EPISODE · Feb 26, 2026 · 25 MIN
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
from Seachtain · host Irish Independent
Tá an t-oileán beag seo ag athrú ar go leor, leor bealaí - ó thaobh na polaitíochta de, ó thaobh an chultúir de agus ó thaobh ár bhféiniúlachta de. Agus leis na hathruithe sin, tá díospóireacht ag teacht chun cinn arís is arís eile, is é sin, reifreann faoin teorainn agus faoi Éire Aontaithe. Ach cé comh réadúil is atá an fís sin maidir le hÉire Aontaithe? Ag Ard Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh, ghlac an eagraíocht le rún ar son ghníomhú i dtreo “Éire Aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”. Ach le conspóid agus le teannas go minic ina scáil ar aon díospóireacht pholaitiúil faoin nGaeilge – go háirithe ó thuaidh - an bhfuil baol an go dtiocfadh ísliú stádais ar an teanga in Éire Ath-Aontaithe? Agus í ag taifeadadh beo ag an Ard Feis, phléigh Áine Ní Bhreisleáin taighde úr ar thodhchaí na Gaeilge agus na Gaeltachta in Éirinn Aontaithe leis an údar Róisín Nic Liam (scoláire dochtúireachta PhD in Ollscoil na Banríona), agus le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin. Foclóir: Ag bailiú nirt: Gaining momentum Dlús: Accerlate or to hasten Is mithid dúinn: It’s time for us Claochlaitheach: Transformative Ionchur: Input Claonadh: Bias Ag amharc go cúng: Looking narrowly Rúin: Motions Críochdheighilt: Partition Ualach: Burden Deis chneasaithe: Opportunity for healing Uirlis dheighilte: A tool of separation Dlínse: Jurisdiction Fréamhaithe: Rooted Toil: Desire or will Ionchas: Expectation Creatlach: Framework Idirbheartaíocht: Negotiation Rinneadh muid talamh slán daofa: We took them for granted Samhail: Model Am-scála: Time frame Aineolach: Uninformed or ignorant Géilleadh: Surrender Soiléireacht: Clarity An cheist a chíoradh: To discuss the issue Beidh seo ar leas..: This will benefit.. See omnystudio.com/listener for privacy information.
Embed this episode
NOW PLAYING
Éire Aontaithe: Would it demote or promote our national language?
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.