Nuacht Mhall podcast artwork

PODCAST · education

Nuacht Mhall

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.The week's main news stories, read slowly in Irish.

Publisher-supplied feed metadata · PodParley refreshed Sep 7, 2026 · Source feed

  1. 354

    12 Meán Fómhair 2026 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.D'éirigh iarUachtarán na hÉireann Máire Mhic Giolla Íosa as a ról mar chathaoirleach ar an choiste atá ag iarraidh trí eagraíocht - Cumann Lúthchleas Gael, Cumann Peil Gael na mBan agus an Cumann Camógaíochta - a thabhairt le chéile in aon eagraíocht amháin. D'éirigh sí as i ndiaidh do Chumann Lúthchleas Gael a rá nach dtig leo spriocdháta cinnte a thabhairt don aontú seo. Deir Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael, Iarlaith Ó Broin, go bhfuil sé fós ar son an aontaithe, ach go bhfuil deacrachtaí airgeadais ann maidir le maoiniú cothrom a thabhairt d'fhoirne fear agus ban. Dúirt an t-iriseoir Sinéad O'Carroll go mbaineann an scéal seo le hairgead agus cumhacht seachas le spóirt amháin. Dúirt sí freisin gurb é an rud is tábhachtaí ná rochtain chomhionann ar áiseanna agus cearta comhionanna do gach ball, is cuma cén inscne atá acu.Beidh Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump, ag tabhairt cuairt ar Éirinn an deireadh seachtaine seo. Le linn na cuairte, buailfidh sé le ceannairí polaitiúla na tíre agus freastalóidh sé ar Chraobhchomórtas Oscailte Gailf na hÉireann atá ar siúl ag a ionad saoire i nDún Beag, Contae an Chláir. Tá oibríocht slándála an-mhór á hullmhú ag na Gardaí agus ag Óglaigh na hÉireann do chuairt Trump. Beidh dúshláin mhóra lóistíochta ag baint leis an chuairt seo, toisc go bhfuil cruinnithe tábhachtacha eile ar siúl san am céanna mar gheall ar uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Dúirt an Taoiseach go bhfuil muinín aige as na Gardaí go mbeidh siad in ann déileáil leis na dúshláin seo ar fad.Tá Downing Street fós ag tabhairt tacaíocht do Príomhfheidhmeannach NATS, Martin Rolfe, in ainneoin éilimh go n-éireodh sé as. D'iarr an tAire Iompair, Heidi Alexander, tuarascáil iomlán air laistigh de sheachtain maidir leis an teip theicniúil a tharla Dé Máirt agus Dé Céadaoin. Chuir an fhadhb níos mó ná 2,000 eitilt ar ceal sa Bhreatain Mhór. In Éirinn, cuireadh thart ar 90 eitilt ar ceal i mBaile Átha Cliath agus bhí moilleanna i gCorcaigh agus in Aerfort na Sionainne, ach tá na sceidil ag filleadh ar an ghnáthnós anois. D'iarr Príomhoifigeach Oibríochtaí Ryanair, Neal McMahon, ar Martin Rolfe éirí as mar gheall ar mhíbhainistíocht. Dhearbhaigh Michael O'Leary go raibh ar Ryanair 260 eitilt a chur ar ceal, rud a chruthóidh caillteanas airgeadais idir €1.9m agus €7.0m don aerlíne.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmaoiniú cothrom - balanced fundingcearta comhionanna - equal rightsoibríocht slándála - security operationdúshláin lóistíochta - logistical challengesmoilleanna - delayscaillteanas airgeadais - financial loss

  2. 353

    5 Meán Fómhair 2026 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Siadhail.Anocht, beidh a troid dheireanach ag Katie Taylor, an dornálaí is rathúla i stair an spóirt in Éirinn. Beidh sí ag troid in aghaidh Flora Pili ón Fhráinc, os comhair slua de 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh ag deich a chlog anocht. Rugadh agus tógadh Taylor i mBré, Contae Chill Mhantáin, agus thosaigh sí ag dornálaíocht nuair a bhí sí dhá bhliain déag d'aois. Tá barraíocht comórtas agus duaiseanna bainte ag Taylor le liostáil anseo, ach ina measc tá bonn óir ag na Cluichí Oilimpeacha i Londain in 2012, curadh domhanda san éadrom-mheáchan agus curadh domhanda san éadrom-mheáchan trom. Beidh Taylor ag troid anocht den uair dheireanach, ach fanfaidh an méid atá bainte amach aici i gcuimhne lucht leanúna dornálaíochta go ceann i bhfad.Níl deireadh le cás Lindsay Clancy sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo. I ndiaidh níos mó ná sé lá de dhíospóireacht, ní raibh an giúire ábalta teacht ar chinneadh d'aon ghuth agus mar sin d'fhógair an breitheamh gur míthriail a bhí ann. Admhaíonn Clancy gur mharaigh sí a triúr páistí féin trí bliana ó shin ach maíonn sí go raibh síocóis iarthuismidh uirthi, gur tugadh barraíocht cógas di, agus nach dúnmharú réamhbheartaithe a bhí i gceist. Tá roinnt cásanna dlí ar siúl maidir le míchleachtas leighis. Beidh le feiceáil anois an ndéanfaidh na hionchúisitheoirí iarracht Clancy a chur ar a triail arís.Beidh taispeántas úr ag oscailt i Músaem na Breataine an tseachtain seo agus Taipéis Bayeux le feiceáil den chéad uair riamh i Londain. Rinneadh an taipéis sna blianta i ndiaidh choncas na Normannach ar Shasana san aonú haois déag nuair a ghlac Liam Concar seilbh ar choróin Shasana, agus léirítear mór-imeachtaí an choncais uirthi, lena n-áirítear Cath Hastings agus bás Harold Godwinson, an rí deireanach de chuid na nAngla-Shacsanach. Tá an Taipéis ar cheann de na saothair ealaíne is cáiliúla agus is stairiúla ar domhan, agus beidh sí le feiceáil ón deichiú lá de mhí Mheán Fómhair go dtí an t-aonú lá déag de mhí Iúil an bhliain seo chugainn. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISdornálaí - boxeréadrom-mheáchan trom - super lightweightcinneadh d'aon ghuth - unanimous decisionmíthriail - mistrialsíocóis iarthuismidh - postpartum psychosisdúnmharú réamhbheartaithe - premeditated murderconcas - conquest

  3. 352

    29 Lúnasa 2026 (Liatroim)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá is fiche de mhí Lúnasa. Is mise Órla Nic Con na Búille.Gortaíodh fear agus bean ina n-ochtóidí go dona tar éis timpiste aonfheithicle ar an M50 i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo. Tharla an timpiste ag Acomhal 10 in aice le sliosbhóthar Bhaile an Mhóta thart ar 3.20pm tráthnóna Dé Céadaoin, 26 Lúnasa. Tuariscítear gur thiomáin an carr tríd an mbacainn ar dhroichead agus gur rolladh sé síos claífort agus isteach ar an M50. Bhí an lána aneas an M50 dúnta ar feadh go leor uaireanta agus bhí malairtí slí i bhfeidhm. Tá an bheirt a bhí sa charr san ospidéal le gortuithe tromchúiseacha. Níor tuairiscíodh aon ghortuithe eile.Tá comhaontú déanta ag Meta, an comhlacht taobh thiar de Facebook agus Instagram, chun suas le $16.68 billiún a íoc chun cásanna dlí sna Stáit Aontaithe a réiteach. Chuir 29 stát i leith gur dhear an comhlacht a chuid ardán chun páistí a dhéanamh andúilmhear, gur chuir sé tomhaltóirí amú maidir lena sábháilteacht agus gur bhailigh sé sonraí pearsanta leanaí go míchuí. Mar chuid den chomhaontú, cuirfidh Meta teorainneacha ar úsáid laethúil leanaí agus cuirfidh sé srian ar úsáid na n-ardán san oíche. Neartófar freisin na bearta chun cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar nach bhfuil oiriúnach dá n-aois. Cé go bhfuil an comhlacht tar éis comhaontú a dhéanamh, shéan sé aon éagóir. Réitíonn an socrú roinnt cásanna príobháideachais a bhaineann le scannal Cambridge Analytica freisin. Tá na cásanna seo mar chuid de rabharta níos leithne dlíthíochta faoi thionchar na meán sóisialta ar mheabhairshláinte leanaí agus déagóirí. Tá cásanna eile fós ar siúl i gcoinne Meta agus comhlachtaí móra eile sna meáin shóisialta.Cuireann Electric Picnic críoch leis an samhradh in Éirinn gach bliain agus, is cuma faoin aimsir, tagann na mílte duine le craic agus spraoi a bhaint as an gceol agus as an gcultúr. D’oscail an fhéile a geataí tráthnóna Déardaoin, agus tá 80,000 duine i láthair sa Sráidbaile, Contae Laoise, faoi láthair. Tá áit faoi leith ag an nGaeilge i gcroílár na féile, le réimse leathan imeachtaí agus ealaíontóirí Gaeilge ar an gclár. Tá timpeall 500 duine ag campáil sa láthair Ghaeltachta, tearmann naofa do na Gaeil. Tá Puball an Phobail laistigh den láthair chomh maith, le seisiúin amhránaíochta agus péinteáil coirp thar an deireadh seachtaine. Le deich mbliana anuas, tá ardán darb ainm An Chollchoill ag cur ceoltóirí agus ealaíontóirí Gaeilge ar stáitse i lár na coille. I mbliana, tá ceol traidisiúnta, hip heap Gaelach, greann, seó solais agus neart eile le feiceáil. Chuir taifeadadh beo den phodchraoladh How to Gael tús spleodrach leis an bhféile inné le roinnt ceol agus craic ón triúr ban iontach. Beidh an ócáid ilteangach filíocht ó bhéal, REIC le Ciara Ní É sa Phuball Gaeilge inniu, an Satharn. Agus amárach, an Domhnach, craolfar clár speisialta ar TG4 le Síomha Ní Ruairc agus John Sharpson, ag ceiliúradh na féile agus na ndaoine a chuireann ar siúl í.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISsliosbhóthar - slip roadclaífort - embankmentandúilmhear - addictedrabharta níos leithne dlíthíochta - wider wave of litigationtearmann naofa - sacred sanctuarycollchoill - hazelwood

  4. 351

    22 Lúnasa 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aitheantas a tharraingt ar líne. Mar thoradh ar thimpiste gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, a tharla mar gheall ar an tiomáint seo, cailleadh cúigear déagóirí agus fágadh an ceathrar sa charr eile gortaithe go dona. Creideann na Gardaí go raibh na déagóirí ag iarraidh aird na nGardaí a tharraingt mar thuig siad nach mbeadh cead acu iad a leanúint sa treo mícheart ar an mótarbhealach. Ba é seo an dara timpiste de bharr tiomána den sórt sin an mhí seo amháin. Tá beartais leagtha síos ag go leor cuideachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear TikTok agus YouTube, a thoirmisceann ábhar a thaispeánann nó a chuireann chun cinn cleasanna nó dúshláin chontúirteacha a d’fhéadfadh díobháil choirp a bheith mar thoradh orthu. Is é an rud a fhágann go bhfuil an fhadhb seo an-deacair do na Gardaí a láimhseáil ná nach gceadaítear déileáil le tóraíochtaí in aghaidh tráchta mar seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leis.Tá sé séanta ag Donald Trump go bhfuil caibidlíocht ar siúl idir Washington agus Tehran maidir le Caolas Hormuz a athoscailt, caolas atá dúnta den chuid is mó le beagnach sé mhí le linn an chogaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus d'fhógair Uachtarán Mheiriceá feachtas ag díriú ag gheilleagar na hIaráine. Tharla an méid seo ag am a raibh an Meabhrán Tuisceana seasca lá, a ba chúis leis an sos cogaidh idir an dá thaobh, díreach tar éis dul in éag. D’athdhearbhaigh an Iaráin roinnt éileamh, lena n-áirítear go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na smachtbhannaí ola ar an Iaráin agus leis an mbac cabhlaigh sa Mhuir Arabach. Cé gur bhagair Trump buamáil a dhéanamh ar Óman freisin "dá mbeadh sé ag cur isteach” ar chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Luain, shéan sé go raibh cainteanna ar bith ar siúl faoin Chéadaoin. Idir an dá linn, tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe go mbeadh ‘iarmhairtí’ tar éis tuairiscí teacht chun cinn go raibh sí ag monarú drón a úsáideann fórsaí na hÚcráine.Corónaíodh Caoilfhinn Ní Choiligh, Rós na hIarmhí, mar bhuaiteoir Rós Thrá Lí an tseachtain seo. Tá Caoilfhinn, atá cúig bliana is fiche d’aois, ag obair sa mhiondíol agus í ag déanamh staidéir le bheith ina déantóir gruaige bréige, tar éis di a cuid gruaige a chailleadh de bharr alóipéice nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Is í bunaitheoir Hair Loss Haven í freisin, grúpa a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu agus a eagraíonn imeachtaí dóibh. Dúirt sí nach raibh focal le rá aici tar éis di an comórtas a bhuachan Dé Máirt. I measc duaiseanna eile, gheobhaidh sí deontas taistil luach fiche a cúig míle euro; is féidir léi é seo a úsáid chun taisteal ar fud an domhain agus freastal ar imeachtaí ina ról mar Rós Thrá Lí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISag luasghéarú - acceleratingcúinsí eisceachtúla - exceptional circumstancescaibidlíocht - negotiationag monarú - manufacturingmiondíol - retailbunaitheoir - founder

