PODCAST · news
AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal
by Tuairisc
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
-
98
‘Paiste cainte ag Helen Ní Shé…le Sorcha Ní Chatháin: ‘Bhíodh náire ar dhaoine labhairt faoi aon rud mar seo, ach tá rudaí athraithe…’
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’ ar Tuairisc Sorcha Ní Chatháin, Príomhoide Bhunscoil an Ghleanna i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh atá i dteannta Helen. Bhí an scoil i mbéal an phobail mar gheall ar an bhfeachtas a troideadh sa phobal leis an scoil a choimeád oscailte, aitheantas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach di agus pátrúnacht mar scoil ilchreidmheach a chur i bhfeidhm i scoil bheag tuaithe. Thug Helen aghaidh ar Uíbh Ráthach le déanaí chun paiste cainte a dhéanamh le Sorcha agus aithne a chur ar an mbean lasmuigh de dhoirse na scoile. Labhair siad faoin tógáil a fuair sí óna máthair Maj, arb as an tSualainn di, agus a hathair, an t-iar-Ollamh i Roinn an Bhéaloidis in UCD, Séamus Ó Catháin. Labhrann siad chomh maith faoin bhfiosracht a thagann agus a imíonn i gcás an pháiste uchtaithe agus faoin mbuaine a bhaineann leis ngrá a thugann a tuismitheoirí di.Labhrann Sorcha faoin mbród atá uirthi gur éirigh léi buachaill óg álainn, Luke, a thógáil mar mháthair shingil, agus faoin gcinneadh mór a rinne sí bogadh go dtí Uíbh Ráthach chun tús a chur le saol nua, lena fear Ger.Pléann siad chomh maith an tábhacht a bhaineann le labhairt amach faoinár mothúcháin agus a bheith ábhairín beag ceanndána. Labhrann Sorcha faoin ualach agus briseadh croí a bhain le bheith ag súil agus an páiste a chailliúint. ‘Tá sé ok a rá nach bhfuil tú ok,’ a deir Sorcha.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
97
‘Ba cheart don rialtas cárta na huachtaránachta a imirt ar son Gaeilge’
In éineacht le Bridget, Maitiú agus Seán Tadhg ar an eagrán deireanach de ‘An Pod Gaeilge’ don séasúr seo, tá an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú. Pléitear tréimhse uachtaránachta sé mhí na hÉireann ar an Aontas Eorpach agus labhraíonn an feisire de chuid Fhianna Fáil linn faoi shaol an pholaiteora san AE. Pléitear, i measc go leor eile, caidreamh mhuintir na hÉireann leis an AE, fás na heite fíordheise agus stádas na Gaeilge san Eoraip. Tá Maitiú linn ó chomhdháil cearta teanga i mBéal Feirste agus scéal nuachta te bruite aige faoi chúrsaí teanga ó thuaidh.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
96
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le hAingeal Ó Buachalla: ‘Ní féidir linn ligean orainn go bhfuil saoirse againn nuair nach bhfuil saoirse ag an tír go léir’
Ar eagrán na seachtaine seo de Phaiste Cainte le Helen Ní Shé san ardchathair atá Helen chun comhrá a dhéanamh le hAingeal Ó Buachalla, Gael agus poblachtánach ó thuaisceart chathair Chorcaí, mar a raibh siopa grósaera ag a muintir.Tháinig Aingeal Ní Cháinte go dtí an nGráig i gCorca Dhuibhne i ndeireadh na ndaichidí agus í ina cailín óg agus bhí sí faoi dhraíocht ag an ndúthaigh as san amach.Bhí rian láidir an phoblachtánachais sa teaghlach agus mharaigh fórsaí na Breataine beirt uncailí dá cuid i gCorcaigh i Nollaig na bliana 1920.D'fhág san a rian uirthi agus ar an gcóras oideachais a roghnaigh a muintir di ina dhiaidh sin. Tá sí aon bhliain déag is ceithre fichid anois agus í ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath, aar a gcaith sí a bhformhór a saoil lena fear céile, Breandán Ó Buachalla, scoláire, Beannacht Dé leis.Is mó rud á phléigh Aingeal agus Helen ach a mbuaileadar le chéile le déanaí, ó hóige i gCorcaigh go dtí Corca Dhuibhne, gluaiseacht na naíonraí agus an feachtas le Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte. Ach más san ardchathair di le fada, deir Aingeal gurb í cathair Chorcaí an chathair is breátha in Éirinn.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
95
Na leabhair Ghaeilge ar cheart iad a phacáil do na laethanta saoire...
Cé na leabhair Ghaeilge ar cheart iad phacáil do na laethanta saoire? An feiliúnach an lón léitheoireachta an leabhar taistil agus tú féin ar saoire? Agus an é an Kindle leigheas an scéil don léitheoir amplach is é ag pacáil a mhála?Tá Máire Ní Neachtain agus Eoin P Ó Murchú in éineacht le Bridget agus Maitiú san eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar a rogha leabhar don samhradh.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
94
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Maidhc Sé: ‘ ̌Deirtear gur fearr an troid ná an t-uaigneas ach déarfainn níl aon mhaitheas a bheith ag troid an t-am ar fad freisin’
Ar an Dromaid i ndeisceart Chiarraí atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag labhairt leis an bhfeirmeoir Maidhc Sé agus cur síos á dhéanamh aige ar na hathruithe atá tagtha ar an saol óna óige agus an taitneamh a bhaineann sé as fáilte a chur roimh dhaoine óga le riachtanais speisialta chuig an bhfeirm.Baitsiléir a mhaireann ina aonar é an feirmeoir Maidhc Sé ach a bhfuil gach iarracht á dhéanamh aige a bheith i gcomhluadar.I measc na rudaí a bhíonn sé sáite ann, tá an scéim ‘Feirmeoireacht Shóisialta Chiarraí’, faoina gcuireann Maidhc fáilte roimh dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu chun píosa oibre a dhéanamh leis ar an bhfeirm. Deir Maidhc gurb é an cinneadh is fearr a rinne sé riamh dul leis an scéim agus go mbaineann sé féin an oiread pléisiúir as an gcomhluadar is a bhaineann na leaideanna a thagann chuige.Labhraíonn Maidhc chomh maith faoin athrú atá tagtha ar an saol ó bhí sé féin ina leaid óg agus na cuimhní atá aige ar theacht na haibhléise. Is cuimhin leis, mar shampla, aintín agus uncail leis nach raibh toradh chluiche ceannais na hÉireann 1968 acu go dtí an Mháirt tar éis chluiche ceannais an Domhnaigh. Anois, is féidir an scéal is déanaí ó chluiche Phiarsaigh na Dromad a fháil i lár an aifrinn, ar sé.Insíonn sé do Helen freisin conas go bhfuil bladhmghunna ó eitleán Naitsíoch sa teach aige.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
93
‘Cuirtear cluasáin ar dhaltaí sa rang Gaeilge ar eagla go gcloisfidh siad í’
I dteannta Bhridget agus Mhaitiú ar an eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá an saineolaí oideachais Pádraig Ó Duibhir agus an craoltóir Máirín Ní Ghadhra. Pléitear an taighde nua atá déanta ag Pádraig faoin bhfás as cuimse ar líon na ndaltaí a fhaigheann díolúine ó staidéar na Gaeilge. Insíonn Pádraig scéal a iníne a sheachain an díolúine agus a bhfuil trí theanga anois aici. Labhraíonn sé faoin naimhdeas, aineolas agus easpa measa ar an nGaeilge atá mar bhonn leis an gcóras lochtach ar mhaígh an Roinn Oideachais go ndéanfadh sé rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine. Ina áit sin, de réir thaighde Phádraig, má leanann cúrsaí ar aghaidh mar atá beidh díolúine ag duine de gach cúigear faoi 2030? Pléitear ‘meon aonteangach’ na Roinne Oideachais a deir Pádraig atá ag déanamh dochar do dhaltaí agus do pholasaí ionchuimsitheachta na roinne féin. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.Pléitear chomh maith scrúduithe Gaeilge na hArdteiste a bhí ar siúl an tseachtain seo agus an difríocht riamh idir an scrúdú Béarla agus Gaeilge.
