PODCAST · news
Nuacht a hAon
by RTÉ Raidió na Gaeltachta
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
-
100
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain.
-
99
John Downing : Comhfhreagraí polaitiúil agus colúnaí leis an Irish Independent.
Léiríonn taighde atá foilsithe inniu ag Comhairle Fhioscach Chomhairleach na hÉireann go gcuireann comhlachtaí idirnáisiúnta atá lonnaithe anseo sciar ollmhór airgid isteach sa stát chiste trí íocaíochtaí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasa agus trí cháin bhreis luacha a íocann na fostaithe, chomhmaith leis an gcáin chorparáideach.
-
98
Nuacht a hAon Dé hAoine 26ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
-
97
Angus Lambkin : Oibrí daonchairdis Idirnáisiúnt.
Áirítear gur maraíodh na mílte duine agus gur gortaíodh na mílte eile ach ar scrios dhá chrith talún móra, i dtuaisceart Veiniséala i Meiriceá Theas tráthnóna Dé Céadaoin. Cén chaoi a dtabharfar faoin obair fhóirthinte?
-
96
Ferdia McCann : Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsearach le Met Éireann.
Tá stádas buí stoirmeachaí toirní fógraithe go chuile chontae i gCúige Chonnacht inniu agus deich gcontae eile. Ta Met Éireann ag tuar go bhféadfadh fuarlaigh a bheith in áiteacha agus go bhféadfaí damáiste a dhéanamh do sheirbhísí cumachta, uisce, gáis agus teileachumarsáide.
-
95
John Boyle : Ard Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann.
Léiríonn staidéar atá déanta ag an Roinn Oideachais go mbeidh titim ar rollaí na ndaltaí i scoileanna náisiúnta na tíre don scoilbhliain nua. Anuraidh bhí titim 6,700 ar líon na ndaltaí. Tá imní ar Chumann na Múinteoirí go gcuirfidh an titim suas le 400 postanna i mbaol.
-
94
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shúilleabháin Nuacht an Tuaiscirt Michelle Nic Pháidín Nuacht an Iarthair Máire Bríd Ní Chualáin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Cíobháin.
-
93
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Deir an Tánaiste agus an tAire Airgeadais Simon Harris nach mbeidh aon athrú tobann ann ag deireadh mhí Iúil, ach a rachaidh na h-íslíthe ar na rátaí dleachta ar dhíosail agus ar pheitreal atá i bhfeidhm faoi láthair i léig.
-
92
Nuacht a hAon Déardaoin 25ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
-
91
Conall Ó Móráin : Podchraoltóir ar chúrsaí airgeadais.
Tá an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta ag tuar go n-ardóidh an ráta boilscithe go dtí 3.7% agus iad ag foláireamh, gur dóigh go n-ardóidh praghsanna fuinnimh níos deireannaí sa bhfómhar agus sa ngeimhreadh.
-
90
Liam Mac an Mhaoir : Tráchtaire agus anailísí spóirt.
Creidean Tony Davis, a bhfuil dhá bhonn uile Éireann aige nach fada go mbeidh imreoirí contae ag lorg sciar níos mó den airgead atá dá dhéanamh ag an gCumann Lúchleas Gael as an gcomórtas craoibhe. Anuraidh, áirítear gur shaothraigh an Cumann €67m ioncam as an gcraobh.
-
89
Domhnaill Ó Catháin : Abhcóide agus tráchtaire ar chúrsaí polaitiúla na Stáit Aontaithe.
Bhótáil an Seanad 50 in aghaidh 48 go gcuirfí i bhfeidhm an tAcht Cumhachtaí Cogaidh, Acht a rith Teach na Comhdhála níos túisce an mhí seo le cur faoi ndeara don Uachtarán Trump deireadh iomlán a chur leis an gcogadh in aghaidh na hIaráine. Maíonn an Teach Bán go bhfuil an tAcht míbhunreachtúil.
-
88
Nuacht a'1 Dé Céadaoin 24ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
-
87
Nuacht an lae : Náisiúnta, Idirnáisiúnta & Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Marion Ní Shuilleabháin Nuacht an Deiscirt Conall Ó Ciobháin Nuacht an Tuaiscirt Michelle Nic Pháidín Nuacht an Iarthair Máire Bríd Ní Chualáin.
-
86
Piaras Ó Dochartaigh TD urlabhraí airgeadais Shinn Féin, agus an Taoiseach, Mícheál Martin Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Ar maidin, rinne Urlabhraí Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, achainí ar an Taoiseach sa Dáil síneadh a chur leis na híslithe ar an dleacht a ghearrtar ar pheitreal agus díosail atá le dul in éag ar an 1ú Lúnasa.
