PODCAST · news
Seachtain
by Irish Independent
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
-
166
Dúnmharú Natalie McNally: Fiosrúchán na gcor is na gcastaí
Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste. Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullough, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin. Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie. Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie. Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne? Agus cad é atá i ndán anois do McCullough? Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullough – iar-chomhghleacaí dá chuid. Foclóir: Gean: Affection Torrach: Pregnant Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence Is léir: it is obvious Tacht: Choke Sádh í: She was stabbed Dúnorgain: Manslaughter An rud is míofaire: The most hideous thing Otharcharr: Ambulance Gabh: Arrest Dodhéanta: Impossible Aisteach: Strange D'ainneoin: Despite Bleachtaire: Detective Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky Comhghleacaí: Colleague De réir a chéile: Bit by bit Miotógaí: Gloves Stócach: Boyfriend Mar sin féin: However Go teoiriciúil: Theoretically Machnamh: Consideration Aiféala: Regret Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalismSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
165
Gráinne McElwain: From múinteoir meánscoile to media guru
Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir. D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt. Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4. Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt. Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara. Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt? Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim? Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’. Foclóir: Togra: Project Seomra foirne: Staff room Nathanna cainte: Phrases or sayings Earnáil: Sector Caint phoiblí: Public speaking Táithí: Experience Fuinneamh: Energy Aitheantas: Recognition Aiseolas: Feedback Bua na cainte: The gift of the gab Eiseamláir: Role model Imní: Nervousness or anxiety Fánach: Random Scáthán: Mirror Teachtaireacht: Message Caighdeán: Standard Meáchan: Weight See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
164
1926 Census: ‘1% de phobal na tíre a líon i nGaeilge é - mo mhuintir ina measc’
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit. Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin. Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926. Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn. Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí. Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail. Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi. Foclóir: Múnlaigh: Shape Ag brath ar: Depending on Eisimirice: Emmigration Éagóir agus leatrom: Injustice and opression Gannchuid: Scarcity Racht mothúcháin: Fit of emotion Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home Drogall: Reluctant I gcaitheamh móige: Throughout my childhood Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from Cosc: Prevent Leigheas: Remedy Comhbhá: Empathy Cruatan: Hardship Domhain: Deep Airigh: To feel Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider Tochailt: Digging Cladach: Coast/Shoreline See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
163
War, ISIS, Taliban: An Gaeilgeoir a théann isteach sa choimhlint
Ar shamhlaigh tú riamh cad é mar a bheadh sé a bheith i do shuí ag bord os comhair an Talaban? Nó idirbheartaíocht a dhéanamh le rialtas nua tar éis chogadh fíochmhar? Cad é a dhéanfá dá mbeadh ort dul go ceantar buailte ag tubaiste mhillteanach, agus tosú arís leis an atógáil? Sin iad roinnt de na dúshláin a bhíonn os comhair Angus Lambkin go rialta agus é ag obair leis na Náisiúin Aontaithe. Is saineolaí tubaiste é Angus a bhíonn ag taistil ar fud an domhain chuig tíortha atá i mbaol is faoi bhagairt. Ar Seachtain labhraíonn Ciarán Dunbar leis an bhFeirsteach Angus Lambkin, faoin ról ar leith atá aige mar shaineolaí tubaiste leis na Náisiúin Aontaithe. Foclóir: Oifig co-ordú: Cordination office Daonchairdeas: Philanthropy Stráitéis comhroinnte: Shared strategy Comhoibriú: Work together Ionadaíocht: Represent Ní airíonn muid: We don’t feel Caighdeán beatha: Quality of life Na diúracáin: The missiles Éiginnteacht: Uncertainty Coimeádach: Conservative Acmhainní: Resources Cráifeach: Religious Taidhleoireacht: Diplomacy Antoisceach: Extremist Crith talún: Earthquake Coimhlint: Conflict Ag obair go dlúth: Working closely Leochaileach: Vulnerable Ag dul in olcas: Getting worse Scoil idirchreidmheach : Interdenominational school Fostaithe: Employed Cinneadh: Decision Teip: Failure Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
162
Agóidí agus achrann: Seachtain chorraitheach sa pholaitíocht
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht. Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite. Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad. Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla. Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr. Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas. Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt. An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo? Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas? Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming. FOCLÓIR: Breosla: Fuel Rún: Motion Aighneas: Disagreement Agóideoirí: Protestors Mustar: Pomp Tromchúiseach: Consequential Meath: Decline Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown Faoiseamh cánach: Tax relief Fuinneamh: Energy Ag géilleadh: Conceding to Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other Bruscar: Litter/rubbish Iniúchadh: Inspection or examination Ag fulaingt: Suffering Claonta: Biased Féinfhostaithe: Self-employed Cáineadh: Criticism See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
161
Dúnmharú Denis Donaldson: 20 bliain gan freagraí ach cor úr sa chás
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006. Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart. Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa. Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada. Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas. Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó. Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu. Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú? Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás. Foclóir: Spiaire: Spy Uisce reatha: Running water Pleascáin: Explosives Ball: Member Riarachán: Administration Ruathar: Raid Ag spré: Spreading Ag feidhmiú: Operating Nocht: Reveal Iarghúlta: Remote Ar an toirt: On the spot Freagracht: Responsibility Tras-teorainn: Cross border Corruair: Occasionally Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them Ceart agus cóir: Right and justice Brathadóir: Informer Ag dul i méadaíocht: Growing up Eiseachadadh: Extradited See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
160
‘Tortured, jailed, forgotten’: Robáil traenach Sallins 50 bliana ar aghaidh
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo. I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath. Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad. Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna. Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh. Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt. Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann. An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit. Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally. Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh. Foclóir: Faoi bhéal gunna: At gunpoint Ráiteas: Statement Pleascáin: Explosives Iomrall ceartais: Miscarriage of justice Gabh: Arrest Baill: Members Droch-íde: abuse or ill treatment Bagairt: Threat Seán: Deny Cuireadh iachall orthu: They were forced to Fianaise: Evidence An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court Éadóchasach: Hopeless In ainneoin: Despite Ciontach: Guilty D’éalaigh sé: He escaped Achomharc: Legal appeal Ciontú: Conviction Cuir ar neamhní: To quash Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
159
Bánú na Gaeltachta: Where are all the Irish speakers?
