocht fheabhsaithe san Aontas. Tá sé bunaithe ar thaighde ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa...

How often does GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr release new episodes?

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr has 33 episodes. Check the episode list to see recent publication dates and frequency.

Where can I listen to GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr?

You can listen to GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr on PodParley by clicking any episode. We provide an embedded audio player for direct listening, and you can also subscribe via your preferred podcast app using the RSS feed.

Who hosts GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr?

GA - Ag Ardú an Chaighdeáin: Reachtaíocht Níos Fearr is created and hosted by Parlaimint na hEorpa.
URL copied to clipboard!