-
92
Paiste cainte ag Helen Ní Shé… le Meidhbhín Ní Úrdail – ‘Ar nós an tseanmhadra, táim rócheanúil ar mo chúinne féin!’ - oidhreacht iontach na Longánach
I gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath atá Helen an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an Ollamh Méidhbhín Ní Úrdail ó Chorcaigh faoi iontais an léinn agus faoi oidhreacht dream amháin ar leith.D’fhág an scríobhaí agus file Micheál Óg Ó Longáin (1766-1837) agus a shliocht timpeall 600 lámhscríbhinn le huacht againn. Ach cad a spreag trí ghlúin de Longánaigh Chorcaí chun na hoibre sin i ngort léann na Gaeilge, cad iad na scileanna a thugadar leo ó ghlúin go glúin agus cad atá le foghlaim againn uathu? An tOllamh Méidhbhín Ní Úrdail atá i dteannta Helen an tseachtain seo chun oidhreacht na Longánach agus go leor eile a phlé.Labhraíonn Meidhbhín faoina tógáint trí Ghaeilge i nGleann Maghair i gCorcaigh, faoi na múinteoirí agus na léachtóirí a chuaigh i bhfeidhm uirthi agus faoi shaol léann na Gaeilge agus a suim sna lámhscríbhinní. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
91
‘Tá sé ar nós an scannáin 'Fight Club', tá an rialtas á bpuinseáil féin san éadan an t-am uilig’
Tuairiscíodh san Irish Times an tseachtain seo go bhfuil an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Gaeltachta Dara Calleary chun labhairt leis an Aire Oideachais Hildegarde Naughton maidir leis an scéal nach bhfuil sé i gceist ag a roinn aon scoil lán-Ghaeilge nua a bhunú as seo go ceann cúig bliana.Agus í in éineacht le Bridget, Seán Tadhg agus Maitiú ar an eagrán seo, deir Gormfhlaith Ní Thuairisg, craoltóir agus iriseoir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an chosúlacht ann gur tháinig an scéal sin aniar aduaidh ar Martin agus Calleary ach nach mbeadh sé tar éis iontas ar bith a chur ar phobal na Gaeilge.Deirtear nach mbeadh ar an rialtas mórán a dhéanamh maidir leis an nGaeloideachas chun dea-thoil a chothú i measc an phobail agus pléitear an scéal i bhfianaise torthaí mórshuirbhé náisiúnta faoin nGaeilge a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge le gairid. Deirtear go mbraitear soiniciúlacht maidir le suirbhéanna faoin nGaeilge go minic ach go bhfuil ábhar suntais agus misnigh i gcuid de na torthaí áirithe seo.Cloistear chomh maith comparáid idir dea-thoil a bheith ag duine don Ghaeltacht agus pota iógairt a ghlanadh.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
90
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Nóra Uí Chuínn: ‘Mise a chaitheadh an press release a thabhairt síos go Number 10’
Is beag Éireannach go mbeadh sé le rá acu go raibh cosán déanta acu go dtí Uimhir 10 Sráid Downing le linn do Mhaggie Thatcher a bheith ina príomhaire ar an mBreatain ach is amhlaidh a bhí ag aoi na seachtaine seo, Nóra Uí Chuinn.Tréimhse chorraitheach i stair na Breataine ab ea iad na blianta 1984 agus 1985, tráth go raibh na mianadóirí ar stailc faoi stiúir Arthur Scargill agus Thatcher agus an Bord Guail ag iarraidh smacht a chur ar na ceardchumannaithe. Ar Nóra Uí Chuinn, cailín óg ó Chonamara, a bhí ina rúnaí leis an mBord Guail, a thit sé teachtaireachtaí a thabhairt ón mbord go dtí oifig an phríomh-aire i Sráid Downing.Deir Nóra le Helen go mbeidh cuimhneamh go deo aici ar an tréimhse sin dá saol, más gairid féin í. Sna Doiriú ar Bhóthar Loch an Iolra a saolaíodh Nóra agus is ann a chaitheann sí cuid mhaith mhór dá saol anois. I ndiaidh na tréimhse a chaith sí le hobair rúnaíochta i Sasana chuir sí lena haistear léinn i réimse an leighis.Altra sárcháilithe a chuir teagasc ar altraí óga ab ea í agus ardmheas ar a saineolas ar an tsláinte phoiblí agus ar an gcúram croí go háirithe. Labhraíonn siad faoi na cúrsaí sin agus faoi conas aire a thabhairt don chroí. Tráchtann Nóra ar a hóige i gConarama agus ar an obair mhór a rinne a muintir le 13 páiste a thógáil. Labhraíonn sí faoi dhul ar imirce go dtí cathair Londan agus Boston agus ar an spéis a bhí riamh aici ar rudaí nua fhoghlaim.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
89
‘Plean teanga? Sí an fhéile an plean teanga!’ – 10 mbliana d’Fhéile Na Gealaí
Tá Edel Ní Churraoin, duine de bhunaitheoirí Fhéile na Gealaí agus Gearóid Ó Murchú, ón mbanna Na Fíréin, in éindí le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo le ceiliúradh a dhéanamh ar an bhféile cheoil Ghaelach i Ráth Chairn.Pléann siad stair na féile agus conas mar a d’fhás sí 10 mbliana ó shin as teip ‘Ravelóid’, iarracht mórfhéile cheoil a chur ar bun i nGaeilge do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. Cuimhníonn Edel ar na laethanta luatha sin nuair ba leoraí páirceáilte le fána agus dréimire suas chuig an stáitse a bhí acu. Pléitear an tábhacht a bhaineann le tearmann teanga amhail Féile na Gealaí do dhaoine óga go háirithe agus cén fáth go mothaíonn tú gur ‘ag dul isteach ar oileán’ atá tú nuair a leaindeálann tú ag an bhféile. Cuimhníonn Gearóid siar ar an gcéad ghig ag Na Fíréin ag an bhféile Rac a hAon a reáchtáladh i Ráth Chairn agus ar fhilleadh ar Ghaeltacht na Mí 30 bliain níos déanaí chun seinm ag Féile na Gealaí.Cuimhnítear chomh maith ar dhuine de laochra mór an cheoil agus na nGael, Rónán Mac Aodha Bhuí, a thug an-spreagadh do lucht bunaithe Fhéile na Gealaí. Bhí Rónán i láthair ag Rac a hAon i 1984 agus gan é ach 14 bliain d’aois. Deireadh sé i gcónaí gur “athraigh sé a shaol”.Beidh Féile na Gealaí 2026 ar siúl ar an 5-6 Meitheamh i Ráth Chairn i gcontae na Mí.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.Ceol: Tír Na nÓg - Na Fíréin