Tá go leor ceantar Gaeltachta ann atá ag streachailt go mór le bánú na tuaithe. Sin de réir gníomhaithe teanga atá sa tóir ar réiteach práinneach a rachaidh i ngleic leis an fhadhb. Dar leo, is é bánú na Gaeltachta mar gheall ar an easpa tithíochta, an ghéarchéim is mó a bhí ag an teanga riamh, ach ní ar thithíocht amháin atá an locht, dar leo, I measc na ndúshlán, tá cúrsaí imirce, infrastruchtúr, seirbhísí, fostaíocht agus áiseanna, agus tá siad ar fad nasctha ó thaobh thodhchaí na Gaeltachta de. Ach cad é an tionchar atá le feiceáil ar an talamh sna ceantair seo atá faoi bhrú maidir le saol an chultúir agus leis an spórt? Cad iad na baic is mó atá ag coinneáil cainteoirí Gaeilge atá ag lorg tí, lasmuigh den Ghaeltacht? Agus cén dóigh go bhfuil na pobail seo ag troid i gcoinne chreimeadh na tuaithe? Ar Seachtain, fiosraíonn Áine Ní Bhreisleáin an tionchar atá ag bánú na tuaithe ar an Ghaeltacht. Foclóir: Bánú: Depopulation Ceal: A lack of Gníomhaithe teanga: Language activists Tithíocht inacmhainne: Affordable housing Fostaíocht: Employment Níos fusa: Easier Faoin tuath: The country or rural area Éileamh: Demand Todhchaí: Future Luach: Value Forleathan: Widespread Go sonrach: Particularly Ar dualgas: On Duty Borradh: A boost or growth Creimeadh: Erosion I mbaol: In danger Scéim Scoláireachta: Scholarship Scheme An taoide a chasadh: To turn the tide Ag dul in éag: Becoming extinct Is annamh: Rarely Ionad Fiontraíochta: Enterprise centre Ar an imeall: On the egde Fite fuaite: Intertwined See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
158
The Irish Hitlers: Paddy, Bridget agus uncail Adolf
Is beag duine nár chuala trácht ar an sloinne Hitler, ná ar na himeachtaí uafásacha a tharla mar gheall ar Adolf Hitler. Seans nach bhfuil mórán fios ag an ghnáthdhuine ar na hÉireannaigh a bhí gaolta leis – na ‘Irish Hitlers’ mar a tugadh orthu. Mar sin de, cén ceangal a bhí ag Adolf Hitler leis an tír bheag seo ar imeall na hEorpa? Agus cad chuige a ndeachaigh Paddy Hitler chun cogaidh in aghaidh a uncail féin? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ciarán Dunbar Foclóir: Seafóideach: Daft Is annamh: Rarely Leathdheartháir: Half-brother Mion sónraí: minute details Tiománta: Determined Fuadach: Kidnap Maígh: Allege Fianaise Evidence Scian: Knife Ní nach ionadh: It’s no surprise Teacht i dtír: Take advantage of Namhaid: Enemy Gadaíocht: Thieving Spiaireachta: Spying Dul chun searbhais: To turn sour Bolscaireacht: Propaganda Sloinne: SurnameSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
157
An Ghaeltok: Béarlachas agus ‘pet peeves’ Laura Pakenham
Tá Laura Pakenham ar dhuine de réaltaí móra na GaelTok-ta, an pobal úrnua sin de chainteoirí Gaeilge a bhíonn ag cruthú ábhar digiteach ar TikTok. Is as lár na tíre í Laura ó dhúchas, ceantar nach bhfuil cáil mhór air as an Ghaelscolaíocht, ach tá gairm cruthaithe aici anois as an teanga a chur chun cinn. Is múinteoir, craoltóir, cruthaitheoir ábhair ar na meáin sóisialta í agus anois, is údar í fosta. Tá leabhar úr scríofa aice, ‘Irish: History and Culture Through Language’. Is leabhar faoin Ghaeilge é, dírithe ar fhoghlaimeoirí, agus b’fhéidir a rá gur am tráthúil é dá leithéid, le borradh as cuimse tagtha ar an tsuim atá ann sa Ghaeilge le roinnt blianta anuas. Anuraidh, tháinig fás 600% ar úsáid na teanga ar TikTok agus tá an cuma air nach bhfuil sé sin ag laghdú i mbliana. Agus is léir nach in Éirinn amháin atá an suim sa teanga ag fás. Chuaigh leabhar Laura ar dhíol sna Stáit Aontaithe fiú sula raibh sé ar fáil anseo in Éirinn, agus tá sé anois ar fáil go domhanda. Ar Seachtain, labhraíonn Laura Pakenham faoina leabhar úr agus na míthuiscintí atá ann faoin Ghaeilge atá ina ‘pet peeve’s’ do Ghaelgeoirí. Foclóir: Borradh: Boom or explosion Teibí: Abstract Súigh isteach: Absorb Airím: I feel Achar ama: Time frame Fiúntach: Worthwhile Aistear: Journey Cinneadh: Decision Machnamh: Contemplation Ábhar: Content Éacht: Achievement Uathúil: Unique Easpa: A lack of Teangacha dúchasacha: Native languages Ábhar scoile: School subject Sáite: Immersed Leáigh: Melt Reoite: Frozen Diúltach: Negative Dearfach: Positive Is annamh: Seldom Dea-chleachtas: Good practice Bac: Block Cáin: Criticise Cothromaíocht: Balance Closleabhar: Audiobook See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
156
Róisín Seoighe: ‘Tá mé oscailte do chomhoibriú le Fontaine’s D.C!’
