PODCAST · news
AN POD SPÓRT - Tuairisc Ó Bhéal
by Tuairisc
Seo chugaibh ‘AN POD SPÓRT’, podchraoladh ina ndéantar plé i nGaeilge ar chúrsaí spóirt.
-
22
Cleití in airde Ard Mhacha, fonn díoltais Lú, Jim McGuinness v na Meáin, Comórtas Peile na Gaeltachta
Tá deireadh seachtaine na Cincíse linn, Comórtas Peile na Gaeltachta chugainn agus craobh na hÉireann ag dul i ndéine. Pléann Darren, Pádraic agus Dara eachtraí móra an deireadh seachtaine seo caite, an cath conspóideach i gCill Airne idir Ciarraí agus Dún na nGall san áireamh. Pléitear freisin caidreamh bainisteoirí leis an meáin agus deir Dara go mb’fhéidir go bhfuil leithscéal ag dul ó Jim McGuinness go dtí an t-iriseoir le Newstalk, Tommy Rooney.Caitear súil chun cinn chomh maith ar chluichí móra an deireadh seachtaine seo chugainn, Ard Mhacha in aghaidh Dhoire, Áth Cliath in aghaidh Chontae an Lú, an Iarmhí agus an Cabhán agus Muineachán i gcoinne Mhaigh Eo.Ar deireadh caitear súil chun cinn ar Chomórtas Peile na Gaeltachta agus tráchtar ar an athrú atá tagtha air.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
21
Corcaigh níos fearr as Luimneach a sheachaint go fóill? An Ríocht leonta, agus Dún na nGall ullamh?
Tá Dara Ó Cinnéide agus John Allen in éineacht linn an tseachtain seo chun féachaint chun cinn ar Chiarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCill Airne agus ar chluichí móra eile peile agus iomána an deireadh seachtaine.Tá neart ábhar cainte eile againn chomh maith. Cad a d’imigh ar Thiobraid Árann, curaidh na bliana seo caite san iomáint? An mbeidh Cill Chainnigh imithe ón gcraobh roimh thús an Mheithimh nó ag ceiliúradh a seachtú craobh Laighean as a chéile?Agus deireadh leis na craobhacha cúige an mbeidh buntáiste ag an gcéad chéim eile ag na foirne nár bhain an cluiche ceannais amach? Tá conspóid arís faoi chluichí íoc ar amharc ar GAA+ ach cén leigheas atá ar an scéal? Agus cad faoin imreoir de chuid na Gaillimhe a d’fhéadfadh a bheith ag triall ar ‘Love Island’?Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
20
Áilleacht Chluain Eois, giorraithe na peile, tástáil na dTiobraid Árannach, cruachás na gCat
Tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide i dteannta Darren agus Pádraic an tseachtain seo chun féachaint ar chraobhacha na gcúigí sa pheil agus san iomáint.Caitear súil siar ar lá speisialta i bPáirc de hÍde, áit ar imigh muintir Ros Comáin le gealaigh nuair a fuair a bpeileadóirí an ceann is fearr ar Ghaillimh i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht.Bhí daoine an-tógtha le luas imreoirí Ros Comáin ach cé hiad giorraithe eile CLG agus cén áit is fearr do chluiche ceannais cúige? Cé go raibh Ciarraí ar leathchois i gCill Airne bhí bua maith acu ar Chorcaigh mar sin féin i gcluiche ceannais na Mumhan. Ach cad é an scéal leis na gortuithe go léir atá ag cur as d’fhoireann Jack O’Connor.Is é seal Chúige Laighean agus Chúige Uladh é an deireadh seachtaine seo romhainn ach cé a thabharfaidh an lá leo? An deis ghlórmhar é seo don Iarmhí agus do Mhuineacháin nó an mbeidh Áth Cliath agus Ard Mhacha rómhaith dóibh? Níl aon easpa scéalta ach oiread i gcraobh na hiománaíochta. Tá curaidh na hÉireann ó 2024 agus 2025, contae an Chláir agus Tiobraid Árann, ag tabhairt aghaidh ar a chéile i Staid Semple agus bua ag teastáil go géar ón dá fhoireann más leo teacht slán ó chíor thuathail chraobh na Mumhan? Agus an bhféadfadh sé tarlú nach dtiocfadh Cill Chainnigh amach as craobh Laighean?Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta agus éistigí chomh maith le ‘An Pod Gaeilge’.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
19
Ciceanna taobhlíne, cluichí ceannais na gcúigí agus dea-chomhairle ón gCeathrú Rua – ‘cuir dead an ball’