  5. 350

    15 Lúnasa 2026 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá déag de mhí Lúnasa. Is mise Oisín Mac Conamhna.Chuir an t-athrú aeráide agus téamh domhanda isteach go mór ar an Eoraip an tseachtain seo, le breis agus céad go leith milliún duine faoi theocht de 35 céim nó níos mó Dé hAoine, agus falscaithe ar fud na hilchríche. Is iomaí teach a cailleadh i ndóiteán sa Lár-Réigiún Thiar i Sasana, agus cuireadh naoi ndauine déag chun ospidéil ann. Cailleadh duine i bhfalscaí sa Chróit, agus d’aistrigh níos mó ná míle duine amach as an gceantar údaí. Bhí falscaithe móra eile sa Ghréig, sa Ghearmáin, sa Fhrainc, agus sa Spáinn. Tógadh amach taisce na mainistreacha San Juan de la Pena in Aragón i dtuaisceart na Spáinne, ar fhaitíos go gcaillfí é i bhfalscaí atá ag díriú ar na mainistreacha; agus bhí ar an Rómáin a n-imoibreoir núicléach a mhúchadh, toisc easpa uisce in abhainn na Danóibe.Bhí lá iontach ag Éirinn ag Craobhchomórtais na hEorpa in Birmingham Déardaoin. Bhain Mark English, ó Leitir Ceanainn, Dún na nGall, bonn óir sa rás ceannais ocht gcéad méadar, in éis dó ceithre bhonn cré-umha agus bonn airgid a bhaint ag comórtais eile. Is eisean an chéad fhear a bhain bonn óir d’Éirinn riamh i gCraobhchomórtais na hEorpa, agus é sé bliana níos sine ná éinne eile sa rás ceannais. Fiche nóiméad níos déanaí, bhain Rhasidat Adeleke, ó Thamhlacht, Baile Átha Cliath, an bonn airgid dhá chéad méadar, ar an líne, le curiarracht náisiúnta nua de 22.28 soicind.Bhí urú na gréine le feiceáil ar fud iarthar na hEorpa Dé Céadaoin. Páirturú a bhí ann den chuid is mó, acht i gconair chúng a thosaigh i dtuaisceart na Sibéire, agus a chuaigh trí oirthear na Graonlainne, iarthar na hÍoslainne, tuaisceart na Spáinne, agus na hOileáin Bhailéaracha, bhí lánurú ann. Tá lánuraithe na gréine thar a bheith speisialta agus annamh, agus is le linn lánurú amháin atá sé sábháilte chun breathnú ar an ngrian le súile nochta. Is ar éigean a sheachain conair an lándorchadais cósta thiar na hÉireann, ina raibh páirturú domhain, agus scamaill ar fud na tíre faraor; acht in Zaragoza i dtuaisceart na Spáinne, a bhí faoi spéir ghlan i gconair an lándorchadais, bhí radharc aoibhinn álainn le feiceáil thart ar a leathuair in éis a hocht sa tráthnóna, nuair a chuaigh an ghealach trasna aghaidh na gréine go hiomlán, go híseal thar fhíor na spéire san iarthuaisceart. Ag tús an lánuraithe, bhí léiriú láidir den fheiniméan ar a dtugtar an “fáinne diamaint”, nuair a thaibhsíonn atmaisféar na gréine timpeall na gealaí, le ponc amháin d’aghaidh na gréine fós ag lasadh trí ghleann ar imeall na gealaí ar nós seoide. In éis an fháinne diamaint, bhí starraiceachta brúchtacha gréine gléigeala bándearga le feiceáil go soiléir le súile nochta timpeall an diosca dubh na gealaí, suite i lonradh airgid ainglí na corónach, an t- atmaisféar taobh amuigh den ghrian, uilig leabaithe i spéir neamhshaolta dhorcha. Bhí daoine ag gáir agus ag gol le hionadh agus le háthas, agus in éis [canúint; in áit “tar éis”] ceithre scór is ceathair soicind d’iontas agus de dhraíocht, bhí an lánurú thart. Beidh lánurú na gréine eile le feiceáil ar an dara lá de mhí Lúnasa an bhliain seo chugainn, i ndeisceart na Spáinne, i dtuaisceart agus Adharc na hAfraice, agus i Leithinis na hAraibe.*Léirithe ag conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISilchríoch - continentimoibreoir núicléach - nuclear reactorin éis - after (canúint Mhaigh Eo)súile nochta - naked eyesconair - pathstarraiceachta brúchtacha gréine - solar flares

  6. 349

    8 Lúnasa 2026 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá de mhí Lúnasa. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá an Iaráin agus Óman tar éis teacht ar shocrú ag díriú ar chúrsa do longa frí Chaolas Hormuz, agus oíche Dé Céadaoin, bhí siad ag cur bailchríoch ar phlean chun an pasáiste a chomhbhainistiú, a dúirt urlabhraí thar ceann aireacht gnóthaí eachtracha Tehran. Ghabháil an Iaráin seilbh de facto ar an chaolas, atá ina uiscebhealach straitéiseach don tradáil fuinnimh domhanda, ó thosaigh na Stáít Aontaithe agus Iosrael ionsaí in aghaidh na hIaráine ar 28 Feabhra i mbliana. Tá sé ráite ag Uachtarán na Stát Aontaithe arís agus arís eile go bhfuil an-dúil ag an Iaráin i mbeart a dhéanamh leis an chúrsa a athfhoscailt do loingeas, ach séanann an Iaráin é seo agus deir go ndéanfaidh siad socruithe lena gcomharsa traschaolais, Óman. Roimh an chogadh, chuaigh thart ar an chúigiú cuid den ola domhanda agus onnmhairí LNG frí Hormuz, agus tharla borradh praghsanna arís agus arís eile ó thús an aighnis faoin uiscebhealach, ag cur leis an bhrú geilleagrach agus polaitiúil ar Washington críoch a chur leis an chogadh. Gabhadh bean i lár Londan as ionsaí sá “fánach” ar cheathrar fear le linn na seachtaine, eachtra a bhí ina hionsaí “scoite” a bhain le meabharshláinte, de réir póilíní. Tharla an t-ionsaí ag am lóin in Covent Garden, ceantar túrasóireachta na príomhchathrach atá lán le tithe tabhairne, amharclanna agus bialanna. Fuair beirt fhear cóir leighis san ospidéal le haghaidh gortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad. Coinníodh an bhean faoi choimeád tar éis di a ghabháil as arm ionsaitheach a bheith ina seilbh, a chreidtear gur siosúr a bhí ann, agus as ionsaí a dhéanamh. Dé Domhnaigh seo caite, cuireadh tús oifigiúil le ceiliúradh cheol agus chultúr na hÉireann i lár Bhéal Feirste, agus baineadh triail as uaireanta foscailte breise do shiopaí. Rithfidh Fleadh na hÉireann go dtí an Domhnach 9 Lúnasa, le breis agus 200 imeacht agus 180 comórtas ceoil ag ionaid éagsúla, tithe tábhairne agus ar na sráideanna. Meastar gur tháinig 170,000 cuairteoir chuig lár na cathrach Dé Domhnaigh agus 165,000 Dé Luain, agus táthar ag súil go sárófar an réamh-mheas roimh ré de 800,000 cuairteoir. Seo í an chéad bhliain inar tharla an fhéile cheoil bhliantúil i mBéal Feirste agus an darna huair a raibh sí lonnaithe i dTuaisceart Éireann, tar éis di a bheith i nDoire in 2013. Fógraíodh an t-imeacht i mbliana mar an t-imeacht ina bhfuil an éagsúlacht chultúrtha is fearr i stair na féile, le rannpháirtíocht trasphobail agus ceiliúradh traidisiún um Tuaisceart Éireann agus níos faide i gcéin. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbailchríoch - finishing touchesloingeas - shippingionsaí sá - stabbing attackgortuithe nár chur i mbaol a mbáis iad - non life-threatening injuriesréamh-mheas - projectionrannpháirtíocht trasphobail - cross-community participation

  7. 348

    1 Lúnasa 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an chéad lá de mhí Lúnasa. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loingsigh.Tar éis seachtó cúig bliain briseadh an mhallacht a bhí ar fhoireann peile Chontae Mhaigh Eo. Tá ceiliúradh fós ar siúl ar fud an chontae beagnach seachtain ón mbua mothúchánach i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. D’imir an fhoireann in aghaidh na gcuradh, Ciarraí, a bhí ag tnúth leis an gcorn a bhuachaint don daicheadú huair.. Ag tús an chluiche bhí cuma láidir ar Chiarraí ach tháinig Maigh Eo ar ais ag troid agus lean cluiche sceitimíneach, lán le teannas. Ar deireadh bhuaigh Maigh Eo le cúl amháin agus fiche cúilín in aghaidh cúl amháin agus seacht gcúilín déag ag Ciarraí. Ag imirt ar an lá bhí roinnt imreoirí óga a raibh aird mór orthu, go háirithe Kobe McDonald, mac le Ciarán McDonald a d’imir i gceithre chluiche ceannais gan an bua a fháil i rith a ghairme féin, trí cheann díobh i gcoinne Chiarrai. Lá speisialta a bhí ann don iar-imreoir Andy Moran a thóg Corn Mhig Uidhir abhaile ina chéad bhliain mar bhainisteoir. Beidh deis eile ag Ciarraí an bua a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile na mBan, a bheidh á imirt i bPáirc an Chrócaigh amárach, an dara lá de mí Lúnasa, idir Ciarraí agu Gaillimh.Tá ómós á thabhairt ó gach cearn den domhan tar éis bhás tragóideach an cheoltóra Glen Hansard maidin Dé Céadaoin ag aois 56. Basaíodh é i dtimpiste gluaisrothair agus é ag taisteal abhaile ó theach tábhairne darb ainm The Wren’s Nest sna Ceapóga Sú Talún, áit a raibh sé ag seinnt níos luaithe san oíche. Tá cáil ar Hansard as a mbanna ceoil The Frames, a bhunaigh sé in 1990, as a chuid saothar mar cheoltóir aonair agus as rólanna sna scannáin The Commitments agus Once. Bhuaigh sé Oscar le Markéta Irglová don amhrán nuachumtha is fearr dá amhrán “Falling Slowly” ar fhuaimrian Once. Bhí clú air freisin as a chuid gníomhaíochais agus daonchairdis. Tháinig na mílte daoine le chéile i mBaile Átha Cliath sna laethanta tar éis a bháis ag buscáil ina onóir. Beidh tórramh poiblí dó i mBaile Átha Cliath Dé Luain agus sochraid phríobháideach Dé Máirt. Beidh sé i gcuimhne go háirithe ag a bhean chéíle Maire Saaritsa agus a mhac óg.Tá brú mór ar Uachtarán FIFA Gianna Infantino tar éis dó plean a fhógairt chun chuid de chomhlacht Chorn an Domhain a dhíol le hinfheisteoirí príobháideacha. Dhiúltaigh roinnt cumann an plean, lena n-áirítear cumainn ón Eoraip, ón Áis, ó Mheiriceá Thuaidh agus Láir, agus ó réigiún Mhuir Chairib. Dúirt UEFA nach n-imreoidh aon fhoireann Eorpach i gcluichí FIFA go dtí go bhfuil stop iomplán curtha leis an bplean. D’éirigh comhairleoir Infantino Carlos Cordeiro as a ról mar agóid freisin. Seans mór go gcaillfidh Infantino a phost mar Uachtarán FIFA mar thoradh air seo, agus stair chonspóideach aige cheana sa ról. Beidh foireann na mban na hEireann ag tnúth le réiteach go háirithe, agus deis acu cáiliú do Chorn an Domhain ag teacht go luath.mallacht - cursebua mothúchánach - emotional victoryna Ceapóga Sú Talún - Strawberry Beds infheisteoirí - investors

