EPISODE · Oct 22, 2013 · 24 MIN
Clár 16 - 2013 - Raidió na Life
from Fada is Fairsing
Ag breathnú siar arís ar an gclár cloisimid ó Deibhin Ó Flangáin a oibríonn go dian ar son na Gaeilge i Meániarthar na Stát Aontaithe. Chuir sé tús leis an Lá Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBloomington, Indiana beagnach sé bliana ó shin chomh maith le tús a chur le roinnt leathanach Facebook Gaeilge, Gaelskype san áireamh. Labhraíonn sé linn faoi chúrsaí Gaeilge sa Mhéaniarthar agus faoin méid atá déanta aige ann. Ansin cloisfimid roinnt amhrán ar an sean-nós- 'Thugamar féin an Samhradh Linn' agus 'Na Báid'- ó Natalia Danzmann, bean Bhraisíleach, chomh maith le hamhrán traidisiúnta de chuid na Braisíle darb ainm 'Omós Deiscirt na Braisíle'. Ar deireadh ar an gclár seo cloistaer Ciarán Ó Braonáin atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Villenova ar imeall chathair Philadelphia agus é ag labhairt linn faoi Ghaeil Philadelphia agus faoin dráma a chonaic sé le déanaí in Amharclann an Acorn i gcathair Nua Eabhrac faoi shaol Brendan Behan 'Brendan at the Chlesea'.
Embed this episode
NOW PLAYING
Clár 16 - 2013 - Raidió na Life
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.
Similar Podcasts
No similar podcasts found.