Ar eagrán na seachtaine seo de An Pod Spórt, pléitear cluichí móra peile an deireadh seachtaine seo chugainn i gCúige Mumhan agus i gCúige Chonnacht. Insíonn Dara dúinn cad ina thaobh gur dóigh leis go bhfuil luíochán ag teacht ó Chorcaigh i gCill Airne agus móidíonn sé nach caint ‘dhera’ an Chiarraígh atá aige. Níl Pádraic chomh cinnte céanna.Tráchtar ar na buanna atá léirithe ag Ros Comáin i mbliana agus ar an ngá atá acu a thaispeáint do chleas na Gaillimhe nach foireann ‘thuas seal, thíos seal’ iad nach féidir brath orthu an beart a dhéanamh ar a bpaiste féin. Caitear tamall chomh maith ag plé píosa ‘ealaíne’ ón taobhlíne Jack McCarron do Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus saothar cuid na máistrí eile ar an gceird sin, leithéidí Maurice Fitzgerald, Michael Meehan agus, creid nó ná creid, duine de chriú An Pod Spórt féin. Cuimhníonn Dara chomh maith ar chomhairle mhaith a chuala sé ar pháirc na himeartha in aghaidh na Ceathrún Rua fadó.Ar deireadh déantar plé ar tharraingt na seachtaine don chéad bhabhta eile den chraobh peile agus cuirtear an cheist, an bhfuil cleas na gcamán níos fearr i mbun margaíochta?Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
18
Tá John Allen agus Dara Ó Cinnéide linn an tseachtain seo chun plé a dhéanamh ar chraobhacha iomána agus peile na gcúigí
In éineacht le Darren agus Pádraic ar An Pod Spórt an tseachtain seo, tá an t-iarbhainisteoir agus iar-imreoir ó Chorcaigh John Allen agus an t-iar-imreoir de chuid Chiarraí Dara Ó Cinnéide.Pléitear i dtosach le John scéal na gcraobhacha iomána go n-uige seo agus cluiche mór an deireadh seachtaine seo chugainn idir contae an Chláir agus Luimneach in Inis. Agus Luimneach d’uireasa a gcaptaein, Cian Lynch atá ar fionraí agus an-amhras i gcónaí ann faoina bpríomhnaoscaire Aaron Gillane, an deis iontach é seo ag an gClár an ceann is fearr a fháil sa bhaile ar na comharsana? Ina dhiaidh sin, tá Dara linn chun súil a chaitheamh ar chúrsaí peile agus ar ghaisce an Dúin in aghaidh Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite, toradh a tháinig aniar aduaidh ar chách, go háirithe Darren.Ach an mbeidh an dara seift in imeacht seachtaine ag contae an Dúin agus aghaidh á tabhairt acu ar Ard Mhacha i gCluain Eois i mbabhtaí leathcheannais Chúige Uladh? Agus cad faoi chluichí leathcheannais Chúige Laighean? An bhfuil an ceart ag Dara go bhfuil Áth Cliath chomh leochaileach is a bhí aon uair ó 1973 nuair a bhuaigh contae Lú go deireanach sa chraobh? Agus más ionann Áth Cliath agus Liverpool faoi láthair cé hé Mo Salah na nDubanna? Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
17
Tiobraid Árann i mbaol, dúshlán do Dhún na nGall agus agallamh le Seán Ó Maoilchiaráin
Tá na craobhacha peile agus iomána faoi lán seoil anois agus cluichí móra ó cheann ceann na tíre romhainn an deireadh seachtaine seo.An tseachtain seo ar ‘An Pod Spórt’ bhí iar-iománaí Chláir, Paul Flanagan, agus iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide in éineacht le Seán Tadhg agus Pádraic chun súil a chaitheamh ar a bhfuil romhainn.San iomáint, tá daoine ag súil go mór leis an gcluiche i gCraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh Dé Domhnaigh agus na Corcaígh ag iarraidh na ceachtanna a foghlaimíodh ó chluiche ceannais na sraithe a chur i bhfeidhm. Seans gurb é an cluiche eile sa gcúige an ceann is tábhachtaí, áfach. Tá seaimpíní na hÉireann, Tiobraid Árann, i mbaol agus toradh maith ag teastáil uathu óna dturas chuig Port Láirge. Pléitear cás Chill Chainnigh chomh maith tar éis d’fhoireann Derek Lyng greadadh eile a fháil ó Ghaillimh i mBóthar na Trá.Sa bpeil, tá agallamh againn le himreoir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, agus é ainmnithe ina Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael. Labhair Seán ar bhliain na nGaillmheach go dtí seo, ar an bhfeachtas atá rompu agus ar an sásamh atá á bhaint aige as an bpeil i ré na rialacha nua.Caitear súil chomh maith ar an gcluiche mór i gcúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo agus Maigh Eo ag tabhairt aghaidh ar Ros Comáin agus ar an gcluiche idir Dún na nGall agus an Dún i gCúige Uladh.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’.Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
16
‘Mar iarbhainisteoir ar Chorcaigh, tá faitíos orm...’