  8. 347

    25 Iúil 2026 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an cúigiú lá is fiche de mhí Iúil. Is mise Niall Ó Siadhail. Tháinig deireadh le dhá chomórtas spóirt mór le rá Dé Domhnaigh seo caite. Sa tráthnóna, bhuaigh Luimneach Craobh Iomána na hÉireann den séú huair le naoi mbliana anuas. Bua compordach a bhí ann do Chontae an Chonartha agus agdeireadh an chluiche bhí cúl amháin agus naoi gcúilín is fiche acu in aghaidh cúl agus ocht gcúilín déag de chuid na Gaillimhe. Níor bhain Fir na dTreabh Corn Liam Mhic Cárthaigh ó bhí 2017 ann. Ina dhiaidh sin, oíche Dé Domhnaigh, imríodh cluiche ceannais Chorn an Domhain in New Jersey, agus bhí an bua ag an Spáinn den dara huair i stair na tíre. Bhí smacht láidir acu ar an chluiche,agus níor éirigh leis an Airgintín an liathróid a thabhairt dá gceannaire, Lionel Messi, a bhí ag imirt i gCorn an Domhain den uair dheireanach agus é naoi mbliana is tríocha d'aois. Ba é Kylian Mbappé a bhuaigh an Bhróg Órga, agus deich gcúl scóráilte aige le linn an chomórtais. Beidh cluiche ceannais Chraobh Peile na hÉireann ar siúl amárach, agus na curaidh reatha Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo.Tá na húdaráis sa Spáinn agus sa Fhrainc ag streachailt le smacht a choinneáil ar fhalscaithe atá ag scaipeadh mar gheall ar an tonn teasa san Eoraip. Bhí ar níos mó ná ceathrú milliúin duine an baile a fhágáil de bharr na dtinte, go háirithe gar do Bordeaux in iardheisceart na Fraince agus in Ávila, lastiar de Mhaidrid. D'éiligh Príomhaire na Spáinne Pedro Sanchez "Comhaontú Náisiúnta in aghaidh na hÉigeandála Comhshaoil" le dul ingleic leis an ghéarchéim. Bhí falscaí in Am Monadh Ruadh in Albain fosta, agus aslonnaíodh sráidbhaile darb ainm Nethy Bridge. Meastar nach mbeidh mórán fearthainne ann don chuid eile de mhí Iúil.Fuair buachaill óg ó Bhéal Feirste aistriú croí Dé Máirt. Tá siondróm hipeapláiseach croí clé ar Dháithí Mac Gabhann ó rugadh é sa bhliain 2016, rud a chiallaíonn nár cruthaíodh taobh clé a chroí i gceart. Chuaigh Dáithí faoi scian in Newcastle i dtuaisceart Shasana agus dúirt a athair Máirtín go bhfuil a bheola bándearg den chéad uair riamh, mar go raibh dath gorm orthu roimhe seo. Tugadh dlí úr isteach trí bliana ó shin ar a dtugtar 'Dlí Dháithí', le go mbeidh daoine ina ndeontóirí orgáin go huathoibríoch, muna bhfuil sé ráite go soiléir nár mhaith leo a bheith.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISContae an Chonartha - the Treaty CountyFir na dTreabh - the Tribesmenfalscaithe - wildfiresAm Monadh Ruadh - the Cairngorms (Gàidhlig na hAlban)siondróm hipeapláiseach croí clé - hypoplastic left heart syndromedeontóirí orgáin - organ donors

  9. 346

    18 Iúil 2026 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-ochtú lá déag de mhí Iúil. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.I ndiaidh cúpla seachtain dhrámatúil i bpolaitíocht na Breataine, tá an Feisire Parlaiminte nuathofa do Makerfield, Andy Burnham,ar tí seilbh a ghlacadh ar Uimhir 10 Sráid Downing. Cé go bhfuair Burnham, a bheidh ina sheachtú Príomh-Aire ar an mBreatain le deich mbliana anuas, ainmniúcháin ó 322 de na 403 Feisire de chuid Pháirtí an Lucht Oibre, tá dúshláin go leor roimhe anois,agus gan ach trí bliana fágtha den téarma rialtais. Beidh na fadhbanna tromchúiseacha ba chúis le titim a réamhtheachtaí, Sir Keir Starmer, faoi chúram iar-Mhéara Mhanchain go luath, lena n-áirítear míshástacht an phobail leis an rialtas, na géarchéimeanna leanúnacha sa Mheánoirthear agus an brú atá ag teacht ó ghrúpaí éagsúla chun caiteachas cosanta a mhéadú gan cáin ioncaim a ardú. Ní hé Burnham an t-aon pholaiteoir mór le rá sa Bhreatain atá i gcruachás faoi láthair, áfach. Tá ceisteanna crua le freagairt ag a phríomh-iomaitheoir, Nigel Farage, ceannaire an pháirtí Reform UK, tar éis teacht chun solais gur ghlac Farage le cúig mhilliún punt ó bhilliúnaí criptea-airgeadra. I measc ábhair imní gur sciúradh airgid a bhí ar siúl, tá an síntiús á fhiosrú anois ag an National Crime Agency, agus idir an dá linn, tá Farage tar éis éirí as a phost mar Fheisire Parlaiminte do Clacton, agus é ag súil go léireodh fothoghchán úr tacaíocht an phobail dó féin agus don mhaíomh gur íospartach den chóras oifigiúil é. Mar fhreagra, tá sé fógartha ag Páirtí an LuchtOibre, na Coimeádaigh, na Glasaigh agus na Daonlathaithe Liobrálacha nach mbeidh siad ag seasamh san fhothoghchán, agus is cosúil gurb é cuairteoir ón spás amuigh, darb ainm Count Binface, a bheidh ina phríomh-iomaitheoir do Farage.Dea-scéala do lucht leanúna an cheoil Éireannaigh a nascann an traidisiún leis an turgnamh, tá Trá Pháidín ar ais le halbam nua, go gairid i ndiaidh An A24 ón mbliain seo caite. Tarraingíonn an t-albam nua, Cloch ‘s Claí, inspioráid ón úrscéal aoiriúil cáiliúil le Myles na gCopaleen, An Béal Bocht, agus pléann sé an gaol idir an Ghaeltacht agus an chuid eile d’Éirinn chomhaimseartha, agus béim ar leith á cur ar chúrsaí tithíochta, ar fhadhbannaeacnamaíocha agus ar cheisteanna féiniúlachta. Is é seo an chéad eisiúint ag an ngrúpa ar an lipéad World of Echo, atá lonnaithe i Londain, agus a dhíolann ceirníní ó cheoltóirí ceannródaíocha ar fud an domhain, agus mar thoradh air sin,tabharfaidh sé deis do lucht éisteachta idirnáisiúnta aithne a chur ar an dream as Conamara. Tar éis 102 cluiche agus breis agus mí a bhí lán de scileanna iontacha, botúin thubaisteacha, taispeántais laochúla, moilleanna de bharr VAR agus conspóid pholaitiúil, tá Corn an Domhain ag druidim chun deiridh. Cé gurb iad an Spáinn rogha na coitiantachta, tar éis dóibh an Fhrainc a shárú in Dallas oíche Dé Máirt, le cúil ó Mikel Oyarzabal agus Pedro Porro, beidh neart le déanamh acu chun an lámh in uachtar a fháil ar an Airgintín, atá ag filleadh ar an gcluiche ceannais mar seaimpíní gan chloí tar éis bua cáiliúil i gcoinne Shasana ag Staid Atlanta oíche Dé Céadaoin. Níos cóngaraí don bhaile, ar lá spóirt lán le haicsean, fillfidh Gaillimh ar Chluiche Ceannais Iomána na hÉireann den chéad uair ó 2018, agus iad ag tabhairt aghaidh ar fhoireann Luimnigh atá sa tóir ar a séú theideal in ocht mbliana. Beidh Gaillimh ag súil go mbeidh an tosaí Rory Burke i mbarr a réime arís tar éis an gortú a d’fhulaing sé i gcluiche ceannais Laighean, agus tá faoiseamh ar fhir na Mumhan go bhfuil a gcaptaen, Cian Lynch, réidh le himirt tar éis dó a bheith as láthair ón mbua ar Chontae an Chláir. *GLUAISréamhtheachtaí - predecessorspás amuigh - outer spaceturgnamh - experimentaoiriúil - satiricalrogha na coitiantachta - the favourite to win i mbarr a réime - at the top of his game

  10. 345

    11 Iúil 2026 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an t-aonú lá déag de mhí Iúil. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Comhordaitheoir Tithe Folmha sa Ghaeltacht ar an chlár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo faoin difear a dhéanfadh sé dá gcuirfí 10% de thithe folmha ar fáil do chainteoirí dúchais Gaeilge na nDéise. Agus é ag labhairt ar na deacrachtaí atá aitheanta sna ceantair Ghaeltachta maidir le tithíocht do dhaoine le Gaeilge, dúirt Mac Eachmharcaigh go bhfuil na ceantair Ghaeltachta iontach gar do bhailte móra, agus go bhfuil an-éileamh ar thithíocht iontu ó dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus ó dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu. Dar leis an daonáireamh deireanach, tá 172 teach folamh i nGaeltacht na nDéise, líon réasúnta ard nach bhfuil chomh hard céanna le ceantair Ghaeltachta eile timpeall na tíre. Dúirt Mac Eachmharcaigh fosta go bhfuiltear ag iarraidh ar dhaoine atá ag díol tithe faoi láthair an Ghaeilge a thabhairt san áireamh agus iad ag smaoineamh ar cé leo a ndíolfaidh siad a dteach. Dá n-éireodh leis an fheachtas seo tá Mac Eachmharcaigh den tuairim go gcuirfeadh sé go mór le spiorad pobail. Dúirt sé go bhfuil cumhacht ag úinéirí tí pobal na Gaeilge a neartú, dá mba mhian leo.Tá fear 26 bliain d'aois gafa ag póilíní sa Ríocht Aontaithe ar amhras gur dhúnmharaigh sé an t-iar-pholaiteoir Ann Widdecombe. Dúirt Póilíní Devon agus Cornwall gur glaodh ar oifigigh chuig seoladh in Haytor ag 11.40am inné agus fuarthas Ms Widdecombe marbh, i ndiaidh di gortuithe tromchúiseacha a fháil. Dúirt na póilíní gur ghabh siad fear geal Briotanach. Dúirt Leas-Phríomhchonstábla Póilíní Devon agus Cornwall, Matt Longman ag preasagallamh nach raibh bás Ms Widdecombe á chóireáil mar eachtra sceimhlitheoireachta agus nach raibh aon chúis ag na póilíní a chreidiúint go raibh sé spreagtha go polaitiúil. "Tá bleachtairí ó fhoireann imscrúdaithe coireachta móra an fhórsa tar éis imscrúdú dúnmharaithe a sheoladh, agus tá siad ag déanamh fiosrúchán fairsing ar bhás Ms Widdecombe," a dúirt sé. Cuireadh macasamhail moisc trí thine ar thine chnámh i gContae Thír Eoghain, díreach seachtainí i ndiaidh do dhaoine sna 6 chontae teitheadh óna dtithe le linn círéibeacha ciníocha, an tseachtain seo. Cuireadh an tsamhail ar bharr na tine chnámh i Maigh gCaisil Dé Céadaoin agus lasadh í tráthnóna Déardaoin. Tá úinéirí gnó, eagraíochtaí pobail agus reiligiúnacha chomh maith le roinnt daoine a bhfuil cónaí orthu i dTuaisceart Éireann ag roinnt a n-imní. Tá eagla ann, ag leanúint ó thrí shamhradh círéibeacha, go bhfuil an Ioslamafóibe i dTuaisceart Éireann ag dul in olcas. Dúirt cathaoirleach Chomhairle Síochána agus Lánpháirtíochta Moslamach na hÉireann: "Ní ráiteas polaitiúil é seo dúinne, is teachtaireacht eisiaimh agus imeaglaithe é dúinne, nár chóir do dhaoine bheith ar a suaimhneas anseo." "Tá an ceart ag daoine a gcuid traidisiún a cheiliúradh agus a gcuid tinte cnámh a bheith acu, ach sílim nuair a chuireann tú bratacha, nuair a chuireann tú pictiúir de cheannaire polaitiúil, nuair a chuireann tú moscanna ar bharr na dtinte cnámh seo, nach traidisiún é a thuilleadh, is fuath é go bunúsach, is imeaglú é. Ní cultúr é seo a thuilleadh." Dúirt sé fosta go mbraitheann sé go bhfuil tacaíocht ó na póilíní agus ó cheannairí eaglaise eile. "Mar phobal Moslamach, tá a fhios againn go bhfuil formhór na ndaoine i dTuaisceart Éireann an-fháilteach agus an-chineálta," a dúirt sé, ach chuir sé leis go bhfuil na cineálacha eachtraí seo ag méadú.gortuithe tromchúiseacha - serious injuriesfiosrúchán - investigation

