PODCAST · education
Sílim that...
by Kathryn Ní Mhaoláin
Podchraoladh Gaeilge ina ndéantar plé ar an sláinte, dea-nósanna, léideanna saoil agus neart craic ar an bhealach. Cláracha aonaracha le bhur n-óstach, Kathryn Ní Mhaoláin, agus agallaimh dhinimiciúla lenár n-aíonna speisialta!
Episodes
-
#32 An Chloíteacht
Sí an Nollaig í agus leis sin, is minic a bhíonn an chloíteacht (burnout) i mbarr a réime. Labhraím faoina raibh ar siúl agam i mbliana, m'eispéireas leis an chloíteacht, comharthaí na cloíteachta agus roinnt straitéisí lena shárú. Seo an chéad eagrán aonair le beagnach bliain - fáilte ar ais!…
more -
#31 Finn Van Der Aar: Athnuachan agus Dóchas
TÁ MUID AR AIS! Más féidir le Michael Murphy pilleadh ar an pheil idirchontae, is féidir le Sílim that pilleadh ar do chluasa! San eagrán seo tá Seachtain na hEolaíochta á cheiliúradh againn, a bhuí le Taighde Éireann. Tá an athnuachan mar théama i mbliana do Sheachtain na hEolaíochta agus chuige...
-
#30 Tomaí Ó Congaile: An Bás agus an Bheatha
Tá aithne ag na Gaeil ar Thomaí mar bhunaitheoir NÓS, mar aistritheoir agus mar scríbhneoir. Labhraím le Tomaí inniu mar dhuine: faoin bhás, faoin bheatha, faoin bhrón, faoi chreidimh dhifriúla agus faoi leigheas na bplandaí. Is duine ar leith é Tomaí agus bhain mé an-sult as an chomhrá seo!…
more -
#29 Máire Ní Churraoin: Is breá liom mo shaol
Labhraím leis an amhránaí, láithreoir agus cruthaitheoir ábhair galánta, Máire Ní Churraoin as Ráth Chairn, faoin áthas, faoin tábhacht a bhaineann le mná ag ceiliúradh ban, faoina bród dá ceantar dúchais agus go leor leor eile. Lean @maire_nichurraoin @ancheadghluineile agus coinnigh súil amach...
-
#28 Idir an dá linn...
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le "tréimhsí feithimh" inár saolta, gan glacadh leis an bhrú bogadh chuig an chéad "stad saoil" eile, cad é atá "amuigh agus istigh" domhsa in 2024, agus leideanna le sult a bhaint as mí Eanáir. Lean muid ar Instagram & TikTok @silimthatpod Déanann Kathryn Ní...
-
#27 Rebecca James: Teorainn agus Sonas
Labhraím le Rebecca James, coitseáil agus seachránaí, faoi theorainn, féinchúram chrua, an cinneadh ar ghlac sí gan a bheith ag ól, agus níos mó. Lean @sonascoaching @rebeccajames__ le níos mó eolais a fháil faoina cuid oibre!...
-
#26 Cian Mac Coisteala: Éad
Comhrá álainn le cara mór de chuid Sílim that, a bhfuil a phodchraoladh féin aige, Nóisin ar Raidió RíRá. Labhraíonn Cian faoin chinneadh deacair a chúrsa ollscoile a fhágáil, faoin phointe is ísle ina shaol, faoin ardteist le linn na pandéime, faoin éad agus faoin dóchas. Tá comhairle iontach…
more -
#25 Mark Harte: Gabh sa tseans
Suím síos leis an fhear uasal, Mark Harte, le labhairt faoina shaol agus faoina shaothar. D'fhág Mark an post buan a bhí aige mar mhúinteoir le triail a bhaint as gairm iomlán nua agus tá sé anois ag obair mar Oifigeach Gaeilge in Ollscoil na Banríona, agus tá a chomhlacht féin aige chomh maith…
more -
#24 Somhairle Mag Uidhir: Dlúthpháirtíocht & An Phalaistín
Déanann Somhairle Mag Uidhir plé liom ar an dlúthpháirtíocht agus an Phalaistín. @irish.artists.for.palestine @cairdepalestinebf @dreamdearg
-
#23 Dr. Abigail Walsh: Intleacht Shaorga & An Duine Daonna Seachtain na hEolaíochta 2023
Bhí an t-ádh orm agallamh a chur ar an Dr Abigail Walsh, atá i mbun taighde ar an Phróiseáil Nadúrtha Teanga (NLP*), faoin Intleacht Shaorga (AI*) fá choinne Seachtain na hEolaíochta 2023. Téama na bliana seo le linn Seachtain na hEolaíochta ná an duine daonna, agus chuige sin, bhí mé ag iarraidh…
more -
#22 Cuir suim i suimeanna do phairtnéir
An tábhacht a bhaineann le suim gníomhach a chur i suimeanna do phairtnéir, agus aird a thabhairt ar na rudaí beaga. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in...
