PODCAST · news
Iris Aniar
by RTÉ Raidió na Gaeltachta
Irischlár an iarthair, ina gclúdaítear scéalta agus imeachtaí phobal an iarthair agus Ráth Cairn na Mí. Pléitear gach cineál ábhar ar an gclár, ó chúrsaí iascaireachta agus tithíochta go cúrsaí oideachais agus forbairt tuaithe, go cúrsaí siamsaíochta agus na healaíona chomh maith le hábhar ar bith eile atá tráthúil.
-
100
Caitríona Ní Mhurchú, Aisteoir.
Beidh a gcéad dráma taobh amuigh de Chathair na Gaillimhe á léiriú ag an Taibhdhearc i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo.
-
99
Jack Cosgrove, as an gCladach Dubh.
Comhrá na Seachtaine: An t-iarpheileadóir contae agus an t-iar Gharda, Jack Cosgrove.
-
98
Páid Ó Neachtain, File.
Saoi an tSamhraidh: Tá dán nua, 'Aer Éireann', cumtha ag Páid Ó Neachtain an tseachtain seo.
-
97
Maureen Concannon, Oifigeach Pleanála Teanga Inis Meáin.
Tá cónaitheacht nua ealaíne agus drámaíochta á chur ar fáil in Inis Meáin.
-
96
Máire Uí Mhaoláin, Príomhfheidhmeannach Chomhar na nOileán.
Tá athbhreithniú déanta ag Comhdháil Oileáin na hÉireann ar an bpolasaí náisiúnta, Ár nOileán Bheo.
-
95
Dr. Deirdre Ní Chonghaile.
Beidh caint á tabhairt ag an Dr Deirdre Ní Chonghaile faoi amhránaíocht sean-nóis in Pennsylvania, 1884-1935, agus faoi lámhscríbhinní an tSagairt Daniel J. Murphy.
-
94
Máirtín Molloy, ó Chlub Rothaíochta Chois Cuain & Seáinín Neidín Ó Cualáin.
Tá Cumann Rothaíochta Chois Cuain ag eagrú rothaíocht mhór as an gClochán Liath i nDún na nGall go dtí An Cheathrú Rua i nGaillimh.
-
93
Rhóna Ní Chearbhall, Oifigeach Pleanála Teanga Pobal Rua.
Tá an Pobal Rua ag tacú le sraith imeachtaí atá á n-eagrú ag Coiste Halla Éinne chun muintir na Ceathrún Rua a thabhairt le chéile. Beidh Teacht le Chéile Lúnasa á reáchtáil acu agus muid ag druidim le deireadh an tsamhraidh.
-
92
Marcus Ó Conaire, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Cathrach na Gaillimhe.
Tá cárta nua siopadóireachta, Grá do Ghaillimh, seolta ag Cumann Tráchtála na Gaillimhe i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Cathrach agus Comhairle Contae na Gaillimhe.
-
91
John Keady, ó Chumann Réalteolaíochta na Gaillimhe.
Beidh urú na gréine le feiceáil tráthnóna, agus beidh níos mó ná 90% den ghrian clúdaithe ag an ngealach.
-
90
Annie Uí Uaithnín, as Damhros i gCarna.
An bhean is sine i nDamhros ag caint le Treasa Bhreathnach faoina saol.
-
89
IMIRCE
Thug Eibhlín Ní Chatháin cuairt ar an síneadh nua, Imirce, in Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i gCarna.
-
88
Seán Kyne, Teachta Dála.
Ag labhairt faoi fheithiclí leictreacha agus na deontais atá ar fáil chun tacú le daoine ar mhaith leo carr leictreach a cheannacht.
-
87
Steve Ó Cualáin, ó choiste eagraithe Fhéile John Ford.
Ag labhairt faoi fhéile John Ford na bliana seo.
-
86
Campa Samhraidh Rath Chairn
Ina gcloisfear gasúir na háite ag caint agus ag gabháil fhionn.
-
85
Pádraig Ó Baoill, saineolaí fataí.