Tá Seachtain na Gaeilge buailte linn arís ar feadh coicíse agus i mbliana tá an ceol i gcroílár an chéiliúradh. Is é téama na bliana seo ná ‘A Ghaeilge, mo cheol thú’, agus s’iad Róisín Seoighe, ball den ghrúpa ceoil IMLÉ, agus Conor Curley ón bhanna ceoil Fontaines D.C., ambasadóirí na féile. Tá dhá thuras ar leith ag an bheirt ambasadóir leis an teanga. Tógadh Róisín le Gaeilge i gcroílár na Gaeltachta agus cumann sí ceol nua-aimseartha ins an teanga, agus tá Conor anois ag iarraidh ath-thosú lena chuid aistir foghlamtha. Léiríonn téama na bliana seo an gaol láidir atá idir an Ghaeilge agus an ceol agus tá an teanga á úsáid ag Conor agus Róisín ina gcuid liricí. Tá sé coitianta anois do cheoltóirí móra le rá an Ghaeilge a fhigh isteach ina gcuid ceoil ceoltóirí ar nós CMAT, Fontaines D.C., Denise Chalia agus Kneecap. Ach cad é atá mar spreagadh ar an treocht seo? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Róisín Seoighe, Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, agus bean Gaeltachta go smior í, faoin fís atá aici don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Foclóir: Ceol a chumadh: To compose music Faitíos: Apprehension Aistrigh: Translate Béim: Emphasis Eispéireas: Experience Céad cuimhní: First memories Nósanna: Traditions or customs Éalú uaigh: Escape from it Drogall: Hesitation Seanchas: Storytelling Ag casadh ceol: Playing music Camchuairt: A tour A scaradh: To seperate Dushlán: Challenge Iomráiteach: Prominent Slí bheatha: Career Figh: Weave See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
155
'An ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas sa Ghaeltacht'
Chruinnigh scaifte taobh amuigh de Theacht Laighean i mBAC Dé Máirt na seachtaine seo agus iad ag ágóidíocht de bharr fadhb thithíocht na Gaeltachta. Bhí an lucht agóide ag éileamh ar an Aire Tithíochta James Browne dul i mbun gnímh láithreach maidir leis an ghéarchéim thithíochta agus teanga sa Ghaeltacht. Tá sé acu go bhfuil an ghéarchéim thithíochta ag dul in olcas agus tá muintir na Gaeltachta buailte go dona leis. Labhair Áine Ní Bhreisleáin le Seachtain faoin léirsiú. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
154
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh - an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe? Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Foclóir: Ag bailiú nirt: Gaining momentum Dlús: Accerlate or to hasten Is mithid dúinn: It’s time for us Claochlaitheach: Transformative Ionchur: Input Claonadh: Bias Ag amharc go cúng: Looking narrowly Rúin: Motions Críochdheighilt: Partition Ualach: Burden Deis chneasaithe: Opportunity for healing Uirlis dheighilte: A tool of separation Dlínse: Jurisdiction Fréamhaithe: Rooted Toil: Desire or will Ionchas: Expectation Creatlach: Framework Idirbheartaíocht: Negotiation Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted Samhail: Model Am-scála: Time frame Aineolach: Uninformed or ignorant Géilleadh: Surrender Soiléireacht: Clarity An cheist a chíoradh: To discuss the issue Beidh seo ar leas..: This will benefit.. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
153
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta. De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort. De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath. Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo? Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis? Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht. Foclóir: Eitiltí fillte: Return flights Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage Raflaí: Rumours Ag reachtáil: Running/Organise Tairiscint: A tender Ailse: Cancer Ag fulaingt: Suffering Corruair: Sometimes Otharlann: Hospital Tromchúiseach: Grave Cóir leighis: Medical treatment Galar croí: Heart disease Imirce: Emigration Infheistíocht: Investment Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something Feiliúnach: Suitable Ciall tráchtála: Commercial sense Brabús: Profit Éileamh: Demand Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle Folamh: Empty See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
152
Epstein, the files agus an nasc le hÉirinn