-
88
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Dáithí Ó Sé: 'Beidh mé leathchéad an tseachtain seo chugainn, níor thuigeas cad a bhí agam go dtí go bhfágas an Ghaeltacht'
Mar láithreoir ar an Today Show agus comórtas Rós Thrá Lí, tá Dáithí Ó Sé ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de na craoltóirí is cáiliúla sa tír le fada. Beidh breithlá mór ag Dáithí an tseachtain seo chugainn agus é 50 bliain d’aois. Ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ labhraíonn sé le Helen faoi sin agus faoi go leor eile.Pléann Dáithí a chuid oibre agus na suáilcí agus duáilcí a bhaineann léi, an t-athrú atá tagtha ar Fhéile Rós Thrá Lí, an tábhacht a bhaineann leis an nGaeltacht dó, a mhuintir agus an oidhreacht a d'fhág a thuismitheoirí aige. Tráchtann sé ar bheith ina 'agony aunt' agus a 'style icon' agus faoin gcinneadh a dhein sé nuair a bhí sé ag éirí maol go ndéanfadh sé rud éigin faoi.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
87
‘Bímis dána, misniúil, neamhghéilliúil, bímis sásta troid ar son ár dteanga’ - 100 bliain na Gaeltachta
I 1926 a leag Coimisiún na Gaeltachta teorainneacha na Gaeltachta síos. Mar chuid dár sraith nua ‘100 bliain na Gaeltachta’, tá Dara Ó Cinnéide agus Orlaith Ruiséal linn faoi chás na teanga féinIn éineacht le Bridget agus Darren ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá Dara Ó Cinnéide ó Raidió na Gaeltachta agus Orlaith Ruiséal ó Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Agus an dara heagrán de ‘100 bliain na Gaeltachta’, ár sraith nua físeán, seolta againn, pléitear an geábh seo cás na teanga sa Ghaeltacht. Pléitear an rogha chasta a bhíonn ag tuismitheoirí Gaeltachta maidir le páiste a thógáil trí Ghaeilge. Déantar trácht ar an gcoimhlint idir sealbhú agus saibhriú teanga i scoileanna Gaeltachta agus fiafraítear an leagtar ualach róthrom ar an scoil maidir le slánú na teanga. Labhraítear ar chomh hait is atá sé a bheith ag rá gur gníomh dána agus neamhghéilliúil atá anois ann an Ghaeilge a labhairt sa Ghaeltacht. Ach b’fhéidir gurb in a theastaíonn má táthar leis an nGaeilge a thabhairt slán mar theanga phobail? A bheith dána, neamhghéilliúil agus sásta troid go deireadh na himeartha?Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
86
AN POD GAEILGE: Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Ciarán Feiritéar: ‘Cheannaíos ‘Tomás’ ag auction i Sasana, agus níor dhein sé faic riamh dom!’
Paiste cainte agus paiste cuileachtain atá againn an tseachtain seo ar ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ agus Helen ar cuairt ar Chiarán Feiritéar ar an bhfeirm agus é i mbun oibre. Is mó scréip a bheireann ar an bhfeirmeoir agus ní taise do Chiarán é, feirmeoir caorach. Tá paiste talún aige i gCathair Coinn i bParóiste an Fheirtéaraigh, agus paiste eile thiar i mBaile na hAbha i nDún Chaoin, áit dúchais a athar. Tá cuid dá chuid talún ar barra Chruach Mhárthain agus a thuilleadh fós ar imeall Chuan Ard na Caithne. Bíonn tinte sléibhe agus creimeadh cósta ag bagairt air ach i ndeireadh thiar thall is é an cion agus an grá atá aige dá chuid ainmhithe a choimeádann sa tsiúl é. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
85
100 bliain FF – ar thréig an chosmhuintir Fianna Fáil nó ar thréig Fianna Fáil an chosmhuintir?
Ar an 16 Bealtaine 1926, céad bliain ó shin, bhunaigh Éamon de Valera Fianna Fáil an páirtí is mó a bhí i gcumacht ó bunaíodh an stáit. San eagrán speisialta seo tá an t-iar-aire Éamon Ó Cuív, garmhac de Valera, agus na craoltóirí Máirín Ní Ghadhra agus Cathal Mac Coille in éineacht le Bridget chun plé a dhéanamh ar stair an pháirtí ar na rudaí a bhain siad amach le 100 bliain anuas agus ar na botúin a rinne siad. Pléitear chomh maith cá bhfuil a dtriall sa lá atá inniu ann agus an gá dóibh filleadh ar a ndúchas chun teacht slán.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
84
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Brenda Ní Shúilleabháin: Ag plé leis an ailse – ‘Buíochas an tréith is mó a d’fhorbair sé ionam’
Aistear sláinte, aistear machnaimh agus ábhar dóchais atá ag Brenda Ní Shúilleabháin, scéalaí, scríbhneoir scripte agus díolamóir, do Helen ar eagrán na seachtaine seo de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…. Bhí Brenda Ní Shúilleabháin ‘in easnamh ón saol’, a deir sí, ar feadh roinnt míonna nuair a fuair sí an drochscéal go raibh ailse fola uirthi. Labhraíonn sí le Helen faoi conas ar chuaigh sí i ngleic leis an scéal, an scanradh agus an t-iontas a bhain leis agus an méid a d’fhoghlaim sí uaidh.Labhair sí faoin gcóir leighis a cuireadh uirthi, faoin gcúram a fuair sí agus faoi conas gur oscailt súl ab ea a cás di faoin gcóras sláinte agus faoi chineáltas an duine.Labhraíonn sí faoin saol atá roimpi i ndiaidh na hailse, faoin PhD atá á chríochnú aici agus faoi cad ina thaobh go ndeir sí gurb é an buíochas an tréith is mó a d’fhorbair an scéal go léir inti.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
83
An cuma le muintir na Gaeltachta agus aontachtaithe an Tuaiscirt faoi áit na Gaeilge sa phlé faoi ‘Éire Aontaithe’?