Ag caint le Fhleá na bPrátaí atá ag ceiliúradh 30 bliain ar an bhfód i mbliana.
-
84
Ivan McPhilips, Léachtóir in Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh.
Ag labhairt faoin scéim, 'Seomra ar cíos'.
-
83
Iris Aniar Dé Luain 10 Lúnasa 2026.
Máire Bríd Breathnach & Dónal Ó hUaithín:Torthaí na ngeallta & rásaithe. Méabh Holland: Rós an Chláir. Gary Johnes: Bainisteoir an chláir 'Picker Pals'. Ciarán Ó Fátharta: Ceardlann cumadóireachta.
-
82
Máire Bríd Breathnach, ó Choiste Lár na gCurrach & Dónal Ó hUaithín, Cathaoirleach Chumann Húicéirí na Gaillimhe.
Torthaí ó na rásaí currach i gCloigeann agus ó Chruinniú na mBád i gCinn Mhara ag an deireadh seachtaine.
-
81
Méabh Holland, Rós an Chláir 2026.
Labhair Méabh faoi Fhéile Rós Thrá Lí na bliana seo.
-
80
Gary Jones, Bainisteoir an Chláir 'Picker Pals'.
Labhair Gary faoin gclár 'Picker Pals' atá á chur ar fáil do bhunscoileanna chun gasúir a chur ar an eolas faoi chúrsaí timpeallachta.
-
79
Ciarán Ó Fátharta, File & Cumadóir.
Tá ceardlann cumadóireachta á chur ar fáil ag Cló Iar-Chonnacht.
-
78
Iris Aniar Dé hAoine 07 Lúnasa 2026.
Máirtín Ó Dubhghaill:Cluiche Ceannais Chamógaíochta na hÉireann.Catherine Hernon:Comhrá na Seachtaine.Páid Ó Neachtain:Dán nua cumtha aige.
-
77
Máirtín Ó Dubhghaill, Cathaoirleach Chumann Camógaíochta Chois Fharraige.
Tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Chorcaigh i gCluiche Ceannais Chamógaíochta na hÉireann 2026.
-
76
Catherine Hernon, Cill Rónáin Oileáin Árann.
Comhrá na Seachtaine.
-
75
Páid Ó Neachtain, File.
Tá dán nua, 'Stoirm Oráiste', cumtha ag Páid an tseachtain seo.
-
74
Tom Kenny agus Kathleen McMahon, Féile na bhFlaitheartach.
Ag caint faoin tsraith imeachtaí a bheidh ar siúl mar chuid d'fhéile na bliana seo, caint a bheidh á thabhairt ag Tom Kenny faoin t-ealaíontóir Gertrude Degenhardt, ina measc.
-
73
Micheál Ó Cionn, ó Killary Fjord Boat Tours.
Ag caint le Treasa Bhreathnach faoin gcomhlacht agus an méid atá ar bun acu faoi láthair.
-
72
Seán Ó Coistealbha, file.
Ag caint faoin méid atá ar bun aige i Meiriceá faoi láthair.
-
71
An Dr Rachel Quinlan, ó Roinn na Matamatice agus na heolaíochtaí staitistiúla in Ollscoil na Gaillimhe.
Ag caint faoi thaispeántas ealaíne a bhfuil baint aige leis an matamatice.
-
70
Máirtín Lee, Comhairleoir Contae.
Ag caint faoin Stráitéis Caitheamh Aimisire faoin aer de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
-
69
Patricia Ní Chonghaile, aoi.
Ag labhairt faoi mhargaí maithe do dhaoine ar mhaith leo dul ar choinne románsúil.
-
68
Bríd Seoighe.
Ag caint faoin ócáid, An t-Amhrán Beo.
-
67
Eoin Ó Dubhghaill, aisteoir.
Ag caint faoi cheardlann siamsaíochta de chuid Amharclann Chois Fharraige a bheidh á reachtáíl i Rosmuc.