Tá an sciar is déanaí de na comhaid a bhaineann le Jeffrey Epstein ag cothú ceannlínte nuachta ar fud an domhain i gcónaí, coicís ó foilsíodh iad. Tá breis agus trí mhilliún comhaid scaoilte sa chuid is déanaí, físeáin, grianghraifeanna, ríomhphoist, téacsanna, agus tuairiscí nuachta fiú. Tá na mílte ainmneacha luaite sna cáipéisí - cé go bhfuil sé tábhachtach le cur ina luí ar dhaoine nach ionann a bheith luaite sna comhaid is a rá go raibh aon olc nó éagóir déanta ag na daoine sin. I measc na gcáipéisí atá curtha ar fáil don phobal, tá tagairtí go leor ann d’Éirinn. Ar Seachtain, glacann an t-iriseoir Ciarán Dunbar muid tríd na snáithíní a cheanglaíonn Jeffery Epstein leis an tír bheag seo. Foclóir: Comhaid: Files Cáipéisí: Documents Diabhlaíocht: Devilment Mí-úsáid ghnéis: Sexual abuse Clár na gciontóirí gnéis: Sex offenders register Curtha ina leith: He was accused of Seilbh a ghlacadh ar: To take possession of Faic: Nothing Cloí le: Abide by or stick with Éagóir: wrongdoing An chloch is mó ar a phaidrín: His greatest concern Gar: Favour Teaghlach ríoga na Breataine: British Royal Family Líomhaint: Allegation Comhaontú Aoine an Chéasta: Good Friday Agreement Príomh-ailtire: Main architects Smál: Stain or taint Beannacht: Blessing Ciontaíodh é: He was found guilty Neamhaird: Ignore Tá aiféala air: He regrets See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
151
Noah Donohoe: Eolas suntasach ag teacht amach ón ionchoisne
I mí an Mheithimh 2020, baineadh siar as daoine ar fud na tíre nuair a chualathas faoi bhás neamhchoitianta buachalla óig i dtuaisceart Bhéal Feirste. Tháinig na póilíní ar chorp Noah Donohoe, a bhí sna luath-dhéaga, i ndraein stoirme i dtuaisceart na cathrach, i bhfad óna theach féin, sé lá tar éis dó imeacht ar iarraidh. Tá go leor ceisteanna ann go fóill faoina bhás agus osclaíodh ionchoisne trí seachtaine ó shin chun iarracht a dhéanamh cuid de na ceisteanna sin a fhreagairt. Ar Seachtain, labhair an t-iriseoir Liam Tunney faoi na bomaití is suntasaí san ionchoisne go dtí seo. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
150
Dunmharú Shaun Duffy: Pobal beag Gaeltachta ina dhiaidh an ionsaí
Sa bhliain 2005, thiar i gceantar tuaithe i nGaeltacht Dhún na nGall, tharla ionsaí fíochmhar a d’fhág smál ar an phobal ann le breis agus fiche bliain anuas. Dúnmharaíodh Shaun Duffy, fear a bhí 36 bliain d'aois, ina theach féin tar éis oíche cheiliúrtha ar an 29 Eanáir. Níor cúisíodh éinne as an dúnmharú a tharla bliain is fiche ó shin. Tá achainí úr déanta ag na Gardaí ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoi dhúnmharú. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: An Clochán Liath: Dungloe Ceantar tuaithe: Rural area Faoi ghlas: Locked Stróicthe: Ripped Ba léir: It was obvious Saighead: Arrow Sciathán: Arm Adhlacóir: Undertaker Geallghlacadóireacht: Betting Ar leac an dorais: On the doorstep Ag cíoradh: Combing Ráitis: Statements Feiceálach: Visible Ráflaí: Rumours Naimhde: Enemies Fíochmhar: Savage Na beithígh: Horses or cattle Ina sheilbh: In his possession Leid: Tip or advice Coiste cróinéara: Coroner's inquest Ag achainí ar dhaoine: Appealing to people See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
149
Bríd: Bandia págánta nó bean naofa?
Ag dul siar na cianta, rinneadh ceiliúradh ag an am tábhachtach seo den bhliain. Ba é Imbolc ceann de mhórfhéilte an fhéilire Cheiltigh. Agus ag croílár an cheiliúrtha sin tá Bríd. Ach cad é an ceangal idir Bríd an bandia agus Bríd an naomh, más ann dó ar chor ar bith? Agus cérbh iad na bandéithe eile a shleamhnaigh as cuimhne na ndaoine le himeacht ama? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Ríonach Uí Ógáin (iar-stiúrthóir Cnuasach Bhéaloideas Éireann) Foclóir: Seanda: Ancient Laethanta cinn ráithe: Quarter days Lá Leathach an Earraigh: Spring equinox Is ionann é: It's the same thing Lón bia: Food supply Ídithe: Depleted Tréithe: Features Luachra: Rushes Barra: Crops Eallach: Cattle Comhbhá: Kinship Fite fuaite: Intertwined Giolla: Servant Tóir: Popularity Baile fearain: Townland An charthanacht: The charity An Mhaighdean Mhuire: The Virgin Mary Cráifeach: ReligiousSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
148
Tubaisteach do na Gaeltachtaí: 2,300 fishing jobs i mbaol
Deir eagrais iascaireachta go bhfuil beagnach 2,300 post i mbaol tar éis chinneadh ón Aontas Eorpach atá “tubaisteach”, dar leo. I mí na Nollag, ag cruinniú sa Bhruiséil, fógraíodh go mbeidh ciorrú ollmhór ar an méid iasc is féidir a thabhairt i dtír in Éirinn. Tiocfaidh an t-athrú seo i bhfeidhm i mbliana. Cén tionchar a bheas aige seo ar iascairí agus ar lucht próiseála atá fostaithe sa tír seo? Céard atá i ndán don earnáil iascaireachta amach anseo? Láithreoir: Róisín Ní Mhaoláin, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Earnáil: Sector Aontas Eorpach: European Union Domhain: Deep Slí beatha: Livelihood Comhphobal: Ccommunity Uasmhéid: Maximum Tubaisteach: Disastrous Imeall: Border Bia mara: Seafood Táillí: Fees Monarcha : Factory Eagrais: Oorganisations Spotsolas: Spotlight Baol: Danger/fear Cé: Quay/dock Neodrach: Neutral See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
147
Éigeandáil teanga sa Ghaeltacht: An bhfuil an Ghaeilge ag sleamhnú uainn?