Tá an t-iarbhainisteoir idirchontae John Allen linn ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Spórt’ chun féachaint chun cinn ar an chraobh In éineacht le Darren agus Pádraic chun súil chun cinn a chaitheamh ar Chraobh Iomána na hÉireann 2026, tá John Allen, iarbhainisteoir ar Chorcaigh agus Luimneach agus iarimreoir le Corcaigh.Cé a thiocfaidh slán as Cúige Mumhan agus Cúige Laighean i mbliana? Cén fáth go bhfuil imní ar John Allen faoina bhfuil i ndán dá chontae dúchais in aghaidh churaidh na hÉireann, Tiobraid Árann Dé Domhnaigh? An bhfuil port na gCat seinnte ar deireadh? An bhfuil gealladh faoi Ghaillimh? Conas a éireoidh le foirne Roinn 1B, contae an Chláir agus Áth Cliath? An bhfuil seans ar bith ag Port Láirge? Agus an stopfaidh aon duine Luimneach ar deireadh thiar?Pléitear na ceisteanna sin go léir ar an gcéad eagrán iománaíochta de ‘An Pod Spórt’ an séasúr seo.Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Spórt’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
15
Caithréim na gConallach, tertius gaudens agus cé a bhuafaidh an tAll-Ireland?
An deireadh seachtaine seo a chuirfear tús le craobh peile idirchontae na bliana seo agus cluichí againn ó na ceithre chúige. Tá iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide in éineacht le Darren agus Pádraic chun súil a chaitheamh chun cinn ar an samhradh atá romhainn agus, roimhe sin, chun súil siar a chaitheamh ar na ceachtanna a bhí le foghlaim ón tsraith agus ó bhua cuimsitheach Dhún na nGall sa gcluiche ceannais.Meastar go mbeidh na craobhacha sna ceithre chúige, Ulaidh, Connachta, Laighin agus Mumhain, níos iomaíche ná mar a bhí le blianta fada anuas agus Ciarraí ar an t-aon dream amháin a bheadh go láidir mar rogha na coitiantachta chun greim a fháil ar Chorn.Is i gcúige Uladh atá an cluiche mór an deireadh seachtaine seo agus Tír Eoghain agus Ard Mhacha ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Cé go bhfuil go leor den tuairim go mbeidh Dún na nGall agus Ciarraí ar ais le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann i mbliana, tugann Dara ceacht beag Laidine dúinn agus é ag míniú go bhféadfadh fir Kieran McGeeney sleamhnú isteach agus an aird ar na foirne eile.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
14
‘Misneach a dhein é sin mar níor chaill fear an mhisnigh riamh é’
San eagrán gearr speisialta seo de ‘An Pod Spórt’ tá Maidhc Sé, rí na dtráchtairí, linn chun labhairt faoina chlub, Cumann Caide na Gaeltachta, atá ag imirt i gcluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh
-
13
Rory, Kate, Troy, David agus an tAmadán Oráiste - a laochra agus a gceachtanna ó 2025 roghnaithe ag criú An Pod Spórt
In éineacht le Darren Ó Dubhgáin chun féachaint siar ar bhliain mhór spóirt, bhí Dara Ó Cinnéide, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha. Roghnaigh siad na scéalta agus na laochra is mó a chuaigh i bhfeidhm orthu in 2025 agus chaith siad súil chun cinn ar chuid dá bhfuil i ndán dúinn i saol an spóirt an bhliain seo chugainn.
