PODCAST · news
Tús Áite
by RTÉ Raidió na Gaeltachta
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
-
100
Tús Áite: 27 Iúíl 2026
Tammy Ní Laoire (múinteoir Fraincíse i gColáiste Cholmcille, Indreabháin); Muiris Ó Cearbhaill (Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail); Liam Mac Amhlaidh, léachtóir le Litríocht agus Teanga na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad);
-
99
Tús Áite: Tinnte Bordeaux na Fraince
Tá comhraiceoirí dóiteáin agus eitleáin uisce fós ag strachailt le smacht a fháil ar fhalscaithe i gceantar Bordeaux, in iar-dheisceart na Fraince. Dódh breis is 40,000 heictéar sa cheantar ó bhí Dé Céadaoin seo caite ann. Labhair muid le Tammy Ní Laoire, Múinteoir Fraincise, atá ann faoi láthair.
-
98
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; Cluiche Ceannais na hÉireann, Each Inis, An Meánoirthear, Seirbhisí Cúirte agus IS. Phléamar iad le Tammy Ní Laoire, múinteoir Fraincíse, Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta 'The Irish Daily Mail', agus Liam Mac Amhlaidh, léachtóir le Litríocht agus Teanga na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.
-
97
Tús Áite: 10 gCeist
Mír na 10 gCeist, Pléifear 10 gceist éagsúla bunaithe ar gach aon ní faoin spéir, idir dúcheisteanna móra an tsaoil, agus nithe níos éadroime chomh maith. An tseachtain seo tá agallamh á chur ar Máirin Hurndal, Tráchtaire agus Craoltóir le Raidió Fáilte.
-
96
Tús Áite: 24 Iúíl 2026
Cecilia Ní Choileáin (abhcóide); Peadar de Blúit (tráchtaire); John Maguire (Iriseoir agus tráchtaire i bPáras); Tomaí Rua Ó Conghaíle (scríbhneoir agus aistritheoir, Barcelona); Nóilín Nic Bhloscaigh (paróisteoir Shéipéil Naomh Muire, Béal Feirste); Cuán Ó Flátharta (craoltóir).
-
95
Tús Áite: Tonn Teasa san Eoraip
Géarchéim náisiúnta sa Spáinn fógartha oíche aréir. Sa Fhrainc, d’ordaigh na húdaráis díbirt iomlán ar leithinis Cap Ferret, áit a bhfuil falscaithe tar éis breis is 10,000 heictéar a dhó go dtí seo. Labhair muid le John Maguire, Iriseoir agus tráchtaire i bPáras, agus Tomaí Rua Ó Conghaíle, scríbhneoir agus aistritheoir, i mBarcelona.
-
94
Tús Áite: Coinspóid Shéipéal Naomh Mhuire
Tá conspóid faoi cheadúnas atá tugtha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste Teach Tabhairne sealadach a oscailt roimh agus le linn Fleadh Ceoil na hEireann béal dorais le séipéal Caitliceach ina ndeirtear aifreann Gaeilge gach seachtain,Séipéal Naomh Mhuire. Labhair muid le Nóilín Nic Bhloscaigh, paróisteoir an tséipéil.
-
93
Tús Áite: An Mhír Spóirt
Plé ar na scéalta spóirt atá le teacht an deireadh seachtaine seo le Cuán Ó Flatharta.
-
92
Tús Áite: 23 Iúíl 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Alice Doyle (Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí na hÉireann); Phil Ní Sheaghdha (Uachtarán Comhdháil na gCeardchumann na hÉireann); Conchubhar Ó Liatháin (Comhfhreagraí Gaeltachta The Journal.ie).
-
91
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta ag plé scéalta móra nuachta an lae, ina measc: Stailc na haturnaethe, Cuairt an Taoisigh ar Kyiv, Tinte Shliabh na mBan, agus bua d'iriseoirí sa Tuaisceart.
-
90
Tús Áite: Bliain idirnáisiúnta na mBanfheirmeoirí
Cuirfear tús i Ros Comáin anocht le sraith imeachtaí in Éirinn i gcóir Bliain Idirnáisiúnta na mBanfheirmeoirí. Beidh ócáid na hóiche anocht ag díriú ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta. Labhair Alice Doyle, Leas-Uachtarán Chumann Feirmeoirí na hÉireann (IFA) linn faoin méid seo.