An bhfuil éigeandáil teanga sa Ghaeltacht? De réir tuarascáil nua-eisithe - tá. Deirtear go neamhbhalbh sa tuairisc seo go gcaithfear “idirghabháil phráinneach chuimsitheach” a dhéanamh sula sleamhnaíonn an Ghaeilge níos faide siar mar theanga sa Ghaeltacht. Mar sin, an bhfuil an Ghaeilge ag fáil bháis mar theanga sna ceantair? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: John Prendergast See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
146
A Gaeltacht resurrected: Áit a bhí á bánú ach anois faoi bhláth
Amuigh faoin tuath in oirthear Chontae Dhoire, díreach faoi scáth shliabh Charn Tóchair, tá pobal beag de chúpla cead theach le fáil ann. Go dtí tús an 20ú haois, bhí Gaeilge láidir go fóill sa cheantar, ach tháinig athrú ar sin nuair a thosaigh an cheantar á bhánú de bharr easpa fostaíochta, easpa tithe agus easpa deiseanna. Thart fá tríocha bliana ó shin, tháinig an pobal le chéile le dul i ngleic leis an mbánú seo, thosaigh siad coiste le hathghiniúint a dhéanamh ar an gceantar agus leag siad béim láidir ar an nGaeilge. Ó shin i leith, tá rath iontach ar an dúiche agus bhronnadh aitheantas oifigiúil ar an cheantar mar Líonra Gaeilge in 2015, an chéad uair a bhain ceantar tuaithe a leithéid d’aitheantas. Ní hamháin sin ach tá clú millteanach ar an gclub CLG áitiúil, Sléacht Neill, mar gheall ar na gaiscí atá bainte amach acu ar an bpáirc imeartha le blianta beaga anuas. Éachtaí dochreidte do cheantar beag iargúlta nach bhfuil fiú sráidbhaile le fáil ann. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Aoife Ní Chasaide Foclóir: Eispéireas: Experience Fís: Vision Muintir na háite: The local people Coiste: Committee De réir mo thuigbhéala: From my understanding Bothán: cabin Neartú: Strengthen Éacht: Achievement Cothú: Cultivate Tírdhreach: Landscape Uile-Éireann: All-Ireland Dúshlánach: Challenging Comhairle: Advice Comhphobal: Community Ag streachailt: Struggling Díospóireacht: Debate I lár an aonaigh: Centre stage Thar fóir: Over the top Aird: Attention See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
145
Dúnmharú Michaela McAreavey: 15 mbliana ar aghaidh agus ceartas in easnamh go fóill
I mí Eanáir 2011, dúnmaraíodh Michaela McAreavey agus í ar mhí na meala in ostán in Oiléan Mhuirís. Phós sí John McAreavey díreach dhá lá déag roimhe sin. Buille uafásach dá teaghlach a bhí san eachtra brúidiúil agus tharraing an fiosrúchán aird na meán ní amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain. Cúisíodh beirt fhear ach fuarthas neamhchiontach an dís acu. 15 bhliain níos déanaí, tá an cás fós gan réiteach. Phléigh iriseoir Seachtain an cás le Ciarán Dunbar. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
144
2026: ‘Ní féidir a bheith cinnte de rud ar bith tar éis thús spleodrach leis an mbliain’
Maduro fuadaithe, neamhaird ar bhuaiteoir Nobel Machado, an Ghraonlainn faoi bhagairt ó thús na bliana. Tar éis seachtain den bhliain 2026, tá cúrsaí an domhain níos corraithí ná mar a bhí anuraidh cheana féin. Pléann John Downing agus Conchúr Ó Faoláin cúrsaí an tsaoil sa bhliain úr le Ciarán Dunbar See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
143
Éilis Ní Dhuibhne: Gaeilge, Grief agus saol caite i mbun pinn
Tá os cionn caoga bliana caite ag an úrscéalaí Éilis Ní Dhuibhne i mbun pinn. Le breis agus 30 leabhar eisithe aici, idir Bhéarla agus Ghaeilge agus iliomad gradaim buaite aici, is í duine de na scríbhneoirí is tábhachtaí i litríocht na hÉireann. I measc an réimse leathain leabhar atá scríofa aici, tá ‘The Dancers Dancing’, ‘Twelve Thousand Days’ agus ‘Fáinne Geal an Lae’. Cé go bhfuil aitheantas go leor bainte amach aici as a cuid scríbhneoireachta i nGaeilge, admhaíonn sí go raibh drogall uirthi tabhairt faoin dúshlán sa chéad dul síos. Mar sin de, cad chuige a mothaíonn sí an gá anois chun tabhairt faoina leithéid? Agus ina dhiaidh bhás a fear céile, an béaloideasaí clúiteach Bo Almqvist, cén dóigh ar aimsigh sí tearmann agus dóchas ón bhrón? Ar Seachtain, labhraíonn Éilis Ní Dhuibhne, atá ina Laureate i gcomhair fhicsean Éireannach, faoina cuid gaiscí, a cuid ísealphointí agus an ceangal atá aici le teanga a hathar. Foclóir: Ionadaíocht: Representation I mbéal an phobail: The talk of the parish Aonarach: Solitary Go smior: To the core Bua: Attribute or gift Siúinéir: Carpenter Spreag siad: They encouraged Fíodóireacht: Weaving Béaloideas: Folklore Finscéal: Fable/Legend Peaca: Sin Clúiteach: Renowned A thréigean: To abandon Cúthaileach: Shy Úrscéal: Novel Mórtas: Pride Tagairtí: References Slabhra: Chain See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
142
Súil siar ar na ceannlínte nuachta: Cérbh iad na buaiteoirí agus na caillteoirí i 2025
Tá 2024 thart, faoi dheiridh - cad é mar a bhí sé mar bhliain? Ní raibh easpa ceannlínte ann a bhain siar asainn, anseo in Éireann agus níos faide i gcéin. Bhog Donald Trump ar ais isteach sa Teach Bán i Washington, bhí toghchán Uachtaránachta dár gcuid féin againn anseo in Éireann, ciontaíodh an laoch spóirt DJ Carey as calaois a dhéanamh, agus tháinig deireadh leis an ruaille buaille sa Chumann Camógaíochta agus ligeadh d’imreoirí brístí gairide a chaitheadh. Ach cad iad na scéalta nuachta a sheas amach dár bpainéal cainte? I bpodchraoladh a taifeadadh ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste, pléann Ciarán Dunbar, Áine Ní Bhreisleáin, Ursula Savage agus Caoimhe Ní Chathail, na buaiteoirí is na caillteoirí a roghnaigh siad féin sna catagóirí thíos: Teip nó Triumph na bliana An scéal nach bhfuair an aird cheart Social media moment na bliana Cheap Shot ar an Ghaeilge na bliana Unexpected Icon na bliana Foclóir: Taidhleoireacht: Diplomacy Aontaithe: United/agreed Dothuigthe: Incomprehensible Rogha: Choice Ciníoch: Racist Círéibeacha: Riots Mianta: Wishes Borradh: Surge Intleacht shaorga: Artificial intelligence Rathúil: Successful Neodrach: Neutral Maígh: Claim Oiliúint: Training Gairm: Career Amscaí: Awkward See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
141
Éist arís: Páirc na Gaeltachta - Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail?
Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu? Foclóir: Dlús: Density Athdháileadh: Redistribution Líonraí: Networks Riachtanais: Requirements Coilíneacht: Colony Léas: Lease Bardas: Municipality Treorach: Directive Tomhas: To gauge Lonnaíocht: Settlement Eiseamláir: Model Bagairt: Threat Ag snámh in aghaidh easa: Swimming against the stream Féiniúlacht: Identity Díchoilíniú: Decolonising Morálta: Moral See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
140
Thuas seal, thíos seal: Best and worst den Ghaeilge i 2025
Ag amharc siar ar an bhliain a bhí, is fíor go raibh an Ghaeilge thuas seal thíos seal. Bhí sí faoin spotsolas go minic le linn na bliana agus bhí neart ceannlíntí a thug ardú croí do Ghaeilgeoirí. Le Ros na Rún ag ceiliúradh 30 bliana ar an fhód, méadú as cuimse ar úsáid na Gaeilge ar Tik Tok agus méadú suntasach ar líon na mac léinn Gaeilge in Ollscoil na Banríona, bhí go leor le bheith bródúil as i 2025. Ach i measc na scéalta a thug ardú meanma do na Gaeil, bhí scéalta ann a laghdaigh misneach fosta, go háirithe sa chóras oideachais agus díolúintí ó stáidéar ar an nGaeilge ag an leibhéal is airde riamh. Mar sin de, agus deireadh na bliana ag teannadh linn, cén rath a bhí ar ár dteanga dhúchasach i 2025? Ar Seachtain labhair Tessa Fleming le Storm Eaton-Kilgallen faoi na ‘top-picks’ atá aici féin don bhliain seo. Foclóir: Mórshiúl: March Gan teorann: Unrestricted Impleachta: Implications Trasteorann: Cross-border Gruama: Bleak Réabhlóideach: Revolutionary Malartú: Exchange or swap Gearchéim tithíochta - housing crisis Uafás: Horror Teanga oibre: Working language Míthuiscint: Misunderstanding Insealbhaithe: Inducted Neamhaird: Disregard Infheicthe: Visible Cúisithe: Accused Sceimhlitheoireacht: Terrorism See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
139
Cé mhéad teaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sa Ghaeltacht?
Tá tuarascáil nua seolta ag Tuismitheoirí na Gaeltachta a léiríonn líon na dteaghlach atá ag tógáil clann le Gaeilge sna Gaeltachtaí. Tá figiúirí le haghaidh gach ceann den 26 Limistéar Pleanála Teanga (LPT) san áireamh sa tuarascáil. Níl ach 3 LPT sa Ghaeltacht ar féidir a rá go bhfuil os cionn 50% de theaghlaigh ag tógáil a gclann le Gaeilge iontu. Mar sin, cén fáth nach bhfuil níos mó daoine ag tabhairt a dteanga dúchais dá gcuid páistí? Ar Seachtain, labhair Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Tuismitheoirí na Gaeltachta, faoi cad é a léiríonn an taighde nua seo dúinn. Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism Foclóir: Comhluadar: Companionship Lánúineacha: Couples Daonáireamh: Census Slat tomhais: A measuring-rod LPT: Limistéar Pleanála Teanga Abhainn: River Mórtas: Pride Seasmhach: Stable/Consistant Céatadán: Percentage Iniúchadh: Examination Rangú: Categorisation See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
138
Pól Deeds: Tabharfaidh an Coimisinéir Gaeilge nua dúshlán na meán.
Ba chéim stairiúil chun cinn é don teanga ó thuaidh nuair a ceapadh an Dr Pól Deeds, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, mar Coimisinéir Gaeilge. Ach, leis na focail ‘weaponise’ agus ‘divisive’ in úsáid go minic agus an Ghaeilge á phlé ar na meáin Bhéarla ó thuaidh, an cailís nimhe é ról an Choimisinéara nua? Agus an féidir le Pól Deeds athmhuintearas a chothú idir an dá thaobh den scoilt teangeolaíochta ó thuaidh? Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Pól Deeds Foclóir: • Corraitheach: Tumultuous • Cúinsí: Circumstances • Cailís nimhe: Poisoned chalice • Leas-phríomhfheidhmeannach: Deputy Chief Executive • Sainchuntas: Specification • Craiceann thiubh: Thick skin • Cearrbhachas: Gambling • Riar: Administer • Athmhuintearas: Bridge-building • An dá thrá a fhreastal: To do two things at the same time • An pobal P.A.D: Protastúnach, Aontachtach, Dílseach • Naimhdeas: Animosity • Baol: Danger • Gaol: Relationship • Dea-chleachtas: Best practice • Reachtaíocht: Legislation • Linn: Pool • Díomhaoin: Idle • Aiseanna: Resources • Ceardlann: Workshop • Fealsúnacht: Philosophy • I dtaca le: RegardingSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
137
Fear a mharaigh cailín óg Gaeltachta ag lorg ath-thástáil ar an bhfianaise
Ba ionsaí é a bhain siar as pobal beag Gaeltachta i gCo. na Gaillimhe. I mí na Nollaig 1998, maraíodh déagóir óg, Siobhán Hynes, go brúidiúil agus í amuigh don oíche ar an gCeathrú Rua. Ní raibh ach seacht mbliana déag aici. Fuarthas a corp ar chladach beag, tuairim ar dhá mhíle go leith as sráidbhaile na Ceathrún Rua. Cúisíodh John McDonagh, fear áitiúil, as an dúnmharú, agus tá 24 bliana caite aige sa phriosún as Siobhan a mharú agus a éigniú. Shéan sé gach cúis ón tús agus anois tá sé ag éileamh ath-thástáil nua ar an bhfianaise a chualathas sa chás. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Áine Ní Bhreisleáin Foclóir: Ionsaí: Attack Éigniú: Rape Lá arna mhárach: The next day Fíochmhar: Vicious Tacht: Choke Báigh: Drown Fianaise: Evidence Slabhra: Chain Éadach: Clothing Snáithíní: Fibres Caomhnaithe: Preserved Machnamh: Deliberation Maígh: Claim or allege Athbhreithniú: Review Appeal: Achomharc Saineolaí: Expert An Chúirt Achomhairc: The Court of Appeal Ag séanadh: Denying Ath-thástáil: Retest Is iomaí: Many See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
136
Bill Clinton: Cuairt chonspóideach an chéad Uachtarán Meiriceánach ó thuaidh
Tríocha bliain ó shin, tharla rud nár tharla riamh roimhe. Thug Uachtarán na Stát Aontaithe Bill Clinton - an polaiteoir is cumhachtaí ar domhan - cuairt ar Thuaisceart na hÉireann don chéad uair riamh. Ar lá stairiúil i 1995, le linn shos cogaidh an IRA nuair a leagadh síos na gunnaí agus na buamaí, sheas Clinton os comhair na mílte i nDoire agus labhair sé faoin tsíocháin. Ach cad chuige go raibh daoine ina éadan? Agus cén tionchar a bhí ag an chuairt ar an choimhlint? Labhraíonn Tessa Fleming leis an iriseoir polaitíochta John Downing. Foclóir: Toscaire: Envoy Barántas: Guarantee Seal: Stint Báúil Sympathetic Cáineadh: Criticism A seacht ndícheall: Did their best Do ladar a chur isteach: To interfere Cnámh spairne: Bone of contention Eisceachtúil: Exceptional Tagairt: Reference Ardú meanman: Raise one’s spirits Buan: Permanent Drogall: Hesitation Sos cogaidh: CeasefireSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
