EPISODE · Jan 8, 2026 · 23 MIN
Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
from Seachtain · host Irish Independent
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn. Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann. I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’. Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos. Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid? Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón? Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar. Foclóir: Ionadaíocht: Representation I mbéal an phobail: The talk of the parish Aonarach: Solitary Go smior: To the core Bua: Attribute or gift Siúinéir: Carpenter Spreag siad: They encouraged Fíodóireacht: Weaving Béaloideas: Folklore Finscéal: Fable/Legend Peaca: Sin Clúiteach: Renowned A thréigean: To abandon Cúthaileach: Shy Úrscéal: Novel Mórtas: Pride Tagairtí: References Slabhra: Chain See omnystudio.com/listener for privacy information.
Embed this episode
NOW PLAYING
Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.