  11. 344

    4 Iúil 2026 (Ard Mhacha)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an ceathrú lá de mhí Iúil. Is mise Barra Mac Giolla Aoláin.Bhí deireadh seachtaine iontach peile i bPáirc an Chrócaigh agus níl fágtha anois ach ceithre fhoireann i gCraobh na hÉireann. Dé Sathairn, bhuaigh Maigh Eo ar Chorcaigh tar éis cluiche den scoth. Sa dara cluiche an lá sin, bhí an bua ag Ciarraí ar Thír Eoghain — cluiche an-sciobtha, scóráil ard agus toradh an-chóngarach ag an deireadh. Dé Domhnaigh bhí bua stairiúil ag Contae Lú nuair a sháraigh siad Muineachán chun áit a bhaint sa chluiche leathcheannais den chéad uair ó bhí 1957 ann. Bhí cluiche deacair ag Baile Átha Cliath i gcoinne na Gaillimhe, ach d’éirigh leo an bua a fháil i ndiaidh dráma agus conspóide. Rinneadh an tarraingt oifigiúil Dé Domhnaigh agus mar sin, beidh Baile Átha Cliath ag imirt i gcoinne Ciarraí, agus Lú ag tabhairt aghaidh ar Mhaigh Eo sa bhabhta leathcheannais. Beidh na cluichí sin ar siúl an deireadh seachtaine seo chugainn.Tar éis do Sir Keir Starmer a fhógairt go mbeidh sé ag éirí as ról an Phríomh-aire, tá Feisire Makerfield Andy Burnham ar tí an post is mó i saol na polaitíochta sa Ríocht Aontaithe a bhaint amach i lár mhí Iúil. De réir tuairiscí, táthar ag súil go rithfidh sé gan iomaíocht i dtoghchán ceannaireachta Pháirtí an Lucht Oibre. Ina chéad óráid mhór maidir le polasaithe i Manchain an tseachtain seo, leag Burnham amach plean radacach chun an tír a athrú ó bhonn. Bunóidh sé an dara hoifig rialtais i Manchain chun cumhacht a tharraingt amach ó Londain. Dúirt sé go mbeidh plean fadtéarmach ann chun tithe sóisialta a thógáil agus printíseachtaí teicniúla a chur ar comhchéim le céimeanna ollscoile. Gheall sé go gcloífidh sé le rialacha Pháirtí an Lucht Oibre chun na margaí a chur ar a suaimhneas agus cobhsaíocht eacnamaíoch a chinntiú. Beidh níos mo eolais againn go luath.De réir seandálaithe, d’fhéadfadh ceann de na lonnaíochtaí is sine san Eoraip a bheith suite díreach lasmuigh de chathair Ard Mhacha. Tá Lios Uí Eochaidh gar don suíomh cáiliúil Eamhain Mhacha, áit ar tugadh “príomhchathair na hIarannaoise i gCúige Uladh” uirthi, agus ina raibh Rí Uladh Conchúr Mac Neasa ina chónaí sna scéalta miotaseolaíochta. Deir saineolaithe ó Ollscoil na Banríona agus ó Ollscoil Ghlaschú go raibh Lios Uí Eochaidh ina lárionad rathúil le linn na Cré-umhaoise Deireanaí —timpeall 400 bliain níos luaithe ná mar a ceapadh roimhe seo. Dúirt an seandálaí Patrick Gleeson go bhfuil an suíomh seo ar cheann de na tírdhreacha stairiúla is tábhachtaí in iarthar na hEorpa don tréimhse sin.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISbua stairiúil - historic victoryconspóid - controversyFeisire - MPprintíseachtaí teicniúla - technical apprenticeshipsseandálaithe - archaeologiststírdhreacha - landscapes

  12. 343

    27 Meitheamh 2026 (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an seachtú lá is fiche de mhí an Mheithimh. Is mise Liam Ó Brádaigh. I Veiniséala, mharaigh dhá chrith talún cumhachtach 589 duine ar a laghad agus gortaíodh beagnach 3,000. Tráthnóna Dé Céadaoin, braitheadh na creathanna talún, a thomhais 7.2 agus 7.5 ar scála Richter, ar fud an réigiúin. Tá scriosadh foirgneamh agus bóithre forleathan. Tuairiscítear go bhfuil na mílte fós ar iarraidh ar fud na tíre agus foirne tarrthála áitiúla agus idirnáisiúnta ag cuardach marthanóirí. D’fhógair an t-uachtarán eatramhach Delcy Rodriguez staid éigeandála i n-aitheasc don náisiún Dé Céadaoin. Dúirt sí go raibh an rialtas ag cruthú ciste atógála d’ospidéil agus do thithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr na gcreathanna talún. Ciontaíodh iarcheannaire an DUP, Jeffrey Donaldson, i ngach ceann de na 18 gcúiseamh mí-úsáide gnéis leanaí ina choinne, lena n-áirítear éigniú. Fuair an giúiré freisin gur chabhraigh agus gur spreag a bhean chéile, Eleanor, leis, ach níor ciontaíodh í mar gheall ar neamhábaltacht triail a sheasamh. D’aontaigh ionadaithe ó dhá thaobh an deighilt pholaitiúil sa Tuaisceart ina gcáineadh ar iarcheannaire an DUP ag tús ghnó an Tionóil Dé Máirt agus mhol polaiteoirí misneach íospartaigh Donaldson as na líomhaintí a thabhairt chun cinn . Bhí an ceannaire cumhachtach agus suntasach roimhe seo tar éis é féin a chur i láthair mar dhuine a thacaigh le luachanna láidre Críostaí. Ó tugadh an breithiúnas, tá tuilleadh nochtuithe déanta ag iar-oifigigh shinsearacha póilíní agus polaiteoirí faoi iompar bréagchráifeach Donaldson.Tá an tonn teasa tubaisteach ag cur isteach ar an saol in iarthar na hEorpa, go háirithe i Sasana, sa Fhrainc, sa Spáinn agus san Iodáil. Sa Ríocht Aontaithe dhún go leor scoileanna agus gnólachtaí go luath mar gheall ar an teas dian agus tá rabhaidh ann faoi mhoilleanna agus cealuithe traenacha de réir mar a sháraíonn an teocht 37C. Tá cruinneachán teasa tar éis teochtaí a bhrú os cionn 40 céim i gcodanna d'Iarthar na hEorpa an tseachtain seo, rud a d'fhág na céadta marbh. In Éirinn tá rabhaidh tugtha faoi stoirmeacha toirní atá ar tí tarlú ar fud na tíre.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISmarthanóirí - survivorsuachtarán eatramhach - interim presidentnochtuithe - revelationsbréagchráifeach - hypocriticaltonn teasa - heat wavecruinneachán teasa - heat dome

  13. 342

    20 Meitheamh 2026 (Luimneach)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an fichiú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Sibéal Dempsey.Tá comhaontú ceithre phointe dhéag sínithe ag Donald Trump leis an Iaráin, ag maíomh gur thug sé “bua mór” do na Stáit Aontaithe agus gur athoscail Caolas Hormuz dá bharr. Deirtear, áfach, gur thug an margadh lamháltais shuntasacha pholaitiúla agus airgeadais don Iaráin. I measc na lamháltas sin tá deireadh láithreach le bac cabhlaigh na Stát Aontaithe ar chalafoirt na hIaráine, eisiúint maithiúnais le haghaidh amhola Iaráineach a sheoladh thar lear, chomh maith leis an bhféidearthacht go n-ardófaí gach smachtbhanna idirnáisiúnta i gcoinne na hIaráine, agus scaoileadh saor na mbilliún dollar i sócmhainní na hIaráine. Dúirt Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, gur “margadh an-mhaith” a bhí ann, ag cur leis go dtacaíonn comhghuaillithe na Stát Aointaothe sa G7 leis “toisc gur comhaontú é a chuireann deireadh le staid éagobhsaíochta móire a raibh iarmhairtí uafásacha aige dár ngeilleagair”.Vótáil na Teachtaí Dála i nDáil Éireann i bhfabhar deireadh a chur leis an tréimhse feithimh éigeantach trí lá le haghaidh ginmhillte. Ritheadh an vóta ar bhille Shinn Féin le sé vóta is ochtó i gcoinne seachtó. Táthar ag súil anois go gcuirfear an bille faoi bhráid an choiste sláinte le haghaidh tuilleadh scrúdaithe. Deir cuid de na daoine a vótáil ina choinne gurbh é ceann de na coinníollacha le haghaidh vótála sa reifreann roimhe seo an tréimhse feithimh trí lá seo. Ar an lámh eile, tá Páirtí an Lucht Oibre ag iarraidh go ndéanfaí athchóirithe níos faide. Mar sin féin, faoi láthair tá tréimhse feithimh trí lá idir comhairliúcháin dochtúra teaghlaigh agus ginmhilleadh suas le dhá sheachtain déag.Deir an Taoiseach go bhfuil Éire ‘ag féachaint ar thoirmeasc’ ar na meáin shóisialta do dhaoine faoi bhun sé bliana déag d’aois tar éis don Ríocht Aontaithe toirmeasc sínte a fhógairt. Dúirt sé, áfach, go leanfaidh beartas na hÉireann seasamh an Aontais Eorpaigh seachas toirmeasc aonair a leagan síos. Tá sé seo amhlaidh in ainneoin go bhfuil roinnt airí sinsearacha i bhfabhar an toirmisc, agus go bhfuil toirmisc aonair curtha i bhfeidhm ag tíortha eile san Aontas Eorpach amhail an Phortaingéil cheana féin. Áireofar leis an toirmeasc sa Ríocht Aontaithe na suíomhanna meán sóisialta caighdeánacha chomh maith le gníomhaíochtaí eile amhail sruthú ar shuíomhanna cearrbhachais, agus compánaigh intleachta saorga, rud a théann níos faide ná an toirmeasc a thug an Astráil isteach ar dtús.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISlamháltais - concessionsbac cabhlaigh - naval blockadetréimhse feithimh éigeantach - mandatory waiting periodginmhilleadh - abortiontoirmeasc - prohibitionsuíomhanna cearrbhachais - gambling sitescompánaigh intleachta saorga - AI companions