-
85
Pádraig Ó Suilleabhain TD : Ball de Choiste Sláinte an Oireachtais.
Inniu ag cruinniú de Choiste Sláinte an Oireachtais cháin an TD Ó Suilleabháin an tIonad Náisiúnta Cógaseacnamaíochta faoi pholasaí na Scéime Luath Rochtanna Drugaí atá i gcoinne drugaí nua a mhaoiniú d’othair a bhfuil galair neamhghnáthacha orthu.
-
84
Gráinne Uí Chaomhánaigh : Oibrí deonach le ALONE.
Tá ALONE, an eagraíocht stocaireachta do dhaoine atá ag dul in aois ag impí ar an rialtas cúram a dhéanamh do na sean daoine sa gcáinaisnéis. Infheistíocht stuama a bheadh ina leithid de chaiteachas a deir siad, iad ag rá go sábhálfadh sé i bhfad níos mó airgid ná a bheith ag maoiniú cúram baile fad téarmach.
-
83
Ciarán Mac Guill : Tráchtaire ar ghnóthaí na Fraince.
Tá rialtais ar fud na hEorpa ag déanamh socraithe le daoine a chosaint ó na teochtanna arda. Tá dhá scór duine théis bháis sa bhFrainc ón deireadh seachtaine mar gheall ar an teas mór atá sa tír. Arú aréir an oíche ba theocha a bhí sa bhFrainc ó tosaíodh ag coinneáil cuntais ar chúrsaí aimsire i 1947.
-
82
Tom Ó Ceallaigh : Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine.
Deich mbliana agus an lá inniu a bhótáil an Ríocht Aontaithe ar son an Bhreatimeachta, cinneadh a tharraing an Bhreatain amach as an Aontas Eorpach. An tseachtain seo caite, léirigh anailís a rinne Banc Ceannais Shasana go ndeachaigh an geilleagar 6% ar gcúl, mar gheall ar an mBreatimeacht.
-
81
Nuacht a'1 Dé Máirt 23ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
-
80
Póilín Ní Chiaráin : Comhfhreagraí RnaG i mBéal Feirste.
Níos mó ná aon áit eile ar fud na Ríochta Aontaithe bhí tionchar ollmhór ag an mBreatimeacht ar na 6 Chontae. Tharraing an cinneadh imeacht as an Aontas Eorpach clampar polaitiúil, go h-áirithe na h-iarrachtaí le haghaidh an teorainn ar an oileán seo a choinneáil oscailte ó thaobh trádála.
-
79
Seán Ó Cearbhaill : Aturnae le taithí na mblianta ar na cúirteanna.
Cuirfear isteach go mór ar chasanna cúirte as seo go ceann cupla lá san aighneas atá ar bun ag dlíodoirí faoi íocaíochtaí i gcásanna a seasann an stát a gcuid costais.
-
78
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Ar maidin thug an rialtas a mbeannacht don Aire Caiteachas Phoiblí Jack Chambers le h-aghaidh athfhorbairt a dhéanamh Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath a chur i gcríoch. Tá costas €500m luaite leis an obair chóirithe.
-
77
Cuan Ó Seireadáin : Eagraí Polaitíochta RnaG.
Deir Sinn Féin go gcaithfidh an chéad Phríomh Aire Nua ar an mBreatain aghaidh a thabhairt ar an mbagairt atá ar an Ríocht Aontaithe ó náisiúnaithe ní amháin sna 6 Chontae ach freisin in Albain agus sa mBreatain Bheag.
-
76
Nuacht a'1 Dé Luain 22ú Meitheamh 2026.
An barr is deireanaí nuachta.
-
75
Nuacht an lae: Náisiúnta, Idirnáisiúnta 7 Áitiúil.
Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta Cáit de Bhailís Nuacht an Tuaiscirt Maighréad Uí Annluain Nuacht an Iarthair Séamus Ó Scanláin Nuacht an Deiscirt Aoife Ní Shuilleabháin.
-
74
Seán Ó Cadhain : Tráchtaire ar Pholaitíocht na Breataine.
Sa mBreatain tá sé fógartha ag an bPríomh Aire Keir Starmer go bhfuil sé le n-éirigh as oifig. Sé Andy Burnham rogha na coitiantachta lena leanacht, ar maidin thainig Wes Streeting amach ag tacú leis, an coróiniú ceannaire nua a bheidh againn?