-
89
Tús Áite: Gradam Mother Jones 2026.
Gradam Mother Jones 2026 bronnta tráthnóna ar Phil Ní Sheaghdha, Uachtarán Comhdháil na gCeardchumann na hÉireann, Uachtarán Comhdháil na gCeardchumann na hÉireann, agus óráid tugtha aici d’Fhéile Mother Jones ar thábhacht na gCeardchumann don Daonlathaas.
-
88
Tús Áite: Mír na Meáin Áitiúil
Scéalta ó na nuachtáin áitiúil ag Conchubhar Ó Liatháin.
-
87
Tús Áite: 22 Iúíl 2026
Barry Ward (TD d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Gearóid Ó Muilleoir (Iriseoir le 'The Sunday World' agus Eagarthóir Sheachtain); Rachel Lysaght (Léiritheoir); Síle Ní Choinceannain.
-
86
Tús Áite: Cúigear Ulm le Barry Ward i láthair
Sa Ghearmáin inniu, Léirigh buíon polaiteoirí Éireannacha imní faoi an dtabharfar cothrom na féinne i gcás cúirte Daniel Tatlow-Devally, gníomhaí Éireannach ar son na Pailistíne a bhí os comhair cúirte i Stuttgart arís inniu. Bhí Barry Ward, TD d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Abhcóide Sinsireach, i láthair ag labhairt linn.
-
85
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Cúigear Ulm, Coinspóid Each Inis Alumina, Ráiteas Eacnamúil Samhraidh, agus tógáil choinspóideach i mBessborough. Iad seo ar fad a phlé le Cuan Ó Seireadáin Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG, agus Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le 'The Sunday World' agus Eagarthóir Sheachtain.
-
84
Tús Áite: Clár 'Testimony'
Insíonn an clár faisnéise Testimony scéal íospartaigh na nÁras Máithreacha agus Leanaí agus na tithe Magdailéana, agus iad ag iarraidh cothrom na féine a fháil as an méid a d’fhulaing siad. Níos luaithe inniu do labhair Cearbhall Ó Síocháin an tí seo le Rachel Lysaght, léiritheoir an chláir.
-
83
Tús Áite: Mír na Leabhar
Inniu ar a gclár, bhí an leabhar ' Teanga don Tost' le Seán Mac Risteaird á phlé lenár léirmheastóir Síle Ní Choinceannain.
-
82
Tús Áite: 21 Iúil 2026
Osgur Breatnach; Cormac Breatnach; Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Diarmuid Ó Sé (Iar Léachtóir, An Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, Abhcóide Sinsireach agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Ian Lee (Iar-léiritheoir RTÉ).
-
81
Tús Áite: Osgur Breatnach agus cás iomrall ceartais
D’fhógair an Chúirt Achomhairc inniu gur iomrall ceartais a bhí I ndaoradh Osgur Breatnach i robáil traenach na Solláine 50 bliain ó shin. Ceann de na himscrúduithe coiriúla is conspóidí i stair Stát na hÉireann a bhí ann. Labhair Osgur lenár dtuairisceoir Jack Basquille in óstán an 'Aisling' i ndiadh na himeachtaí.
-
80
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc: Coinspóid Each Inis Alumina, Gardaí agus e-scútair, agus Cás Daniel-Tatlow Devally. iad seo á phlé le Cuan Ó Seireadáin Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus Diarmuid Ó Sé Iar Léachtóir, An Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.
-
79
Tús Áite: Cás Daniel-Tatlow Devally agus Cúigear Ulm
Tá toscaireacht as Dáil Éireann ar cuairt inniumh agus amárach go cathair Stuttgart na Gearmáine áit a bhfuil an dlí á chur ar chúígear ghníomhaithe Phailistíne-thacaíoch - Éireannach Daniel Tatlow-Devine ina measc. Phléamar an scéal seo le Barry Ward TD d'Fhine Gael i nDún Laoghaire, agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.
-
78
Tús Áite: Mír Cartlainne
Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.
