PODCAST · news
GA - Mise agus an Eoraip
by Parlaimint na hEorpa
Leis an bpodchraoladh seo, féadfaidh tú tú féin a choinneáil ar an eolas faoin scéal is déanaí maidir le duaiseanna mór le rá amhail Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, Duais Eorpach Charlemagne don Óige, Gradam Lucht Féachana LUX agus Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Bí linn do thuairisciú cuimsitheach ar na tionscnaimh atá ag Parlaimint na hEorpa chun tacú leis an daonlathas agus le cearta an duine.Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
-
0
Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2024
Tá Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2024 buaite ag ‘Lost in Europe’, tionscadal iriseoireachta neamhbhrabúis trasteorann. Léirigh an t-imscrúdú gur imigh níos mó ná 51 000 leanbh imirceach neamhthionlactha ar iarraidh tar éis dóibh an Eoraip a bhaint amach idir 2021 agus 2023. Déanann an gradam prionsabail agus luachanna an Aontais atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn. Ainmníodh an gradam do Daphne Caruana Galizia, iriseoir agus blagálaí as Málta a bhíodh ag gníomhú i gcoinne na caimiléireachta agus a feallmharaíodh in 2017.
-
-1
Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024
Is iad María Corina Machado agus Edmundo González Urrutia buaiteoirí Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2024 atá á bronnadh ag Parlaimint na hEorpa.Cuireadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta ar bun in 1988 chun ómós a léiriú do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha.
-
-2
Eorabharaiméadair - Suirbhé iarthoghcháin AE 2024
Ba iad an t-ardú ar phraghsanna, an costas maireachtála agus an staid eacnamaíoch na príomhábhair a spreag níos mó ná 4 as 10 saoránach san Aontas chun vótáil sna toghcháin Eorpacha deiridh. Dúirt an tríú cuid de na vótálaithe gur ábhar í an staid idirnáisiúnta a spreag iad chun vótáil, agus, luaigh céatadán comhchosúil cosaint don daonlathas agus an smacht reachta mar spreagadh. Sid iad príomhthorthaí Shuirbhé iarthoghcháin an Aontais Eorpaigh 2024.
-
-3
LUX - Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa 2025
Is iad seo na cúig scannán a bheidh san iomaíocht do Ghradam Lucht Féachana LUX 2025: Animal, Dahomey, Flow, Intercepted agus Julie Keeps Quiet.Is ann do Ghradam Lucht Féachana LUX chun aird a tharraingt ar scannáin a dhéileálann le téamaí sóisialta agus polaitiúla. Tá sé mar aidhm leis díospóireacht agus machnamh a spreagadh, chomh maith le scannáin a úsáid chun féiniúlacht Eorpach níos láidre a cothú.
-
-4
Míniú ar na toghcháin Eorpacha: conas teacht ar fhoinsí iontaofa
Tá sé in am vóta a chaitheamh! Idir an 6 agus an 9 Meitheamh i mbliana, beidh lámh ag na milliúin saoránach Eorpach i múnlú thodhchaí an Aontais Eorpaigh trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht de chuid an Aontais a thoghtar go díreach agus tá na toghcháin Eorpacha ar cheann de na himeachtaí daonlathacha is mó ar domhan. Éist leis an eagrán seo agus sinn ag roinnt leideanna faoi conas teacht ar fhoinsí iontaofa leis na toghcháin ag druidim linn.
-
-5
Eorabharaiméadar Earrach 2024
Léirigh torthaí Eorabharaiméadar Earrach 2024 go dtacaíonn na saoránaigh go mór leis an daonlathas agus gur eol dóibh go maith go bhfuil na toghcháin Eorpacha ar na bacáin.Caithfear vótaí idir an 6 agus an 9 Meitheamh 2024 i ngach tír san Aontas chun Feisirí nua Pharlaimint na hEorpa a roghnú.
-
-6
Míniú ar na toghcháin Eorpacha: conas a roinntear na suíocháin?
Tá sé in am vóta a chaitheamh! Idir an 6 agus an 9 Meitheamh i mbliana, beidh lámh ag na milliúin saoránach Eorpach i múnlú thodhchaí an Aontais Eorpaigh trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht de chuid an Aontais a thoghtar go díreach agus tá na toghcháin Eorpacha ar cheann de na himeachtaí daonlathacha is mó ar domhan. Bí linn san eagrán seo agus sinn ag caitheamh súil níos géire ar an tslí a roinntear na suíocháin i measc na mBallstát san Aontas.
-
-7
Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa 2024
Tá Gradam Scannánaíochta Lucht Féachana na hEorpa LUX 2024 buaite ag an scannán ‘The Teachers’ Lounge’Is ann do Ghradam Lucht Féachana LUX chun aird a tharraingt ar scannáin a dhéileálann le téamaí sóisialta agus polaitiúla. Tá sé mar aidhm leis díospóireacht agus machnamh a spreagadh, chomh maith le scannáin a úsáid chun féiniúlacht Eorpach níos láidre a cothú.