135
Tar éis an X-odus: Cá bhfuil na Gaeil ar líne anois?
Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois? Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge? Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail Foclóir: Tionchairí: Influencers Ionadaíocht: Representation Folláin: Healthy Idirdhealú: Differentiation Leas a bhaint as: To make good use of Gairmiúl: Professional Borradh: Boom or growth I mbolgán: In a bubble Meall: Attract Imeallú: Marginalisation Fuinneamh: Energy Fotheidil: Subtitles Cos ar bolg: Repress Feiceálach: Visible Tearman: Sanctuary Figh: Weave Éascú: Facilitate See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
134
DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison
Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh. Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad. Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear. Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin Foclóir: Feall: Betray Dallamullóg: Decieve I sáinn: In a fix or jam Faoi amhras: Under suspicion Mílaoise: Millenium Flaithiúil: Generous Cothromaíocht: Balance Craobh na hÉireann: All Ireland Championship Lánúin: Couple Iasacht: Borrow or lend Scaradh: Breakup Ailse: cancer Cóir leighis: Medical treatment Tuiscint: Understanding Macánta: Honest See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
133
Cúig chéim i dtreo do Ghaeltacht féin a thógáil
Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao’, grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo’ atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seachtain, téann Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte leis an dá ghrúpa atá ag iarraidh an ollfhís seo a chur i gcrích. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
132
Nuacht Gaeilge ar an BBC in Albain – ach cá bhfuil nuacht Gaeilge an BBC sa Tuaisceart?
De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617. Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? Foclóir: Laigí: Weaknesses Dall: Blind Líne eagarthóireachta: Editorial line Ábhartha: Relevant Aontachtaithe: Unionists Slat tomhais: Measuring stick Sciar: Proportion Fáinne fí: Vicious circle Idirdhealú: Distinction Maígh: Imply Múnla: Model Forlíonadh: Supplement Naimhdeas: Animosity Áiseanna: Resources Ionchur: Input Claonadh: Inclination or bias Cur i bhfriotal: Put into words See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
131
Aighneas an Uachtaráin: Feachtas ag teacht chun deiridh
Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins. Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh agus nár oibrigh. Foclóir: Mianta: Wishes Pobalbhreith: Poll Farasbarr: Advantage/Surplus Líomhaintí: Allegations Níos seirbhe: More bitter Goilliúnach: Cutting Cáineadh: Criticise Leas: Benefit Báúil: Sympathetic Feachtas: Campaign Vótaí millte: Spoiled votes Baol: Threat/Danger Is cuma sa tsioc: To not give a damn Easnamh: Inadequacy Abhchóide: Barrister Círéibí: Riots I gcoitinne: In general See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
130
Island life: Na héilimh, na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le saol iargúlta
Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír. Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de. Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír? Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil. Foclóir: Tréigeadh: Abandoned Bánaigh: To devastate or to abandon In éag: Die out Buan:Permanent Sceirdiúil: Windswept or bleak Creagach: Rocky Go tréan: Strongly Ceann tuí: Thatched roof An mhórthír/an tír mhór: The mainland Fiáin: Wild/untamed Tearmann: Sanctuary Faire ar éin: Birdwatching Bradán: Salmon Portán: Crab Móin: Turf Breosla: Fuel Céibheanna: Quays Glórach: Loud Bád farantóireachta: Ferry Traonach: Corncrake An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will Uathúil: Unique Aighneas: DisagreementSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
129
Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic
Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic. Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh. Foclóir: Foilsitheoir: Publisher Ádh: Luck Meabhair: Mind Damháin alla: Spiders Lámh in uachtar: Dominate Éirigh as: Quit Seachaint: Avoid Fonn: Melody Cíos: Rent Dátheangach: Bilingual Aithris: Recitation Taifeadtaí: Recordings Scéalaíocht: Storytelling Saothar: Work or writings Léacht: Lecture Clairseach: Harp Seanchas: Folklore Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon’. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
128
Gael ar leith: Slán le Manchán Magan
Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
127
Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema
50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann. Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún. Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin. Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht. Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann. Foclóir: Fuadaigh: Kidnap Léigear: Siege Géill: Yield Níos críonna: More shrewd Tionscol: Industry Gabh: Capture Ar éigean: Scarcely Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate Bá: Affinity Báúil: Friendly Ar teitheadh: Fleeing Páirtí: Partner Neamhghnách: Unusual Oilte: Proficient or trained Ficheall: Chess – fi - hill Aigne: Mind Níos boige: Softer Diúl: Suck - dule Eisceachtúil: Exceptional Leannáin: Lovers See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
126
Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa
Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos. I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár. See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
125
Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt
Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana. Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe. Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla. Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu. Foclóir: Ionchúisitheoir: Prosecutor Máguaird: Environs Cúiseamh: Charge Neamhchiontach: Innocent Cinneadh: Decision Cloí: Abide by Trídhathach: Tricolour Slad: Plunder Míchuí: Inappropriate Cosc: Ban Camchuairt: TourSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
124
Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár
Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta, spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo. Foclóir: Toghcheantar: Constituency Dul ar scor: Retire Deimhnithe: Confirmed Siar is aniar: Back and forth Comhbhá: Empathy or kinship Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates Comhairle áitiúla: Local authority Ainmniúchán: Nomination Tairseach: Threshold Rathúil: Successful Luachanna: Values A mhalairt: The opposite Droch-tháithí: Bad experience Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn’t mince her words Maitheas: Good or benefit As an ghnáth: Out of the ordinary Seicteachas: Sectarianism See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
123
Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht?
Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo? Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming. Foclóir: • Éileamh: Demand • Fiúntas: Merit or value • Aird: Attention • Gríosaigh: Incite • Meastachán: Estimation • A neartú: To strengthen • Feiceáileach: Visible • Cuí: Proper • Feirsteach: Someone from Belfast • Bratach: Flag • Tapaigh: To seize or grasp • Díolúintí: Exemptions • Breatnaise: Welsh • A dhath: Diddly-squat or nothing • Tithe folmha: Vacant homes • Maram: I suppose • Cáinaisnéis: Budget See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
122
Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth?
Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach. Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide Foclóir: Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager Reachtaíocht: Legislation Cuí: Proper Scagadh: Sifting through or vetting Ag dul chun sráide: Taking to the streets Bagairt: Threat Ag gníomhú: Taking action Cothromaíocht: Balance A mheá: To weigh up Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current Maoiniú: Funding Lom: Bare or naked Caiteachas: Spending Ar bhonn rialta: On a regular basis Dúbailt Doubling Sprioc: Aim or goal Rochtain: Access Eiseamláir: Role model Uaillmhianach: Ambitious See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
121
‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza
Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord. Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza. Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine. Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist. Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. Foclóir: Eachtra: Incident Cinedhíothú: Genocide Ionsaí: Attack Rogha: Choice An Túinéis: Tunisia Toradh: Result Ag taobhú: Siding with Ceachtanna: Lessons Sonraí: Details Éalú: Escape Siombalachas: Symbolism Daonna: Humane See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
120
Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it
Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil. Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh. Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International) Foclóir: Cearta daonna: Human rights Imscrúdú: Investigation Mífhaisnéis: Misinformation Abhcóideacht: Advocacy Gníomhaíochas: Activism Cos ar bolg: Oppress Brabús: Profit Gealltanais folmha: Empty promises Claontacht: Bias Marfach: Leathal Fianaise: Evidence Cinsireacht: Censorship Ardán: Platform Rialtas Údarásach: Authoritatian Government Cosaintóirí cearta daonna: Human rights defenders Tacú: support Sárú: Infringement or breach of Airdeallach: Alert Cinedhíothú: Genocide Dualgas: Obligation Dearadh: Design See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
119
Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge?
Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán? Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan Foclóir: Dlúthnasc: Strong connection Dearbhú: Declaration Abhcóidí: Advocates Uachtaránacht: Presidency Fréamhacha: Roots Dílis: Faithful Achoimre: Summary Ionadaíocht: Representation Corrach: Fraught Teacht sna sála: To come on the heel of Ard-Rúnaí: General Secretary Tiomanta: Driven Cur chun cinn: Promote Activities: Gníomhaíochtaí Le linn: During In general: I gcoitinne An-cheanúil ar: Very fond of Feiceálacht: Visibility Figh: WeaveSee omnystudio.com/listener for privacy information.
-
118
Mo Chara sa chúirt
Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin. Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith. Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó. Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne. Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de. Foclóir: Coir: Crime Scaifte: Group Cinsireacht: Censorship Scuaine: Queue Cúiseamh: Charge/accusation Sceimhlitheoireacht: Terrorism Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation Beag beann: Regardless of Ateagaire: Interpreter Teorainn ama: Time limit Tacaíocht: Support Drogall: Reluctance See omnystudio.com/listener for privacy information.
-
117
Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?
San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath. Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean. Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais. Foclóir: Aiceann – stress Scadán - herring Spéisiúil - interesting Baile an tSléibhe - Ballinclea Baile Amhlaoibh – Balally Conradh – a contract Is dócha - probably Meascán mearaí - mishmash Teangeolaí - linguist Saor in aisce – free of charge Cuimsitheach – comprehensive Éagsúil - differentSee omnystudio.com/listener for privacy information.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.
HOSTED BY
Irish Independent
CATEGORIES
Loading similar podcasts...