-
77
Tús Áite:
Muiris Ó Cearbhall (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Daily Mail); Emmet Ryan (Saor-iriseoir); Siún Ní Dhuinn (Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ);
-
76
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; Andy Burham le bheith ceaptha in Phríomh Aire, Cosc ar E-scútair? Corn Domhanda FIFA thart, agus Aighneas na nAturnaethe Cosanta Coiriúla. É sin ar fad á phlé le Muiris Ó Cearbhall, Comhfhreagraí Polaitíochta, The Irish Daily Mail, agus Emmet Ryan, Saor-iriseoir.
-
75
Tús Áite: 10 gCeist
Mír na 10 gCeist, Pléifear 10 gceist éagsúla bunaithe ar gach aon ní faoin spéir, idir dúcheisteanna móra an tsaoil, agus nithe níos éadroime chomh maith. An tseachtain seo tá agallamh á chur ar Siún Ní Dhuinn.
-
74
Tús Áite: 17 Iúil 2026
Joe Breathnach (iriseoir); Cecilia Ní Choileáin (Abhcóide); Dan Mulhall (Iar-ambasadóir na hÉireann); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir Cearta Digiteachta Éireann); Cuán Ó'Flatharta.
-
73
Tús Áite: Andy Burham mar Cheannaire Nua Pháirtí an Lucht Oibre na Breataine
Rí an Tuaiscirt, Andy Burnham, tofa mar cheannaire Nua Pháirtí an Lucht Oibre na Breataine, phléamar an méid seo le Dan Mulhall, iarthadhalóir agus iarAmbasadóir na hÉireann i Londain.
-
72
Tús Áite: Conspóid Passwork
Nochtaíodh an scéal inniu gur éirigh le teicneolaíocht pasfhocal Rúiseach greim istigh a fháil ar áisíneachtaí Stáit na hÉireann. Phléamar é seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Chearta Digiteacha Éireann.
-
71
Tús Áite: Mír Spóirt
Plé ar na scéalta spóirt atá le teacht an deireadh seachtaine seo le Cuán Ó Flatharta.
-
70
Tús Áite: 16 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Nadia Dobrianska (Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin); Eimear Ní Bhraonáin
-
69
Tús Áite: Painéal Nuachta
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta le RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí ag plé na scéalta nuachta inniu. I measc na scéalta bhí Michael Shine, Tuarascáil ar an Toscaireacht ón gComhchoiste agus Clár oibre an Oireachtais.
-
68
Tús Áite: An Úcráin
Tá na mílte daoine ag léirisiú ar shráideanna na hÚcráine toisc a mishástachta gur bhris an tUachtarán Volodomyr Zelynskyy an t-Aire Cosanta, Mykhailo Fedorov, as a phost inné tar éis 6 mhí san oifig. Phléamaer an scéal seo le Nadia Dobrianska, Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin.
-
67
Tús Áite: Cluichí Domhanda an CLG
Gach trí bliana, tugann Cluichí Domhanda an Chumainn Lúthchleas Gaeil imreoirí ó gach cúinne den domhan le chéile chun dul san iomaíocht i gcomórtais peile agus iománaíochta. Bhí Jack Basquille i bPort Láirge agus labhair sé le roinnt dóibh siúd a bhí ag glacadh páirt.
-
66
Tús Áite: 15 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Una Ní Bhroiméil (Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Lorna Johnson (Comhairleoir Cathrach le Páirtí Lucht Oibre na Nua Shéalainne/Aotearoa); Áine Ní Ghlinn.
-
65
Tús Áite: Agallamh le Lorna Johnson
Bronnadh Bonn Néill Uí Dhónaill 2026 ar Lorna Johnson ag ócáid in Oideas Gael, Gleann Cholm Cille, ar na mallaibh as ucht an chéad duais sa chomórtas aistí foclóireachta a reáchtálann Foras na Gaeilge. Labhair sí linn faoin duais agus an spéís agus suim atá aici sa Ghaeilge.
-
64
Tús Áite: Raglan Rogues
An drámadóir Kevin Burns ag caint linn faoin dráma Raglan Rogues agus iad sa tóir ar urrathóirí faoi láthair.
-
63
Tús Áite: 14 Iúil 2026
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Diarmaid Ó’Sé (Iar-Léachtóir, An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath); Jack Basquille (Tuairisceoir RnaG ); John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerdydd); Ian Lee (Iar-Léiritheoir le RTÉ).