-
73
Andy Caomhanach : Léachtóir in Aonad Theicneolaíocht na Faisnéise in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Tá foláireamh éisithe ag an gCoimisiún um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí don phobal a bheith airdeallach ar chaimiléirí a dhéanfaidh iarracht teacht i dtír ar na táillí breise custaim a thiocfaidh isteach ar an gcéad lá de mhí Iúil ar earraí atá a gceannacht taobh amuigh den Aontas Eorpach.
-
72
Seán Mac Shéamuis : Comhairleoir pinsean.
Tá sé fógartha ag an rialtas go dtiocfaidh an dlí nua faoin aois a mbeidh cead ag daoine éirigh as a gcuid oibre i bhfeidhm ar an Luan seo chugainn.
-
71
An nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Marion Ní Shuilleabháin.
-
70
Nuacht an Iarthair.
Máire Bríd Ní Chualáin.
-
69
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Dúirt an Taoiseach Mícheál Martin ar maidin gur chóir go mbeadh Uachtarán Chomhairle na hEorpa António Costa mar ionadaí na hEorpa in aon chainteanna síochána chun deireadh a chur le Cogadh na hÚcráine.
-
68
Nuacht an Deiscirt.
Conn Ó Muíneacháin.
-
67
Nuacht an Tuaiscirt.
Caoimhe Ní Chonchoille.
-
66
Seán Ó Cadhain, Tráchtaire ar pholaitíocht na Breataine.
Go moch ar maidin, ach ar ghrú Andy Burnham fothoghchán Makerfield dúirt sé go mba léir don dall nach raibh córas polaitiúil na Breataine ag obair, ach go raibh deis anois ag an tír athrú chun leasa.
-
65
]Nuacht a hAon: Dé Aoine 22 Meitheamh 2026.
Láithriú - Fionnuala Uí Neachtain.
-
64
Niall Ó Muilleoir, Tráchtaire ar pholaitíocht na Stáit Aontaithe.
Tá an conradh comhthuisceana a shínigh Meiriceá agus an Iaráin, faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa Meán Oirthear cáinte ag cuid do na polaiteoirí sinsearacha sa bpáirtí poblachtánach.
-
63
Garry Mac Donnacha, Tráchtaire agus anailisí spóirt.
Tá an chéad sheachtain de Chorn Sacair an Domhain tagtha chun críche i Meirceá Thuaidh agus tá aghaidh an domhain ar na cluichí atá dhá n’imirt i gCeanada, sna Stáit Aontaithe agus i Meicsiceo.
-
62
An nuacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Máire de Bhailís.
-
61
Nuacht an Tuaiscirt.
Maighréad Uí Annluain.
-
60
Nuacht a hAon: Déardaoin 18 Meitheamh 2026.
Láithriú - Fionnuala Uí Neachtain.
-
59
An Ceannfort Frank Reidy, Saineolaí míleata agus taidhleoireachta.
Tá conradh comhthuisceana faoi dheireadh a chur leis an gcogadh sa Meánoirthear sínithe ag na Stáit Aontaithe agus ag an Iaráin, rud a chiallaíonn go gcuirfear deireadh leis an trodaíocht agus go n-oslcófar Caolas Hormuz.
-
58
Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire ar chúrsaí polaitíochta na Breataine.
Sa mBreatain, sé inniu lá na cinniúna ní amháin d’Andy Burnham agus do pháirtí an Lucht Oibre ach don tír trí chéile agus an bhótail ar siúl sa bhfothoghchán i Makerfield.
-
57
Ciarán Ó Sé, Urlabhraí ó Leathanbhanda Náisiúnta Éireann.
Tá sé tugtha le fios inniu ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann go bhfuil fáil anois ar an gcóras is nua snáithín ardluais i gContae Chill Chainnigh ina iomláine.
-
56
Nuacht an Deiscirt.
Aoife Ní Shúilleabháin.
-
55
Nuacht an Iarthair.
Séamus Ó Scanláin.
-
54
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Vótáileadh sa Dáil aréir ar son an bhille a mhol Sinn Féin, go gcuirfí deireadh leis an socrú, faoina gcaitheann mná atá ag iarraidh ginmhilleadh a bheith acu, fanacht trí lá.
-
53
Nuacht an Iarthair.
Séamus Ó Scanláin.
-
52
Nuacht an Deiscirt.
Aoife Ní Shúilleabháin.
-
51
Nuacht a hAon: Dé Céadaoin 17 Meitheamh 2026.
Láithriú - Fionnuala Uí Neachtain.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.
HOSTED BY
RTÉ Raidió na Gaeltachta
CATEGORIES
Loading similar podcasts...