EPISODE · Sep 17, 2013 · 26 MIN
Clár 11 - 2013 - Raidió na Life
from Fada is Fairsing
Sa chlár seo, labhraím le beirt fhear den ainm Maidhc i Meiriceá Thuaidh! Ar dtús cloisimid ó Mhaidhc O' Regan atá ina chónaí gar do Chicago agus é ag labhairt linn faoin nGaeilge thart ar an gcathair ansin agus faoin Irish American Heritage Centre ann. Múineann Maidhc agus a bhean chéile Gaeilge ann agus insíonn sé dúinn faoi sin is faoi phobal na Gaeilge in Iarthar-láir Mheiriceá. Labhraímid le Maidhc Ó Ceallaigh freisin a d'fhág Éire ar an 'mbád bán' do Cheanada breis is caoga bliain ó shin agus atá ina chónaí i Vancouver ó shin i leith. Labhraíonn sé linn faoina shaol go dtí seo agus faoin gcuidiú a thugann sé d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ar fud Mheiriceá Thuaidh an teanga a fhoghlaim ar Skype, i gciorcail chomhrá is eile.
Embed this episode
NOW PLAYING
Clár 11 - 2013 - Raidió na Life
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.