EPISODE · Feb 18, 2026 · 19 MIN
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
from Seachtain · host Irish Independent
Do phobal iargúlta ar chósta thiar thuaidh na tíre, tá an tseirbhís aeir go Baile Átha Cliath riachtanach. I nDún na nGall, áit nach bhfuil iarnród ná mótarbhealach ar bith ann, tá go leor daoine ag brath ar an aerfort le dul go dtí an phríomhchathair. Tá an sceideal eitilte mar a bhí ag athrú anois áfach. Agus leis an athrú sin, tá míshástacht, imní agus fearg ag fás. Fógraíodh seachtain ó shin go raibh conradh úr PSO sínithe ag an Roinn Iompair le comhlacht eitlíochta. De réir an amchlár nua, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae idir an dá aerfort. De réir lucht feachtais ar son chúram ailse, beidh tionchar diúltach ag an sceideal úr ar na céadta duine atá ag fáil cóir leigheas i mBaile Átha Cliath. Mar sin de, cad é an chúis taobh thiar den athrú amchláir seo? Agus cad é an chéad chéim eile don phobal nach bhfuil sásta glacadh leis? Ar Seachtain, ;abhair Áine Ní Bhreisleáin faoin fhearg atá ar an phobal áitiúil i nDún na nGall de bharr na n-athruithe atá le teacht. Foclóir: Eitiltí fillte: Return flights Mí-bhuntáiste eacnamúil: Economic disadvantage Raflaí: Rumours Ag reachtáil: Running/Organise Tairiscint: A tender Ailse: Cancer Ag fulaingt: Suffering Corruair: Sometimes Otharlann: Hospital Tromchúiseach: Grave Cóir leighis: Medical treatment Galar croí: Heart disease Imirce: Emigration Infheistíocht: Investment Le bheith ar an ghannchuid: To be short on something Feiliúnach: Suitable Ciall tráchtála: Commercial sense Brabús: Profit Éileamh: Demand Do Ladar a chur isteach i rud: To weigh in on something or to meddle Folamh: Empty See omnystudio.com/listener for privacy information.
Embed this episode
NOW PLAYING
The Donegal disconnect: Gan traein, gan mótarbhealach agus anois gan an midday flight
No transcript for this episode yet
Similar Episodes
No similar episodes found.