-
12
‘Bhí na leaids ag magadh faoi Paudie, go raibh an chaid aige 76 bhabhta agus nár aimsigh sé ach trí phointe’
Is iad Ciarraí seaimpíní Chraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus linn chun labhairt ar ghaisce na Ríochta tá aoi speisialta, duine de mheitheal bainistíochta na foirne buacaí, Aodán Mac Gearailt.Labhair Aodán ar an aistear a rinne Ciarraí ón lá gur chaill siad in aghaidh chontae na Mí sa Tulach Mhór i lár mhí an Mheithimh go dtí Dé Domhnaigh seo caite. Mar a deir sé féin, is minic gur fearr cic sa tóin ná aon rud eile.Ina ról mar roghnóir, ba mhinic d’Aodán aiseolas a thabhairt d’imreoirí faoi céard a bhí á dhéanamh go maith acu agus céard nach raibh ag dul go maith dóibh. Insíonn sé dúinn faoi conas a bhraitheann sé a bheith ag cur comhairle ar David Clifford agus faoin ‘easpa cacamais’ a bhaineann le David agus a dheartháir, Paudie.Bhí Aodán agus Dara Ó Cinnéide ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2000, foireann a ndearnadh ceiliúradh uirthi ag an deireadh seachtaine roimh chluiche ceannais na hÉireann. Thagair Aodán don spreagadh a thug na himreoirí sin d’fhoireann an lae inniu roimh an gcluiche ceannais agus labhair Dara faoin tábhacht a bhaineann leis an gceangal sin idir peileadóirí agus iarpheileadóirí i gCiarraí.Labhraíonn an bheirt freisin ar bhainisteoir na foirne, Jack O’Connor, a bhfuil Craobh Shinsir na hÉireann anois buaite cúig huaire aige le foireann Chiarraí. Chuir Aodán béim ar an gcaidreamh atá aige leis na himreoirí agus deir sé gurb é a dtuairim siúd is mó a shocróidh an dtabharfaidh an Conchúireach faoi bhliain eile i gceannas ar an gcontae.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service. In this episode Kerry selector Aodán Mac Gearailt reflects on his county’s victory against Donegal in this year’s All Ireland Final.
-
11
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’ – eagrán chluiche ceannais na hÉireann le Dara Ó Cinnéide agus John Joe Ó Dochartaigh
‘Na fadúdas in aghaidh na n’fheadars’San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Ciarraí in aghaidh Dhún na nGall i gCluiche Ceannais Peile na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá aoi speisialta againn, John Joe Ó Dochartaigh iarbhainisteoir agus iarimreoir le Dún na nGall a bhí ar an bhfoireann a bhuaigh craobh na hÉireann don contae den chéad uair i 1992. Deir John Joe linn cén fáth gur buntáiste dó a bhí ann nach raibh a fhios aige go mbeadh sé ag imirt ó thosach go maidin an chluiche ceannais an bhliain sin. Deir Dara Ó Cinnéide linn go mbíon package milseán aige maidin an All-Ireland ach go bhfágfadh sé cúpla ceann ar leith ina dhiaidh...Agus pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a mbeidh tábhacht leo Dé Domhnaigh. An coimhlint stíleanna a bheidh ann dáiríre? An féidir David Clifford agus Seanie O’Shea a choimeád ciúin. Cad is féidir a dhéanamh le Michael Murphy ? An féidir le Ciarraí na tinte go léir a mhúchadh? Cic amach millteach Shaun Patton. Jim McGuinness agus Jack O’Connor. An ceangal Gaeltachta agus ‘Na fadúdas (fádtaobhde) in aghaidh na n’fheadars’. Agus ar deireadh thiar, pléitear an cheist is tábhachtaí acu go léir: cé a bhuafaidh an meaits?Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie. ‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
10
Eagrán speisialta Chluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann le John Allen agus Paul Flanagan