  14. 341

    13 Meitheamh 2026 (Liatroim)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.Inniu an tríú lá déag de mhí an Mheithimh. Is mise Órla Nic Con na Búille.Foilsíodh tuairisc dheiridh Choimisiún Imscrúdaithe an Oirdheiscirt an tseachtain seo maidir le líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí i gcoinne Bill Kenneally. Deirtear sa tuairisc gur theip go tromchúiseach ar bheirt oifigeach sinsearach den Gharda Síochána gníomhú i gceart nuair a tháinig líomhaintí chun cinn in 1987. Cé gur admhaigh Kenneally cuid dá iompar ag an am, níor cuireadh fiosrúchán cuí ar bun agus níor cuireadh stad lena chuid gníomhaíochtaí. Tá Kenneally i bpríosún faoi láthair as drochúsáid ghnéasach a dhéanamh ar 15 bhuachaill idir 1979 agus 1990. Cháin an tuairisc Bord Sláinte an Oirdheiscirt as gan eolas a bhí ar fáil dóibh ag an am a fhiosrú. Tá tagairt déanta do dhaoine áirithe i bpoist údaráis a raibh eolas acu faoi na líomhaintí thar na blianta. Mhol an Coimisiún go ndéanfaí fiosrúchán práinneach maidir le hoifigigh phoiblí agus aon fhaillí a raibh déanta acu ina ndualgas. Braitheann roinnt marthanóirí go léiríonn an tuairisc go raibh an ceart acu ina seasamh, cé go bhfuil fearg orthu faoi na deiseanna a cailleadh chun cosc a chur ar an drochúsáid. Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, go ndéanfaidh sé machnamh ar thorthaí na tuarascála agus go mbuailfidh sé leis na híospartaigh.I mBéal Feirste, tá an duine a gortaíodh san ionsaí scine a tharla oíche Luain i gcóma go fóill. Chaill Stephen Ogilvie súil amháin san ionsaí. Leanann an chorraíl ar aghaidh timpeall na cathrach. D’úsáid na póilíní gunna uisce ag Timpeallán Sandyknowes i nGleann Ghormlaithe, chun slua mór a scaipeadh tar éis ionsaithe leanúnacha ar na póilíní. Caitheadh brící, buidéil agus píosaí adhmaid ag na póilíní, agus rinne grúpaí de dhaoine a raibh masc orthu damáiste d’fhálta ag tithe áitiúla chun iad a úsáid mar airm. Tuairiscíodh tinte i roinnt áiteanna, lena n-áirítear feithicil de chuid an Roinn Bonneagair agus boscaí bruscair, agus rinneadh iarrachtaí foirgneamh tréigthe a chur trí thine. I roinnt cásanna, caitheadh buamaí peitril i dtreo línte na bpóilíní. Chuir an chorraíl isteach ar iompar poiblí ar fud na sé chontae ó thuaidh, agus dúnadh roinnt scoileanna go luath. Tá an foréigean seo cáinte go mór ag na húdaráis, a d’iarr ar dhaoine fanacht socair. Leanfaidh fiosrúcháin ar aghaidh maidir leis an gcéad ionsaí agus ar na himeachtaí a tháinig ina dhiaidh sin.Tá an Corn Domhanda FIFA tosaithe go hoifigiúil, an comórtas peile idirnáisiúnta is mó ar domhan, a bhíonn á reáchtáil gach ceithre bliana. Den chéad uair riamh, tá an comórtas ar siúl i dtrí thír - Meicsiceo, Ceanada agus na Stáit Aontaithe. Beidh cluichí i 16 chathair ar fud Mheiriceá Thuaidh, lena n-áirítear Cathair Mheicsiceo, Vancouver agus Nua-Eabhrac. Beidh 48 foireann páirteach sa chomórtas, roinnte i 12 ghrúpa de cheithre fhoireann. Laistigh de na grúpaí seo, imreoidh gach foireann trí chluiche. Rachaidh an dá fhoireann is fearr as gach grúpa ar aghaidh go huathoibríoch. Ansin, rachaidh ocht bhfoireann eile ar aghaidh freisin mar na foirne tríú háit is fearr. Cruthóidh seo na 32 foireann sa bhabhta díbeartha. Ón mbabhta díbeartha ar aghaidh, má chailleann foireann cluiche ar bith, fágfaidh siad an comórtas. Má bhíonn scór cothrom tar éis am breise, beidh ciceanna pionóis leis an mbuaiteoir a shocrú. Tá cluichí á n-imirt ar fud na gcathracha óstacha, agus leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais, a bheidh ar siúl i Nua-Gheirsí ar 19 Iúil 2026.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain.Tá script ar fáil i d’aip phodchraolta.líomhaintí drochúsáide gnéasaí leanaí - allegations of child sex abusemarthanóirí - survivorsan Roinn Bonneagair - Department for Infrastructurego huathoibríoch - automaticallybabhta díbeartha - elimination round

  15. 340

    6 Meitheamh 2026 (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá de mhí an Mheithimh. Is mise Oisín Mac Conamhna.Scríobh Volodymyr Zelenskyy, Uachtaráin na hÚcráine, litir oscailte chuig Vladimir Putin, Uachtaráin na Rúise, an tseachtain seo, inar mhol sé cruinniú mullaigh eatarthu, i stát neodrach, chun idirbheartaíocht a dhéanamh chun deireadh a chuir leis an gcogadh idir an dá thír. Sa litir, dúirt sé nach maith le muintir na Rúise dróin ná diúracáin na hÚcráine, nach maith leo ganntanas gásailín ná síorbholscaireacht ná síorshrianta, nach maith leo an slógadh nua atá ar intinn ag Putin, agus nach maith leo nach bhfuil aon deireadh leis an gcogadh le feiceáil. Dúirt sé go bhfuil arm na Rúise ag cailleadh tríocha míle saighdiúir in aghaidh na míosa, maraithe nó gortaithe go dona; agus go bhfuil a shaol fhéin luachmhar do Putin. Dúirt sé go bhfuil an aois ag tosnú cur isteach ar Putin, go méadfaidh an tuirse leis, agus nuair a thagann tuirseach ar an Rúis, tagann athruithe. Dúirt Putin go raibh an litir drochbhéasach, nach raibh aon chúis le cruinniú faoi láthair, agus gur cheap sé nach raibh an litir ag iarraidh cruinniú déthaobhach a eagrú.I Neipeal, tháinig Dawa Sherpa slán ó Shliabh Everest tar éis sé lá ina aonar go hard ar an sliabh, ar an dara lá dá shochraid a bheith ar siúl sa bhaile. Fágadh ina aonar é nuair a thóg sé sos ag teacht anuas thart ar 7,500 méadar, acht dúirt sé gur theip ar a chuid ocsaigin, agus ansin ní raibh sé in ann siúl a thuilleadh. Níor ith sé tada ar feadh dhá lá, agus ansin thosaigh sé ag mungailt leac oighir go crua, acht thug sé sin pian ina fhiacla dó. Ansin d’aimsigh sé seacláid ina phóca, a d’ith sé, acht ina dhiaidh sin thit sé isteach i gcreabhás. Ní raibh sé in ann dreapadh as ar feadh dhá lá go leith, go dtí gur thit maidhm shneachta isteach air, ionas go raibh sé ábalta éalú as an gcreabhás ar an sneachta. Ansin ba bheag nár chuir maidhm shneachta eile bac air, acht lean sé ar aghaidh tríd an sneachta agus tríd an oíche, go dtí go bhfacthas é ag crúbadach go mall síos go dtí an bunchampa, agus iompraíodh go sábháilteacht é. Dúirt a bhean chéile, Damu Sherpa, gur baineadh geit ollmhór aisti nuair a chonaic sí é arís den chéad uair, nach raibh sí in ann a chreideamh cén chaoi ar tháinig sé slán in aon chur, agus go raibh súil aici nach dtarlódh a leithid sin de dhochraide d’éinne eile. Dúirt a iníon, Mhendo Lhamo Sherpa, go raibh áthas orthu.Bhí bua iontach ag foireann sacair na mban na hÉireann i gcoinne na hÍsiltíre oíche Dé hAoine i bPáirc Uí Chaoimh, i gcluiche cáilithe don Chorn Domhanda. Fuair Kyra Carusa an chéad cúl d’Éirinn sa chéad leath, sula bhfuair Dominique Janssen cúl an chomhscóir don Ísiltír ó chic éirice le thart ar fiche nóiméad fágtha. Chuir Abbie Larkin Éire chun tosaigh arís, roimh chúl an chomhscóir eile ó Victoria Pelova. Acht sa nóchadú nóiméad, fuair Amber Barrett ó Dhún na nGall scór an bhua, agus bhrúcht Páirc Uí Chaoimh le ceiliúradh. Tá cluiche cáilithe amháin fágtha ag Éirinn, i gcoinne na Fraince Dé Máirt seo chugainn, agus má éiríonn leo, gheobhaidh siad cáiliú díreach chuig an gCorn Domhanda sa Bhrasaíl an bhliain seo chugainn.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScruinniú mullaigh - summit meetingsíorbholscaireacht ná síorshrianta - constant propaganda or restrictionscreabhás - crevassemaidhm shneachta - avalanchecluiche cáilithe - qualifying matchcúl an chomhscóir - the equalising goal

  16. 339

    30 Bealtaine 2026 (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an tríochadú lá de mhí Bealtaine. Is mise Alanna Ní Ghallachóir.Tá tús curtha le triail iar-cheannaire an Pháirtí Aontachtaigh Dhaonlathaigh, Jeffrey Donaldson, agus a mhná céile, i ndiaidh do bheirt bhan líomhaintí a dhéanamh go ndearna sé mí-úsáid ghnéis orthu agus iad ina bpáistí. D’inis abhcóide an ionchúisimh, Rosie Walsh KC, don ghiúire de chúigear ban agus seachtar fear ag Cúirt Chórónach an Iúir, go ndúirt duine de na gearánaigh gur thosaigh an mhí-úsáid agus í fós sa bhunscoil, agus gur leanadh ar aghaidh leis ar feadh roinnt blianta. Dúirt an gearánach eile gur chreid sí gur tharla na teagmhais bainte léi féin thart fán aois chéanna. Agus é i mbun agallamh le póilíní tar éis á ghabhála i Mí an Mhárta 2024, dúirt Donaldson gur rud “dochreidte” a bhí sa chúiseamh éignithe ina aghaidh agus shéan sé na cúisimh a bhí curtha ina leith. Phléadáil iar-cheannaire an DUP neamhchiontach do 18 gcúiseamh agus shéan Bean Donaldson cúig chúiseamh. Deirtear gur tharla na teagmhais idir na blianta 1985 agus 2008Dé Céadaoin, sáraíodh an churiarracht teochta um mí na Bealtaine in Éirinn ag Aerfort na Sionainne, nuair a bhain an mearcair 30.6C amach. Lean sé seo curiarracht eile ní ba luaithe sa lá ag stáisiún aimsire Páirc na Darach, taobh amuigh de bhaile Cheatharlach, inar taifeadadh teocht 29.7C. Agus sa Phortaingéil, taifeadadh an lá is teo i mí na Bealtaine ag 40.3C sa bhaile lárnach Mora, agus tíortha in iarthar na hEorpa ag streachailt leo san aimsir mharfach leáiteach. Sna tríocha bliain a chuaigh thart, tá ardú teochta 0.56C tagtha ar an Eoraip achan deich mbliana, de réir na Seirbhíse Aeráide Copernicus - neart leis na teochtaí as cuimse a dhéanamh níos coitianta. Déardaoin, dúirt na Náisiúin Aontaithe go bhfuil seans maith ann go ndéanfaidh na meánteochtaí domhanda na hardteochtaí as cuimse níos géire. Tháinig clú agus cáil ar bhuabhall ailbíneach neamhchoitianta a bhfuil gruaig fhada fhionn air sa Bhangladéis, agus an fhéile Eid al-Adha ag bualadh linn, agus é ag tarraingt na sluaite cuairteoirí fiosracha a deir go bhfuil an-chosúlacht idir an t-ainmhí agus Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá, Donald Trump. Tógadh an buabhall, a bhfuil beagnach 700kg meáchain ann, ar fheirm i gceantar in aice leis an phríomhchathair, Dhaka, agus tugadh an leasainm Donald Trump air mar gheall ar an dos gruaige bán thar a bhaitheas. Is Moslamaigh iad formhór na mBangladéiseach, náisiún san Áise Theas a bhfuil 170 milliún duine ann, a bhí ag céiliúradh Eid al-Adha, féile na híobairte le linn na seachtaine. Bhí sléacht le déanamh ar an bhuabhall leis an fhéile a chomóradh ach, sna huaireanta sular cuireadh é chun báis, ghníomhaigh an rialtas leis an t-ainmhí a shabháil. Dúirt coiméadaí an Zú Náisiúnta um Bangladéis, Atiqur Rahman, go dtabharfaí cúram maith don ainmhí, agus bóthán áirithe tugtha don bhuabhall in éineacht le cúramóir, agus go mbeidh sé ar coraintín le haghaidh coicíse. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISgearánach - complainantcúiseamh éignithe - accusation of rapeleáiteach - meltingmeánteochtaí - average temperaturesbuabhall ailbíneach - albino buffalodos gruaige - tuft of hair