-
#21 Plean féinchúraim i rith tréimhse aistrithe
Mo chuid smaointe ar thréimhse aistrithe saoil agus plean féinchúram le dul i ngleic leo. Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a haíonna galánta, plé ar an saol, a gcuid taithí agus comhairle agus ar neart eile in "Sílim that..."…
more -
#20 Moya Doogan: Environmental Éadaí
Comhrá GALÁNTA le Moya Doogan, atá ar dhuine de cheannródaithe móra an fhaisin inbhuanaithe, go háirithe i saol na Gaeilge. Labhraíonn muid faoina taithí teilifíse, na contúirtí a bhaineann le hathrú aeráide, a himeachtaí "Switch", agus impleachtaí an fhaisin ghasta - agus moltaí deasa le bheith...
-
#19 Seán Ó Dubhchon: Tábhacht na Scéalta
Bhí mé ar bís deis a fháil labhairt le cara liom Seán Ó Dubhchon: scríbhneoir, file, craoltóir, múinteoir agus go leor leor eile. Labhair muid faoin tábhacht a bhaineann le scéaltaí, sna cláracha a dhéanann sé, san fheachtasaíocht, agus roinneann Seán a scéal cumhachtach féin. *Rabhadh ábhair: tá...
-
#18 Cad é mar atá do chuid codlata? #7Lá3Nós
Labhraím faoin tábhacht a bhaineann le codladh agus dóigheanna le do chuid codlata a fheabhsú. Míním #7Lá3Nós agus an dóigh gur féidir leatsa páirt a ghlacadh ann! Lean muid ar Instagram, Tiktok agus Twitter @silimthatpod Déanann Kathryn Ní Mhaoláin, agus a n-aíonna galánta, plé ar an saol, a…
more -
#17 Michael Gerard Doherty: Creid
Tá mé ag iarraidh Michael Gerard a chur faoi agallamh ón bhomaite gur chinn mé go gcuirfinn tús leis an phodchraoladh seo. Bhuail mé leis agus mé ar chleachtadh teagaisc lena rang bunscoile aus chuaigh an dearcadh agus an díograis a bhí aige go mór i bhfeidhm orm. Ó shin, tá Michael Gerard…
more -
#16 Clabhsúr, deireadh ré & tús caibidil nua
Ceann pearsanta agus measartha mothúchánach, agus ceann atá ar intinn agam le tamall! An tábhacht a bhaineann le clabhsúr i dtréimhse áirithe, mo thaithí féin leis & cén dóigh lena bhaint amach i do shaol féin. Deireadh scoile nó ollscoile, fágáil phoist, bogadh tíre nó eile - tá clabhsúr mar…
more -
#15 Lisa Nic an Bhreithimh: Easpa eolais vs Aineolas
Is craoltóir raidió agus gníomhaí pobail í Lisa a oibríonn le ShoutOut, comhlacht a chuireann ceardlanna oideachais ar fáil faoin phobal LADTA+, agus le Equality for Children, a oibríonn ar son cearta páistí i dteaghlaigh le tuismitheoirí LADTA+. Le linn mí an Bhróid, is tábhachtach é na cúrsaí…
more -
#14 Gaylgeoirí (Cian Ó Gríofa): CLG, LADTA+ agus a bheith gafa leat féin
Bhí lúcháir orm san eagrán seo agallamh a chur ar Chian Ó Gríofa aka Gaylgeoirí, faoin phobal LADTA+, an t-eispéireas de theacht amach, faoin CLG, faoina phróiseas cruthaitheach, faoi fhuatheoirí, faoi fhéiníomhá coirp agus neart eile. Thaitin an comhrá seo liom an oiread sin, tá súil agam go...
-
#13 Alcol & Cultúr an Ólacháin in Éirinn agus Thar Lear
San eagrán seo déanaimse plé ar chultúr an ólacháin, na difríochtaí idir meonta Éireannaigh sa bhaile, Éireannaigh thar lear agus daoine as tíortha eile, agus mo chaidreamh féin leis an alcol. Tá súil agam go mbainfidh sibh tairbhe as an eagrán seo. -Kathryn Lean muid ar Instagram, Tiktok agus...
-
#12 Cáit san Áit: Taisteal, díoma agus aithne a chur ort féin
Labhair mé le Cáit Ní Éalaithe, nó "Cáit san Áit" mar a ghlaoitear uirthi ar a cainéal YouTube agus a leathanach Instagram. Is vlagálaí taistil í Cáit atá i ndiaidh taisteal go dtí níos mó ná 40 tír, agus ba mhaith léi cuairt a thabhairt ar níos mó ná 100! Déanann sí a cuid vlagála ar fad trí...
-
#11 Cairde i do 20í & 30í
Tá muid ar ais! San eagrán seo déanaimse plé ar cén fáth a bhfuil sé níos deacra cairde a dhéanamh agus a choinneáil agus tú ag éirí níos sine, i mbun staideanna saoil difriúla ó do chuid cairde. Tugaim nodanna ar dhóigheanna le cairdeas a chothú le do sheanchairde, agus cairde nua a dhéanamh,...