San eagrán speisialta seo de ‘An Pod Spóirt’ Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann i gCluiche Ceannais Iománaíochta na hÉireann 2025 atá faoi chaibidil againn. Inár dteannta tá beirt aíonna speisialta linn, John Allen ó Chorcaigh agus Paul Flanagan ó chontae an Chláir, beirt a bhfuil taithí mhór ar an lá mór acu. Déantar plé ar thábhacht na ndeasghnátha beaga don imreoir seachtain chluiche ceannais na hÉireann. Pléitear na coimhlintí agus na gnéithe eile den imirt a shocróidh an mbeidh deireadh leis an bhfanacht fada cois Laoi ar an 31ú craobh na hÉireann nó an mbeidh Tiobraid Árann ag ceiliúradh a gcéad cheann ó 2019 agus a 29ú ceann ar fad. Déantar plé ar conas is fearr an brú a bhaineann leis an gcarnabhal cois Laoi a ionramháil. Insíonn Paul dúinn faoin gcomhrá a bhí aige le Tony Kelly cúpla lá roimh chluiche ceannais na bliana seo caite agus míníonn John dúinn cén fáth nach bhfuil Corcaigh chomh maith is a cheapann daoine.Agus déanann Pádraic cur síos dúinn ar an obair dhian ullmhúcháin a bhíonn le déanamh ag an iriseoir spóirt seachtain an chluiche ceannais…Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
9
Tír Eoghain is taithí na staire, teachtaireacht Jack do Chiarraí, ag taifeadadh ionadaithe na Mí, ag pleanáil do Mhichael Murphy
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí ceannais peile na hÉireann agus ar chluiche ceannais Chorn Tailteann.An bhfuil sé i ndán dúinn gurb iad na Ciarraígh in aghaidh na gConallach a bheidh againn i gcluiche ceannais na hÉireann nó an bhféadfadh Tír Eoghain nó contae na Mí tuisle a bhaint astu? Féachtar ar chuid de na laigí a d’fhéadfadh a bheith ag Ciarraí agus Dún na nGall i gcónaí agus ar an dóigh go bhféadfadh Tír Eoghain agus contae na Mí buntáiste a bhaint as na laigí sin. Deir Dara linn cén teachtaireacht a bheidh ag bainisteoir na Ríochta, Jack O’Connor an tseachtain seo. Insíonn iarchaptaen Chiarraí dúinn chomh maith cad a bhí á thaifeadadh aige ar an bhfón póca agus é amuigh ar an bpáirc sa Tulach Mhór i ndiaidh do chontae na Mí an ceann is fearr a fháil ar a chontae an mhí seo caite. Agus míníonn sé dúinn cad ina thaobh go mba bhreá lena chroí dá mbeadh an lá le Luimneach in aghaidh Chill Dara i gcluiche ceannais Chorn Tailteann.
-
8
Muinín Chorcaí, clisteacht Átha Cliath, taithí na gCat nó seanluachanna Thiobraid Árann - Cé acu is tábhachtaí an deireadh seachtaine seo?
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarimreoir agus iarbhainisteoir Chorcaí, John Allen, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na cluichí leathcheannais i gCraobh Shinsir Iomána na hÉireann idir Corcaigh agus Áth Cliath agus idir Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.Meastar go bhfuil an-seans anois ag Corcaigh Craobh na hÉireann a bhaint ach deir John nach bhfuil Áth Cliath gan seans, chomh fada is go n-éiríonn leo dhá thaispeántas maith i ndiaidh a chéile a thabhairt.Pléitear chomh maith cluiche mór an Domhnaigh agus Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann le haghaidh a thabhairt ar a chéile. Tá tosaithe na dTiobraid Árannach i mbarr a réime arís ach b’fhéidir nach bhfuil dream níos fearr chun srian a chur leo ná cosantóirí na gCat.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
7
Tiarnúlacht Jack O’Connor, leochaileacht Dhún na nGall agus muinín na Gaillimhe – féasta peile romhainn
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar fhéasta peile bhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann – Dún na nGall in aghaidh Mhuineacháin, Áth Cliath in aghaidh Thír Eoghain, An Ghaillimh in aghaidh chontae na Mí agus Ciarraí in aghaidh Ard Mhacha. Labhraíonn Dara ar an aithne atá aige ar Jack O’Connor mar bhainisteoir agus ar an gcúis nár cheart go deo beag is fiú a dhéanamh dá chumas agus dá thiarnúlacht. Pléitear na cluichí móra go léir agus déantar trácht chomh maith ar neamhbhailbhe Phádraic Joyce, ar dhánaíocht Mhuineacháin agus ar bhóthar fada Dhún na nGall.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
6
