22 Lúnasa 2026 (Luimneach) episode artwork

EPISODE · Aug 22, 2026 · 9 MIN

22 Lúnasa 2026 (Luimneach)

from Nuacht Mhall · host Conradh na Gaeilge i Londain

Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall.*Inniú an dara lá fiche de mhí Lúnasa. Is mise Sibéal Dempsey.Tá treocht atá ag fás agus ag teacht chun cinn in Éirinn de thiománaithe óga ag luasghéarú ar an mótarbhealach sa treo mícheart. Is cosúil go bhfuil an treocht seo á spreagadh ag ardáin meán sóisialta ar líne, áit a bpostálann na tiománaithe físeáin díobh féin, chun aird agus aitheantas a tharraingt ar líne. Mar thoradh ar thimpiste gluaisteáin Dé Domhnaigh seo caite, a tharla mar gheall ar an tiomáint seo, cailleadh cúigear déagóirí agus fágadh an ceathrar sa charr eile gortaithe go dona. Creideann na Gardaí go raibh na déagóirí ag iarraidh aird na nGardaí a tharraingt mar thuig siad nach mbeadh cead acu iad a leanúint sa treo mícheart ar an mótarbhealach. Ba é seo an dara timpiste de bharr tiomána den sórt sin an mhí seo amháin. Tá beartais leagtha síos ag go leor cuideachtaí meán sóisialta, lena n-áirítear TikTok agus YouTube, a thoirmisceann ábhar a thaispeánann nó a chuireann chun cinn cleasanna nó dúshláin chontúirteacha a d’fhéadfadh díobháil choirp a bheith mar thoradh orthu. Is é an rud a fhágann go bhfuil an fhadhb seo an-deacair do na Gardaí a láimhseáil ná nach gceadaítear déileáil le tóraíochtaí in aghaidh tráchta mar seo ach amháin i gcúinsí eisceachtúla, mar gheall ar na rioscaí a bhaineann leis.Tá sé séanta ag Donald Trump go bhfuil caibidlíocht ar siúl idir Washington agus Tehran maidir le Caolas Hormuz a athoscailt, caolas atá dúnta den chuid is mó le beagnach sé mhí le linn an chogaidh idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, agus d'fhógair Uachtarán Mheiriceá feachtas ag díriú ag gheilleagar na hIaráine. Tharla an méid seo ag am a raibh an Meabhrán Tuisceana seasca lá, a ba chúis leis an sos cogaidh idir an dá thaobh, díreach tar éis dul in éag. D’athdhearbhaigh an Iaráin roinnt éileamh, lena n-áirítear go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh leis na smachtbhannaí ola ar an Iaráin agus leis an mbac cabhlaigh sa Mhuir Arabach. Cé gur bhagair Trump buamáil a dhéanamh ar Óman freisin "dá mbeadh sé ag cur isteach” ar chainteanna idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin Dé Luain, shéan sé go raibh cainteanna ar bith ar siúl faoin Chéadaoin. Idir an dá linn, tá an Rúis tar éis bagairt a dhéanamh ar an Ríocht Aontaithe go mbeadh ‘iarmhairtí’ tar éis tuairiscí teacht chun cinn go raibh sí ag monarú drón a úsáideann fórsaí na hÚcráine.Corónaíodh Caoilfhinn Ní Choiligh, Rós na hIarmhí, mar bhuaiteoir Rós Thrá Lí an tseachtain seo. Tá Caoilfhinn, atá cúig bliana is fiche d’aois, ag obair sa mhiondíol agus í ag déanamh staidéir le bheith ina déantóir gruaige bréige, tar éis di a cuid gruaige a chailleadh de bharr alóipéice nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Is í bunaitheoir Hair Loss Haven í freisin, grúpa a chuireann tacaíocht ar fáil do dhaoine eile a bhfuil fadhbanna den chineál céanna acu agus a eagraíonn imeachtaí dóibh. Dúirt sí nach raibh focal le rá aici tar éis di an comórtas a bhuachan Dé Máirt. I measc duaiseanna eile, gheobhaidh sí deontas taistil luach fiche a cúig míle euro; is féidir léi é seo a úsáid chun taisteal ar fud an domhain agus freastal ar imeachtaí ina ról mar Rós Thrá Lí.*Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta.*GLUAISag luasghéarú - acceleratingcúinsí eisceachtúla - exceptional circumstancescaibidlíocht - negotiationag monarú - manufacturingmiondíol - retailbunaitheoir - founder

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published Aug 22, 2026

Embed this episode

Ready to play

22 Lúnasa 2026 (Luimneach)

0:00 9:01

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

Iriseoireacht na Gaeilge : Cad é an Scéal? Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie D'eagraigh Foras na Gaeilge seimineár i rith Oireachtas na Samhna 2011 a bhí ar siúl i gCill Áirne i mbliana agus rinne Raidió na Life taifead air. Tá níos lú maoiniú ar fáil do na meáin Ghaeilge sa chomhthéacs eacnamaíochta reatha. Sa seimineár seo rinneadh plé ar chén staid ina bhfuil agus cén todhchaí a bheidh ag na meáin Ghaeilge. Leis sin cuireadh an cheist 'An bhfuil ag éirí linn ár scéal a insint trí Ghaeilge?'.Bhí Cilian Fennell ó Stillwater Communications mar Chathaoirleach ar an seimineár agus bhí Pól Mac An Draoi, iar-Eagarthóir The Irish Daily Mail ann mar aoichainteoir. I measc an phainéil a bhí ag labhairt bhí Tomaí Ó Conghaile ó Nuacht 24, Uinsionn Mac Dubhghaill, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Eibhlín Ní Chonghaile, RTÉ Raidió Na Gaeltachta agus an craoltóir agus iriseoir Eoin Ó Murchú. Aon Scéal Phoenix FM Aon Scéal is a weekly magazine programme As Gaeilge presented by Grainne Ui Chaonhanaigh, covering a variety of topics of local and wider interest. We aim at those who are trying to improve their command of Gaeilge as well as those who are fluent already.We have regular feeds of Nuacht from local clubs, schools, etc. and regularly feature ‘What’s On’ items and book reviews. If it’s of interest and there’s someone available to tell us about it As Gaeilge, here’s where you’ll find it!Find out what’s going on in the area, share your stories with us, we are a platform for local news of all sorts – Táimíd i gcónaí oscailte do bhur nuacht. Seo bhur gclár. Hosted on Acast. See acast.com/privacy for more information.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of Nuacht Mhall?

This episode is 9 minutes long.

When was this Nuacht Mhall episode published?

This episode was published on August 22, 2026.

Can I download this Nuacht Mhall episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!