Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’  episode artwork

EPISODE · Jun 2, 2026 · 49 MIN

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’

from AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal · host Tuairisc

Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn.Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an Bord Guail ag iarraidh smacht a chur ar na ceardchumannaithe. Ar Nóra Uí Chuinn, cailín óg ó Chonamara, a bhí ina rúnaí leis an mBord Guail, a thit sé teachtaireachtaí a thabhairt ón mbord go dtí oifig an phríomh-aire i Sráid Downing.Deir Nóra le Helen go mbeidh cuimhneamh go deo aici ar an tréimhse sin dá saol, más gairid féin í. Sna Doiriú ar Bhóthar Loch an Iolra a saolaíodh Nóra agus is ann a chaitheann sí cuid mhaith mhór dá saol anois. I ndiaidh na tréimhse a chaith sí le hobair rúnaíochta i Sasana chuir sí lena haistear léinn i réimse an leighis.Altra sárcháilithe a chuir teagasc ar altraí óga ab ea í agus ardmheas ar a saineolas ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcúram croí go háirithe. Labhraíonn siad faoi na cúrsaí sin agus faoi conas aire a thabhairt don chroí. Tráchtann Nóra ar a hóige i gConarama agus ar an obair mhór a rinne a muintir le 13 páiste a thógáil. Labhraíonn sí faoi dhul ar imirce go dtí cathair Londan agus Boston agus ar an spéis a bhí riamh aici ar rudaí nua fhoghlaim.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.

Episode metadata supplied by the publisher feed · Published Jun 2, 2026

Embed this episode

Ready to play

Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’

0:00 49:54

No transcript for this episode yet

We transcribe on demand. Request one and we'll notify you when it's ready — usually under 10 minutes.

No similar episodes found.

No similar podcasts found.

Frequently Asked Questions

How long is this episode of AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal?

This episode is 49 minutes long.

When was this AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episode published?

This episode was published on June 2, 2026.

Can I download this AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal episode?

Yes. Use the download control on the episode player to save the publisher-provided media file.
URL copied to clipboard!