Tá ár gcomhfhreagraí sa Tuaisceart Póilín Ní Chiaráin in éineacht le Bridget, Pádraic agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Gaeilge chun plé a dhéanamh ar thaighde nua atá foilsithe ag Conradh na Gaeilge faoi áit na teanga sa díospóireacht faoi ‘Éire Aontaithe’. Pléitear chomh maith an chonspóid a bhain le deireadh a bheith curtha tionscadal na logainmneacha ó thuaidh. £90,000 a bhí i gceist ansin, an méid céanna airgid a chaith comhairle áitiúil ag cur i gcoinne comhartha dátheangach in Ard Mhacha. Agus ar deireadh pléitear fógra an Aire Oideachais nach mbeidh aon scoil lán-Ghaeilge nua á tógáil as seo go ceann cúig bliana. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
82
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le…Cormac Ó Gráda: ‘Ag deireadh an lae an gnáthdhuine a bhíonn thíos le cogadh, cosúil liomsa is leatsa’
Agus gan aon stad le hainnise na cogaíochta ar fud an domhain, tá an staraí aitheanta Cormac Ó Gráda i dteannta Helen ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste cainte le Helen Ní Shé…’ Labhraíonn sé faoina mhórshaothar is déanaí Hidden Victims: Civilian Casualties of the Two World Wars, ina n-áitíonn sé gur sibhialtaigh ab ea 65 milliún den 100 milliún duine a maraíodh sa dá chogadh domhanda. An gorta, agus an t-ocras agus na galair a leanann é ba thrúig bháis do 30 milliún de na sibhialtaigh sin, a deir sé. Tráchtann Cormac chomh maith ar an athrú a tháinig ar mhodhanna cogaíochta agus teaicticí míleata agus ar an athrú a tháinig ar ár dtuiscint ar mharú pobail dá bharr, ón mbuamáil ón aer go dtí an cinedhíothú. Pléann sé cás mhuintir na Palaistíne. ‘Nuair a fheiceann tú an scrios atá déanta ar Gaza…chaithfeá a rá gur d’aon ghnó a deineadh é sin,’ a deir sé. Tráchtann sé chomh maith ar an gcogadh san Úcráin, ar mhímhoráltacht na cogaíochta agus ar uafás an Uileloiscthe. Ar deireadh pléitear ceist an dóchais agus an éadochais i bhfianaise na rudaí uafásacha a tharlaíonn le linn cogaidh.
-
81
Léirmheas ar albam nua Kneecap, dochar sláinte na Gaeilge, scileanna teanga i nGaillimh Thiar
Darren, Maitiú agus Seán Tadhg atá i dteannta Bhridget ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ agus albam nua Kneecap, ‘Fenian’, á mheas acu. Pléitear chomh maith ceist na Gaeilge i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar. An buntáiste d’iarrthóirí Gaeilge a bheith acu nó an cuma le daoine? Caitear súil chomh maith ar an gcruinniú is déanaí ag Coiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta, mar a raibh plé faoi chúrsaí earcaíochta agus cearta teanga sa chóras sláinte.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
80
Paiste cainte ag Helen Ní Sé le Phil Ní Sheaghdha: ‘Aon duine atá ag obair a bhfuil rud le rá acu ba chóir an ceart sin a bheith acu’
In Ardoifig Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann i lár Bhaile Átha Cliath atá Helen Ní Shé an tseachtain seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an gceardchumannaí aitheanta Phil Ní SheaghdhaPhil Ní Sheaghdha, ó Chorca Dhuibhne, Ard-Rúnaí Chumann Altraí agus Ban Chabhrach, atá linn an tseachtain seo ar Paiste Cainte ag Helen Ní Shé. Deir Phil gurb iad na díospóireachtaí ar ghlac sí páirt iontu nuair bhí sí ar scoil i Méanscoil na Toirbhirte sa Daingean a ghin a dúil sa cheardchumannachas. Thug comórtais díospóireachta Gael Linn tuiscint di ar conas tú féin agus do chuid argóintí a chur in iúl, a deir sí. Pléann Helen le Phil cad chuige an ceardchumann agus cad atá tábhachtach faoi, an fiúntas a bhaineann le stailc agus an ceart atá ag gach aon oibrí go gcloisfí a bhfuil le rá acu. Tráchtann Phil chomh maith ar an difríocht idir cúram sláinte príobháideach agus cúram sláinte poiblí agus cad ina thaobh dar léi nár chóir go mbeadh an deighilt sin ann.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
79
‘Tá rud éigin speisialta faoi Chorca Dhuibhne don duine a mbeadh spéis aige a bheith amuigh faoin aer’
Agus an clog curtha chun cinn, an lá ag dul chun síneadh, agus laethanta buí an tsamhraidh amach romhainn, labhair Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín, ar treoraí sléibhe é féin, leis na treoraithe Eoin Ó Tuairisg as Cois Fharraige agus Darach Ó Murchú as Corca Dhuibhne faoi na siúlóidí Gaeltachta is fearr leo. Pléadh siúlóidí móra sna beanna arda, oilithreachtaí ársa agus nua, agus siúlóidí beaga pléisiúrtha cois cladaigh agus portaigh, chomh maith leis na rudaí is ceart a bheith airdeallach orthu agus duine ag tabhairt an tsléibhe air féin. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
78
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín Ní Chionnfhlaolaidh: ‘Is dóigh liom go mbeadh an saol an-leadránach ar fad gan ealaíontóirí’
Is ar ais in Uíbh Ráthach atá Helen d’eagrán na seachtaine seo agus í ag bualadh leis an ealaíontóir gloine Róisín Ní Chionnfhlaolaidh.An dúlra agus an fharraige go háirithe a spreagann Róisín agus formhór a saoil caite aici cois cósta, ar a fód dúchais sa Rinn i nGaeltacht na nDéise go dtí an Rinn Rua i ndeisceart Chiarraí, áit a bhfuil sí anois ina cónaí lena clann.Labhair sí le Helen faoin tionchar a bhí ag an ealaín ar a hóige, na healaíontóirí i measc a muintire agus a bheith ag cur isteach ar chomórtais san Irish Press agus í ina gasúr.Tá tréimhsí caite ag Róisín mar ealaíontóir cónaithe in ionad Chill Rialaig suas an bóthar uaithi i mBaile an Sceilg agus sa Díseart sa Daingean chomh maith agus d’inis sí dúinn faoin tábhacht a bhíonn le ciúnas agus tearmann don ealaíontóir agus tábhacht na healaíne don phobal.Labhair Róisín chomh maith faoi na dúshláin a bhaineann le saol an ealaíontóra agus faoi na fadhbanna sláinte a bhí aici féin le blianta beaga anuas.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
77
‘Déanann an Ghaeilge difríocht, agus an-difríocht, i dtoghcháin i nGaillimh Thiar’
Tá an t-iar-aire Gaeltachta agus iar-Theachta Dála do Ghaillimh Thiar Éamon Ó Cuív linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar fhothoghcháin na míosa seo chugainn, i nGaillimh Thiar agus i mBaile Átha Cliath Láir. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar a mbeidh le foghlaim againn ó na fothoghcháin faoin Rialtas, faoin bhfreasúra agus faoi bhorradh na heite clé. Pléitear an tionchar a bheidh ag an nGaeilge ar an toradh i nGaillimh Thiar agus cé leis a bheidh an lá.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
76
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Peadar Mac an Bháird: ‘Is fuath liom an bia ‘convenience’!’