-
-8
Míniú ar na toghcháin Eorpacha: conas a fheidhmíonn an córas vótála?
Tá sé in am vóta a chaitheamh! Idir an 6 agus an 9 Meitheamh i mbliana, beidh lámh ag na milliúin saoránach Eorpach i múnlú thodhchaí an Aontais Eorpaigh trí vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha. Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon chomhlacht de chuid an Aontais a thoghtar go díreach agus tá na toghcháin Eorpacha ar cheann de na himeachtaí daonlathacha is mó ar domhan. Bígí linn san eagrán seo agus sinn ag caitheamh súil níos géire ar an tslí a bhfeidhmíonn an córas vótála. Ná caill an deis seo chun eolas a chur ar an tslí a mbíonn tábhacht le do vóta!
-
-9
Alexei Navalny, buaiteoir Dhuais Sakharov 2021
Fuair Alexei Navalny, an duine is neamhbhailbhe de lucht freasúra na Rúis, a raibh cáil air as éilliú a nochtadh agus as an Uachtarán Vladimir Putin a cháineadh, bás i gcúinsí mistéireacha an 16 Feabhra 2024 i gcoilíneacht phionóis iargúlta san Artach. In 2021, bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta air. Is duais í sin a bhronnann Parlaimint na hEorpa.Tá an podchraoladh seo ar fáil i 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus i Rúisis.
-
-10
An Lá Domhanda do Chearta Tomhaltóirí
Déantar Lá Domhanda do Cheart Tomhaltóirí a cheiliúradh chun feasacht a mhúscailt faoi chearta agus cosaintí tomhaltóirí ar fud an domhain. Tá ról ríthábhachtach ag Parlaimint na hEorpa ó thaobh cearta tomhaltóirí a chosaint ar fud an Aontais Eorpaigh. Ós rud é go bhfuil níos mó ná 450 milliún tomhaltóir san Aontas, tá sé ríthábhachtach cóir chomhionann, trédhearcacht agus sábháilteacht sa mhargadh a chinntiú. Féachaimis ar an tslí a gcosnaítear do chearta mar thomhaltóir san Aontas.
-
-11
Lá Domhanda an Raidió
Tá sé i ngach áit: sa charr, sa teach agus ar an bhfón póca. Céard faoi atá muid ag caint? An raidió, ar ndóigh! Ós rud é go mbeidh Lá Domhanda an Raidió á cheiliúradh againn ar an tríú lá déag de mhí Feabhra, caithimis súil siar ar scéal an mheáin cumarsáide seo.
-
-12
Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht 2023
Bhuaigh cuibhreannas Gréagach, Gearmánach agus Briotanach Duais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia 2023. Rinne an t-imscrúdú grinnscrúdú ar na himeachtaí a bhain le longbhriseadh Adriana, inar bhásaigh breis agus 600 imirceach amach ó chósta Pylos in iardheisceart na Gréige an 14 Meitheamh 2023.Cuidíonn an duais le prionsabail agus luachanna AE a chur chun cinn, mar atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá sé ainmnithe in ómós do Daphne Caruana Galizia, iriseoir Máltach, blagálaí agus gníomhaí frithéillithe a dúnmharaíodh in 2017.
-
-13
Duais Sakharov 2023
Tá Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2023 buaite ag Mahsa Amini agus gluaiseacht ‘Bean, Saol, Saoirse’ san Iaráin. Bunaíodh an duais i 1988 chun ómós a thabhairt do dhaoine aonair agus eagraíochtaí a chosnaíonn cearta an duine agus saoirsí bunúsacha. Tá sé ainmnithe in ómós d’fhisiceoir Sóivéadach agus easaontach polaitiúil Andrei Sakharov, a thiomnaigh a shaol do chosaint chearta an duine.
-
-14
Duais Eorpach Charlemagne don Óige 2023
Bunaíodh Duais Eorpach Charlemagne don Óige in 2008. Is í Parlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an bhFondúireacht um Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne in Aachen, atá i gceannas ar an duais. I mbliana, bronnadh an chéad duais ar an aip ‘AILEM’ as an mBeilg. Is í seo an chéad aip teanga riamh atá dírithe ar dhídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Leis an bpodchraoladh seo, féadfaidh tú tú féin a choinneáil ar an eolas faoin scéal is déanaí maidir le duaiseanna mór le rá amhail Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, Duais Eorpach Charlemagne don Óige, Gradam Lucht Féachana LUX agus Duais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht. Bí linn do thuairisciú cuimsitheach ar na tionscnaimh atá ag Parlaimint na hEorpa chun tacú leis an daonlathas agus le cearta an duine.Is féidir éisteacht le tuilleadh podchraoltaí ar Europarl Radio, raidió gréasáin Pharlaimint na hEorpa.
HOSTED BY
Parlaimint na hEorpa
CATEGORIES
Loading similar podcasts...