20 Meitheamh 2026 (Luimneach) episode artwork

EPISODE · Jun 20, 2026 · 6 MIN

20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

from Nuacht Mhall · host Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISlamháltais - concessionsbac cabhlaigh - naval blockadetréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting periodginmhilleadh - abortiontoirmeasc - prohibitionsuíomhanna cearrbhachais - gambling sitescompánaigh intleachta saorga - AI companions

NOW PLAYING

20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

0:00 6:21

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal? Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie D'eagraigh Foras na Gaeilge seimineár i rith Oireachtas na Samhna 2011 a bhí ar siúl i gCill Áirne i mbliana agus rinne Raidió na Life taifead air. Tá níos lú maoiniú ar fáil do na meáin Ghaeilge sa chomhthéacs eacnamaíochta reatha. Sa seimineár seo rinneadh plé ar chén staid ina bhfuil agus cén todhchaí a bheidh ag na meáin Ghaeilge. Leis sin cuireadh an cheist 'An bhfuil ag éirí linn ár scéal a insint trí Ghaeilge?'.Bhí Cilian Fennell ó Stillwater Communications mar Chathaoirleach ar an seimineár agus bhí Pól Mac An Draoi, iar-Eagarthóir The Irish Daily Mail ann mar aoichainteoir. I measc an phainéil a bhí ag labhairt bhí Tomaí Ó Conghaile ó Nuacht 24, Uinsionn Mac Dubhghaill, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Eibhlín Ní Chonghaile, RTÉ Raidió Na Gaeltachta agus an craoltóir agus iriseoir Eoin Ó Murchú. Cruinne na Linne Q Beck & A Ní Loideáin Cruinne na Linne -- nuacht agus amhránaíocht ó gach cearn den domhan. Bígí linn gach Luan ag a dó a chlog iarnóin le príomhscéalta na seachtaine ón domhan ar fad a chloisteáil in éindí le rogha agus togha cheol an domhain mhóir. Bígí dár leanúint ar Instagram (CruinneNaLinne) agus seolaigí ríomhphost chugainn ar [email protected]! Scoil Naithí ar an raidió! Scoil Naithí Scoil Naithí ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge le scéalta, amhráin, dánta agus nuacht. Bigí linn! Nuacht a hAon RTÉ Raidió na Gaeltachta An barr is deireanaí nuachta náisiúnta, idirnáisiúnta agus áitiúil, le plé agus anailís ar scéalta móra an lae.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of Nuacht Mhall?

This episode is 6 minutes long.

When was this Nuacht Mhall episode published?

This episode was published on June 20, 2026.

What is this episode about?

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe...

Can I download this Nuacht Mhall episode?

Yes, you can download this episode by clicking the download button on the episode player, or subscribe to the podcast in your preferred podcast app for automatic downloads.
URL copied to clipboard!