Is i siopa bia Country Choice in Aonach Urmhumhan i dTiobraid Árann atá Helen d’eagrán na seachtaine seo. Is ann a dhein sí paiste cainte le fear an tsiopa Peadar Mac an Bháird, atá ag soláthar togha agus rogha an bhia le breis agus daichead bliain. Agus an Cháisc buailte linn, tá troscadh agus tréanas Aoine an Chéasta agus flúirse is ceiliúradh Dhomhnach Cáscaromhainn. Labhraíonn Peadar ar thábhacht an bhia sa teaghlach an t-am seo bliana. Pléann sé chomh maith conas ar chuir sé suim i gcúrsaí bia an chéad lá agus é ag fás aníos i gcontae na Mí, ag cabhrú lenaathair agus é ag díol agus ag ceannach. Labhraíonn siad faoi eachtra inar dódh siopa a sheanathar i mBaile Átha Cliath agus an lorg a d’fhág sé ar scéal a mhuintire. Pléann siad difríocht idir an bia orgánach nádúrtha agus an bia saoráideach. Labhraíonn siad chomh maith faoina lárnaí is atá an pobal i scéal shiopa Pheadair. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
75
Ag taisteal na hEorpa ar an traein
Tá ár gcolúnaí Alex Hijmans linn an tseachtain seo agus tús curtha aige ar thuras traenach fada timpeall na hEorpa. Tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta, in éineacht le Bridget agus Maitiú chomh maith chun plé a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta san Eoraip, ar an easaontas san Aontas Eorpach, ar chúrsaí taistil, ar an ‘taisteal glas’ agus ar chaighdeán na seirbhíse a bhíonn ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta taistil acu.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
74
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Mossie Ó Scanláin: ‘Nuair a thagaim isteach anseo is féidir liom m’athair a fheiscint, m’athair críonna… iad go léir’
Is i gCom an Lochaigh atá Helen an tseachtain seo, com breá, leathan, fairsing atá ar an dtaobh theas de Chnoc Bréanainn. I mBaile an Lochaigh ag béal Chom an Lochaigh a saolaíodh Mossie Ó Scanláin, ach amach as an gcam fhéin a tháinig a shinsir. Sa lá atá inniu ann bíonn Mossie, amhránaí agus údar aitheanta, ag tabhairt cuairteoirí go dtí an áit seo, mar a mbíodh sé féin ag baint mhóna sna portaigh is é ina bhuachaill óg. Ar thóir stair, seanchas, dinnseanchas agus muintir na háite diamhaire seo a bhíonn na cuairteoirí. Ag bun Bhaile an Lochaigh a bhuail Helen lena treoraí. Seo linn mar sin an cóngar isteach leo go dtí Com an Lochaigh… Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
73
Slabar AI, slán le Seachtain na Gaeilge agus ‘Seo linn go Meiriceá’…
Tá lán an tí de Thuairisceoirí le Bridget an tseachtain seo agus Maitiú agus Pádraic léi chun slán á fhágáil le Seachtain na Gaeilge agus plé a dhéanamh ar thorthaí chomórtas conspóideach AI a reáchtáil Údarás na Gaeilge. Pléitear chomh maith cuairt an Taoisigh ar an Trumpach. Faoin am go mbeidh An Pod Gaeilge ar ais Dé hAoine seo chugainn, beidh a fhios againn an mbeidh foireann sacair na hÉireann fós san iomaíocht d’áit ag Corn an Domhain an samhradh seo. Caitear súil chun cinn ar na gcluiche mór in aghaidh Phoblacht na Seice agus tugtar cluas le héisteacht ‘Seo linn go Meiriceá’, amhrán sacair i nGaeilge a bhuaigh comórtas a d’eagraigh Bord na Gaeilge roimh Chorn na Domhain 1994 i Stáit Aontaithe Mheiriceá.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
72
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Beartla Ó Flatharta: ‘Díolfar báid na hÉireann… agus beimid ag ceannach éisc i gcomhair na Nollag’
In Árainn a saolaíodh Beartla Ó Flatharta, nó Beirtí faoi mar a ghlaoitear go háitiúil air. Cháiligh sé ina mhúinteoir scoile agus chaith sé tréimhse ghairid ag múineadh i mBaile Átha Cliath, ach ar chuma an bhradáin a fhilleann ar a dhúchas mealladh Beartla ar ais siar abhaile go dtí Gaillimh agus tá an chuid is fearr dá shaol caite aige, os cionn dhá scór bliain, ag plé, slí amháin nó slí eile, le cúrsaí iascaireachta.Bhuail Helen leis sa Ghaillimh le déanaí, mar ar phléigh siad conas a d'imigh an t-iascach in Éirinn ón bhflúirse go dtí an meath.Deir sé anois go bhfuil sé chomh maith agat a rá go bhfuil deireadh tagtha le tionscal an iascaigh sa tír seo agus go mbeidh na báid mhóra á ndíol ceann ar cheann. ‘Bhí daoine suas go dtína mbásta i dtroisc, ní fhéadfá trosc amháin a fháil anois ann. Sin é a mharaigh é,’ a deir Beartla. Níl aon cheist ach gur ar an stát atá an milleán, a deir sé. Deir sé go raibh an damáiste déanta ag an stát faoin am gur thosaigh siad ag smaoineamh ar rialacha a thabhairt isteach. ‘Mura bhfuil an t-iasc in ann sceitheadh, ní bheidh aon iasc ann,’ a deir Beartla. Labhrann Beartla leis ar an slad a rinneadh ar éisc na hÉireann, slad a d’fhág gur ar éigean go bhfuil ‘aon iasc fágtha ar chósta na tíre seo’. Pléann siad chomh maith an t-athrú aeráide agus an lorg atá fágtha aige ar an iascach, agus cén fáth go mb’fhéidir gur dóchas amú atá ann a bheith ag brath ar thionscal na muilte gaoithe amach ó chósta na tíre.Bhain Beartla sásamh agus tairbhe as na blianta atá caite aige ag plé leis an iascach. Dírionn sé sa phaiste cainte seo le Helen ar an méid a thug an t-ascach dúinn, ar an méid a cailleadh, ar conas a cailleadh é agus ar cad é atá romhainn.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
71
‘Níl a fhios ag Meiriceá céard atá ar siúl acu, ach tá a fhios ag Netanyahu céard atá uaidh’
Tá beagnach 2,000 duine curtha den saol ó thosaigh na Stáit Aontaithe agus Iosrael a gcogadh ar an Iaráin ar an 28 Feabhra. In éineacht le Bridget agus Maitiú an tseachtain seo tá Seosamh Mac Donncha, iarchoirnéal in arm na hÉireann agus saineolaí ar chúrsaí míleata agus an t-iriseoir agus colúnaí le Tuairisc, Póilín Ní Chiaráin. Pléitear an cogadh, na spriocanna nó easpa spriocanna a bhí leis, agus céard a d’fhéadfadh tarlú.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
70
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Róisín de Buitléar: ‘Thóg sé trí seachtaine na píosaí gloine a phacáil le tabhairt go dtí Dún Chaoin’