  17. 338

    24 Bealtaine 2026 (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an ceathrú lá is fiche de mhí na Bealtaine. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh.Thascar Iosrael an Cabhlachán Domhanda Sumud in uiscí idirnáisiúnta arís i rith na seachtaine. Bhí 50 bád agus níos mó ná 400 gníomhaí páirteach sa chabhlachán, ag déanamh iarracht nua cúnamh a thabhairt go Gaza tar éis tascartha ó Israel ar an misean roimhe seo. Bhí ar a laghad dháréag saoránach Éireannach páirteach sa chabhlacán, an Dochtúir Margaret Connolly, deirfiúir le hUachtarán na hÉireann Catherine Connolly san áireamh. Cuireadh físeán ar líne a thaispeáin na coinníollacha uafásacha ina bhfuil na gníomhaí á gcoimeád. San fhíseán, tá Aire Slándálal Náisiúnta Iosrael, Itamar Ben-Gvir, le feiceáil, agus é ag déanamh trasnáil agus magadh orthu, rud a tharraing cáineadh ó oifigigh agus cinn stáit timpeall an domhain. Luaigh ionadaí ón gcabhlachán go bhfuil na coinníollacha céanna, agus níos measa fiú, á bhfulaingt ag na Pailistínigh agus gur chóir rialtais an domhain bearta níos láidre a thógáil i gcoinne Iosrael.Thug an tUachtarán Catherine Connolly an chéad chuairt oifigiúil ar an Ríocht Aontaithe i ról an Uachtaráin i rith na seachtaine. Thosaigh sí le cuairt ar an Irish Cultural Centre in Hammersmith, áit ar bhuail sí le polaiteoirí agus ionadaithe cultúir agus ealaíne de chuid na hÉireann i Londain, baill de Chonradh na Gaeilge i Londain san áireamh. Labhair sí faoin imirce stairiúil ó Éirinn go Sasana, agus an tionchar leathan ag daoine Éireannacha ar thionscal agus ar chultúr na Breataine. Luaigh sí cúiseanna eacnamaíocha agus an géarchéim tithíochta mar phríomhchúis leis an ardú is déanaí ar an imirce idir an dá thír le blianta beaga anuas. Ag céilliúradh cultúr Gaelach, dúirt sí freisin gur chóir d’Éireannaigh a bheith bródúil as cultúir eile a chuimsiú agus gan iad a fheiceáil mar bhagairt. Thug sí cuairt ar Phálas Buckingham ina dhiaidh sin agus thug sí cuireadh don Rí Séarlas cuairt a thabhairt ar Éirinn an bhliain seo chugainn. Lean an turas le stop ag Seó na mBláthanna in Chelsea agus cuairt ar an London Irish Centre i gCeamdain. Ansin, thaistil sí go Leeds le haghaidh cuairt ar Ollscoil Leeds agus an Leeds Irish Centre chun críoch a chur leis an turas.Bhuaigh Arsenal Príomhshraith Shasana Dé Máirt, den chéad uair ó bhí 2004 ann. Tháinig an bua nuair a chríochnaigh cluiche idir Manchester City agus Bournemouth ar comhscór. Bhí Manchester city sa dara háit sa tsraith ó thaobh pointí de agus bhí orthu bua a bhaint amach sa chluiche sin le bheith ábalta an ceann is fearr a fháil ar Arsenal sa bhabhta deireanach den tsraith. Níor bhain agus bhuaigh Arsenal an tsraith gan an cluiche deireanach a imirt. Bhí céilliúradh ar siúl trasna Londan ar an oíche, sa Tuaisceart go háirithe, áit dúchais na Gunners. Is í an Phríomhshraith an duais is airde i sacar Sasanach agus seo an ceathrú uair déag go bhfuil sé buaite ag Arsenal riamh. Beidh Arsenal ag iarraidh a rath a leanúint le bua i Sraith na Seaimpíní ag deireadh na míosa, den chéad uair i stair an chlub. Tarlóidh cluiche ceannais Shraith na Seaimpíní i gcoinne Paris Saint-Germain in Budapest ar an tríochadú lá de Mhí na Bealtaine.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIS

  18. 337

    16 Bealtaine 2026 (Gaillimh)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an séú lá déag de mhí na Bealtaine. Is mise Eoin Ó Seachnasaigh.Tá Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe Keir Starmer faoi bhrú i ndiaidh seachtain dhramatiúil inar éirigh roinnt airí as an gcomh-aireacht in Westminster, iad ag rá nach bhfuil muinín acu as. Bhí sé i gcruachás mar thoradh ar na toghcháin áitiúla i Sasana inar chaill Páirtí an Lucht Oibre beagnach 1,500 comhairleoir ar fud na tíre, níos mó ná 450 i Londain amháin. D’admhaigh Starmer gur ndearnadh botúin le linn a théarma go dtí seo, ach go leanfadh sé ar aghaidh mar cheannaire an pháirtí agus mar Phríomh-Aire mar sin féin, cé gurb iad Reform an páirtí is mó anois agus Nigel Farage faoi lán seoil go Sráid Downing, de réir cosúlachtaí. Ba é Wes Streeting an chéad iomaitheoir mór le héirí as Dé Céadaoin, agus d’fhógair an iar-Leas-Phriomh-Aire Angela Rayner Déardaoin go bhfuil a cuid fadhbanna cánach réitithe. Ceaptar go seasfaidh sí do cheannaireacht an pháirtí mura féidir le Méara Mhanchain Andy Burnham dul san iomaíocht. Níl cead ag éinne an cheannaireacht a bhaint amach gan a bheith ina fheisire ach dúirt Josh Simons tráthnóna Déardaoin go n-éireodh sé as a shuíochán le deis a thabhairt do Burnham i bhfothoghchán. Ainm eile a luaitear leis an bpost ná iar-cheannaire an pháirtí Ed Miliband, ach tá an chuma ar an scéal nach seasfaidh sé.Go cúrsaí ceoil anois, le píosa nuachta a bheidh spéisiúil do lucht éisteachta an amhránaí as Contae Lú, David Keenan. Tar éis taispeantáis rathúla ar fud na cruinne, ag féilte scannáin ó Krakow go Chicago, tá an clár faisnéise David Keenan: Focla ar Chanbhás le feiceáil faoi dheireadh ar Sheinnteoir TG4. Paddy Hayes a stiúr é, ainm atá ceangailte le hearnáil craoltóireachta na hÉireann le blianta fada, i measc a chuid saothar bhí an tsraith iriseoireachta Corp agus Anam. Leanann an clár nua seo David ar feadh caoga lá, le fócas ar leith ar an bpróiseas cruthaitheach a bhí aige agus é i mbun taifeadta. Chomh maith leis sin, pléann sé an streachailt phearsanta fanacht glan ó bhrú na meán sóisialta agus a scéal féin á insint. Dá bhrí sin, is féidir a bheith ag súil le léargas fileata ar dhuine dár gcumadóirí comhaimseartha is cumhachtaí, agus ar a thírdreach inmheánach shaibhir.Bhí breis is míle paisinéir sáinnithe ar long chrúsála amach ó chósta Bordeaux i rith na seachtaine tar éis ráig gaistreintrítis. Cé nár bhuail an tinneas ach caoga duine, b’éigean do gach duine acu fanacht ar bord nuair a bhásaigh turasóir amháin agus léirigh roinnt de na daoine eile comharthaí an ghalair. Rinneadh iniúchadh go sciobtha agus fuair na híospartaigh cúram éigeandála ó dhochtúir na loinge sular cuireadh i gcoraintín iad. D’fhág an long darb ainm ‘Ambition’ Oileáin Shealtainn ar an 6ú lá de mhí na Bealtaine agus stop sí ar dtús i mBéal Feirste agus ansin i Learpholl sular shroich sí Bordeaux. Agus muid ag taifeadadh, bhí na húdaráis fós ag bailiú samplaí ó na paisinéirí ionas go bhfeadfaí iniúchadh níos iomláine a dhéanamh. Deirtear nach bhfuil aon bhaint ag an eachtra seo leis an ráig hantaivíris a tharla ar long chrúsála de chuid na hÍsiltíre, an MV Hondius, le déanaí, ach pé scéal é, bígí cúramach má théann sibh amach ar muir!*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAIScomh-aireacht - cabinet (politics)feisire - MPearnáil craoltóireachta - broadcasting sectorléargas - insightcúram éigeandála - emergency careiniúchadh - investigation

  19. 336

    9 Bealtaine 2026 (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an naoú lá de mhí na Bealtaine. Is mise Niall Ó Siadhail.Tá triúr marbh agus roinnt eile an-tinn i ndiaidh ráig den hantaivíreas ar long Ísiltíreach san Aigéan Atlantach. D'imigh an long ó dheisceart na hAirgintíne ar an chéad lá de mhí Aibreáin agus beagnach céad go leith duine ar bord, and d'fhág bean amháin in éineacht le corp a fir chéile an long i San Héilin. Fuair sí féin bás fosta. Fuair paisinéir eile bás seachtain ó shin, agus bhí amhras ann an mbeadh cead ag an long teacht isteach sna hOileáin Chanáracha, mar gheall ar an víreas. De ghnáth, baineann an hantaivíreas le creimirí amhail luchóga agus francaigh, ach tagann sé ar dhaoine ó am go ham. Dúirt an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Déardaoin nach bhfuil siad ag súil le heipidéim mar gheall ar an ráig.Tá maoiniú do Thionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann sábháilte i ndiaidh fógra an tseachtain seo go mbeadh deireadh ag teacht le tacaíocht an rialtais don tionscadal, atá ar an fhód le beagnach daichead bliain. Bunaíodh é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, in 1987,  le taighde a dhéanamh ar bhunús agus brí logainmneacha ar fud na Sé Chontae, ach d'fhógair an tAire Pobal Gordon Lyons, atá ina bhall den Pháirtí Daonlathach Aontachtach, nach mbeadh an maoiniú ar fáil a thuilleadh. Meastar gur £90,000 sa bhliain atá i gceist. Tháinig cor eile sa scéal, áfach, nuair a d'fhógair an tAire Geilleagair Caoimhe Archibald go gcuirfeadh a Roinn féin an maoiniú ar fáil. Shéan an tAire Lyons go raibh dearcadh frith-Éireannach aige.Bhain an craoltóir cáiliúil David Attenborough céad bliain amach inné. Rugadh é sa bhliain 1926 agus bhí suim aige sa dúlra ó bhí sé ina bhuachaill óg. Thosaigh sé ag obair leis an BBC ag tús na gcaogaidí agus bhí sé ina rialtóir ar an chainéal nua BBC2 sna seascaidí. Chruthaigh sé an clár faisnéise Life on Earth in 1979, agus ba sa tsraith seo go raibh cruinniú cáiliúil aige le grúpa goraillí i Ruanda. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an lucht féachana nuair a labhair sé leis an cheamara faoi éirim agus tuiscint na ngoraillí, agus ón am sin, bhí na milliún daoine timpeall an domhain tógtha lena chuid clár faisnéise agus go háirithe lena ghuth séimh. Tá go leor de na cláir sin le feiceáil ar shuíomh an BBC faoi láthair, agus tá neart imeachtaí eile ar siúl lena bhreithlá a cheiliúradh.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISráig - outbreakcreimirí - rodentsan Eagraíocht Dhomhanda Sláinte - the World Health Organisationmaoiniú - fundinglogainmneacha - placenamesfrith-Éireannach - anti-Irishcraoltóir - broadcasterrialtóir - controller