-
62
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; Pardún Stáit d'íobairtaigh an phéidifíligh Bill Kenneally, Achainní ceardchumainn agus Banc Ceannais Scútar Leictreacha, agus Ráiteas an Chomisinéir Teanga. É seo ar fad á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ RnaG agus Diarmaid Ó’Sé, Iar-Léachtóir, An COBÁC.
-
61
Tús Áite: Ceoltóirí Éireannacha vs Intleacht Shaorga
Tá Ceoltóirí Éireannacha ag lorg reachtaíochta chun iad a chosaint óna gcuid saothair a bheith á úsáid chun Intleacht Shaorga a thraenáil, Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille in Óstán Buswells don chruinniú.
-
60
Tús Áite: Marco Rubio ag iarradh deireadh a chur leis an CIC
D’fhógair an tAire Stait Mheiricéanach, Marco Rubio inniu go bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. An scéal le pléite le John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerdydd
-
59
Tús Áite: Mír Cartlainne
Tá céad bliain ann ó thosaigh RTÉ ag craoladh, agus in imeacht na mblianta sin tá cartlanna móra saibhre cnuasaith ag RTÉ. Tabharfaidh Ian Lee, Iar-Léiritheoir le RTÉ, ar thuras muid tríd cuid d’ábhar na gcartlanna sin, agus na seoid atá iontu a roinnt linn.
-
58
Tús Áite: 13 Iúil 2026
Concubhar Ó Liatháin (Comhfhreagraí Gaeltachta The Journal.ie); Muiris Ó Cearbhaill (Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail); Éilís Ní Dhuibhne (Scríbhneoir faoi labhras don Fhicsean Éireannach).
-
57
Tús Áite: An Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé, ina measc; Coimisiún na hEorpa agus críocha gafa na Palaistíne, An AE ag iarradh srian a chur ar meáin shóisialta do pháistí, agus Infheistíocht ollmhór ó Intel. É seo á phlé le Concubhar Ó Liatháin, Comhfhreagraí Gaeltachta The Journal.ie, agus Muiris Ó Cearbhaill, Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Daily Mail.
-
56
Tús Áite: 10 gCeist
Mír na 10 gCeist, Pléifear 10 gceist éagsúla bunaithe ar gach aon ní faoin spéir, idir dúcheisteanna móra an tsaoil, agus nithe níos éadroime chomh maith. An tseachtain seo tá agallamh á chur ar Éilís Ní Dhuibhne, Scríbhneoir faoi labhras don Fhicsean Éireannach.
-
55
Tús Áite: 10 Iúil 2026
Eimear McGovern (Iriseoir le The Belfast Telegraph); Peadar De Blúit (Tráchtaire); Oisín Ó Néill (Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann); Jack Basquille, Cuan Ó Flatharta.
-
54
Tús Áite: Painéal Nuachta
Scéalta móra nuachta á phlé ag an bpainéal, ina measc: Coinspóid timpeall Eachinis Alumina fós, Tonn Teasa agus spleáchas bhreosla Éireann, agus Tine chnámh fuafar i dTír Eoghan. Iad seo á phlé le Eimear McGovern, Iriseoir le The Belfast Telegraph, agus Peadar De Blúit, Tráchtaire.
-
53
Tús Áite: Cúrsaí Chaomhnaithe an Dúlra
Plé ar an mBille bhac cúrsála giorria sa Dáil, agus Plean athchóirithe dúlra, le Oisín Ó Néill, Oifigeach Abhcóideachta an Dúlra, Iontaobhas Fiadhúlra na hÉireann.
-
52
Tús Áite: Seoladh leabhair 'Flood Tide'
Seoladh Flood Tide, an leagan Béarla den úrscéal Tonn Tuile le Séamus Ó Néill, i siopa leabhar Hodges Figgis ar Shráid Dawson i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Céadaoin. Bhí ár dtuairisceoir Jack Basquille i láthair.
-
51
Tús Áite: An Mír Spóirt
Labhair muid le Cuan faoi chluichí leathcheannais Chraobh na hÉireann sa pheil idir Lú agus Maigh Eo, agus Ciarraí agus Baile Átha Cliath, chomh maith le Corn Tailteann agus cluiche ceathrú ceannais an Chorn Domhanda idir Shasana agus an Iorua, atá ar fad ar siúl an deireadh seachtaine seo.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.
HOSTED BY
RTÉ Raidió na Gaeltachta
CATEGORIES
Loading similar podcasts...