I bhfochair an ealaíontóra Róisín de Buitléar atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo. In Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin a bhuail Helen le Róisín, mar a bhfuil sampla iontach dá sár-ealaín – fuinneog mhór ina bhfuil 350 píosa gloine.Tá an oiread pearsantachtaí ag an ngloine – is féidir í a lúbadh, a leá nó a shéideadh – ach draíocht an tsolais agus an tslí a dtéann sé i bhfeidhm ar an ngloine is mó a mheallann í, a deir Róisín.Cultúr, oidhreacht, nádúr agus muintir na hÉireann an spreagadh a bhíonn aici ina cuid oibre, a deir sí. Labhraíonn siad chomh maith faoi obair thraidisiúnta na lásadóireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag obair i measc an phobail.Pléann Róisín chomh maith an imní atá uirthi go bhfuil an cheardaíocht thraidisiúnta – amhail an séideadh gloine – i mbaol. Deir sí freisin go bhfuil na healaíona agus an cheardaíocht in Éirinn rómhór ina gcuid de scéal eacnamaíochta na tíre seachas ina gcuid de scéal cultúrtha na tíre.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
69
‘Ní fíorghaelachas ná ardnósachas é seo, tá ciall ag brath ar na rudaí seo’ – tábhacht cheartúsáid na Gaeilge
Tá an t-aistritheoir agus saineolaí teanga Antain Mac Lochlainn in éineacht le Bridget, Máire agus Seán Tadhg ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ chun plé a dhéanamh ar chúrsaí teanga agus an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus saibhreas.Is minic a bhíonn drogall ar dhaoine clamhsán a dhéanamh faoi chaighdeán teanga agus meastar gur cheart dúinn fáilte a chur i gcónaí roimh ‘an cúpla focal’. Pléitear san eagrán seo meon ‘an chúpla focal’ agus cén fath nach leor i gcónaí an lag-iarracht, go háirithe ón stát.Pléitear freisin ‘Gaeilge an charbhait’, céard is cúis le Gaeilge dhothuigthe an tsaoil phoiblí, na dúshláin atá ann d’aistritheoirí agus an doicheall a bhíonn ann go minic roimh an nGaeilge nádúrtha.Caitear súil chomh maith ar chás na Gaeilge agus céard atá i ndán dár ‘bpéistíní beaga’ amachsmach anseo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
68
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le John Dairbe Ó Flatharta
Ar an gCeathrú Rua atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar bhuail sí le John Deairbe Ó Flatharta, bádóir agus fear farraige ó rugadh é.Tá nach mór 40 bliain ann ó ritheadh an geall ó Árainn go Baile na nGall i gCorca Dhuibhne agus trí bhád mhóra ó Chonamara in iomaíocht le chéile – An Macdara, An Mac Duach agus an An American Mór. Ba le Tom Deairbe Ó Flatharta, deartháir John, An American Mór.Tá cuimhní geala ag John féin ar an aistear ó dheas i 1987. Chuaigh Helen go dtí an Cheathrú Rua chun paiste cainte a dhéanamh leis faoin rás sin, faoin dúil a bhí aige i mbáid ó rugadh é i mbéal na farraige ar Inis Mhic Cionaith.Labhraíonn siad faoi thraidisiún agus faoi cheard na mbád seoil, faoin bpléisiúr atá bainte ag John astu. Labhraíonn siad chomh maith faoi na blianta a chaith sé ag obair i Sasana agus i Meiriceá agus go leor eile.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
67
Ar chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’?
Ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’ pléitear cinneadh Chonradh na Gaeilge go mbeidh an eagraíocht ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’ feasta. An é an cinneadh ceart é?In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn. Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.An é an cinneadh ceart é? Tá plé bríomhar againn faoin gceist sin agus faoi na himpleachtaí a bhaineann leis don eagraíocht ársa teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
66
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Maighread Ní Dhomhnaill: ‘Bhí ár gcroí istigh sna hamhráin Ghaeilge… sin an dúchas a bhí againne’
San ardchathair atá Helen san eagrán seo chun paiste cainte a dhéanamh leis an amhránaí Maighread Ní Dhomhnaill.Saolaíodh Maighread i gCeannanas i gcontae na Mí ach is i Rann na Feirste i dTír Chonaill, ceantar dúchais a hathar, atá a croí.Is ann a chuir sí barr slachta ar a cuid Gaeilge agus is ann a tháinig sí ar thobar na n-amhrán a chan sí i gcaitheamh a saoil. Ní raibh sí ach cúig bliana déag d’aois nuair a chuir Gael Linn amach i 1971 albam léi féin, a deirfiúr Tríona, a ndeartháir Mícheál agus Dáithí Sproule. Tá trácht fós ar an mbuíon cheoil sin – Skara Brae. Níor thaitin sé le daoine áirithe gur chuir siad tionlacan ceoil le hamhráin thraidisiúnta ach níor chuir sé sin aon bhac orthu agus maireann a gcáil inniu mar cheannródaithe. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
65
100 lá Catherine Connolly, Éire in aghaidh Iosrael agus Micheál Martin agus an Ghaeilge
Tá céad lá caite ag Catherine Connolly ina hUachtarán ar Éirinn. Conas atá ag éirí léi? An bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici? An bhfuil sí níos ciúine ná mar a síleadh a bheadh sí? Déanann Bridget Bhreathnach an scéal a phlé leis an gcraoltóir Máirín Ní Ghadhra agus le Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc. Pléann siad chomh maith an chonspóid mhór a bhaineann leis na cluichí atá beartaithe idir Éirinn agus Iosrael i Sraith na Náisiún sa bhfómhar agus caitheann siad súil freisin ar a raibh le rá ag an Taoiseach agus é faoi agallamh ag Máirín ar 7Lá ar TG4 an tseachtain seo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
64
In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraí
In Uíbh Ráthach atá Helen Ní Shé d’eagrán na seachtaine seo, mar ar chas sí le Victor Bayda, an teangeolaí ón Rúis a bhfuil seacht mbliana caite aige ag plé leis an bpleanáil teanga i gCiarraíCothrom an ama seo seacht mbliana ó shin a thuirling an teangeolaí ón Rúis, Victor Bayda i nGaeltacht Uíbh Ráthaigh chun tús a chur le post nua mar phleanálaí teanga. Bhí mórán daoine meallta ag an scéal faoin Rúiseach a bheadh ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn i gCiarraí. Conas atá ag éirí leis ó shin agus cad é a léamh ar chás na teanga agus ar an gcóras pleanála teanga anois? Chuaigh Helen chun caite leis don eagrán is déanaí de Paiste Cainte ag Helen Ní Shé...Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
63
Sna hamhráin ghrá atá cuid den chuid is fearr de litríocht na Gaeilge…