‘Tá an seanchluiche thar n-ais againn’ - Craobh na hÉireann ag dul i bhfeabhas agus an iomaíocht ag dul i ndéine
San eagrán is déanaí de ‘An Pod Spórt’, tá iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide, linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar réamhbhabhtaí ceathrú ceannais peile na hÉireann agus ar na cluichí móra eile a bheidh againn an deireadh seachtaine seo.Bás nó beatha a bheidh i ndán d'fhoirne as seo amach agus labhraíonn muid faoin scóip chun iontais atá i gcontae an Dúin agus iad ag tabhairt aghaidh ar Ghaillimh. Is ag snámh in aghaidh easa a bheidh Corcaigh chomh maith agus iad ag taisteal go Páirc an Chrócaigh ach maítear go bhfuil an t-armlóin acu chun tabhairt faoi Áth Cliath.Pléitear chomh maith iarrachtaí Jim McGuinness meon léigir a chruthú i nDún na nGall agus an gá atá le freagra ó Chiarraí ón scóladh atá faighte acu sa mbaile i ndiaidh an chliseadh i gcoinne na Mí. Is beag seans atá á thabhairt don Chabhán roimh an chluiche i gCill Airne ach, mar a deir Dara, níl ag teastáil ach sméaróidín beag dóchais.Caitear súil chun cinn freisin ar na chluichí leathcheannais i gCorn Tailteann agus ar na babhtaí ceathrú ceannais i gCraobh Iomána na hÉireann.
-
5
‘Táim breoite de Chorcaigh’ - comhairle an Chiarraígh do na reibiliúnaigh; Pádraic Joyce leochaileach, Doire an fhoireann is dainséaraí sa tír…
Tá deireadh seachtaine cinniúnach romhainn i gCraobh Peile na hÉireann agus iarchaptaen Chiarraí Dara Ó Cinnéide linn chun súil chun cinn a chaitheamh ar na coimhlintí agus chun na ceisteanna móra a phlé.Labhraíonn muid ar dtús faoi na cluichí i nGrúpa 4 agus Doire, Áth Cliath agus Gaillimh i mbaol a ndíbeartha ón gcraobh. Deir Dara gurb í foireann Dhoire an ceann is dainséaraí sa gcraobh agus agus go mbeidh thiar ar Átha Cliath a má bhíonn a dtaispeántas chomh breac le botúin is a bhí in aghaidh Ard Mhacha. Pléitear chomh maith cás na Gaillimhe agus a mbeidh i ndán do Phádraic Joyce mura n-éiríonn leo an beart a dhéanamh i gcoinne sheaimpíní na hÉireann.Bás nó beatha atá i ndán do pheileadóirí Chorcaí Dé Sathairn agus cluiche mór acu in aghaidh Ros Comáin. Deir Dara nach leor a bheith ar bior do chluichí in aghaidh Chiarraí amháin agus go bhfuil sé in am ag na Corcaígh a mianach a léiriú.Pléadh chomh maith na cluichí móra i nGrúpa 1 agus an baol ann go mbeidh rás Mhaigh Eo rite tráthnóna Dé Domhnaigh mura n-éiríonn leo Dún na nGall a shárú. Caitear súil ar na cluichí eile a bheidh againn i rith an deireadh seachtaine freisin chomh maith le beagán plé ar chluichí ceannais na gcúigí san iomáint an deireadh seachtaine seo caite
-
4
John Allen is cluiche ceannais na Mumhan 2013; bearna mhór le dúnadh ag Corcaigh; an-seans ag Gaillimh…
Cluichí ceannais na gcúigí san iománaíocht atá faoi chaibidil againn an tseachtain seo agus John Allen, iarimreoir le Corcaigh agus iarbhainisteoir ar Chorcaigh, inár dteannta chun na ceisteanna móra a phlé roimh Chluiche Ceannais Chraobh na Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh agus Cluiche Ceannais Chraobh Laighean idir Gaillimh agus Cill Chainnigh. Labhraíonn John linn chomh maith faoi chluiche ceannais na Mumhan in 2013 nuair a bhí sé ina bhainisteoir ar fhoireann Luimnigh a fuair an ceann is fearr ar a chontae dúchais lá stairiúil i bPáirc na nGael. Pléitear chomh maith a gcaithfidh Corcaigh a dhéanamh más leo an bhearna mhór 16 pointe a bhí idir iad féin agus Luimneach an mhí seo caite a iamh.Caitear súil freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh ó thús na craoibhe, má tá. An leanfaidh tréimhse fhada forlámhais Chill Chainnigh agus Luimnigh ar aghaidh nó an mbainfear tuisle astu? Agus, Dia idir sinn agus gach olc, an í an pheil seachas an iománaíocht atá anois ar an gcluiche is fearr ar domhan?