-
#10 Jonathan Harkin: Cuid 2 Sárú Intinne
Sa dara cuid den agallamh seo le Jonathan Harkin, cóitseálaí meoin, déanann muid plé ar nósanna a láidriú, chomh maith le clárú néaraitheangeolaíoch [neuro-liguistic programming/NLP]. Lean Jonathan ar Instagram @jonathan_harkin Lean muid ar Instagram, Tiktok & Twitter @silimthatpod Déanann…
more -
#9 Jonathan Harkin: Cuid 1 Brisphointe
Rabhadh: tagairt déanta san eagrán seo ar an dúlagar agus ar an fhéinmharú [depression & suicide]. Sa chéad cuid den agallamh a rinne mé le Jonathan, labhair sé liom faoin dóigh ar bhog sé go Dubai ar son an ghrá (agus tá sé anois idir gheall agus pósadh leis an bhean chéanna, Katherine), faoina...
-
#8 7 gCineál Scíste
Ní leor codladh amháin chun do chorp a athchóiriú má tá tú scriosta... Déanaimse plé san eagrán seo ar an 7 gcineál scíste atá de dhíth orainn, cén dóigh le haimsiú má bhíonn siad de dhíth ort, agus cad é a thig leatsa a dhéanamh go praicticiúil le níos mó fuinnimh a bheith agat sa 7 ngné seo.…
more -
#7 Ciana Ní Churraoin: Ní féidir liom...fós
Cuirimse agallamh ar Chiana, comhairleoir feidhmiúcháin intinne a mbíonn ag plé le siceolaíocht spóirt go háirithe san earnáil CLG. Oibríonn sí le The Space In Between, comhlacht a chuireann sláinte an imreora chun tosaigh, go háirithe sa phobal LADTA+. Pléann muid sin ar fad, chomh maith le rúin...
-
#6 Grá don gheimhreadh
Solo-eagrán eile liom faoi na dóigheanna a théimse i ngleic le dorchadas an gheimhridh, agus gur cheart dúinn grá a bheith againn dó agus glacadh leis, seach as maireachtáil fríd amháin. Uasdhátú beag saoil fosta ar na turais a bhí agam ar na mallaibh, agus cad é atá le teacht ar an phodchraoladh...
-
#5 Foirfeacht
Eagrán liom féin ina ndéanaimse plé ar an fhoirfeacht: an dóigh a chuireann sé isteach ar ár saolta, a chuireann sé barraíocht brú orainn, a chuireann sé bac orainn rudaí a chur i gcrích agus a chuireann sé stop nó moill orainn cinntí a ghlacadh - beag nó mór. Labhraím faoi na dóigheanna a…
more -
#4 Seán Ó Maoilchiaráin: De réir a chéile
Hola agus fáilte ar ais chuig "Sílim that..."! San eagrán seo cuirim agallamh ar Sheán Ó Maoilchiaráin, podchraoltóir le Gaeilge Anois agus ambasadóir meabharshláinte na bhfear. Labhraíonn muid faoin aistear a bhí aige féin leis an Ghaeilge, agus an aistear a bhí aige lena mheabharshláinte féin.…
more -
#3 Cumha
Seo é an tríú eagrán de "Sílim that..." ina ndéanaim plé ar an chumha: cumha baile, cumha an Oireachtais agus cumha i ndiaidh daoine eile atá thar lear. Tá conaí orm in Barcelona anois agus bhuail an cumha mé ar mo thuras (fhada) ar ais anseo ón Oireachtas. Tá saol iontach cruthaithe agam dom…
more -
#1 Nósanna a d'athraigh mo shaol
Fáilte chuig an chéad eagrán de "Sílim that..." ina ndéanaim plé ar na nósanna beaga a d'athraigh mo shaol. Rudaí simplí ach nuair a dhéantar go rialta agus go leanúnach iad, déanfaidh siad difear do d'intinn, do chorp agus d'anam. Seo é an podchraoladh a dhéanaim tagairt dó san eagrán:...
-
#2 Aileen McAlister: Tá cúis le achan rud
Fáilte chuig an dara eagrán de "Sílim that..." ina labhraím leis an bhean uasal, Aileen McAlister. Is í Aileen Rós Dubai faoi láthair, is múinteoir bunscoile í agus múinteoir damhsa fosta le Reelrobics Dubai agus Reelrobics Causeway. San eagrán seo pléann muid an aistear a bhí ag Aileen le Rós…
more
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Podchraoladh Gaeilge ina ndéantar plé ar an sláinte, dea-nósanna, léideanna saoil agus neart craic ar an bhealach. Cláracha aonaracha le bhur n-óstach, Kathryn Ní Mhaoláin, agus agallaimh dhinimiciúla lenár n-aíonna speisialta!
HOSTED BY
Kathryn Ní Mhaoláin
CATEGORIES
Loading similar podcasts...