#16 Airneán le Cúán de Búrca episode artwork

EPISODE · Feb 10, 2024 · 36 MIN

#16 Airneán le Cúán de Búrca

from Nóisin · host Raidió Rí-Rá

Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca. D'éinne nach bhfuil cur amach acu ar an laoch seo go fóill, bíonn Cúán iontach gníomhíoch ó thaobh an teanga de, go háirithe thuas i mBÁC, is bíonn neart tógraí a reachtáil aige i gClub an Chonradh ó Réabh is Craobh 1916 go dtí a chlár raidió féin Airneán le Raidió na Life (cuisle na cathrach) lena leathbhádóir James Shannon.  Faoi láthair na huaire áfach, tá Cúán ag obair le TG4 ar an scéim intéirneachta s'acu sa rannóg TradTG4 agus tugann sé léargas géarchúiseach dúinn faoin méid atá idir láimhe aige le gairid agus faoina thaithí mar Bhleá Cliathach ar seachrán in iarthar na Gaillimhe. Ní féidir a shéanadh go bhfuil an Ghaeilge ar a thoil aige agus tá sé iontach soiléir go bhfuil Cúán an cheanúil ar ár dteanga gleoite, go hiomlán faoi gheasa aici! Labhraíonn sé go neamhbhalbh faoin dúil so-aitheanta s'aige inti is an tábhacht shuntasach atá aici ina shaol féin, agus an luach a bhaineann léi dúinn uilig go háirithe ó thaobh ár n-oidhreacht is féiniúlacht mar Ghaeil. Mar is gnách, é seo agus níos mó! Dála an scéil, leannaigí @cuan.deburca, @airneanrnal agus @craobh1916 le níos mó eolais a fháil faoina rudaí uilig atá ar bun aige ar na mallaibh! Bígí linn :)

NOW PLAYING

#16 Airneán le Cúán de Búrca

0:00 36:34

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of Nóisin?

This episode is 36 minutes long.

When was this Nóisin episode published?

This episode was published on February 10, 2024.

What is this episode about?

Bhuel a chairde Gael, beannachtaí na ndéithe oraibh uilig agus fáiltigí ar ais! San eagrán úrnua seo, bhí ríméad ar Chian s'againne an deis a fháil chun dul faoi agallamh leis an ardfhear lách, suáilceach is soilbhir é féin, Cúán de Búrca. D'éinne...

Can I download this Nóisin episode?

Yes, you can download this episode by clicking the download button on the episode player, or subscribe to the podcast in your preferred podcast app for automatic downloads.
URL copied to clipboard!