EPISODE · Mar 11, 2023 · 1 MIN
Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)
from Nuacht Mhall · host Conradh na Gaeilge i Londain
Nuacht Mhall: Cothrom an Lae, i gcomhair Sheachtain na Gaeilge * Inniu an t-aonú lá déag de mhí an Mhárta. Is mise Sibéal Dempsey. Cothrom an lae seo sa bhliain ocht déag ocht déag, foilsíodh an leabhar Frankenstein. Is úrscéal gotach agus ficsean eolaíochta é Frankenstein. Ba í an t-údar Mary Shelley, iníon an fheiminigh Mary Wollstonecraft a scríobh é, nuair nach raibh sí ach naoi mbliana déag d'aois. Insíonn sé scéal eolaí a chruthaíonn créatúr mothaitheach i dturgnamh eolaíochta. Nuair a dhiúltaíonn an t-eolaí an créatúr, téann sé ag fánaíocht, ag lorg agus gan teacht ar chompánaigh dó féin. Ó shin, rinneadh scannáin, cláir theilifíse agus drámaí den scéal, agus an leagan is luaithe in naoi déag tríocha a haon. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS gotach - gothic turgnamh eolaíochta – scientific experiment
Embed this episode
Ready to play
Cothrom an Lae - 11 Márta (Luimneach)
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.