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an scríbhneoir Alan Titley agus an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair. Cúrsaí grá atá faoi chaibidil acu agus Lá Fhéile Vailintín buailte linn.Tá Lá an Ghrá buailte linn agus beidh na cártaí, bláthanna, agus boscaí seacláidí go flúirseach i gcaitheamh an deireadh seachtaine. Is é an grá an téama is mó a bhíonn faoi chaibidil in amhráin agus i bhfilíocht na nGael - an briseadh croí, an grá leatromach, agus suáilcí an ghrá san áireamh. San eagrán seo de An Pod Gaeilge, cíorann an t-amhránaí agus léachtóir Odí Ní Chéilleachair, agus an t-ollamh emeritus Alan Titley téama an ghrá i litríocht, i bhfilíocht, agus in amhránaíocht na nGael le Bridget Bhreathnach agus Maitiú Ó Coimín ó Tuairisc.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
62
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Cathal Seoighe: An treise an dúchas ná an oiliúint? B’fhearr ceist a chur ar an eolaí…
In Ollscoil na Gaillimhe atá Helen do phaiste cainte na seachtaine seo, mar ar chas sí leis an eolaí an tOllamh Cathal Seoighe chun cuid de cheisteanna móra na beatha agus an bháis a phlé. Éiríonn go seoigh leo na cesiteanna sin a chur trí chéile agus leathshúil amach an fhuinneog acu ar eagla go dtiocfadh lucht clampála an champais. Tá suas le hochtó míle géin sa ghéanóm s’againne agus a cúram féin ar gach aon cheann acu. An mó ceann acu a fhaigimid ónár dtuismitheoirí? Cad iad na tréithe a iompraíonn siad, agus cén rian a fhágann siad orainn? An raibh an ceart ag an seandream a dúirt, ‘ó, tá sé sa bhfuil aige’ nó an fíor an seanfhocal gur treise dúchas ná oiliúint? Níl ansin ach cuid de na ceisteanna atá faoi chaibidil againn ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
61
Timpeall is timpeall ar an bhfáinne fí – ag dul in olcas atá cás na Gaeilge sa chóras oideachais
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá iar-phríomhfheidhmeannach COGG Muireann Ní Mhóráin chun cásan ghaeloideachais a phlé Is léir ó na figiúirí is déanaí maidir le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas trí Ghaeilge go bhfuil forbairt an ghaeloideachais ina lánstad i gcónaí. Ach an bhfuil aon leigheas ar an scéal ag an Roinn Oideachais seachas tascfhórsa a bhunú? Déanann Bridget Bhreathnach an cheist sin agus cuid de scéalta eile na seachtaine a phlé le Muireann Ní Mhóráin, iar-phríomhfheidhmeannach COGG, agus le Maitiú Ó Coimín, agus Seán Tadhg Ó Gairbhí ó Tuairisc.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
60
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Louise Ní Fhiannachta: ‘Dá gcoimeádfainn orm ag ól mar sin, ní bheinn anseo leatsa’
Chuaigh Helen Ní Shé go dtí Béal Feirste mar ar dhein sí paiste cumhachtach cainte le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ildánach. Labhair Helen Ní Shé an tseachtain seo le Louise Ní Fhiannachta, an scríbhneoir agus stiúrthóir scannáin ó Bhaile an Chótaigh i bParóiste Fionntrá i gCorca Dhuibhne, faoina saol agus saothar.Labhraíonn siad faoi cad a thug go dtí Béal Feirste Louise agus faoi cad ina thaobh go bhfuil sí chomh sásta ag cur fúithi sa chathair sin. Pléann sí an traidisiún drámaíochta i gCorca Dhuibhne agus a cuid oibre le TG4 ó laethanta luatha an stáisiúin. Labhraíonn Louise faoin draíocht a bhaineann le hobair mheithle scannáin, faoi chaidreamh an stiúrthóra leis an aisteoir agus faoi scannán faisnéise a dhéanamh a bhaineann le do phobal féin. Labhraíonn sí óna croí chomh maith faoina cinneadh 19 bliain ó shin cúl a thabhairt leis an ól agus ar an tsaoirse a lean an cinneadh sin.Ar deireadh thiar tráchtann sí ar mhisneach Kneecap agus ar na hathruithe sna meáin ó thosaigh sí féin ag plé le TG4 30 bliain ó shin.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
59
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Bríd Ní Mhóráin do Lá Fhéile Bríde– ‘Nuair a bhím le dán, bím sa lios’
‘Faoi bhrat Bríde’ atáimid ar an eagrán is déanaí de ‘Paiste Cainte’ agus Bríd Ní Mhóráin, file, i dteannta Helen d’eagrán an-speisialta do Lá Fhéile BrídeI bhfochair Helen ar an eagrán an-speisialta go deo seo de ‘Paiste Cainte ag Helen Ní Shé…’ tá an file agus béaloideasóir aitheanta Bríd Ní Mhóráin. Agus Lá Fhéile Bríde linn, sí Naomh Bríd atá faoi chaibidil agus plé á dhéanamh ar an seanchas, an béaloideas, an faoiseamh, an leigheas agus an tsaoirse a bhaineann le ‘Muire na nGael’. Labhraíonn Bríd faoin rian a d’fhág Naomh Bríd ar a cuid filíochta agus ar a tuiscint ar an saol, agus ar an méid go bhféadfaimis go léir a fhoghlaim uaithi. Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
58
‘Tá faitíos orainn uilig. Níl aon duine sábháilte’ – tuairisc ó Minneapolis
In éineacht le criú An Pod Gaeilge an tseachtain seo, tá an t-iriseoir Máirtín Ó Catháin agus an t-iar-ollamh Nancy Stenson atá linn ó Minneapolis, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthairI dteannta Bridget Bhreathnach tá Maitiú Ó Coimín, Máirtín Ó Catháin agus Nancy Stenson, iar-ollamh le teangeolaíocht in Ollscoil Minnesota a bhfuil an-cheangal aici leis an tír seo agus le Gaeltacht Ráth Chairn go háirithe. Tá Nancy linn ó Minneapolis, a cathair dhúchais, cathair atá faoi scamall an fhoréigin agus an teannais faoi láthair. Pléitear a bhfuil ag tarlú i Minneapolis, mar ar mharaigh gníomhairí feidearálacha beirt an mhí seo, Alex Pretti agus Renee Goode, a bhí i mbun agóide in aghaidh iompar na ngíomhairí imirce. Pléitear chomh maith cás imircigh na hÉireann i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus na macallaí i scéal Minneapolis de stair na tíre seo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
57
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Lailli Lamb: ‘Feictear dom go bhfuil mé fós seasca’ - saol iníon ‘Lambín na féasóige’ faoi spéartha fairsinge Chonamara