-
66
Lisa Ní Fhiaraic, Ciarán Ó Ceallaigh, Fiadh Anna Ní Cheallaigh agus Tara Ó Baoghaill.
Iomaitheoirí óga a bheidh istigh ar na comórtais do bhonn uile-Éireann ag Fleadh Cheoil na hÉireann i mBéal Feirste.
-
65
Lucht Tacaíochta Ghaillimh i Staid Thuama
Lucht tacaíochta fhoireann peile na mban i Staid Thuama inné agus an fhoireann ag teacht abhaile.
-
64
Alan Esslemont, Scríbhneoir & Cathaoirleach Bhord Stiúrtha na Taibhdheirce
Ag labhairt faoina ról nua mar Chathoirleach ar Bhord Stiútha na Taibhdheirce agus faoin úrscéal atá foilsithe aige.
-
63
Dónal Ó hUaithín, Cathaoirleach Chumann Húicéirí na Gaillimhe & Máire Bríd Breathnach, ó Choiste Lár na gCurach.
Ag labhairt faoi gheallta agus rásaí Fhéile Chuigéil.
-
62
Páid Ó Neachtain, file.
Páid Ó Neachtain, file ag aithris dán a chum sé "Love Island na Trá Báine".
-
61
Caitlín Ní Sheighin, Ceathrú Thaidhg.
Caitlín Ní Sheighin, Ceathrú Thaidhg ag labhairt ar chomhrá na seachtaine.
-
60
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall.
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall ag labhairt faoi rásaí na Gaillimhe.
-
59
Beartla Breathnach, amhránaí & cumadóir.
Beartla Breathnach, amhránaí & cumadóir ag casadh amhrán atá cumtha aige faoin tAthair Mac Gréil.
-
58
Frankie Ó Conchubhair, Seandálaí.
Frankie Ó Conchubhair, Seandálaí ag labhairt faoi thochailt ar thuama cúirte ón ré luath Neoiliteach (3700-3500 Rch) ar leithinis Mhearaí.
-
57
Ciara Gannon, Connolly Motors.
Ciara Gannon, Connolly Motors ag labhairt faoina cuid oibre ag díol carranna.
-
56
Amanda Ní Thiarnaigh, saineolaí áileachta.
Amanda Ní Thiarnaigh, saineolaí áileachta bean a bhfuil salon áilleachta agus ingne aici istigh i dTír Oileán i gcathair na Gaillimhe ag tabhairt leidí do dhaoine a bheadh ag cuimhniú dul ag rásaí na Gaillimhe.
-
55
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall.
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall ag labhairt faoi rásaí na Gaillimhe.
-
54
Lucht tacaíochta Mhaigh Eo i bPáirc Mhic Éil.
Lucht tacaíochta Mhaigh Eo i bPáirc Mhic Éil tránóna inné agus an fhoireann ag teacht abhaile.
-
53
Inadaithe ó chumainn sacar Chonaomara & daoine atá bainteach le comórtas sacar na Gaeltachta.
Ionadaithe ó chumainn sacar Chonamara & daoine atá bainteach le comórtas sacar na Gaeltachta ag an seoladh a bhí sna Forbacha ag an deireadh seachtaine.
-
52
Lisa Murray, amhránaí & ceoltóir.
Lisa Murray, amhránaí & ceoltóir ag labhairt faoin singil nua atá eisithe aici "Céim ar Chéim".
-
51
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall.
Mánus Ó Conghaile, saineolaí rásaíocht capall ag labhairt faoi rásaí na Gaillimhe.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Irischlár an iarthair, ina gclúdaítear scéalta agus imeachtaí phobal an iarthair agus Ráth Cairn na Mí. Pléitear gach cineál ábhar ar an gclár, ó chúrsaí iascaireachta agus tithíochta go cúrsaí oideachais agus forbairt tuaithe, go cúrsaí siamsaíochta agus na healaíona chomh maith le hábhar ar bith eile atá tráthúil.
HOSTED BY
RTÉ Raidió na Gaeltachta
CATEGORIES
Loading similar podcasts...