PODCAST · news
GA - Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint
by Parlaimint na hEorpa
Míniú ar Pharlaimint na hEorpa i dteanga shoiléir Sa phodchraoladh, Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint, déantar téarmaíocht chasta an Aontais a mhíniú i dteanga shoiléir. Is cuma más tosaitheoir nó saineolaí thú, tugann an tsraith seo deis duit tuiscint a fháil ar bhéarlagair institiúidí an Aontais Eorpaigh trí mhínithe soiléire, simplí.
-
0
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: Ról na dtoscaireachtaí i bParlaimint na hEorpa
Is é atá i gceist le toscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa ná grúpaí oifigiúla d’Fheisirí Eorpacha a bhíonn ag obair ar an gcaidreamh le parlaimintí tíortha nach bhfuil san Aontas, agus le réigiúin agus eagraíochtaí seachtracha. Cothaíonn siad agus forbraíonn siad caidreamh idirnáisiúnta na Parlaiminte agus neartaíonn siad ról agus feiceálacht an Aontais Eorpaigh ar fud na cruinne.
-
-1
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: Ról an Rapóirtéara
Mar Fheisire Eorpach, ní hiad vótaí a chaitheamh agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí sa suí iomlánach amháin a bhíonn i gceist. Is féidir a iarraidh ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa tuarascáil a dhréachtú, a thugann tuairim na Parlaiminte ar thogra nó ar ábhar eile le fios: is é sin an ról atá ag rapóirtéir.
-
-2
An caidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta
Is iad Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta, ag obair dóibh as lámha a chéile, a leagann síos an tslí a ndéantar comhar parlaiminteach éifeachtach agus rialta a eagrú agus a chur chun cinn san Aontas. Bíonn go leor saghsanna comhair i gceist. Tugaimid léargas tapa orthu sa phodchraoladh seo.
-
-3
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: Ról na gcoistí parlaiminteacha
Nuair nach mbíonn siad ag glacadh páirt i suíonna iomlánacha Pharlaimint na hEorpa, suíonn na Feisirí ar choistí parlaiminteacha. Tá go leor díobh ann agus pléann gach ceann díobh réimse ar leith. Ach conas a fheidhmíonn siad?
-
-4
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: ról na mBreathnadóirí
Nuair a thoghtar iad, glacann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa róil éagsúla. Is féidir leo a bheith ina nUachtarán nó ina Leas-Uachtarán de Pharlaimint na hEorpa, ina gcomhaltaí de choistí nó fiú a bheith ina mbreathnadóirí. Cé nach bpléitear an ról sin chomh minic leis na cinn eile, is ról chomh tábhachtach céanna é sa Pharlaimint.San eagrán seo, caithfimid súil níos géire ar a bhfuil i gceist le ról an bhreathnadóra, chun tuiscint níos fearr a fháil ar cé atá ábalta an ról a ghlacadh, na dualgais atá orthu agus na rudaí a dhéanann siad.
-
-5
Cad is suí iomlánach ann?
Nuair a chuimhnímid ar Pharlaimint na hEorpa, an chéad rud a ritheann linn ná na Feisirí ag caitheamh vótaí sa seomra tionóil. I ndáiríre, ní tharlaíonn na vótaí sin ach uair sa mhí, le linn na suíonna iomlánacha. Ach cad iad na suíonna sin agus cad a tharlaíonn lena linn?
-
-6
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: Leas-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa
Ar chuala tú riamh trácht ar Leas-Uachtaráin Pharlaimint na hEorpa?Ó ainm an phoist atá acu, is léir go bhfuil ról ríthábhachtach acu sa Pharlaimint agus gur pearsana polaitiúla tábhachtacha iad.Ach an bhfuil a fhios agat cad a dhéanann siad i ndáiríre, cé hiad agus conas a thoghtar iad?
-
-7
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint: cad é ról Uachtarán Pharlaimint na hEorpa?
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint. Cad é ról Uachtarán Pharlaimint na hEorpa?
-
-8
Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint. Cad is Caestóir ann?
Tar éis thoghadh an Uachtaráin agus na 14 Leas-Uachtarán, toghann Parlaimint na hEorpa na Caestóirí. Ach cén ról atá acu?
-
-9
Bacainn an bhéarlagair a bhaint. Ról an Bhiúró
Ní bhaineann Parlaimint na hEorpa leis na Feisirí amháin. I ndáiríre tá na mílte duine taobh thiar den institiúid ollmhór seo, a oibríonn gach lá chun go mbeidh fáil ag na saoránaigh ar an Aontas Eorpach agus go mbeidh sé níos feidhmiúla agus níos trédhearcaí. Agus an oiread sin daoine ann, ní fada go n-éiríonn sé dobhainistithe. Is mar gheall air seo atá comhlachtaí riaracháin amhail an Biúró riachtanach.
-
-10
Cad í an Ionstraim Frith-Chomhéigin?
Is fadhb é an comhéigean eacnamaíoch, a chiallaíonn uirlisí eacnamaíocha a úsáid chun spriocanna polaitiúla a bhaint amach, atá ag éirí níos tromchúisí do rialtais agus gnólachtaí an Aontais. Tá bearta glactha ag na Feisirí Eorpacha chun cabhrú le tíortha an Aontais a leasanna a chosaint ar dhúmhál eacnamaíoch agus ar thionchair mhargaidh ionramhálacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas. A bhuíochas don Ionstraim Frith-Chomhéigin nua, tá modhanna dlíthiúla ag tíortha an Aontais anois chun dul i ngleic le bearta comhéigneacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas: ionstraim atá riachtanach agus aghaidh á tabhairt ar gheopholaitíocht atá ag éirí níos teanntásaí. Ach cad é an sásra seo agus conas a fheidhmíonn sé?
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Míniú ar Pharlaimint na hEorpa i dteanga shoiléir Sa phodchraoladh, Bacainn an Bhéarlagair a Bhaint, déantar téarmaíocht chasta an Aontais a mhíniú i dteanga shoiléir. Is cuma más tosaitheoir nó saineolaí thú, tugann an tsraith seo deis duit tuiscint a fháil ar bhéarlagair institiúidí an Aontais Eorpaigh trí mhínithe soiléire, simplí.
HOSTED BY
Parlaimint na hEorpa
CATEGORIES
Loading similar podcasts...