  20. 335

    2 Bealtaine 2026 (An Dún)

    Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniu an dara lá de mhí na Bealtaine. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh.Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump i ndiaidh ordú a thabhairt go dtabharfar cúig mhíle saighdiúir Meiriceánach abhaile ón Ghearmáin. Rinneadh an t-ordú mar gheall ar achrann eile le comhghuaillí de chuid na Meiriceánach, nuair a cháin Seansailéir na Gearmáine Friedrich Merz an cogadh leis an Iaráin. Tá láithreacht mhíleata láidir ag na Stáit Aontaithe sa Ghearmáin ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus thart ar tríocha cúig míle saighdiúir ann faoi láthair. Ag an am chéanna, níor thángthas ar réiteach go fóill le deireadh buan a chur leis an chogadh, agus mharaigh ionsaithe Iosraelacha dháréag sa Liobáin le cúpla lá anuas.Tá albam úr Kneecap FENIAN ar fáil ó inné, Lá Bealtaine. Rinne siad an t-albam leis an léiritheoir ceoil mór le rá Dan Carey, a d'oibrigh le grúpaí ar nós Fontaines DC agus Franz Ferdinand roimhe seo. Tagann an ceirnín úr i ndiaidh cúpla bliain de chonspóid, agus Mo Chara ag dul i ngleic le cúiseamh go raibh sé ag tacú le grúpaí toirmiscthe. Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil go mór san albam nua, agus rapálaí Palaistíneach le cluinstin in amhrán amháin, ach tá téamaí níos pearsanta ann fosta, agus críochnaíonn an t-albam le traic in ómós do mháthair Móglaí Bap, a fuair bás sa bhliain 2020.Cuireadh fáilte an ghaiscígh roimh Sabastian Sawe ina bhaile dúchais sa Chéinia an tseachtain seo, i ndiaidh dó Maratón Londan a bhuachan agus curiarracht úr taobh istigh de dhá uair an chloig a bhaint amach. Tugadh fleasc traidisiúnta agus deoch de bhainne coipthe ag an aerfórt, agus dúirt Sawe leis an tslua gur leis an phobal ar fad an bua seo. Ina dhiaidh sin, tugadh duaiseanna eile dó ag fáiitiú mór in áras Uachtarán na Céinia. Tá clú agus cáil ar reathaithe na Céinia, agus bhí seanmháthair Sawe féin páirteach ag na Cluichí Oilimpeacha in München sa bhliain 1972. *Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISachrann - spatcomhghuaillí - allygrúpaí toirmiscthe - proscribed groupsfáilte an ghaiscígh - a hero's welcomefleasc - wreathbainne coipthe - fermented milk

  21. 334

    Cothrom an Lae - 17 Márta (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an 17ú lá de mhí an Mhárta – Lá Fhéile Pádraig. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1601, tharla an chéad pharáid a bhfuil tuairisc againn uirthi in onóir na Féile Pádraig  san áit ar a dtugtar “Naomh Agaistín” anois in Florida. Léirítear sna tuarascálacha gur shocraigh biocáire Éireannach, Ricardo Artur, an mórshiúl san iarchoilíneacht de chuid na Spáinne. Breis agus céad bliain ina dhiaidh sin, d’eagraigh saighdiúirí Éireannacha in Arm na Breataine máirseáil i mBostún sa bhliain 1737. Sa naoú haois déag tháinig méadú mór ar an líon inimirceach Éireannach sna Stáit Aontaithe agus leis sin d’éirigh na paráidí ní b'fhorleithne. Inniu, déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh i níos mó tíortha ná aon fhéile náisiúnta eile. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS biocáire - vicar iarchoilíneacht - ex-colony

  22. 333

    Cothrom an Lae - 16 Márta (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1872, imríodh an chéad chluiche ceannais sa Chorn FA i Sasana. Bunaíodh an FA féin siar in 1863 ach cuireadh tús leis an chéad Chorn FA i mí na Samhna 1871 agus tharla an cluiche ceannais ar 16 Márta 1872. Ba iad Wanderers FC ó Leytonstone in oirthear Londan a fuair an ceann is fearr ar a n-iomaitheoirí na Royal Engineers. Scóráil Morton Betts an cúl amháin sa chluiche. Bhuaigh Wanderers an Corn cúpla uair eile sa ré sin ach tháinig deireadh leis an chlub sna 1880idí. Ó shin i leith tá an Corn FA ar cheann de na chomórtais pheile is cáiliúla ar domhan. Bhuaigh Leicester City an Corn den chéad uair anuraidh, agus is iad Arsenal a bhfuil an líon is mó Corn FA buaite acu, le ceithre Chorn déag. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS corn – cup, competition iomaitheoirí – rivals

  23. 332

    Cothrom an Lae - 15 Márta (Gaillimh)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1852, rugadh Lady Augusta Gregory i gCreig an Róistigh, Co. na Gaillimhe, duine cáiliúil le linn Athbheochan Liteartha na hÉireann. Bhí sí ina scríbhneoir, drámadóir, aistritheoir agus béaloideasaí agus cé go raibh sí mar chuid den uasaicme Angla-Éireannach, d'aithin sí tábhacht na teanga agus an chultúir agus sa deireadh, thug sí tacaíocht don chúis náisiúnach i gcoinne chreidimh a haicme. Chaith sí a lán ama ina teach cónaithe I bPáirc na Cúile, Co. na Gaillimhe, agus ba thearmann do scríbhneoirí é - chaith William Butler Yeats gach samhradh ann ar feadh fiche bliain. In éineacht le Yeats agus Edward Martyn, bhunaigh Lady Gregory Amharclann Liteartha na hÉireann agus Amharclann na Mainistreach, an amharclann náisiúnta atá fós gníomhach i mBaile Átha Cliath. Fuair Lady Gregory bás i 1932. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS Athbheochan Liteartha na hÉireann - Irish Literary Revival béaloideasaí - folklorist uasaicme - upper class tearmann - haven, refuge

  24. 331

    Cothrom an Lae - 14 Márta (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1879 rugadh an fisiceoir Albert Einstein. Tá cáil ar Einstein as forbairt a dhéanamh ar Theoiric na Coibhneasachta. Chomh maith leis sin rinne sé obair thábhachtach ar theoiric na meicnice candamaí. Le chéile tá an dá réimse sin ina ndá philéar den fhisic nua-aimseartha. Tugtar ‘an cothromóid is cáiliúla ar domhan’ ar fhoirmle Einstein E = mc 2, a bhaineann le Teoiric na Coibhneasachta. Bhuaigh Einstein an Duais Nobel na Fisice i 1921 'as a chuid seirbhisí ar son na fisiceteoiriciúla agus go háirithe as fionnachtain dhlí na hiarmharta fótaileictrí’. Mar thoradh ar a chuid gaiscí agus nuálaíochta, tá an t-ainm Einstein comhchiallach le hardéirim agus ceiliúrtar Einstein fós mar cheann de na heolaithe ab fhearr sa stair. Chaith Einstein deireadh a ghairme ag obair ar dhá thurgnamh neamh-rathúla, ceann acu in aghaidh teoiric an chandaim, in ainneoin na hoibre tábhachtaí a rinne sé ar an topaic cheana. Mar thoradh air seo chríochnaigh Einstein a ghairm ar leithlis ón bhfisic nua-aimseartha, an réimse a chabhraigh sé lena bhunú. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fisiceoir - physicist candam - quantum Teoiric na Coibhneasachta – Theory of Relativity cothromóid – equation fionnachtain - discovery

  25. 330

    Cothrom an Lae - 13 Márta (An Dún)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1781, thángthas ar an phláinéad Úránas, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug an réalteolaí Sasanach, William Herschel, faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann. Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réalteolaí - astronomer cóiméad - comet seandéithe na Gréige - ancient Greek gods

  26. 329

    Cothrom an Lae - 12 Márta (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1689, tháinig James Stuart i dtír in Éirinn i gCionn tSáile. Ag an am bhí sé ina iar-rí ar Alban, ar Shasana agus ar Éirinn, agus dár leis, ar an bhFrainc chomh maith. Bhí sé ag iarraidh an choróin a bhaint ar ais ó William Oráiste, le taca mhuintir Chaitliceach na hÉireann. Gheall sé saoirse reiligiúin dóibh, agus aisíoc talún a gabhadh i réimeas Chromail. Bhí claontacht air i gcoinne Protastúnach, agus thug sé gach post sinsearach ina rialtas nó ina airm do Chaitlicigh, agus sula i bhfad bhí cogadh cathartha a bhain le reiligiún, talamh agus eitneacht spreagtha aige in Éirinn. Ní raibh aon airgead aige, agus mar sin rinne sé mona práinneach, an ‘mona gunnaí’, as gach saghas de dramh-mhiotal práis nó copair a bhí le fáil, mar shean-chloig, gunnaí móra agus a leithéid, le gealltanas go bhfuasclódh sé in óir agus in airgid é nuair a bhfaigheadh sé an choróin ar ais, rud nár tharla. Tháinig na mílte saighdiúir Francach leis, ar an lá seo agus níos déanaí. Acht tar éis bhriseadh Chath na Bóinne air chaill sé a dhóchas agus sciob sé ar ais go dtí an Fhrainc chomh tapaidh agus ab fhéidir leis, agus a airm ag troid fós ar a shon in Éirinn gan pháigh. Lean na Seacaibítigh ar aghaidh go deireadh an dara Léigear Luimnigh i mí Dheireadh Fómhair 1691, nuair a ghéill siad faoi théarmaí Chonradh Luimnigh. Ní raibh aon mhaitheas sa gconradh sin mar sáraíodh a airteagail shibhialta leis na Péindlíthe díreach ina dhiaidh; agus deirtear go ndúirt Pádraig Sáirséal “change but kings with us, and we will fight it over again with you” agus é ag idirbheartú an chonartha leis na hUilliamaítigh. Mar gheall ar an dochar a rinne sé agus a chuid meatacht phearsanta, is minic a thugtar “Séamas a’ Chaca’ ar an rí Stuart deireanach in Éirinn. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réimeas – reign mona práinneach – emergency money dramh-mhiotal – refuse metal na Péindlíthe – the Penal Laws meatacht – cowardice

  27. 328

    Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gotach - gothic turgnamh eolaíochta – scientific experiment

  28. 327

    Cothrom an Lae - 10 Márta (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1876, rinne Alexander Graham Bell an chéad scairt teileafóin ar domhan, nuair a d’éirigh leis ceangal intuigthe a bhunú lena chúntóir a bhí i seomra teorantach. Ghair sé ar a chúntóir saotharlainne, Thomas Watson, leis na focail, “A Watson–tar anseo–ba mhaith liom tú a fheiceáil,” de réir nótaí saotharlainne a scríobh Bell. Mac d’eolaí agus de phianódóir ab ea Bell: bhí a mháthair bodhar agus mhúin a athair daoine bodhra, rud a rinne Bell é féin agus é i Meiriceá. Nuair a bronnadh duais air ó rialtas na Fraince ar son gaisce in eolaíocht leictreach in 1880, d’úsáid sé an t-airgead duaise le Saotharlann Volta a bhunú, institiúid a bhí tiomanta do staidéar ar an bhodhaire agus d'fheabhsú shaol na ndaoine bodhra. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS pianódóir – pianist bodhaire - deafness

  29. 326

    Cothrom an Lae - 9 Márta (Baile Átha Cliath)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an naoú lá de mhí an Mhárta. Is mise Liam Ó Brádaigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1959, tharraing seoladh an chéad bhábóg Barbie go leor poiblíochta ag Aonach Bréagán Idirnáisiúnta Mheiriceá Thuaidh i Nua Eabhrach. Chruthaigh an bhean ghnó, Ruth Handler, an bhábóg íocónach don chomhlacht bréagán, Mattel, agus margaíodh Barbie do chailíní óga mar mhainicín faisin sna déaga. De réir an lucht cáinte, cuireann dearadh na bábóige corpíomhá neamhréadúil chun cinn do pháistí. In ainneoin na gcáintí seo, is iad Barbie agus a buachaill, Ken, dhá cheann de na bréagáin is mó tóir orthu ar domhan. Meastar go bhfuil breis agus billion bábóg Barbie díolta go dtí seo ar fud an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS mainicín faisin - fashion model corpíomhá neamhréadúil - unrealistic body image