-
3
Deacrachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe agus súil chun cinn ar an gComórtas Peile i Ráth Chairn
Tá Dara Ó Cinnéideinár dteannta ar ‘An Pod Spórt’ an tseachtain seo chun súil chun cinn a chaitheamh ar chluichí móra peile an deireadh seachtaine seo agus ar Chomórtas Peile na Gaeltachta. Pléitear deacrachtaí Dhún na nGall agus na Gaillimhe, righneas Thír Eoghain, Maigh Eo na mioniontas, canathaobh nach bhfuil aon chomhairle ag Dara do Chorcaigh roimh an gcluiche is déanaí acu in aghaidh Chiarraí agus mianach chontae na Mí.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Gaeilge’ is an Irish language podcast from Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
2
Lá mór Lú, caithréim na gConallach agus súil chun cinn ar bhabhtaí na ngrúpaí
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal, caitheann Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha súil siar ar chluichí ceannais Uladh agus Laighean agus iad i dteannta iarchaptaen Chiarraí, Dara Ó Cinnéide. Déantar plé chomh maith ar an gcéad bhabhta eile de Chraobh Shinsir Peile na hÉireann. An bhfuil cluichí ceannais an deireadh seachtaine tar éis craobhacha na gcúigí a tharrtháil? An bhfaca muid an dá fhoireann is fearr sa tír i gCluain Eois? Céard atá romhainn sa gcéad chuid eile den chraobh? Pléitear na ceisteanna sin agus a thuilleadh agus caitear súil freisin ar dheireadh seachtaine mór i gCraobh Iomána na Mumhan. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraith podchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, the national Irish language online news service.
-
1
An mbeifear ag ceiliúradh cois Laoi ag deireadh an tsamhraidh?
San eagrán seo de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal tá an t-iar-imreoiragus iarbhainisteoir John Allen agus an craoltóir agus colúnaí Mártan Ó Ciardha linn chun plé a dhéanamh ar chraobh iománaíochta na hÉireann. An mbeifear ag ceiliúradh cois Laoi ag deireadh an tsamhraidh? An bhfuilLuimneach chomh maith is a bhí? Céard atá mícheart le Gaillimh? Pléitear na ceisteanna sin agus a thuilleadh chomh maith le gaisce drámatúil Rory McIlroy ag an US Masters in Augusta Georgia.Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraithpodchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhaircuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, thenational Irish language online news service.
-
0
Jimmy an draoi? Súil chun cinn ar Chraobh Peile na hÉireann le Dara Ó Cinnéide
Sa chéad eagrán de ‘An Pod Spórt’ ó Tuairisc Ó Bhéal déanann SeánTadhg Ó Gairbhí agus Pádraic Ó Ciardha Craobh Peile na hÉireann, a bheidh agtosú an deireadh seachtaine seo, a phlé le hiarchaptaen Chiarraí, Dara ÓCinnéide. An bhfuil ‘máistirphlean’ ag Jim McGuinness, draoi Dhún na nGall? Nóan é Jack O’Connor na gcéadta cath agus foireann na Ríochta a bheidh ag ceiliúradharís? Nó an amhlaidh go mbeidh an tríú huair sona ag Pádraic Joyce agusGaillimh? Pléitear ar ‘An Pod Spórt’ na ceisteanna sin agus go leor eile. Podchraoladh é ‘An Pod Spórt’ ón tsraith Tuairisc Ó Bhéal, sraithpodchraoltaí nua ó Tuairisc.ie, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge. Tabhaircuairt orainn ag www.tuairisc.ie.‘An Pod Spórt’ is an Irish language podcast form Tuairisc, thenational Irish language online news service.
We're indexing this podcast's transcripts for the first time — this can take a minute or two. We'll show results as soon as they're ready.
No matches for "" in this podcast's transcripts.
No topics indexed yet for this podcast.
Loading reviews...
Loading similar podcasts...