An scríbhneoir Pádraic Ó Conaire a mhol don ealaíontóir Charles Lamb dul siar go Conamara má theastaigh uaidh spéartha fairsinge agus néalta móra a phéinteáil. Thug Lamb toradh air agus is thiar ar an gCeathrú Rua a thóg sé féin agus a chéile clann. Chuaigh Helen go dtí Deilgne i gCill Mhantáin mar ar dhein sí paiste álainn cainte le Lailli Lambe, iníon Charles Lamb agus Katherine Madox Hueffer. Tugann Lailli éachtaint dúinn ar an saol a bhí ag an líon tí i gConamara agus ar an saol suaithinseach atá caite aici féin.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
56
Ná bac an phleanáil teanga, tá sé in am cúrsa i scríobh tuarascálacha i nGaeilge a chur ar bun
Déanann criú An Pod Gaeilge plé ar an ngá le bheith dearfach, go háirithe seachtain inar foilsíodh dhá thuarascáil faoin nGaeilgeI dteannta Bridget Bhreathnach tá Máire Ní Fhinneadha, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí. Déanann siad plé ar an athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga agus ar phlean gníomaíochta nua an rialtais do sheirbhísí Gaeilge, dhá cháipéis a foilsíodh an tseachtain seo. Ach an -éireoidh leo glacadh le comhairle Mháire agus meon dearfach a choinneáil. Cabhair bheag sa mhéid sin dóibh bua breá an Daingin i gcluiche ceannais na hÉireann an tseachtain seo caite.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
55
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Seán Ó Coileáin – ‘An leabhar a labhair linn’ – an scéal grá atá ag sníomh trí ‘An tOileánach’
San eagrán seo labhraíonn Helen Ní Shé leis an mórscoláire Seán Ó Coileáin a chuir eagar ar an tríú heagrán de dhírbheathaisnéis Thomáis Uí Chriomhthain, An tOileánach.Labhraíonn Seán ar na cúiseanna lena áiteamh gurb é An tOileánach an leabhar Gaeilge is tábhachtaí riamh.Ba é a deir sé ‘an leabhar a labhair linn, ar ár muintir féin, ar an sórt ab ea sinn agus ar an rud a bhí i ndán dúinn má bhí… agus ná raibh.’Pléann sé chomh maith an scéal grá atá ag sníomh tríd an leabhar.Labhraíonn siad chomh maith ar canathaobh go dtugann Seán eipic ar an An tOileánach, leabhar, dar leis, a bhfuil ‘an saol go léir ann gan trua ná taise d’aon duine’.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.Léargas ar an saol sóisialta a bhí ann ar an stair ar stair áe gcine ar an saghas ab ea sin.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
54
‘Ich bin ein Gaeltachter!’ – an misneach do chách a bhaineann le gaiscí peile Chorca Dhuibhne
I dteannta chriú An Pod Gaeilge an tseachtain seo tá beirt chraoltóirí ó Chorca Dhuibhne Dara Ó Cinnéide agus Sláine Ní Chathalláin agus iad ag cur síos ar an áthas agus an mórtas cine, áite agus teanga a bhain le bua Chumann Caide na Gaeltachta i gcluiche ceannais idirmheánach na hÉireann Dé Domhnaigh seo caite. Pléitear an t-ardú croí a bhain leis an ngaisce do mhuintir Chorca Dhuibhne agus don Ghaeltacht trí chéile. Labhraítear chomh maith faoin ardán náisiúnta a thug an fhoireann peile don Ghaeltacht agus faoin lorg buan a d’fhéadfaidís a fhágáil ar chúrsaí teanga agus pobail sa cheantar.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
53
‘Beidh ‘backlash’ i gcoinne na Gaeilge i mbliana’
I dteannta Bridget Bhreathnach agus lucht fáistine Tuairisc an tseachtain seo, tá Máirín Ní Ghadhra, craoltóir agus iriseoir, agus gach duine ar a ndícheall ag iarraidh léamh ar an rud atá le teacht. Titim Stormont, éirí amach naimhde na Gaeilge agus óráidí Gaeilge i bPáirc an Chrócaigh – níl ansin ach cuid de na tuartha atá againn do 2026.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
52
Paiste cainte ag Helen Ní Shé le Póilín Ní Chiaráin – ‘Bhí uaisleacht thar cuimse ag baint le muintir na marbh’
Ag Oireachtas na Samhna i mBéal Feirste rinneadh taifeadadh beo ar eagrán speisialta de ‘Paiste Cainte le Helen Ní Shé’. Os comhair lucht féachana ag féile mhór na nGael, labhair Helen leis an iriseoir agus craoltóir iomráiteach Póilín Ní Chiaráin faoi na blianta fada atá caite aici i mbun iriseoireachta sa Tuaisceart ó aimsir na dTrioblóidí go dtí an próiseas síochána. Labhraíonn Póilín faoi na heachtraí móra a ndearna sí tuairisciú orthu, faoi na huafáis a chonaic sí, faoi na daoine móra a casadh uirthi, faoi na cairde a rinne sí, faoin uaisleacht a bhain le muintir na marbh, faoin náire a bhíodh uirthi uaireanta agus scéalta á lorg aici agus faoin eagla a bheadh uirthi uaireanta eile. Labhair sí chomh maith faoi phrionsabail na hiriseoireachta agus faoin tábhacht a bhaineann le ‘fianaise’ a thabhairt.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.
-
51
Paiste Cainte ag Helen Ní Shé le Pádraig Ó Dálaigh – Ag fágáint shaol an airgeadais le filleadh ar an bhfeirm i nDún Chaoin…
Tá Paiste Cainte ag Helen Ní Shé ar ais don dara sraith agus i mBaile Ícín i nDún Chaoin atá sí sa chéad eagrán den tsraith nua chun labhairt le Pádraig Ó Dálaigh faoi na cúiseanna gur fhág sé post sinsearach i saol an airgeadais chun dul ag feirmeoireacht ag baile. Labhraíonn siad faoin mealladh a bhaineann leis an mbaile, an traidisiún agus an dúchas, faoin saol a chaith Páidí ag bainistiú cistí móra airgid agus faoin saol nua atá aige ag obair ar an bhfeirm ar a tógadh é.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
50
Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh
Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta. Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antartaigh, áit nach bhfuil buaicphointí shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025 ag déanamh oiread sin tinnis dó.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
49
Súil siar ar bhliain nárbh fhéidir éalú ó fhaisean na Gaeilge…
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Gaeilge’ tá Máirín Ní Ghadhra, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí in éineacht le Bridget Bhreathnach chun súil siar a chaitheamh ar scéal na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025. Pléitear ‘móimint’ na Gaeilge, tionchar Kneecap, an tslí ar chuir Catherine Connolly an teanga i lár an aonaigh agus na dúshláin atá le sárú i gcónaí in ainneoin na dea-thola go léir.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
ABOUT THIS SHOW
Seo chugaibh ‘AN POD GAEILGE’, podchraoladh ina ndéanfar plé ar chúrsaí a bhaineann leis an nGaeilge agus cúrsaí nach mbaineann leis an nGaeilge.
HOSTED BY
Tuairisc
CATEGORIES
Loading similar podcasts...