  30. 325

    Cothrom an Lae - 8 Márta (Ciarraí)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gráinne Ní Bhrosnacháin. Cothrom an lae seo sa bhliain 1910, ba í Raymonde de Laroche an chéad bhean a fuair ceadúnas píolóta. Rugadh i bPáras na Fraince í sa bhliain 1882. Bean spórtúil ab ea í agus thaithin gluaisrothair agus cartacha go mór lei. Bhí cáil uirthi leis mar aisteoir roimhe. Spreagadh í san eitlíocht nuair a chur sí aithne ar eitleoirí eile. Chuaigh turas na ndeartháireacha Wright sa bhliain 1908 i gcion go mór uirthi freisin. Thosnaigh sí ag foghlaim conas eitilt sa bhliain 1909 sa bhaile Chalons, 140 ciliméadar taobh amuigh de Pháras. Chabhraigh an píolóta Charles Voisin léi taithí a fháil ar conas eitleán a láimhseáil. De réir a chéile d’éirigh léi eitleán a phíolótú go neamhspleách. Sa bhliain 1910, fuair sí roinnt cuirí go dtí taispeántais eitleáin timpeall an domhain. Bhí gradaim ann don té a bhainfeadh amach an luas, airde agus fad ab fhearr. Chuaigh sí ar turas go dtí Caireo san Éigipt, Cathair Pheadair sa Rúis agus Búdaipeist na hUngáire. Bhí roinnt timpistí aici ach lean sí ar aghaidh i gcónaí. Sa bhliain 1913, bhuaigh sí an gradam Coupe Femina, duais do phíolótaí baineanna as gnóthú thar na bearta a bhaint amach le heitilt 323 ciliméadar. Tháinig deireadh lena cuid aistear nuair a thosnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Thóg sí post mar thiománaí ag iompar saighdiúirí. Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, thosnaigh sí ag eitilt arís. Sa bhliain 1919 chuaigh sí thar na bearta ní b'fhaide arís ar airde 4800 méadar. Ní amháin go raibh sí ag eitilt, bhí cáil uirthi mar innealtóir éirimiúil ag tástáil eitleán mar theastaigh uaithi caighdeán ní b'fhearr a bheith ar an margadh. I mí Iúil 1919 bhí sí amuigh ag tástáil, agus thuairteáil an t-eitleán agus bhuail sé an talamh. Fuair sí bás agus í 36 bliain d’aois. Deintear comóradh ar Raymonde de Laroche ag Seachtain Dhomhanda Mhná na hEitlíochta i mí an Mhárta agus tá dealbh di le feiceáil san aerfort Le Bourget i bPáras. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceadúnas píolóta - pilot's licence eitlíocht - aviation cuirí - invitations

  31. 324

    Cothrom an Lae - 7 Márta (Tír Eoghain)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an seachtú lá de mhí an Mhárta. Is mise Niall Ó Siadhail. Cothrom an lae seo sa bhliain 1917, eisíodh an chéad cheirnín ar a tugadh “snagcheol”, nó “jazz” sa Bhéarla. Ba é an Dixieland Original Jass Band a chum agus a sheinn “Dixieland Jass Band One-Step”. Ceaptar gur in New Orleans a cruthaíodh an seánra ceoil seo, nuair a bhíodh Afra-Mheiriceánaigh ag ceol agus ag damhsa i gCearnóg an Chongó sa chathair. Cuireadh gnéithe de chultúr na hAfraice, go háirithe an rithim, le chéile le ceol Cairibeach agus ceol Eorpach chun snagcheol a chruthú. Mar sin, deirtear gurb é an snagcheol an t-aon fhoirm ealaíne a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe, agus ba mhór an tionchar a bhí ag an cheol seo, in éineacht le ceol gaspal agus na gormacha, ar phopcheol i rith an 20ú céad agus fós inniu. Go deas! * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS ceirnín – record snagcheol - jazz seánra - genre

  32. 323

    Cothrom an Lae - 6 Márta (Gaillimh)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an séú lá de mhí an Mhárta. Is mise Ella Hassett. Cothrom an lae seo sa bhliain 1972, rugadh Shaquille Rashaun O'Neal, nó 'Shaq', iar-imreoir cispheile Meiriceánach gairmiúil agus duine de na himreoirí cispheile is fearr agus is cáiliúla ar domhain. Chaith sé naoi mbliana déag ag imirt cispheile sna Stáit Aontaithe, ar fhoirne ar nós na Los Angeles Lakers, agus bhuaigh sé Ceannchluiche an Chumainn Náisiúnta Cispheile ceithre uaire i rith a ghairme. Tá sé 7 dtroithe 1 orlach ar airde. Chomh maith leis an spórt, rinne Shaq ceirníní rapcheoil agus rinne sé aisteoireacht i roinnt scannán agus clár teilifíse i gcaitheamh na mblianta. Faoi láthair, tá sé ag obair mar anailísí spóirt ar an teilifís agus mar óstach podchraolta freisin. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cispheil - basketball troigh - foot orlach - inch anailísí - analyst óstach - host

  33. 322

    Cothrom an Lae - 5 Márta (Tiobraid Árann)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an cúigiú lá de mhí an Mhárta. Is mise Gwyneth Nic Aidicín Ní Loinsigh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1960 tógadh ‘an griangraf is cáiliúla ar domhan’. Thóg Alberto Korda an grianghraf Guerillero Heroico, portráid de réabhlóidí Marxach Che Guevara in Havana, Cúba, ag cuimhneachán ar son íospartaigh phléasc La Coubre. Bhí Che Guevara tríocha a haon bliain d’aois nuair a tógadh an grianghraf agus cuireadh é chun bás seacht mbliana ina dhiaidh, in 1967. Deir an iarsmalann Victoria and Albert go n-athchruthaítear an t-íomhá níos minice ná aon íomhá eile i stair na grianghrafadóireachta, agus leaganacha déanta i bpéint, i bprionta, go digiteach, ar éadaí, tatúnna agus beagnach gach meán eile atá ar fáil. Rinne ealaíontóir Éireannach darbh ainm Jim FitzPatrick an chéad dearadh den phóstaer stílithe cáiliúil den íomhá i ndubh agus dearg. Tá aitheantas ag an íomhá ar fud an domhain, i ngach teanga agus deir saineolaí nach bhfuil siombail ar bith cosúil leis sa stair. Tá leabhair agus cláir faisnéise bunaithe ar an íomhá chomh maith. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS réabhlóidí - revolutionary cuimhneachán - commemoration aitheantas - recognition

  34. 321

    Cothrom an Lae - 4 Márta (An Dún)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an ceathrú lá de mhí an Mhárta. Is mise Siubhán Nic Amhlaoibh. Cothrom an lae seo sa bhliain 1678, tháinig ceoltoir agus cumadóir Antonio Vivaldi ar an saol i Venice, san Iodáil. Tríd a shaol, chum Vivaldi go leor píosaí tábhachtacha agus aitheanta de cheol barócach, agus is fearr aithne air mar chumadóir an choinséartó “Na Ceithre Shéasúr”. I ndiaidh dó bualadh leis an Impire Naofa Rómhánach Séarlas VI, bog Vivaldi go Vín agus é ag súil le tacaíocht ríoga, ach fuair an tImpire bás go gairid ina dhiaidh sin agus d'éag Vivaldi féin agus é beo bocht an bhliain dár gcionn. Ina ainneoin sin, is mór an tionchar a bhí ag Vivaldi ar cheol clasaiceach sa domhan thiar, agus thángthas faoi athbheochán ar a cheol le deanaí i gceolfhoirne thart an domhain. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS cumadóir - composer ceol barócach - baroque music Impire Naofa Rómhánach - Holy Roman Emperor ceolfhoirne - orchestras

  35. 320

    Cothrom an Lae - 3 Márta (Maigh Eo)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an tríú lá de mhí an Mhárta. Is mise Oisín Mac Conamhna. Cothrom an lae seo sa bhliain 1861, cuireadh saoradh sheirfigh na Rúise i bhfeidhm trí fhorógra an tSáir Alastar a Dó. Fuair thart ar 23 milliún duine, 38% de dhaonra na Rúise ag an am, a gcuid saoirse. Roimhe sin, díoladh agus ceannaíodh na seirfigh thalún leis an talamh a bhaineadar leis, gan ceart pósta gan cead a dtiarna talún, gan ceart taistil, gan ceart a réadmhaoin nó comhlacht féin a bheith acu, agus le dualgas trom obair a thabhairt don tiarna i rith na bliana; agus ní raibh sna seirfigh thí acht sclábhaithe. Dúirt an Sár go raibh sé ní b’fhearr deireadh a chur leis an seirfeachas ón mbarr, ná fanacht go ndíothóthaí é ón mbun. Fuair na seirfigh thalún deis cuid den talamh ar a d’oibrigh siad a cheannacht, fiú ar phraghas ard agus uaireanta bhí an giota beag talún róbheag chun maireachtáil a gclainne a bhaint amach; agus níor tugadh aon deis talamh a cheannacht do na seirfigh thí. Cé go raibh an feidhmiú go mall le deacrachtaí móra, d’athraigh an saoradh sochaí na Rúise go mór, agus chuir sé deireadh leis an gcóras ina raibh anamacha i seilbh sa Rúis go deo. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS forógra – proclamation seirfeach – serf réadmhaoin – property

  36. 319

    Cothrom an Lae - 2 Márta (Luimneach)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an dara lá de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag, tríocha a sé, d’fhógair Texas a neamhspleáchas ó Mheicsiceo go foirmiúil, tar éis cogadh a mhair timpeall sé mhí. Ansin cruthaíodh Poblacht Texas. Deirtear gur tharla an cogadh de bharr roinnt cúinsí, difríochtaí idir muintir Mheicsiceo agus muintir Texas ó thaobh cultúir de san áireamh, chomh maith le dearcaí i leith na sclábhaíochta agus an rialtais. Bhí Poblacht Texas ann ar feadh tréimhse deich mbliana, go dtí gur ionghabh na Stáit Aontaithe an stát agus gur ligeadh isteach san Aontas é. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS neamhspleáchas – independence ionghabh - annex

  37. 318

    Cothrom an Lae - 1 Márta (Dún na nGall)

    Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá de mhí an Mhárta. Is mise Alanna Ní Ghallachóir. Cothrom an lae seo sa bhliain 1896, tháinig an fisiceoir Henri Becquerel ar fhionnachtain cheannródaíoch de thimpiste, agus é i measc tástáil ag lorg fianaise ar son a theoiric mhícheart go n-ionsúnn salainn úráiniam atá tineghealánach solas na gréine agus go n-astaítear é mar x-gha. An rud a bhfaca sé ná gur astaigh an t-úráiniam radaíocht gan spreagadh ar bith ón ghrian. In 1898 thosaigh Marie agus Pierre Curie ag déanamh staidéir ar úráiniam i bPáras, agus in 1903, roinn Becquerel agus Muintir Curie Duais Nobel ar son a gcuid saothar a bhain le radaighníomhaíocht. Is scéal cáiliúil é faoi fhionnachtain de thaisme: ach is scéal nach bhfuil a oiread sin clú air ná gur tháinig an grianghrafadóir Abel Niépce de Saint-Victor ar an fhionnachtain chéanna de thimpiste fosta, 40 bliain roimh Becquerel. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS fhionnachtain cheannródaíoch - pioneering discovery salainn úráiniam atá tineghealánach – phosphorescent uranium salts astaigh – emit radaighníomhaíocht - radioactivity

Type above to search every episode's transcript for a word or phrase. Matches are scoped to this podcast.

Searching…

We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.

No matches for "" in this podcast's transcripts.

Showing of matches

No topics indexed yet for this podcast.

Loading reviews...

ABOUT THIS SHOW

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.The week's main news stories, read slowly in Irish.

HOSTED BY

Conradh na Gaeilge i Londain

Frequently Asked Questions

How many episodes does Nuacht Mhall have?

Nuacht Mhall currently has 37 episodes available on PodParley. New episodes are automatically indexed when they're published to the podcast feed.

What is Nuacht Mhall about?

Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.The week's main news stories, read slowly in Irish.

How often does Nuacht Mhall release new episodes?

Nuacht Mhall has 37 episodes. Check the episode list to see recent publication dates and frequency.

Where can I listen to Nuacht Mhall?

You can listen to Nuacht Mhall on PodParley by clicking any episode. We provide an embedded audio player for direct listening, and you can also subscribe via your preferred podcast app using the RSS feed.

Who hosts Nuacht Mhall?

Nuacht Mhall is created and hosted by Conradh na Gaeilge i Londain.
URL copied to clipboard!